|
21.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 180/147 |
CINNEADH (AE) 2021/812 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le tuairim fhabhrach ar an treochlár cuimsitheach a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le soláthar poiblí agus lena dtugtar aitheantas do thabhairt chun críche Chéim 1 d’Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. |
|
(2) |
Le hAirteagal 145(1) den Chomhaontú, sonraítear go bhfuil treochlár cuimsitheach le cur faoi bhráid an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála ag an tSeoirsia, treochlár i ndáil le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le soláthar poiblí sa tSeoirsia, ina mbeadh sceidil ama agus garspriocanna, agus gach athchóiriú ó thaobh comhfhogasú reachtach do acquis an Aontais a chuimsiú ann. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 145(2) den Chomhaontú, tá gá le tuairim fhabhrach ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála chun go mbeidh an treochlár cuimsitheach ina dhoiciméad tagartha i ndáil le comhfhogasú reachtach na reachtaíochta maidir le soláthar poiblí na Seoirsia do acquis soláthair phoiblí an Aontais a chur chun feidhme. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 146(2) den Chomhaontú, tá an comhfhogasú do acquis an Aontais le déanamh i gcéimeanna leantacha faoi mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. Tá an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme gach céime díobh, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 408(4) den Chomhaontú, agus, tar éis measúnú dearfach ón gCoiste sin, tá sé le nascadh le deonú cómhalartach rochtana ar an margadh, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(5) |
Tá an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála le cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) dá rialacha nós imeachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia (3), cinneadh lena dtabharfar tuairim maidir leis an treochlár cuimsitheach a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia chomh maith le measúnú ar chomhfhogasú reachtaíocht na Seoirsia do acquis an Aontais go dtí seo i dtabhairt chun críche Chéim 1 faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú. D’fhormheas Rialtas na Seoirsia an treochlár sin i bhForaithne Uimh. 536 an 31 Márta 2016 ó Rialtas na Seoirsia “Maidir leis na hathruithe atá pleanáilte i réimse an tSoláthair Phoiblí arna mbeartú i gcomhréir leis na hoibleagáidí idir an tSeoirsia agus an tAontas laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe um Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála”, arna leasú le Foraitheanta Uimh. 154 an 22 Eanáir 2018 agus Uimh. 974 an 12 Meitheamh 2020 ó Rialtas na Seoirsia. |
|
(6) |
Tar éis tabhairt chun críche Chéim 1 a aithint, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) dá rialacha nós imeachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia, i ndáil le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú, i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, le haghaidh soláthairtí d’údaráis rialtais láir. |
|
(7) |
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála agus sa Chomhairle Comhlachais, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos, ó tharla go mbeidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála maidir leis an treochlár cuimsitheach a d’fhormheas Rialtas na Seoirsia, agus le tabhairt chun críche Chéim 1 faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (4).
Airteagal 2
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais maidir le rochtain chómhalartach ar an margadh a dheonú i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI-B a ghabhann leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.
(2) Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 141, 28.5.2016, lch. 26).
(3) Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an 17 Samhain 2014 maidir lena rialacha nós imeachta agus leo siúd de chuid an Chomhairle Comhlachais agus a bhFochoistí a ghlacadh [2015/2261] (IO L 321, 5.12.2015, lch. 60).
(4) Féach doiciméad ST 7791/21 ar http://register.consilium.europa.eu