|
21.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 180/152 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/815 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/450/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle an 10 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/450/CBES. |
|
(2) |
An 5 Márta 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SANTOS SILVA
IARSCRÍBHINN
Sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/450/CBES, scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:
|
3. |
SHAREIF, Adam. |