12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 167/1


CINNEADH (AE) 2021/764 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2021

lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 182(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 182(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, (“Fís Eorpach”), a bhunaítear leis an Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), le cur chun feidhme trí chláir shonracha lena sainítear na cuspóirí agus na rialacha mionsonraithe maidir lena gcur chun feidhme, lena socraítear a dtréimhse feidhme agus lena bhforáiltear an maoiniú a mheastar is gá.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/695, leagtar amach cuspóirí ginearálta agus sonracha Fís Eorpach, struchtúr agus príomhairíonna na ngníomhaíochtaí atá le cur i gcrích, agus ba cheart don Chlár Sonrach seo, lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach (an “Clár Sonrach”), na cuspóirí oibríochtúla agus na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le codanna Fís Eorpach a shainiú. Tá forálacha maidir lena chur chun feidhme a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 infheidhme go hiomlán maidir leis an gClár Sonrach, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le prionsabail eiticiúla.

(3)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Chláir Shonraigh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre a ghlacadh le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Shonraigh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(4)

Chuathas i gcomhairle le Bord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) a bunaíodh le Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún (6), faoi ábhar eolaíoch agus teicneolaíoch an Chláir Shonraigh le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha JRC.

(5)

Leis an gClár Sonrach, tugtar aitheantas don athrú aeráide mar cheann de na dúshláin dhomhanda agus de na dúshláin shocaíochta is mó agus léirítear an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanas an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (7) (“Comhaontú Pháras”) agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) a chur chun feidhme. Dá réir sin, leis an gClár Sonrach, ba cheart rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán go gcaithfear (30) % de chaiteachais buiséid an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide a bhaint amach. Ba cheart príomhshruthú aeráide a chomhtháthú ar bhealach leormhaith in ábhar taighde agus nuálaíochta (T&N) agus an méid sin a chur i bhfeidhm ag gach céim den timthriall taighde. Ba cheart do ghníomhaíochtaí faoin gClár Sonrach rannchuidiú le 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir Shonraigh ar chuspóirí aeráide. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainiú le linn ullmhúchán agus cur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus ba cheart iad a athmheasúnú i gcomhthéacs na bpróiseas meastóireachta agus athbhreithnithe meántéarma ina leith. Ba cheart aird a thabhairt ar limistéir an Aontais atá i mbun aistrithe ar mór a lorg guail agus carbóin.

(6)

Le gníomhaíochtaí an Chláir Shonraigh, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, borradh a chur faoin infheistíocht go comhréireach trédhearcach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, agus ba cheart do na gníomhaíochtaí sin breisluach Eorpach soiléir a bheith acu agus mar aon le toradh poiblí ar infheistíochtaí.

(7)

D’fhonn an rannchuidiú tábhachtach a dhéantar le T&N a léiriú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i réimse an bhia, na talmhaíochta, i bhforbairt tuaithe agus sa bhithgheilleagar, agus na deiseanna comhfhreagracha T&N a thapú i ndlúthshineirge leis an gComhbheartas Talmhaíochta, ba cheart tacaíocht EUR 8 952 000 000 i bpraghasanna reatha a thabhairt le haghaidh na braisle “Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol” sa tréimhse 2021-2027 do ghníomhaíochtaí ábhartha faoin gClár Sonach.

(8)

Ní mór infheistíochtaí a mhéadú mar gheall ar thabhairt i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus na deiseanna atá ag méadú de bharr chóineasú na dteicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla. Ba cheart le Fís Eorpach rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin agus tiocfaidh méadú suntasach ar an gcaiteachas maidir leis na príomhghníomhaíochtaí T&N digití i gcomparáid leis an gclár réime Fís 2020 (8), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Fís 2020). Ba cheart a áirithiú leis sin go bhfanfadh an Eoraip ar thús cadhnaíochta in T&N dhomhanda sa réimse digiteach.

(9)

Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin gCinneadh seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh ar áireamh seo go ndéantar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid a bhreithniú.

(10)

Chun an leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go luath sa phróiseas chun misin a shainiú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/743/AE (10) ón gComhairle a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an gCinneadh seo, bunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme, Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“an Clár Sonrach”), mar a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2021/695.

Leis an gCinneadh seo, leagtar síos cuspóirí oibríochtúla an Chláir Shonraigh, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na rialacha maidir leis an gClár Sonrach a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích faoin gClár Sonrach.

Airteagal 2

Cuspóirí oibríochtúla

1.   Leis an gClár Sonrach, rannchuideofaí leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/695.

2.   Seo a leanas cuspóirí oibríochtúla an Chláir Shonraigh:

(a)

taighde ar thus cadhnaíochta bunúsach den scoth a neartú; barr feabhais a threisiú agus a leathadh, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht níos leithne a chothú ar fud an Aontais;

(b)

an nasc idir taighde, nuálaíocht agus, i gcás inarb iomchuí, oideachas agus beartais eile a threisiú, lena n-áirítear comhlántachtaí le gníomhaíochtaí agus beartais N&I náisiúnta, réigiúnacha agus de chuid an Aontais;

(c)

tacú le tosaíochtaí beartais de chuid an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear go háirithe na SFInna agus Comhaontú Pháras;

(d)

T&N fhreagrach a chur chun cinn, ag cur san áireamh phrionsabal an réamhchúraim,

(e)

an ghné inscne a neartú maidir leis an gClár Sonrach;

(f)

naisc chomhoibriúcháin a mhéadú i T&N Eorpach agus ar fud earnálacha agus disciplíní, lena n-áirítear na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí (SSH);

(g)

an comhar idirnáisiúnta a neartú;

(h)

bonneagair thaighde a nascadh le chéile agus a fhorbairt sa Limistéar Taighde Eorpach (LTA) agus rochtain trasnáisiúnta a sholáthar;

(i)

tallann a mhealladh, chun oiliúint a chur ar thaighdeoirí agus nuálaithe sa LET agus iad a choinneáil, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht;

(j)

eolaíocht oscailte a chothú agus a hinfheictheacht don phobal agus rochtain oscailte a áirithiú ar fhoilseacháin eolaíocha agus sonraí taighde, lena n-áirítear eisceachtaí iomchuí;

(k)

saothrú torthaí T&N a mholadh agus na torthaí sin a scaipeadh agus a shaothrú go gníomhach, go háirithe chun infheistíochtaí príobháideacha agus ceapadh beartais a ghiaráil;

(l)

spriocanna uaillmhianacha, trí mhisin T&N, a bhaint amach faoi cheann tréimhse shonrach;

(m)

an caidreamh agus an idirghníomhaíocht idir an eolaíocht agus an tsochaí a fheabhsú, lena n-áirítear infheictheacht na heolaíochta agus cumarsáid eolaíochta sa tsochaí agus rannpháirtíocht saoránach agus úsáideoirí deiridh a chur chun cinn i bpróisis an chomhdhearaidh agus chomhchruthaithe;

(n)

dlús a chur le claochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear trí scileanna feabhsaithe don nuálaíocht;

(o)

gníomhaíochtaí T&N in FBManna a spreagadh agus cuideachtaí nuálacha a chruthú agus a mhéadú, go háirithe cuideachtaí nuathionscanta, FBManna, agus i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí lárchaipitlithe beaga;

(p)

feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú riosca, lena n-áirítear trí shineirgí le Clár InvestEU, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go háirithe i gcás nach soláthrófar maoiniú inmharthana sa mhargadh.

3.   Agus na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 á shaothrú, féadfar aird a thabhairt ar riachtanais nua gan choinne a thiocfaidh chun cinn le linn thréimhse chur chun feidhme an Chláir Shonraigh. Má tá bonn cirt cuí leo, féadfar a áireamh sa mhéid sin freagairtí ar dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus ar bhagairtí a thiocfaidh chun cinn, ar riachtanais a bhaineann le beartais nua an Aontais a cheapadh.

Airteagal 3

Struchtúr

1.   Faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/695, cuimsítear leis an gClár Sonrach na codanna seo a leanas:

(a)

Colún I, “Eolaíocht den Scoth”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC), mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;

(ii)

gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;

(iii)

“Bonneagair Thaighde”, mar a thuairiscítear i roinn 3 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;

(b)

Colún II, “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

an bhraisle “Sláinte”, mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(ii)

an bhraisle “An Cultúr, an Cruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”, mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(iii)

an bhraisle “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”, mar a thuairiscítear i roinn 3 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(iv)

an bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”, mar a thuairiscítear i roinn 4 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(v)

an bhraisle “an Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”, mar a thuairiscítear i roinn 5 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(vi)

an bhraisle “Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol”, mar a thuairiscítear i roinn 6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(vii)

gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha JRC, mar a thuairiscítear i roinn 7 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;

(c)

Colún III “Eoraip na Nuálaíochta”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC), mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;

(ii)

éiceachórais nuálaíochta Eorpacha, mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún III d’Iarscríbhinn I;

(d)

An Chuid “Rannpháirtíocht a fhairsingiú agus LET a neartú”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh, mar a thuairiscítear sa Chuid “LET a Neartú”, i roinn 1 d’Iarscríbhinn I;

(ii)

an córas Eorpach taighde agus nuálaíochta a athchóiriú agus a fheabhsú, mar a thuairiscítear sa Chuid “LET a Neartú”, i roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2.   Tuairiscítear in Iarscríbhinn I na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích faoi na codanna dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Buiséad

1.   I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/695, is é EUR 83 397 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir Shonraigh don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027.

2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú a bhaineann go sonrach leis an gClár dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 (12) ón gComhairle agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093, déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 2 790 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don Chlár Sonrach.

3.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dháileadh ar na comhchodanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) .2021/695. Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dháileadh ar na comhchodanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán (EU) 2021/695. Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach in Airteagal 12(5) go (9) de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 5

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.   I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (EU) 2021/695, na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (13), déanfar iad a chur chun feidhme faoin gClár sonrach seo trí bhíthin méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin, faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de. Leithdháilfear na suimeanna breise sin go hiomlán ar ghníomhaíochtaí T&N agus nuálaíochta a dhíreofar ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí COVID-19, go háirithe na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus sochaíocha a ghabhann leis. Tabharfar tosaíocht do FBManna nuálacha agus tabharfar aird ar leith go ndéanfar iad a chomhtháthú i dtionscadail chomhoibríocha faoi Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”.

2.   Is é a bheidh i ndáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1 ná:

(a)

25 % don bhraisle “Sláinte”;

(b)

25 % don bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

(c)

25 % don bhraisle “An Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”;

(d)

25% do EIC.

CAIBIDIL II

Cur chun feidhme agus clársceidealú

Airteagal 6

Plean Straitéiseach

1.   Faoi Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2021/695, déanfar cur chun feidhme an Chláir Shonraigh a éascú le Plean Straitéiseach ilbhliantúil de ghníomhaíochtaí T&N, agus comhsheasmhacht idir na cláir oibre, tosaíochtaí an Aontais agus tosaíochtaí náisiúnta á gcur chun cinn freisin. Leagfar amach toradh an phleanála straitéisí i bPlean Straitéiseach ilbhliantúil, chun ábhar na gclár oibre a ullmhú, dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chinneadh seo. Cumhdófar, leis an bPlean Straitéiseach, tréimhse uasta ceithre bliana, ina mbeidh solúbthacht leordhóthanach ionas go mbeidh an tAontas in ann freagairt a thabhairt go mear ar dhúshláin nua agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, agus ar dheiseanna agus ar ghéarchéimeanna gan choinne.

2.   Díreoidh an pleanáil straitéiseach go háirithe ar an gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” agus cumhdófar leis freisin gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile agus sa chomhpháirt maidir le “Rannpháirtíocht a fhairsingiú agus LET a neartú”.

Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú rannpháirtíocht luath agus malartuithe forleathana leis na Ballstáit, agus malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú freisin go gcomhlánófar seo le comhairliúchán le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne. Leis sin, rannchuideofar le rannpháirtíocht níos láidre le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta.

Féadfaidh na Ballstáit tacú leis an bpróiseas pleanála straitéisí chomh maith trí fhorléargas ar chomhairliúcháin náisiúnta agus ar rannchuidithe na saoránach a chuireann leis an bPlean Straitéiseach a sholáthair.

3.   Glacfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4). Freagróidh an Plean Straitéiseach sin do na cuspóirí agus do na gníomhaíochtaí dá dtuairiscítear in Iarscríbhinn I. Beidh na heilimintí seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme sin, a bhaineann leis an tréimhse a chumhdaítear:

(a)

treoshuíomhanna straitéiseacha tábhachtacha le haghaidh tacaíocht T&N, lena n-áirítear tuairisc ar thionchair a bhfuiltear ag súil leo, saincheisteanna trasbhraisle agus réimsí idirghabhála arna gcumhdach;

(b)

comhpháirtíochtaí Eorpacha a shainaithint i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/695;

(c)

misin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh seo agus le hAirteagal 8 agus le hIarscríbhinn VI de Rialachán (AE) 2021/695;

(d)

réimsí le haghaidh an chomhair idirnáisiúnta, gníomhaíochtaí le hailíniú le gníomhaíochtaí T&N náisiúin agus réigiúin eile an domhain ar scála mór, nó gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích i gcomhar le heagraíochtaí i dtríú tíortha;

(e)

saincheisteanna sonracha, amhail: an chothromaíocht idir taighde agus nuálaíocht; comhtháthú SSH; ról eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus slabhraí luacha straitéiseacha; comhionannas inscne, lena n-áirítear gné na hinscne a chomhtháthú in ábhar T&N; cloí leis na caighdeáin eitice agus sláine is airde, agus tosaíochtaí maidir le scaipeadh agus saothrú.

4.   Cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach anailís, a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún, lena gcumhdófar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

spreagthaí polaitiúla, socheacnamaíocha agus comhshaoil atá ábhartha maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus na mBallstát;

(b)

rannchuidiú T&N i dtaca le cuspóirí beartais de chuid an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna, leas á bhaint as staidéir, as fianaise eolaíoch eile agus as tionscnaimh ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/695;

(c)

fianaise de thoradh gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha, táscairí eolaíochta agus teicneolaíochta, táscairí nuálaíochta, forbairtí idirnáisiúnta amhail cur chun feidhme SFInna agus aiseolas óna gcur chun feidhme, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beart sonrach i ndáil le rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais agus rannpháirtíocht FBManna a scaipeadh;

(d)

tosaíochtaí a d’fhéadfaí a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile de chuid an Aontais;

(e)

tuairisc ar na cineálacha éagsúla cur chuige le haghaidh comhairliúchán le geallsealbhóirí agus rannpháirtíocht saoránach mar chuid den obair chun cláir oibre a fhorbairt;

(f)

comhlántacht agus sineirgí le pleanáil Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

5.   Déanfar an próiseas pleanála straitéisí a chomhlánú le próiseas comhordaithe straitéisigh le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha, ina mbeidh rannpháirtíocht na mBallstát agus an Choimisiúin ar chomhchéim. Feidhmeoidh sé mar phointe iontrála le haghaidh anailís fhadbhreathnaitheach, anailís agus comhairle maidir le forbairt punainne, leagan amach féideartha, cur chun feidhme, faireachán agus céimniú amach comhpháirtíochtaí T&N agus beidh sé faoi threoir creat critéir cuimsitheach, bunaithe ar Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 7

Misin

1.   Féadfar misin T&N a bhunú sna limistéir mhisin arna n-ainmniú in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.

2.   Bunófar bord misin le haghaidh gach limistéar misin, mura féidir struchtúir chomhairleacha atá cheana ann a úsáid, agus sa chás sin, déanfar Coiste na gClár dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur ar an eolas roimh ré.

Beidh gach bord misin comhdhéanta de 15 dhuine ardleibhéil neamhspleácha ar a mhéad a bhfuil saineolas leathan acu, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí saineolaithe SSH, ó cheann ceann na hEorpa agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear ionadaithe úsáideoirí deiridh ábhartha. Déanfaidh an Coimisiún comhaltaí na mbord misin a cheapadh, tar éis nós imeachta um shainaithint trédhearcach, lena n-áirítear glao oscailte ar léiriú spéise. Rachfar i gcomhairle le Coiste na gClár ar bhonn tráthúil maidir leis na nósanna imeachta um shainaithint agus um roghnú, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear. Suas le cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an bhoird mhisin, a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin.

3.   Ní bheidh cumhachtaí cinnteoireachta ag boird misin. Tabharfaidh siad comhairle don Choimisiún ar an méid seo a leanas:

(a)

misean amháin nó níos mó a shainaithint agus a dhearadh sa réimse misin faoi seach i gcomhréir leis na forálacha agus leis na critéir mar a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/695;

(b)

ábhar na gclár oibre agus a n-athbhreithniú mar is gá chun cuspóirí an mhisin a ghnóthú, le hionchur ó gheallsealbhóirí agus, i gcás inarb ábhartha, ón bpobal i gcoitinne;

(c)

saintréithe na bpunann tionscadail i gcomhair misean;

(d)

gníomhaíochtaí coigeartaithe, nó iad a fhoirceannadh más iomchuí, bunaithe ar mheasúnuithe cur chun feidhme de réir chuspóirí sainmhínithe an mhisin;

(e)

saineolaithe seachtracha neamhspleácha a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2021/695, faisnéisiú a thabhairt do na saineolaithe seactracha neamhspleácha sin agus critéir mheastóireachta maille lena dtábhacht;

(f)

creatchoinníollacha a chuideoidh cuspóirí an mhisin a ghnóthú;

(g)

cumarsáid, lena n-áirítear i dtaca le feidhmíocht agus gnóthaithe an mhisin;

(h)

comhordú beartais idir gníomhaithe ábhartha ar leibhéil éagsúla, go háirithe maidir le sineirgí le beartais eile de chuid an Aontais;

(i)

eochairtháscairí feidhmíochta.

Cuirfear comhairle na mbord misin ar fáil go poiblí.

4.   Maidir le gach réimse Misin, beidh Coiste an Chláir rannpháirteach in ullmhú agus i dtimthriall saoil na misean, agus saincheisteanna ábhartha ón gcomhthéacs náisiúnta á gcur san áireamh mar aon le deiseanna chun ailíniú le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a threisiú. Déanfar idirghníomhaíochtaí leis na boird misin ar bhealach tráthúil cuimsitheach.

5   Áireofar sa chlár oibre dá bhforáiltear in Airteagal 13 do gach misean a shainaithnítear sa Phlean Straitéiseach, an dearadh, saintréithe a bpunann tionscadail agus forálacha sonracha lena bhféadfar cur chuige éifeachtúil punainne a chumasú.

Airteagal 8

An Chomhairle Eorpach um Thaighde

1.   Bunóidh an Coimisiún Comhairle Eorpach um Thaighde (“ERC”), chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún I, “Eolaíocht den Scoth”, a bhaineann le ERC a chur chun feidhme. Tiocfaidh ERC i gcomharbacht ar an gComhairle Eorpach um Thaighde a bhunaigh an Coimisiún le Cinneadh an 12 Nollaig 2013 (15).

2.   Beidh ERC comhdhéanta de Chomhairle Eolaíochta ERC neamhspleách dá bhforáiltear in Airteagal 9 agus de struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC dá bhforáiltear in Airteagal 10.

3.   Beidh Uachtarán ag ERC, Uachtarán a thoghfar as measc eolaithe sinsearacha a bhfuil meas idirnáisiúnta tuillte acu.

Ceapfaidh an Coimisiún an tUachtarán tar éis do choiste cuardaigh tiomnaithe neamhspleách próiseas earcaíochta trédhearcach a chur i gcrích. Déanfaidh Comhairle Eolaíochta ERC an próiseas earcaíochta agus an t-iarrthóir a roghnófar a fhormheas. Beidh téarma oifige Uachtarán ERC teoranta do thréimhse ceithre bliana, a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin.

Beidh Uachtarán ERC ina chathaoirleach ar Chomhairle Eolaíochta ERC. Áiritheoidh Uachtarán ERC ceannasaíocht Chomhairle Eolaíochta ERC agus go rachaidh Comhairle Eolaíochta ERC i dteagmháil le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC, agus déanfaidh sé ionadaíocht thar ceann Chomhairle Eolaíochta ERC i réimse na heolaíochta.

4.   Feidhmeoidh ERC i gcomhréir lena croíphrionsabail a bhaineann le barr feabhais eolaíoch, eolaíocht oscailte, neamhspleáchas, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht, cuntasacht agus sláine taighde. Áiritheofar go leanfar ar aghaidh le gníomhaíochtaí ERC a dhéantar faoi Chinneadh an 12 Nollaig 2013

5.   Trína chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh an ERC tacaíocht, ón mbun aníos, do thaighde ar thús cadhnaíochta a chuirfidh príomh-imscrúdaitheoirí agus a bhfoirne i gcrích sna réimsí ar fad agus iad in iomaíocht ar leibhéal na hEorpa, lena n-áirítear taighdeoirí gairmréime luath-chéime.

6.   Gníomhóidh an Coimisiún ina ráthóir ar son neamhspleáchas agus shláine ERC agus áiritheoidh sé cur i gcrích iomchuí na gcúraimí a chuirtear air.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhaíochtaí ERC chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir le straitéis fhoriomlán ERC, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(2), arna bhunú ag Comhairle Eolaíochta ERC.

Airteagal 9

Comhairle Eolaíochta ERC

1.   Beidh Comhairle Eolaíochta ERC comhdhéanta d’eolaithe, innealtóirí agus scoláirí neamhspleácha a bhfuil ardcháil agus a bhfuil saineolas iomchuí bainte amach acu, ar mná agus fir iad in aoisghrúpaí éagsúla, rud a áiritheoidh go mbeidh éagsúlacht réimsí taighde agus tionscnamh geografach éagsúla ann. Feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, neamhspleách ar shainleasanna seachtracha. Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí Chomhairle Eolaíochta ERC, i ndiaidh nós imeachta neamhspleách trédhearcach chun iad a shainaithint, arna chomhaontú sin le Comhairle Eolaíochta ERC, lena n-áireofar comhairliúchán oscailte leis an bpobal eolaíochta agus tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Beidh téarma oifige chomhaltaí Chomhairle Eolaíochta ERC teoranta do cheithre bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, ar bhonn córas uainíochta, rud a áiritheoidh go leanfar ar aghaidh d’obair Chomhairle Eolaíochta ERC.

2.   Bunóidh Comhairle Eolaíochta ERC an méid seo a leanas:

(a)

straitéis fhoriomlán ERC;

(b)

clár oibre chun gníomhaíochtaí ERC a chur chun feidhme;

(c)

modhanna agus nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú piaraí agus meastóireacht ar thograí ar an mbonn sin a chinnfear na tograí atá le cistiú;

(d)

a seasamh maidir le haon ábhar a fhéadfaidh feabhas a chur ar a bhfuil bainte amach ó thaobh na heolaíochta de agus ar an tionchar a bheidh ag ERC agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích;

(e)

cód iompair lena dtugtar aghaidh ar choinbhleacht leasa, i measc nithe eile, a sheachaint.

Ní imeoidh an Coimisiún ó na seasaimh a bhunaigh Comhairle Eolaíochta ERC i gcomhréir le pointí (a), (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír ach amháin má mheasfaidh sé nár urramaíodh an Cinneadh seo. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go leanfar ar aghaidh de bheith ag cur an Chláir Shonraigh chun feidhme agus de bheith ag gnóthú a chuspóirí, agus leagfaidh sé amach go cuí-réasúnaithe na pointí ina n-imeoidh sé ó sheasaimh Chomhairle Eolaíochta.

3.   Gníomhóidh Comhairle Eolaíochta ERC i gcomhréir leis an sainordú a leagtar amach in Iarscríbhinn I, roinn 1 de Cholún I.

4.   Gníomhóidh Comhairle Eolaíochta ERC go heisiach ar mhaithe le ERC, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 8. Gníomhóidh sí le sláine agus ionracas agus cuirfidh sí a cuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus de réir a oiread trédhearcachta agus is féidir.

Airteagal 10

Struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC

1.   Beidh an cur chun feidhme riaracháin agus forfheidhmiú na gné seo den Chlár Sonrach faoi chúram struchtúir chur chun feidhme thiomnaithe ERC, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn I de Cholún I, roinn 1.3.2. Tabharfaidh sé tacaíocht do Bhord Chomhairle Eolaíochta ERC i gcur i gcrích a chúraimí uile.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go leanfaidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC cuspóirí agus ceanglais ERC amháin go docht agus go héifeachtúil agus lena oiread solúbthachta agus is gá.

Airteagal 11

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach

1.   Áireofar ar CNE, arna bunú faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/695, an Bord Ardleibhéil (“Bord CNE”) dá dtagraítear in Airteagal 12 den Chinneadh seo.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas i dtaca le cur chun feidhme EIC:

(a)

beidh sé i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/695, agus aird chuí á tabhairt ar thuairim Bhord EIC faoi straitéis fhoriomlán EIC, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1);

(b)

nach dtiocfaidh saobhadh iomaíochta as a bheadh i gcodarsnacht leis an leas coiteann.

3.   Chun maoiniú cumaiscthe EIC a bhainistiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bainistíocht indíreach. I gcás nach féidir sin, féadfaidh an Coimisiúin meán sainchuspóireach (“Ciste EIC”) a bhunú, a bhainisteofar i gcomhréir leis na rialacha cuntasachta is infheidhme.

Nuair a chuirfidh an Coimisiún meán sainchuspóireach dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír, féachfaidh sé lena áirithiú go mbeidh infheisteoirí poiblí agus príobháideacha rannpháirteach ann. I gcás nach féidir sin san eagrú tosaigh, déanfaidh an Coimisiún meán sainchuspóireach EIC a struchtúrú ar dhóigh gur féidir infheisteoirí poiblí nó príobháideacha a mhealladh chun éifeacht ghiarála ranníocaíocht an Aontais a mhéadú.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún comhlántachtaí éifeachtacha idir EIC, EIT agus an Clár InvestEU.

Airteagal 12

Bord EIC

1.   Tabharfaidh Bord EIC comhairle don Choimisiúin faoin méid seo:

(a)

an straitéis fhoriomlán do ghné EIC faoi Cholún III, “Eoraip na Nuálaiochta”;

(b)

an clár oibre maidir le gníomhaíochtaí EIC a chur chun feidhme;

(c)

na critéir maidir le leibhéal nuálaíochta agus próifíl riosca na dtograí a mheasúnú agus maidir leis an gcothromaíocht iomchuí ó dheontais, ó chothromas agus ó chineálacha eile maoiniúcháin le haghaidh Luasaire;

(d)

punanna straitéiseacha tionscadal a shainaithint;

(e)

próifíl agus ról bainisteoirí clár.

2.   Féadfaidh Bord EIC arna iarraidh sin air moltaí a chur chuig an gCoimisiún faoin méid seo:

(a)

aon ábhar a d’fhéadfadh, ó thaobh na nuálaíochta de, feabhas a chur ar éiceachórais nuálaíochta ar fud na hEorpa agus iad a chothú, an méid atá gnóthaithe ag EIC agus an tionchar a bheidh ag cuspóirí ghné EIC agus an acmhainneacht a bheidh ag gnólachtaí nuálacha a réitigh féin a chur i bhfeidhm de réir a chéile;

(b)

i gcomhar le seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus eintitis ábhartha eile, amhail Bord Rialaithe EIT, bacainní rialála a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith roimh fhiontraithe, go háirithe iad siúd a mbronntar tacaíocht orthu faoi ghné EIC;

(c)

treochtaí teicneolaíochta ó phunanna EIC atá ag teacht chun cinn chun eolas a chur ar fáil don chlársceidealú i gcodanna eile den Chlár Sonrach;

(d)

saincheisteanna sonracha a shainaithint i gcás inar gá comhairle a fháil ó Bhord EIC.

Gníomhóidh Bord EIC ar mhaithe le cuspóirí EIC a ghnóthú. Gníomhóidh sé le sláine agus ionracas agus cuirfidh sé a chuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus ar bhonn trédhearcach. Gníomhóidh Bord EIC i gcomhréir lena shainordú a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cholún III, roinn 1.

3.   Beidh Bord EIC comhdhéanta de 15 go 20 duine ardleibhéil neamhspleách a thagann as codanna éagsúla d’éiceachóras nuálaíochta na hEorpa, lena n-áirítear fiontraithe, ceannairí corparáideacha, infheisteoirí, saineolaithe taighdeoirí an riaracháin phoiblí, lena n-áirítear saineolaithe nuálaíochta acadúla. Rannchuideoidh Bord EIC le gníomhaíochtaí for-rochtana agus féachfaidh a chomhaltaí le cur le gradam branda EIC.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí Bhord EIC, i ndiaidh glao oscailte ar cheapacháin nó ar léirithe spéise, nó ar an dá rud, cibé acu a mheasfaidh an Coimisiúin a bheith níos oiriúnaí, agus an gá atá le cothromaíocht ó thaobh saineolais, inscne, aoise agus dáileadh geografach de á chur san áireamh.

Beidh a dtéarma oifige teoranta do dhá bhliain, a fhéadfar a athnuachan dhá uaire, agus beidh córas uainíochta do cheapacháin i bhfeidhm, ionas go ceapfar na comhaltaí gach dá bhliain.

4.   Beidh uachtarán ag Bord EIC, uachtarán a bheidh ina phearsa phoiblí ardphróifíle a bhfuil baint aige nó aici le réimse na nuálaíochta, le tuiscint mhaith ar chúrsaí taighde agus forbartha (T&F).

I ndiaidh próiseas earcaíochta thrédhearcach, is é an Coimisiún a cheapfaidh Uachtarán CIE. Beidh téarma oifige Uachtarán Bhord EIC teoranta do cheithre bliana, a fhéadfar a athnuachan aon uair amháin.

Beidh Uachtarán Bhord EIC ina chathaoirleach ar Bhord EIC, ullmhóidh sé cruinnithe an Bhoird, sannfaidh sé cúraimí do chomhaltaí agus féadfaidh sé foghrúpaí tiomnaithe a bhunú, go háirithe treochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ó phunanna EIC a shainaithint. Déanfaidh Uachtarán Bhord EIC ionadaíocht thar ceann EIC i réimse na nuálaíochta. Cuirfidh Uachtarán Bhord EIC, EIC chun cinn freisin agus gníomhóidh sé mar chomhchainteoir leis an gCoimisiún agus, trí choistí ábhartha na gclár, leis na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún foráil do thacaíocht riaracháin do Uachtarán Bhord EIC.

5.   Bunóidh an Coimisiún cód iompair lena ndíreofar, i measc nithe eile, ar choinbhleacht leasa agus ar shárú rúndachta a sheachaint. Glacfaidh comhaltaí Bhord EIC lcloí eis an gcód iompair nuair a ghabhfaidh siad le hoifig.

Airteagal 13

Cláir oibre

1.   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (“an Rialachán Airgeadais”) a chuirfear an Clár Sonrach chun feidhme. Leagfar amach sna cláir oibre sin an tionchar a mheastar a bheidh ann agus ullmhófar iad i ndiaidh an phleanála straitéisí mar a thuairiscítear in Airteagal 6 agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. Cuirfidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 14 ar an eolas go rialta agus go luath, maidir le dul chun cinn foriomlán chur chun feidhme ghníomhaíochtaí indíreacha an Chláir Shonraigh, lena n-áirítear misin, agus chun go mbeidh ar chumas an Choiste ionchur iomchuí a sholáthair go luath le linn an phróisis pleanála straitéisí agus maidir leis na cláir oibre a ullmhú, go háirithe i dtaca le misin.

Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre leithleacha, trí bhíthin gníomhaíochtaí cur chun feidhme, lena gcuirfear bearta faoi na comhchodanna seo chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 3(1):

(a)

ERC, a bhunóidh Comhairle Eolaíochta ERC an clár oibre di faoi phointe (b) d’Airteagal 9(2), i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 14(3). Ní imeoidh an Coimisiún ón gclár oibre a bhunaigh Comhairle Eolaíochta ERC ach amháin nuair a mheasfaidh sé nach mbeidh sé i gcomhréir leis an gCinnidh seo; sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4); tabharfaidh an Coimisiún údar cuí-réasúnaithe ina leith;

(b)

na braislí uile faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, MSCA, bonneagair thaighde, éiceachórais nuálaíochta na hEorpa, rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a leathadh, agus córas Eorpach taighde agus nuálaíochta a athchóiriú agus a fheabhsú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4);

(c)

EIC, a n-ullmhófar an clár oibre di i ndiaidh comhairle ó Bhord EIC faoi phointe (b) d’Airteagal 12(1), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4);

(d)

JRC, a chuirfear san áireamh sa clár oibre ilbhliantúil an tuairim arna tabhairt ag Bord Gobharnóirí JRC dá dtagraítear i gCinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún.

3.   Sa bhreis ar na ceanglais faoi Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, is é a bheidh sna cláir oibre dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, mar is iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

sonrú an méid a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht agus clár ama táscach maidir le cur chun feidhme;

(b)

maidir le deontais, na tosaíochtaí, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana agus an t-ualú coibhneasta a bhaineann leis na critéir dhámhachtana éagsúla agus an t-uasráta cistiúcháin le haghaidh shuim iomlán na gcostas incháilithe;

(c)

an méid a leithdháiltear ar mhaoiniú cumaiscthe i gcomhréir le hAirteagail 45 go 48 de Rialachán (AE) 2021/695;

(d)

aon oibleagáidí breise le haghaidh tairbhithe, i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 41 de Rialachán (AE) 2021/695.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a ghlacadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme:

(a)

an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí indíreacha a fhormheas, i gcás ina bhfuil an méid measta de ranníocaíocht an Aontais faoin gClár Sonrach cothrom le nó níos mó ná EUR 2,5 milliún, cé is moite de ghníomhaíochtaí faoin “ERC”; an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí indíreacha i mbraisle “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach” a fhormheas, i gcás ina mbeidh méid measta ranníocaíocht an Aontais faoin gclár sonrach cothrom le nó níos mó ná EUR 1 milliún;

(b)

maidir le gníomhaíochtaí indíreacha i mbraisle “An cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach” dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 3(1) a chistiú, an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí indíreacha a fhormheas, i gcás ina mbeidh méid measta ranníocaíocht an Aontais faoin gclár sonrach cothrom le nó níos mó ná EUR 1 milliún;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún (17). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Cruinneoidh an coiste i bhfoirmíochtaí éagsúla mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ag féachaint don ábhar a bheidh le plé.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.   I gcás na ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh faoi Airteagal 6(3) agus i gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas ar bhonn rialta faoin dul chun cinn foriomlán a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus tabharfaidh sé don Choiste faisnéis thráthúil faoi na gníomhaíochtaí agus comhpháirteanna uile a mholtar nó a chistítear faoi Rialachán (AE) 2021/695 agus a chodanna seachtraithe, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, lena n-áirítear faisnéis shonraithe agus anailís ar staitisticí na nglaonna aonair.

CAIBIDIL III

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 15

Aisghairm

Déantar Cinneadh 2013/743/AE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Cinneadh seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann faoi Chinneadh 2013/743/AE, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

I gcás inar gá, cuirfidh an Coiste, dá dtagraítear in Airteagal 14 den Chinneadh seo, cúraimí ar bith eile an Choiste arna bhunú le Cinneadh 2013/743/AE i gcrích.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir Shonraigh na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár Sonrach agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Cinneadh 2013/743/AE, a áirithiú.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Tuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 33 agus IO C 364, 28.10.2020, lch. 124.

(3)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 79.

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1996 maidir le hatheagar a chur ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (IO L 107, 30.4.1996, lch. 12).

(7)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(8)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2018 dar teideal “A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that deliver efficiently on its priorities post-2020” [Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha d’Aontas Eorpach a chuireann go héifeachtach lena thosaíochtaí tar éis 2020], sainaithnítear EUR 13 bhilliún a caitheadh i bpríomhghníomhaíochtaí digiteacha faoin gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht Fís 2020.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh.1982/2006/CE (IO L347, 20.12.2013, lch. 104).

(10)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 965).

(11)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachan (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(13)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).

(15)  Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollag 2013 lena mbunaítear Comhairle Eorpach um Thaighde (IO C 373, 20.12.2013, lch. 23).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  D’fhonn cur chun feidhme an Chláir Shonraigh a éascú, maidir le gach cruinniú de Choiste na gClár mar a shainítear sa chlár oibre, aisíocfaidh an Coimisiún, i gcomhréir lena threoirlínte bunaithe, speansais aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus speansais aon saineolaí/aon chomhairleora in aghaidh an Bhallstáit do na míreanna cláir oibre sin i gcás ina dteastóidh saineolas sonrach ó Bhallstát.


IARSCRÍBHINN I

PLEANÁIL STRAITÉISEACH AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE AN CHLÁIR SHONRAIGH

PLEANÁIL STRAITÉISEACH

Faoi Airteagal 6, déanfar cur chun feidhme an Chláir Shonraigh a éascú le pleanáil straitéiseach ilbhliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí T&N. Díreoidh an pleanáil straitéiseach seo go háirithe ar Cholún “Dúshlán Domhanda agus Iomaíochais Thionsclaíoch Eorpach”, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile agus sa chuid “Rannpháirtíocht a fhairsingiú agus LET a neartú”, agus i ndlúthchomhordú agus i ndlúthshineirge le pleanáil Phobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

Leagfar amach toradh an phróisis pleanála straitéisí seo i bplean straitéiseach chun ábhar an chláir oibre a chur i gcrích.

Is é is aidhm do phleanáil straitéiseach:

cuspóirí Fís Eorpach ar leibhéal an chláir a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite agus díriú ar an tionchar foriomlán a bheidh ag Fís Eorpach a sholáthair agus comhleanúnachas idir a chodanna éagsúla a sholáthair;

sineirgí idir Fís Eorpach agus cláir eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMI), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus Clár Euratom, a bheidh mar phointe tagartha don T&N sna cláir ghaolmhara uile ar fud bhuiséad an Aontais agus ar fud ionstraimí neamhchistiúcháin;

cuidiú chun beartais de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur i gcrích maidir leis na réimsí ábhartha a chumhdófar, mar aon le forbairt agus cur chun feidhme beartas sna Ballstáit a chomhlánú;

ilroinnt iarrachtaí a laghdú agus dúbailt agus forluí idir deiseanna cistiúcháin a sheachaint;

creat a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí díreacha taighde a dhéanann JRC agus gníomhaíochtaí eile dá dtugtar tacaíocht faoi Fís Eorpach a nascadh le chéile, lena n-áirítear leas a bhaint as torthaí agus sonraí chun tacú le beartais;

cur chuige tomhaiste agus leathan i leith T&N a áirithiú, ag gach céim den fhorbairt, nach bhfuil teoranta do thaighde ar thús cadhnaíochta a chothú, do phróisis agus do sheirbhísí táirgí nua a fhorbairt ar bhonn faisnéis eolaíoch agus teicneolaíoch agus ar bhonn fionnachtana, ach a bhaineann leas freisin as na teicneolaíochtaí atá cheana ann ar bhealaí nua agus a chuireann feabhas orthu ar bhonn leanúnach agus a bhaineann leas as an nuálaíocht neamhtheicneolaíoch agus shochaíoch;

cur chuige sistéamach, trasdisciplíneach, trasearnálach agus trasbheartas i leith T&N a áirithiú, chun dul i ngleic le dúshláin agus chun gnólachtaí agus tionscail nua iomaíocha a thionscnamh san am céanna, lena ndéanfar iomaíochas a chothú, infheistíocht príobháideach a spreagadh agus cothrom na Féinne a choinneáil sa mhargadh inmheánach.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE AN CHLÁIR SHONRAIGH

Sna colúin, “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” agus “Eoraip na Nuálaíochta”, comhlánófar T&N le gníomhaíochtaí a bheidh á gcur i gcrích gar d’úsáideoirí deiridh agus don mhargadh, amhail taisealbhadh, píolótú nó cruthúnas an choincheapa, gan gníomhaíochtaí tráchtálaithe a áireamh, áfach, a théann thar an gcéim T&N. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin freisin tacaíocht do ghníomhaíochtaí i bhfabhar an éilimh a chuidíonn le dlús a chur le cur chun úsáide agus le leathadh raon leathan de chineálacha nuálaíochta. Cuirfear béim ar ghlaonna neamh-shaintreoracha ar thograí.

Faoin gcolún, “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, lena gcuirfear leis an taithí ar Fís 2020, déanfar na SSHanna a chomhtháthú go hiomlán ar fud na mbraislí ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe. Mar an gcéanna, cuirfear gníomhaíochtaí T&N ar chúrsaí mara agus muirí chun feidhme ar bhealach straitéiseach comhtháite i gcomhréir le Beartas Muirí Comhtháite an Aontais, an Comhbheartas Iascaigh agus gealltanais idirnáisiúnta.

Gníomhaíochtaí a dhéantar mar chuid de Thionscnamh Suaitheanta Teicneolaíochtaí na Todhchaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) maidir le Graiféin, an tionscadal “An Inchinn Dhaonna”, agus Teicneolaíocht an Chandaim, agus a fhaigheann tacaíocht faoi Fís 2020, leanfaidh siad de bheith ag fáil tacaíochta faoi Fís Eorpach trí ghlaonna ar thograí a áirítear sa chlár oibre. Leis na réamhghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi chuimsiú na dTionscnamh Suaitheanta FET de Fís 2020, cuirfear leis an bpróiseas pleanála straitéisí faoi Fís Eorpach agus déanfar eolas don obair a dhéantar ar mhisin, ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha comhchistithe agus/nó comhchláraithe agus ar ghnáthghlaonna ar thograí.

Mar gheall ar an idirphlé a dhéanfaidh an comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais agus an t-idirphlé beartais leis na príomhréigiúin an domhain, cuirfear obair thábhachtach i gcrích chun deiseanna comhair a shainaithint ar bhonn córasach, mar aon le difreálú de réir tíre agus/nó réigiúin a dhéanamh, a thabharfaidh tacaíocht do thosaíochtaí a shocrú. Leanfar de chomhairle a lorg go luath ón struchtúr comhairleach a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Taighde.

LEATHADH AGUS CUMARSÁID

Tabharfar tacaíocht thiomnaithe Fís Eorpach don rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíochta, ar stórtha eolais agus ar fhoinsí eile sonraí. Tabharfar tacaíocht do gníomhaíochtaí a bhaineann le heolas a leathadh agus a scaipeadh, i gcomhar le cláir eile de chuid an Aontais freisin, lena n-áirítear torthaí ó bhraislí nó ó phacáistiú agus sonraí i dteangacha agus i bhformáidí do spriocphobail agus do líonraí le haghaidh saoránach, na hearnála tionsclaíche, riaracháin phoiblí, an saol acadúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus lucht ceaptha beartas. Chun na críche sin, féadfar úsáid a bhaint as ardteicneolaíocht agus uirlisí faisnéise in Fís Eorpach.

Tabharfar tacaíocht oiriúnach do shásraí, amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta, chun iarratasóirí ionchasacha a chur ar an eolas faoi Fís Eorpach.

Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a bhaineann le faisnéis agus cumarsáid faoi Fís Eorpach chun feidhme freisin chun a chur in iúl don phobal go bhfuarthas na torthaí de bharr tacaíocht ó chistiúchán an Aontais. Féachfar leo leis an bpobal a chur ar an eolas freisin faoin tábhacht atá le T&N agus an tionchar agus an tábhacht leathan a bheidh ag T&N arna gcistiú ag an Aontas, mar shampla trí bhíthin foilseachán, caidreamh leis na meáin, imeachtaí, stórtha eolais, bunachair sonraí, ardáin ilchainéalacha, suíomhanna gréasáin nó úsáid spriocdhírithe na meán sóisialta. Tabharfar tacaíocht do na tairbhithe in Fís Eorpach chun a gcuid oibre agus an tionchar a bheidh ag an obair sin a chur in iúl don tsochaí i gcoitinne.

SAOTHRÚ TORTHAÍ AGUS GLACADH SA MHARGADH

Bunóidh an Coimisiún bearta cuimsitheacha chun na torthaí ó Fís Eorpach agus an t-eolas a gheofar a shaothrú. Dá bharr sin, cuirfear dlús le glacadh forleathan an mhargaidh agus méadóidh an tionchar a bheidh ag Fís Eorpach.

Sainaithneoidh an Coimisiún na torthaí ó ghníomhaíochtaí T&N faoi Fís Eorpach ar bhonn córasach agus déanfaidh sé iad a thaifeadadh ar bhonn córasach agus aistreoidh sé agus scaipfidh sé na torthaí sin agus an t-eolas sin a gheofar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ar an earnáil thionsclaíoch agus ar fhiontair idir bheag agus mhór, riaracháin phoiblí, an saol acadúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus lucht ceaptha beartas, chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an mbreisluach Aontais atá ag Fís Eorpach.

AN COMHAR IDIRNÁISIÚNTA

Is mó an tionchar a bhainfear amach trí ghníomhaíochtaí a ailíniú le tíortha agus réigiúin eile an domhain faoi chuimsiú chreat iarrachtaí neartaithe i leith an chomhair idirnáisiúnta. Bunaithe ar an gcomhleas, tabharfar cuireadh do chomhpháirtithe ar fud an domhain a bheith ag obair i gcomhar leis an Aontas mar chuid inmheánach de thionscnaimh ar mhaithe le gníomhaíochtaí an Aontais i leith inbhuanaitheachta, T&N treisithe agus bharr feabhais T&N, agus i leith an iomaíochais.

Le gníomhú chomhpháirteach, áiritheofar go rachfar i ngleic go héifeachtach le dúshláin shochaíocha dhomhanda agus áiritheofar na SFInna, an rochtain ar na daoine ardchumais, an saineolas agus na hacmhainní is fearr ar domhan, agus soláthar agus éileamh méadaithe ar réitigh nuálacha.

MODHEOLAÍOCHAÍ OIBRE MAIDIR LE MEASTÓIREACHT

Le húsáid a bhaint as saineolas seachtrach ardcháilíochta sa phróiseas meastóireachta, cuirtear taca faoin gClár Sonrach agus na geallsealbhóirí, na pobail agus na grúpaí sainspéise uile atá rannpháirteach ann, agus is réamhriachtanas é sin barr feabhas agus ábharthacht na ngníomhaíochtaí arna gcistiú a choinneáil.

Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin neamhchlaontacht an phróisis meastóireachta, agus seachnóidh sé coinbhleachtaí leasa i gcomhréir le hAirteagal 61 den Rialachán Airgeadais. Chomh maith leis sin, féachfaidh sé le héagsúlacht gheografach a áireamh i gcomhdhéanamh na gcoistí meastóireachta, agus na ngrúpaí saineolaithe agus comhairleacha.

Go heisceachtúil, i gcás ina mbeidh údar leis mar gheall ar an gceanglas maidir leis na saineolaithe is fearr dá bhfuil ar fáil a cheapadh agus/nó mar gheall ar an méid teoranta de spriocghrúpa na saineolaithe cáilithe, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha, a thugann cúnamh don choiste meastóireachta nó ar saineolaithe ar an gcoiste meastóireachta féin iad, meastóireacht a dhéanamh ar thograí sonracha dá bhfógróidh siad leas ionchasach. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin gach beart ceartaitheach is gá chun sláine an phróisis meastóireachta a áirithiú. Déanfar an próiseas meastóireachta a bhainistiú dá réir sin, lena n-áirítear céim ina mbeidh idirghníomhaíocht idir saineolaithe ó réimsí éagsúla. Cuirfidh an coiste meastóireachta na cúinsí ar leith san áireamh nuair a shainaithneoidh sé tograí le haghaidh cistiú.

COLÚN I

EOLAÍOCHT DEN SCOTH

Braitheann dul chun cinn eolaíoch, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ina fhoirmeacha uile ar sholáthar leordhóthanach de thaighdeoirí den scoth, ar dhul ar thóir fionnachtana sa tuiscint agus i sealbhú an eolais ar gach leibhéal, ar na saoráidí den scoth is gá chun é sin a chur i gcrích, lena n-áirítear bonneagair fhisiciúla agus bonneagair eolais don T&N, agus leis na modhanna chun eolas (“eolaíocht oscailte”), modheolaíochtaí agus scileanna a leathadh agus a chomhroinnt go hoscailte.

Tá gnóthú nuálaíochta ceannródaíche atá ar cháil dhomhanda nasctha le cur chun cinn na heolaíochta oscailte den scoth. Is féidir le haistrithe paraidíme eolaíochta agus teicneolaíochta a bheith mar phríomhstiúrthóirí ar fhás na táirgiúlachta, iomaíochas, rachmas, forbairt inbhuanaithe agus dul chun cinn sóisialta. Ba nós le haistrithe paraidíme den sórt sin eascairt ón mbonn eolaíochta san earnáil phoiblí roimh dóibh an bonn a leagan síos le haghaidh tionscail agus earnálacha úrnua agus le haghaidh dul chun cinn sochaíoch cuimsitheach.

Is minic a dhéantar an taighde fadtéarma ardriosca le hinfheistíocht phoiblí sa taighde, go háirithe trí ollscoileanna agus trí institiúidí taighde poiblí agus saoráidí taighde, lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na hearnála príobháidí. Lena chois sin, tionscnaítear léi acmhainní daonna ardoilte, eolas agus taithí, ionstraimí agus modheolaíochtaí nua eolaíochta, mar aon leis na líonraí a chruthú lena scaiptear an t-eolas is déanaí.

Tá an eolaíocht Eorpach agus taighdeoirí atá bunaithe san Eoraip ar thús cadhnaíochta le blianta agus leanfaidh siad de bheith ar thús cadhnaíochta ina lán réimsí. Ní stádas é sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach. Tá olloibreoirí geilleagracha amhail an tSín agus an India, go háirithe ó na codanna nuathionsclaíochta den domhan, mar aon leis na tíortha sin ina n-aithníonn na rialtais an iliomad sochar mór a bhainfear as infheistiú sa taighde, ag tabhairt dúshlán Stáit Aontaithe Mheiriceá, an t-iomaitheoir seanbhunaithe.

1.   AN CHOMHAIRLE EORPACH UM THAIGHDE

1.1.   An réasúnaíocht

Cé gurb é an tAontas fós an táirgeoir is mó foilseachán eolaíoch ar domhan, níl aige, i gcoibhneas lena mhéid, ach beagán ionad barr feabhais ar ionaid barr feabhais den scoth iad ar leibhéal domhanda agus ina bhfuil meánfheidhmíocht agus drochfheidhmíocht ag baint lena lán réimsí. I gcomparáid le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus anois leis an tSín go pointe áirithe, tá claonadh san Aontas cloí le “heiseamláir de scothchleachtas dáilte” ina ndáiltear acmhainní ar líon níos mó taighdeoirí agus institiúidí taighde. Beidh dálaí tarraingteacha a thionscnófar do na taighdeoirí is cumasaí ina chuidiú don Eoraip le tarraingteacht i gcomhthéacs na hiomaíochta dhomhanda a mhéadú le haghaidh eolaithe tréitheacha a mhealladh.

Tá athrú suntasach ag teacht ar chreat an taighde dhomhanda agus tá sé ag éirí ilpholach i rith an ama de thoradh méadú ar roinnt tíortha atá ag teacht chun cinn, go háirithe an Sín, atá ag méadú na táirgeachta. Mar sin, de bhrí gurb iad an Aontas agus na Stáit Aontaithe freagrach as dhá thrian nach mór de chaiteachas an domhain ar T&F in 2000, thit an sciar sin níos lú ná a leath faoi 2013.

Tacaíonn ERC leis na taighdeoirí is cumasaí, lena n-áirítear taighdeoirí tréitheacha nach bhfuil fós ach i dtús a ngairmréime, trí chistiú solúbtha, fadtéarmach a sholáthar chun dul i mbun taighde ceannródaíoch, ardghnóthacháin agus ardriosca san Eoraip go príomha. Feidhmíonn sé ar bhonn féinrialach agus bíonn sé faoi stiúir Chomhairle neamhspleách Eolaíochta ERC ina mbíonn eolaithe, innealtóirí agus scoláirí a bhfuil an cháil is airde agus saineolas agus éagsúlacht iomchuí bainte amach acu. Tá ERC in ann tarraingt ar thacar níos leithne de dhaoine tréitheacha agus de smaointe ná mar is féidir leis in aon scéim náisiúnta lena dtreisítear an barr feabhais ar an dóigh ina mbíonn na taighdeoirí is fearr agus na smaointe is fearr ag iomaíocht le chéile.

Tá sé cruthaithe ina thaobh go bhfuil tionchar substaintiúil díreach ag cistiú ERC ar thaighde ar thús cadhnaíochta, ó thaobh dul chun cinn san eolas is ceannródaíche, an bealach á réiteach leis do thorthaí nua, torthaí nach mbíonn coinne leo go minic san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus le haghaidh réimsí nua do thaighde. Dá réir sin, gintear smaointe úrnua a stiúrfaidh an nuálaíocht agus an airgtheacht sa ghnóthas agus a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha. Tá tionchar mór struchtúrach ag ERC, lena ndeánfar caighdeán an chórais Eorpaigh taighde a fheabhsú go mór, de bhreis ar na taighdeoirí agus ar na gníomhaithe a chistíonn sé go díreach. Déanann gníomhaithe agus taighdeoirí a fhaigheann cistiú ó ERC sprioc uaillmhianach a leagan síos le haghaidh an taighde ar thús cadhnaíochta san Eoraip, ardaíonn siad a phróifíl, agus déanann siad ERC níos tarraingtí do na taighdeoirí is fearr ar fud an domhain mar chomhpháirtí oibre agus mar áit oibre. Toisc ardghradam a bheith ag roinnt leo siúd a fhaigheann deontais ó ERC, tá an iomaíocht ag éirí níos géire idir ollscoileanna na hEorpa agus eagraíochtaí taighde chun na coinníollacha oibre is tarraingtí a thairiscint do na taighdeoirí is fearr agus is féidir leis sin cabhrú leo go hindíreach a gcuid láidreachtaí agus laigí a mheasúnú agus athchóirithe a chur i gcrích.

Cistíonn ERC céatadán measartha beag den taighde Eorpach go léir, ach bíonn tionchar eolaíoch ard ann ag an taighde a dhéanann sé a chistiú . Tá an meántionchar atá ag luanna an taighde dá dtugann ERC tacaíocht inchomparáide lena bhfuil ag na hollscoileanna taighde ardléannta is fearr sa domhan. Tá feidhmíocht thaighde ERC an-ard nuair a chuirtear i gcomparáid le feidhmíocht an lucht cistiúcháin is mó ar domhan í. Cistíonn ERC cuid mhór den taighde ar thús cadhnaíochta ina lán de na réimsí taighde a fuair an líon is mó de luanna, lena n-áirítear sna réimsí atá ag teacht chun cinn go gasta. Cé go bhfuil cistiúchán ó ERC dírithe ar an taighde ar thús cadhnaíochta, tugadh amach líon suntasach paitinní dá bharr sin.

Dá bhrí sin, tá fianaise shoiléir ann go meallann ERC taighdeoirí den chéad scoth agus go gcistíonn sé iad trína ghlaonna agus mar gheall ar ghníomhaithe ERC tá líon suntasach de na torthaí taighde is tábhachtaí agus is mó tionchar ar fud an domhain sna réimsí atá ag teacht chun cinn agus atá ina gcúis le fionnachtana agus dul chun cinn an-mhór. Tá obair na dtaighdeoirí a fhaigheann deontas ó ERC an-idirdhisciplíneach freisin agus oibríonn taighdeoirí a fhaigheann deontais ó ERC i gcomhar le taighdeoirí eile ar bhonn idirnáisiúnta agus foilsítear a dtorthaí go hoscailte ar fud gach réimse den taighde lena n-áirítear sna heolaíochtaí sóisialta, sna healaíona agus sna daonnachtaí.

Tá fianaise cheana ann freisin faoin tionchar fadtéarma atá ag deontais ERC ar ghairmeacha, ar oiliúint a chur ar thaighdeoirí aitheanta ardoilte agus ar chéimithe dochtúireachta, ar infheictheacht dhomhanda agus ardghradam an taighde Eorpaigh a ardú agus ar chórais taighde náisiúnta trína n-éifeacht láidir thagarmharcála. Tá tábhacht ar leith le héifeacht eiseamláire de scothchleachtas dáilte an Aontais, mar gur féidir leis an stádas lena gcuirtear in iúl go bhfuarthas cistiúchán ó ERC a bheith ag feidhmiú ina tháscaire níos cruinne ná an t-aitheantas atá bunaithe ar stádas na n-institiúidí. Leis sin tá daoine aonair uaillmhianacha, institiúidí, réigiúin agus tíortha in ann an deis a thapú agus na próifílí taighde ina bhfuil siad sách láidir a chur ar scála níos leithne.

1.2.   Réimsí idirghabhála

1.2.1.   An Eolaíocht ar Thús Cadhnaíochta

Meastar go ndéanfar dul chun cinn san eolaíocht ar thús cadhnaíochta de thoradh taighde a chistíonn ERC, lena n-áirítear foilseacháin eolaíocha den cháilíocht is airde, torthaí taighde a bhféadfadh tionchar mór sochaíoch agus geilleagrach a bheith acu agus socróidh ERC sprioc shoiléir uaillmhianach don taighde ar thús cadhnaíochta ar fud an Aontais, ar fud na hEorpa agus ar bhonn idirnáisiúnta. Díreoidh ERC ar sprioc intomhaiste chun feabhas a chur ar sciar an Aontais den 1 % de na foilseacháin is mó a luaitear ar domhan, arb é is aidhm dó timpeallacht níos tarraingtí a chur ar fáil san Aontas do na heolaithe is cumasaí ar domhan agus díreoidh sé a aird ar chur go suntasach leis an líon taighdeoirí sármhaithe a dhéanann sí a chistiú, lena n-áirítear taighdeoirí ó lasmuigh den Eoraip.

Bronnfar cistiúchán ó ERC i gcomhréir leis na prionsabail seanbhunaithe seo a leanas: Is é an barr feabhais eolaíoch an t-aon chritéar amháin a mheasfar agus deontais ó ERC á mbronnadh. Feidhmeoidh ERC ar bhonn “ón mbun aníos” gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh.

Réimsí Ginearálta

Cistiú fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le sársmaointe taighdeoirí d’aon aois nó d’aon inscne agus lena bhfoirne taighde, arb as aon tír ar domhan dóibh, agus iad i mbun taighde ceannródaíoch, ardghnóthacháin agus ardriosca;

Taighdeoirí a bhfuil sársmaointe acu atá i dtús a ngairmréime agus taighdeoirí luathchéime a chumasú chun a bheith ina gceannairí taighde neamhspleácha as a gcumas féin trí thacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil ag an gcéim chriticiúil agus iad i mbun a bhfoireann taighde féin nó a gclár taighde féin a fhódú nó a chomhdhlúthú;

Bealaí úra oibre san eolaíocht, lena n-áirítear cur chuige na heolaíochta oscailte, a d’fhéadfadh torthaí ceannródaíocha a chruthú, agus a d’fhéadfadh ionchas na nuálaíochta tráchtála agus sóisialta atá sa taighde a chistíonn sí a éascú;

Taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt le gníomhaireachtaí cistithe taighde náisiúnta agus réigiúnacha agus naisc a chruthú le codanna eile Fís Eorpach, go háirithe MSCA, chun an tacaíocht do thaighdeoirí den scoth a chur chun cinn;

Próifíl an taighde ar thús cadhnaíochta san Eoraip agus infheictheacht chláir ERC do thaighdeoirí ar fud na hEorpa agus go hidirnáisiúnta a ardú.

1.3.   Cur chun feidhme

1.3.1.   Comhairle Eolaíochta ERC

Is ráthóir ar cháilíocht an gníomhaíochta ó thaobh na heolaíochta de í Comhairle Eolaíochta ERC agus is aici atá údarás iomlán ar chinntí a dhéanfar faoin gcineál taighde a mhaoineofar.

I gcomhthéacs chur chun feidhme Fís Eorpach agus chun a cúraimí a chur i gcrích mar a leagtar amach in Airteagal 9, déanfaidh Comhairle Eolaíochta ERC na nithe seo a leanas:

(a)

maidir leis an straitéis eolaíoch:

(i)

an straitéis fhoriomlán eolaíoch do ERC a bhunú, i bhfianaise deiseanna eolaíocha agus riachtanais eolaíocha na hEorpa;

(ii)

an clár oibre a bhunú agus bearta tacaíochta éagsúla ERC a cheapadh i gcomhréir leis straitéis eolaíoch;

(iii)

na tionscnaimh chomhair idirnáisiúnta is gá a bhunú lena n-áirítear gníomhaíochtaí for-rochtana, chun infheictheacht ERC a mhéadú do na taighdeoirí is fearr ón gcuid eile den domhan, i gcomhréir lena straitéis eolaíoch;

(b)

maidir leis an mbainistiú, faireachán agus rialú cáilíochta ó thaobh na heolaíochta de:

(i)

córas athbhreithnithe piaraí den scoth a áirithiú, atá bunaithe ar eolaíocht den scoth agus ar láimhseáil atá iomlán trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí trí sheasaimh a bhunú maidir le glaonna ar thograí a chur chun feidhme agus a bhainistiú, critéir mheastóireachta, próisis athbhreithnithe piaraí lena n-áirítear saineolaithe a roghnú, na modhanna maidir le hathbhreithniú piaraí agus meastóireacht tograí agus na rialacha agus na treoirlínte cur chun feidhme is gá, ar an mbonn sin a chinnfear na tograí atá le cistiú faoi mhaoirseacht Chomhairle Eolaíochta ERC;

(ii)

togra a dhéanamh, ar ar a bhonn a cheapfar saineolaithe, i gcás gníomhaithe taighde ar thús cadhnaíochta a dhéanann ERC;

(iii)

a áirithiú go gcuirfear deontais ó ERC chun feidhme de réir nósanna imeachta simplí trédhearcacha lena ndéantar an fócas a choinneáil ar an mbarr feabhais, an tionscnaíocht a spreagadh agus an tsolúbthacht a chónascadh leis an gcuntasacht trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht na n-oibríochtaí agus an chur chun feidhme;

(iv)

an méid atá bainte amach ag ERC agus cáilíocht agus tionchar an taighde arna chistiú ag ERC a athbhreithniú agus a mheasúnú agus moltaí agus treoirlínte a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó gníomhaíochtaí sa todhchaí, dá réir;

(v)

seasaimh maidir le haon ábhar eile a dhéanfaidh difear dá bhfuil bainte amach ag ERC agus don tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí ERC agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích;

(c)

maidir leis an gcumarsáid agus scaipeadh:

(i)

próifíl dhomhanda agus infheictheacht ERC a ardú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a chur i gcrích, lena n-áirítear comhdhálacha eolaíocha chun gníomhaíochtaí ERC agus an méid atá bainte amach aige agus na torthaí ó thionscadail arna gcistiú ag ERC, leis an bpobal eolaíochta, geallsealbhóirí tábhachtacha agus leis an ngnáthphobal;

(ii)

dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le pobal na n-eolaithe, na n-innealtóirí agus na scoláirí, le gníomhaireachtaí cistiúcháin réigiúnacha agus náisiúnta agus le geallsealbhóirí eile;

(iii)

tuairisciú go rialta chuig an gCoimisiún faoina gníomhaíochtaí féin.

Tabharfar cúiteamh do chomhaltaí Chomhairle Eolaíochta ERC i leith an gcúraimí a chuirfidh siad i gcrích trí bhíthin honararium agus, i gcás i gcás inarb iomchuí, aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe.

Beidh Uachtarán ERC ina chónaí sa Bhruiséil ar feadh thréimhse an cheapacháin agus tabharfaidh sé nó sí, i bprionsabail, 80 % dá chuid ama nó dá cuid ama, ar a laghad, do ghnó ERC. Tabharfar luach saothair d’Uachtarán ERC ar leibhéal atá i gcomhréir le hardbhainistíocht an Choimisiúin agus soláthróidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC dó é leis an tacaíocht is gá chun a fheidhmeanna a chur i gcrích.

Toghfaidh Chomhairle Eolaíochta ERC triúr Leas-Chathaoirleach as measc a comhaltaí a thabharfaidh cúnamh d’Uachtarán ERC chun ionadaíocht a dhéanamh thar a ceann agus a cuid oibre a eagrú. Féadfar teideal Leas-Chathaoirleach ERC a thabhairt orthu freisin.

Tabharfar tacaíocht don triúr Leas-Chathaoirleach le go n-áiritheofar cúnamh riaracháin áitiúil leordhóthanach ina n-institiúidí náisiúnta.

1.3.2.   Struchtúr Cur Chun Feidhme ERC Tiomnaithe

Tá gach gné den chur chun feidhme riaracháin agus d’fhorfheidhmiú na comhpháirte seo den Chlár Sonrach, dá bhforáiltear i gclár oibre ERC, faoi chúram struchtúir chur chun feidhme thiomnaithe ERC. Cuirfidh sé, ach go háirithe, na nósanna imeachta meastóireachta, athbhreithniú piaraí agus próiseas roghnúcháin chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis a bhunaigh Comhairle Eolaíochta ERC agus áiritheoidh sé bainistiú airgeadais agus eolaíoch na ndeontas. Tacóidh an struchtúr cur chun feidhme ERC tiomnaithe le Comhairle Eolaíochta ERC i gcur i gcrích a cúraimí go léir mar a leagtar amach i roinn 1.3.1, lena n-áirítear a straitéis eolaíoch a cheapadh, faireachán ar na hoibríochtaí agus athbhreithniú agus measúnú ar an méid atá bainte amach ag ERC mar aon lena gníomhaíochtaí for-rochtana agus cumarsáide. Chomh maith leis sin, soláthróidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC rochtain ar na doiciméid agus ar na sonraí is gá atá ina seilbh a thabhairt agus coinneoidh sé Comhairle Eolaíochta ERC ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí.

D’fhonn idirchaidreamh éifeachtach a áirithiú le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC faoi ábhair straitéiseacha agus oibríochtúla, tionólfaidh bainisteoirí Chomhairle Eolaíochta ERC agus Stiúrthóir struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe ERC cruinnithe maidir le comhordú ar bhonn rialta.

Is í an fhoireann a earcófar chun na críche sin, lena n-áirítear oifigigh ó institiúidí an Aontais, i gcás inar gá sin, a dhéanfaidh ERC a bhainistiú agus cuimseofar leis sin na fíor-riachtanais riarachán chun an chobhsaíocht agus an leanúnachas is gá do riarachán éifeachtach a áirithiú.

1.3.3.   Ról an Choimisiúin

D’fhonn a chuid freagrachtaí a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 agus i gcomhthéacs a chuid freagrachtaí féin as an mbuiséad a fhorfheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo:

leanúnachas agus athnuachan Chomhairle Eolaíochta ERC a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt do Bhuanchoiste um Shainaithint Comhaltaí chun comhaltaí a shainaithint amach anseo do Chomhairle Eolaíochta ERC;

leanúnachas struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe ERC agus cúraimí agus fhreagrachtaí a tharmligfear chuige a áirithiú, agus tuairimí ó Chomhairle Eolaíochta ERC á gcur san áireamh;

a áirithiú go gcomhlíonfaidh an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC raon iomlán a chuid cúraimí agus fhreagrachtaí;

Stiúrthóir agus comhaltaí bainistíochta a bheidh ag an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC a cheapadh, agus tuairimí ó Chomhairle Eolaíochta ERC á gcur san áireamh;

a áirithiú go nglacfar in am trátha an clár oibre, na seasaimh maidir leis an modheolaíocht chur chun feidhme agus na rialacha cur chun feidhme is gá, lena n-áirítear rialacha ERC maidir le tíolacadh agus samhail-chomhaontú deontais ERC, agus na tuairimí atá ag Comhairle Eolaíochta ERC á gcur san áireamh;

Coiste na gClár a chur ar an eolas ar bhonn rialta agus in am tráthúil faoi chur chun feidhme ghníomhaíochtaí ERC agus dul i gcomhairle le Coiste na gClár faoi sin;

ós rud é go bhfuil sé freagrach as cur chun feidhme foriomlán Fís Eorpach, déanfaidh sé faireachán ar struchtúr cur chun feidhme ERC tiomnaithe agus a fheidhmíocht a mheasúnú.

2.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ MARIE SKŁODOWSKA-CURIE

2.1.   An Réasúnaíocht

Is é atá ag teastáil ón Eoraip bonn caipitil dhaonna ina bhfuil daoine ardoilte a bhfuil teacht aniar iontu ag feidhmiú sa T&N agus atá in ann dul in oiriúint do réitigh inbhuanaithe ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus ar dhúshláin na todhchaí agus iad a aimsiú go héasca, amhail mórathruithe déimeagrafacha san Eoraip. D’fhonn an barr feabhais a áirithiú, ní mór do thaighdeoirí a bheith soghluaiste, comhoibriú agus eolas a scaipeadh ar fud tíortha, earnálacha agus disciplíní, agus leas a bhaint as an meascán ceart eolais agus scileanna chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chun tacú leis an nuálaíocht.

Is lárionad mór eolaíochta í an Eoraip ina bhfuil thart ar 1,8 milliún taighdeoir ag obair sna mílte ollscoileanna, lárionaid taighde agus cuideachtaí. Meastar, áfach, go mbeidh ar an Aontas oiliúint a chur ar aon mhilliún taighdeoirí nua faoi 2027 agus iad a fhostú chun na spriocanna a bhaint amach atá á leagan amach don infheistíocht mhéadaithe sa T&N. Is géarghá é sin nach bhfuil taobh leis an earnáil acadúil amháin (amhail i dtionscail agus gnó, lena n-áirítear FBManna, rialtais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí cultúrtha agus ospidéil etc.) agus tá gá le comhar idir na hearnálacha éagsúla chun taighdeoirí nua a bhfuil an oiliúint chuí orthu a chur ar fáil.. Ní mór don Aontas a chuid iarrachtaí a threisiú chun níos mó ban agus fear óg a mhealladh chuig gairm sa taighde, a bheith níos cuimsithí agus cothromaíocht níos fear idir an saol oibre agus an saol teaghlaigh a chur chun cinn, taighdeoirí ó thríú tíortha a mhealladh, a thaighdeoirí féin a choinneáil agus taighdeoirí Eorpacha atá ag obair in áiteanna eile a thabhairt ar ais chun na hEorpa. Ina theannta sin, d’fhonn barr feabhais a leathadh ar bhonn níos leithne, ní mór na cúinsí ina bhfuil taighdeoirí ag feidhmiú a fheabhsú a thuilleadh sa LET. I ndáil leis an méid sin, is gá naisc níos láidre go háirithe le Limistéar Eorpach an Oideachais, CFRE agus CSE+.

Is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ar leibhéal an Aontais ar an dóigh is fearr mar gheall ar a ngné shistéamach agus mar gheall ar an iarracht idir tíortha is gá chun iad a réiteach.

Dírítear le MSCA ar thaighde den scoth atá go hiomlán “ón mbun aníos”, agus atá oscailte d’aon réimse sa T&N idir taighde bunúsach agus roghnú seirbhísí ar an margadh agus seirbhísí nuálaíochta. Áirítear orthu sin réimsí taighde a chumhdaítear faoi CFAE agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Má thagann riachtanais shonracha chun cinn agus má bhíonn foinsí breise cistithe ar fáil, féadfaidh MSCA naisc a lorg le gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le dúshláin shonracha, lena n-áirítear misin shainaitheanta, cineálacha institiúidí T&N, nó láithreacha geografacha chun freagairt d’éabhlóid riachtanais na hEorpa i ndáil le scileanna, oiliúint taighde, forbairt gairme agus comhroinnt eolais.

Is iad MSCAnna an phríomhionstraim ar leibhéal an Aontais chun taighdeoirí a mhealladh ó thríú tíortha chuig an Eoraip, atá ina chabhair mhór don chomhar domhanda sa taighde agus nuálaíocht dá réir sin. De réir na fianaise, ní amháin go bhfuil tionchar dearfach ag MSCA ar dhaoine aonair, eagraíochtaí, agus ar leibhéal an chórais, ach go soláthraíonn siad torthaí taighde ceannródaíocha a bhfuil tionchar mór acu agus go gcabhraíonn siad go mór le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus straitéiseacha freisin san am céanna. Tá rath ar an infheistíocht fhadtéarma a chuirtear i ndaoine, mar a léirítear le líon buaiteoirí Dhuais Nobel a bhíodh ina n-iarchomhaltaí nó ina n-iarstiúrthóirí de chuid MSCA.

Tríd an iomaíochas taighde domhanda i measc eolaithe agus i measc eagraíochtaí óstacha ón dá earnáil idir acadúil agus neamh-acadúil araon, agus trí eolas ardcháilíochta a chruthú agus a chomhroinnt ar fud tíortha, earnálacha agus disciplíní, cabhraíonn MSCA go háirithe le cuspóirí an chláir oibre “poist, fás agus infheistíocht”, Straitéis Dhomhanda AE agus le SFInna.

Rannchuidíonn MSCA le LET ar bhonn níos éifeachtaí, níos iomaíche agus níos tarraingtí ar fud an domhain. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí dhíriú ar ghlúin nua de thaighdeoirí ardoilte agus tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí tréitheacha atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais agus ó níos faide i gcéin lena n-áirítear trí:

(a)

a n-aistriú go comhpháirteanna eile de chuid Fís Eorpach, amhail ERC agus EIT, a chothú;

(b)

scaipeadh agus cur i bhfeidhm eolas agus smaointe nua i leith beartais, geilleagar agus sochaí na hEorpa a chothú, lena n-áirítear trí chumarsáid eolaíochta agus bearta for-rochtana poiblí feabhsaithe;

(c)

chomhar idir eagraíochtaí déanta taighde a éascú agus trí fhoilsiú de réir phrionsabail na heolaíochta oscailte agus de réir sonraí FAIR;

(d)

thionchar struchtúraithe suntasach a bheith acu ar LET, ina moltar margadh saothair oscailte agus caighdeáin a leagan síos ar mhaithe le hoiliúint ar ardchaighdeán, dálaí fostaíochta tarraingteacha agus córas oscailte, trédhearcach, fiúntas-bhunaithe earcaíochta do thaighdeoirí uile i gcomhréir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus leis an gCód Iompair um Earcú Taighdeoirí.

2.2.   Réimsí Idirghabhála

2.2.1.   Barr Feabhais a Chothú trí Shoghluaisteacht Taighdeoirí thar Theorainneacha, Earnálacha agus Disciplíní

Ní mór don Aontas a bheith ina phointe tagartha i gcónaí do thaighde den scoth agus a bheith tarraingteach dá bhrí sin do na taighdeoirí is mó a bhfuil gealladh fúthu, taighdeoirí Eorpacha nó taighdeoirí neamh-Eorpacha araon, i ngach céim den ghairm atá acu. Is féidir an méid sin a bhaint amach trína chur ar chumas taighdeoirí agus do bhaill foirne a bhaineann leis an taighde gluaiseacht idir agus comhoibriú thar thíortha, earnálacha agus disciplíní agus, dá bhrí sin, leas a bhaint as oiliúint ardcháilíochta agus deiseanna gairme. Éascófar leis sin taighdeoirí a bheith ag gluaiseacht idir an saol acadúil agus earnálacha eile chomh maith le gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh.

Réimsí Ginearálta

Soghluaiseacht laistigh den Eoraip nó lasmuigh di do na taighdeoirí is fearr nó a bhfuil gealladh fúthu beag beann ar a náisiúntacht chun dul i mbun taighde den scoth, a scileanna a fhorbairt mar aon lena ngairm, agus a líonraí i dtaca leis an saol acadúil agus le hearnálacha eile a leathnú (lena n-áirítear bonneagair thaighde).

2.2.2.   Scileanna nua a chothú trí Oiliúint Den Scoth a chur ar Thaighdeoirí

Is gá don Aontas bonn acmhainní daonna atá láidir, acmhainneach agus cruthaitheach, agus an meascán ceart de scileanna a bheith ar fáil dó chun riar do riachtanais mhargadh saothair na todhchaí, chun a bheith nuálach agus chun eolas agus smaointe a thiontú ina dtáirgí agus seirbhísí ar mhaithe le leas geilleagrach agus sóisialta. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí oiliúint a chur ar thaighdeoirí chun a gcroí-inniúlachtaí taighde a fhorbairt a thuilleadh agus a scileanna inaistrithe a fheabhsú, amhail meon cruthaitheach, freagrach, fiontraíochta atá oscailte don tsochaí agus feasacht i leith forbairt inbhuanaithe. Dá bharr sin, beidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda san am i láthair agus san am atá amach romhainn, agus feabhas a chur ar na hionchais ghairmréime atá acu agus ar a bpoitéinseal nuálaíochta.

Réimsí Ginearálta

Cláir oiliúna chun scileanna éagsúla a bhaineann le dúshláin dhomhanda san am i láthair agus san am atá amach romhainn a thabhairt do thaighdeoirí.

2.2.3.   Acmhainní Daonna agus Forbairt Scileanna a neartú ar fud an LET

Chun barr feabhais a chothú, comhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí déanta taighde agus éifeacht dhearfach struchtúraithe a chruthú, ní mór caighdeáin oiliúna agus meantóireachta ardcháilíochta, dálaí maithe oibre agus forbairt éifeachtach gairmréime a chur ar fáil ar fud an Limistéir Eorpaigh Taighde. Más iomchuí agus údar leis luaite i staidéar, cuirfear tacaíocht ar fáil do thaighdeoirí chun filleadh ar a dtír thionscnaimh laistigh de agus chuig an Aontas faoi chuimsiú na réimsí ginearálta reatha. Cabhróidh sé sin le cláir agus córais oiliúna taighde a nuachóiriú agus a fheabhsú agus cuirfidh sé le tarraingteacht na n-institiúidí ar fud an domhain.

Réimsí Ginearálta

Cláir oiliúna chun barr feabhais a chothú agus na cleachtais is fearr a leathadh ar fud institiúidí, bonneagair thaighde agus córais T&N;

Comhar idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach, eolas a chur ar fáil agus a scaipeadh laistigh den Aontas agus ar thríú tíortha;

2.2.4.   Feabhas a chur ar Shineirgí agus iad a Éascú

Ní mór sineirgí idir córais an T&N agus cláir ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais a neartú a thuilleadh. Is féidir an méid sin a ghnóthú go háirithe trí chomhlántachtaí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail EIT agus trí shineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, go sonrach clár Erasmus agus CSE+, lena n-áirítear trí bhíthin Séala Barr Feabhais.

Réimsí Ginearálta

Cláir oiliúna agus tionscnaimh chomhchosúla maidir le forbairt gairmréimeanna taighde dá dtugtar tacaíocht ó fhoinsí cistiúcháin poiblí nó príobháideacha comhlántacha ar leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

2.2.5.   For-rochtain Phoiblí a Chur Chun Cinn

Ní mór an fheasacht faoi ghníomhaíochtaí a thacaíonn MSCA leo agus aitheantas an phobail do thaighdeoirí a fheabhsú ar fud an Aontais agus lasmuigh de, chun próifíl phoiblí MSCA agus chun tuiscint níos fearr a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag obair na dtaighdeoirí ar shaol laethúil na saoránach, agus chun daoine óga a spreagadh le dul i mbun gairmeacha sa taighde. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí oibriú de réir phrionsabail na heolaíochta oscailte ina ndéantar eolas agus cleachtais a scaipeadh, a shaothrú agus a leathadh ar bhonn níos fearr. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag eolaíocht saoránach freisin.

Réimsí Ginearálta

Tionscnaimh for-rochtana phoiblí chun an pobal a spreagadh chun spéis a chur i ngairmeacha sa taighde, go háirithe daoine óga ó gach cúlra;

Gníomhaíochtaí cur chun cinn chun próifíl dhomhanda, infheictheacht agus feasacht faoi MSCA a ardú;

Eolas a scaipeadh agus a bhraisliú trí chomhar trastionscadail; Pointí Teagmhála Náisiúnta agus gníomhaíochtaí líonraithe eile amhail seirbhís alumni.

3.   BONNEAGAIR THAIGHDE

3.1.   An Réasúnaíocht

Déanann bonneagair thaighde úrscothacha príomhsheirbhísí a sholáthar do phobail T&N, ina bhfuil ról ríthábhachtach acu i dtaca le réimsí eolais ceannródaíoch a leathnú agus bonn a chur faoi rannchuidithe T&N chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus le hiomaíochas tionsclaíoch. Tá bonneagair thaighde réigiúnacha agus náisiúnta agus braislí barr feabhais eolaíocha atá scartha óna chéile, agus trí thacú le bonneagair thaighde ar leibhéal an Aontais dhéanfaí é sin a mhaolú, agus dhéanfaí LET a neartú dá bharr sin mar aon leis an gcúrsaíocht eolais ar fud na stórtha sonraí a mhéadú. Is ag dul i méid atá spleáchas an dul chun cinn eolaíoch ar chomhoibriú na mbonneagar taighde agus tionsclaíochta a fhorbraíonn na hionstraimí a bhfuil gá leo atá bunaithe ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus ar theicneolaíochtaí nua eile.

Is é an cuspóir foriomlán bonneagair taighde inbhuanaithe den scoth a chothú san Eoraip ar bonneagair iad atá oscailte agus inrochtana do gach taighdeoir san Eoraip agus lasmuigh de, agus leas iomlán a bhain as acmhainneacht na mbonneagar sin dul chun cinn agus nuálaíocht a dhéanamh san eolaíocht. Is iad na cuspóirí lárnacha ilroinnt éiceachóras an T&N a laghdú, dúbailt na n-iarrachtaí a sheachaint, agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar dhearadh, ar fhorbairt, ar inrochtaineacht agus ar úsáid na mbonneagar taighde, lena n-áirítear na bonneagair sin a fhaigheann maoiniú ó CFRE. Tá sé ríthábhachtach tacú le rochtain oscailte ar bhonneagair thaighde do na taighdeoirí Eorpacha uile mar aon le rochtain mhéadaithe ar acmhainní taighde digiteacha, lena n-áirítear tríd an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (“EOSC”) , go sonrach spreagadh a thabhairt d’úsáid na heolaíochta oscailte agus d’úsáid cleachtais sonraí oscailte.

Tá tábhacht freisin le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na mbonneagar taighde a fheabhsú ós rud é go mbíonn siad i mbun oibríochta de ghnáth ar feadh riar maith blianta agus ba cheart dóibh dá bhrí sin bearta a chur i gcrích chun tacaíocht leanúnach agus chobhsaí a dhaingniú.

Ar an gcuma chéanna, is gá don Aontas dul i ngleic leis an méadú tapa atá ag teacht ar an iomaíocht dhomhanda chun daoine tréitheacha a aimsiú trí bhíthin taighdeoirí tríú tíortha a mhealladh chun a bheith ag obair i mbonneagair thaighde Eorpacha den chéad scoth. Is cuspóir mór é freisin cur le hiomaíochas agus le cumais nuálaíochta an tionscail Eorpaigh, ag tacú le teicneolaíochtaí agus seirbhísí lárnacha le haghaidh bonneagair thaighde agus a n-úsáideoirí agus, dá bhrí sin, ag cur feabhas ar na dálaí maidir le réitigh nuálacha a sholáthar.

Chuidigh cláir réime san am a caitheadh go mór le húsáid níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhaint as bonneagair thaighde náisiúnta chomh maith le cur chuige comhleanúnach straitéiseach i leith beartais a cheapadh do bhonneagair thaighde uile-Eorpacha arna bhforbairt i gcomhar leis an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde (ESFRI). Baineadh buntáistí soiléire as an gcur chuige straitéiseach sin, lena n-áirítear dúbailt na n-iarrachtaí a laghdú agus úsáid fhoriomlán a bhaint as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla agus as próisis agus nósanna imeachta maidir le caighdeánú chomh maith. Tá ról tábhachtach ag an tsoghluaisteacht taighde maidir le húsáid na mbonneagar taighde a éascú, agus dá bhrí sin, ní mór sineirgí le scéimeanna soghluaisteachta náisiúnta agus Eorpacha a áireamh.

An ghníomhaíocht dá tugtar tacaíocht ón Aontas, soláthróidh sí breisluach tríd an méid seo: an tírdhreach taighde reatha atá san Eoraip a chomhdhlúthú agus a bharrfheabhsú in éineacht le hiarrachtaí ar bhonneagair taighde nua a fhorbairt a mbeidh tábhacht agus tionchar uile-Eorpach ag baint leo; a áirithiú go n-oibreoidh tacair chomhchosúla de bhonneagair thaighde i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna straitéiseacha a dhéanann difear do phobail úsáideoirí; EOSC a bhunú mar thimpeallacht éifeachtach intomhaiste inbhuanaithe don taighde sonraíbhunaithe; an taighde náisiúnta agus réigiúnach agus líonraí oideachais a idirnascadh, bonneagar líonraí ardchumais do mhéideanna ollmhóra sonraí agus rochtain ar acmhainní digiteacha thar theorainneacha agus thar fhóireacha fearainn a fheabhsú agus a dhaingniú; an cumhdach uile-Eorpach maidir le bonneagair thaighde dháilte a chur chun cinn, i measc nithe eile chun comparáid trastíre na sonraí taighde a chumasú, mar shampla réimsí na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí agus an chomhshaoil; inoibritheacht na mbonneagar taighde a chothú; aistriú eolais agus oiliúint acmhainní daonna ardoilte a fheabhsú agus a threisiú; úsáid agus i gcás inarb ábhartha uasghrádú na mbonneagar taighde uile-Eorpach reatha a chothú ar fud Fís Eorpach; bacainní a shárú lena gcuirtear cosc ar na foirne taighde is fearr rochtain a fháil ar na seirbhísí bonneagar taighde is fearr san Eoraip; agus féidearthachtaí nuálaíochta na mbonneagar taighde a chothú atá dírithe ar an bhforbairt teicneolaíochta agus ar an gcomhnuálaíocht agus úsáid mhéadaithe á baint ag an earnáil thionsclaíoch as bonneagair thaighde.

Lena chois sin, ní mór an ghné idirnáisiúnta de bhonneagair thaighde Eorpaigh a threisiú, ag cothú comhordú níos láidre le bonneagair thaighde idirnáisiúnta agus le rannpháirtíocht idirnáisiúnta sna bonneagair thaighde Eorpacha ar mhaithe le comhshochar.

Beidh rannchuidiú sna gníomhaíochtaí do na SFInna éagsúla amhail: SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Dea-Bhail; SFI 7- Fuinneamh Inacmhainne agus Glan; SFI 9 – Nuálaíocht an Tionscail agus Bonneagar; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide.

3.2.   Réimsí idirghabhála

3.2.1.   Creat na mBonneagar Taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt

Tá bunú, oibriú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach bonneagar taighde arna sainaithint ag an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde agus bunú, feidhmiú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach bonneagar taighde eile den chéad scoth lena ngabhann ábharthacht uile-Eorpach bunriachtanach don Aontas chun a áirithiú go mbeidh sé i dtús áite ó thaobh taighde ar thús cadhnaíochta, go gcuirfear oiliúint agus breisoiliúint ar thaighdeoirí, go gcruthófar agus go n-úsáidfear eolas nua agus go mbeidh a chuid tionscal iomaíoch.

Ba cheart go dtiocfadh EOSC chun bheith ina bhealach éifeachtach cuimsitheach chun seirbhísí bonneagar taighde a sheachadadh agus ba cheart dó an chéad ghlúin eile de sheirbhísí sonraí le haghaidh Mórshonraí ón Eolaíocht a chruinniú, a stóráil, a phróiseáil (mar shampla anailísíocht, ionsamhlúchán, seirbhísí maidir le léirshamhlú) agus a chomhroinnt a sholáthar do lucht taighde na hEorpa de réir phrionsabail FAIR. Ina theannta sin, ba cheart don EOSC rochtain ar bhunáite na sonraí arna nginiúint agus arna mbailiú le bonneagair thaighde, ar Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta (HPC) agus ar acmhainní eacsascálaithe, lena n-áirítear iad siúd a cuirtear chun úsáide faoin mBonneagar Sonraí Eorpacha (EDI), a thabhairt do thaighdeoirí san Eoraip (1).

Nascfar an líonra taighde agus oideachais uile-Eorpach le chéile agus cuirfear cianrochtain ar bhonneagair thaighde agus acmhainní taighde ar fáil, trí idirnascacht a sholáthar idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus pobail T&N ar leibhéal an Aontais mar aon le naisc idirnáisiúnta le líonraí comhpháirtithe eile ar fud an domhain.

Réimsí Ginearálta

Saolré bonneagar taighde uile-Eorpach trí bhonneagair thaighde nua a dhearadh; a gcéim ullmhúcháin agus cur chun feidhme, a bhfeidhmíocht luathchéime lena gcomhlánaítear foinsí cistiúcháin eile, i gcás na mbonneagar taighde a dtugtar tacaíocht dóibh le cistí struchtúrtha, mar aon leis an éiceachóras bonneagar taighde a dhaingniú agus a thabhairt chun barr feabhais trí shruthlíniú a dhéanamh ar an gcleachtas faireacháin i gcás mhórthionscadail ESFRI agus i gcás bonneagair thaighde uile-Eorpacha eile agus comhaontuithe seirbhíse, éabhlóidí, cumaisc, cumhdach uile-Eorpach nó díchoimisiúnú bonneagar taighde uile-Eorpach a éascú;

An EOSC, lena n-áirítear: inscálaitheacht agus inbhuanaitheacht an chainéil rochtana; i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe acmhainní Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus idirinstitiúideacha a chónaidhmiú ar bhealach éifeachtach; a éabhlóid theicniúil agus beartais chun déileáil le riachtanais agus ceanglais nua taighde (amhail tacair sonraí íogaire a úsáid, príobháideacht trí dhearadh); idir-inoibritheacht sonraí agus comhlíonadh i gcomhréir le prionsabail FAIR; agus bonn leathan úsáideoirí;

An líonra taighde agus oideachais uile-Eorpach, a chuireann taca faoin EOSC agus faoin mBonneagar Sonraí Eorpach (EDI), lenar féidir seirbhísí sonraí/ríomhaireachta ardfheidhmíochta i dtimpeallacht néalbhunaithe atá in ann déileáil le tacair sonraí ollmhóra agus próisis ríomhaireachta ollmhóra a sholáthar.

3.2.2.   Bonneagair Thaighde a Oscailt, a Chomhtháthú agus a Idirnascadh

Cuirfear feabhas ar chreat an taighde trí oscailteacht bonneagar taighde idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú do na taighdeoirí Eorpacha uile agus trína seirbhísí a chomhtháthú nuair is gá, ionas go ndéanfar dálaí rochtana a chomhchuibhiú, soláthar seirbhísí a fheabhsú agus a mhéadú agus straitéis chomhchoiteann don fhorbairt a spreagadh i leith comhpháirteanna ardteicneolaíochta agus seirbhísí ardfhorbartha trí ghníomhaíochtaí nuálacha.

Réimsí Ginearálta

Líonraí lena dtugtar lucht cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnach na mbonneagar taighde le chéile chun rochtain thrasteoranta ag taighdeoirí a chomhchistiú;

Líonraí de bhonneagair thaighde uile-Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin dhomhanda chun rochtain a thabhairt do thaighdeoirí mar aon le seirbhísí na mbonneagar taighde a chomhchuibhiú agus a fheabhsú.

3.2.3.   Acmhainneacht nuálaíochta Bonneagar Taighde Eorpach agus gníomhaíochtaí i leith Nuálaíochta agus Oiliúna

Chun an nuálaíocht a spreagadh sna bonneagair thaighde féin agus i dtionscail, déanfar comhar T&F leis an lucht tionscail a chothú chun acmhainneachtaí Aontais agus éileamh ar sholáthar tionsclaíoch a fhorbairt i réimsí ardteicneolaíochta amhail ionstraimíocht eolaíoch. Sa bhreis air sin, spreagfar an lucht tionscail chun bonneagar taighde a úsáid, mar shampla mar shaoráidí tástála turgnamhaí nó mar lárionaid eolasbhunaithe. Chun bonneagair thaighde a fhorbairt agus a shaothrú, beidh gá le scileanna iomchuí a bheith ag a mbainisteoirí, ag a dtaighdeoirí, ag a n-innealtóirí agus ag a dteicneoirí, mar aon le húsáideoirí. Chuige sin, le cistiú ón Aontas, tacófar le foireann a oiliúint a mbíonn bonneagair thaighde, lena ngabhann leas Eorpach, á mbainistiú agus á bhfeidhmiú acu, le malartú foirne agus dea-chleachtas idir saoráidí, agus le soláthar leormhaith acmhainní daonna i bpríomhghoirt, lena n-áirítear teacht chun cinn curaclam sonrach oideachais. Déanfar sineirgí le GMSCanna a spreagadh.

Réimsí Ginearálta

Líonraí comhtháthaithe de bhonneagair thaighde le haghaidh straitéis/treochlár comhchoiteann a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhair forbairt agus ionstraimíocht theicneolaíoch;

Foireann a oiliúint a mbíonn bonneagair thaighde, lena ngabhann leas uile-Eorpach, á mbainistiú agus á bhfeidhmiú acu.

3.2.4   An beartas Eorpach maidir le Bonneagar Taighde agus an Comhar Idirnáisiúnta a Threisiú

Tá gá le tacaíocht chun go mbeidh lucht ceaptha beartas, comhlachtaí cistiúcháin nó grúpaí comhairleacha amhail an Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde don Aontas Eorpach ag obair as lámha a chéile maidir le straitéis fhadtéarmach Eorpach chomhleanúnach agus inbhuanaithe i leith bonneagair thaighde a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Ar an gcaoi chéanna, tríd an gcomhar straitéiseach idirnáisiúnta a chumasú, neartófar seasamh na mbonneagar taighde Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áiritheofar an líonrú domhanda, an idir-inoibritheacht agus an rochtain a bheidh acu.

Réimsí Ginearálta

Suirbhé, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bhonneagair thaighde ar leibhéal an Aontais, mar aon le staidéir bheartais, cumarsáid agus gníomhaíochtaí oiliúna, gníomhaíochtaí maidir le comhar idirnáisiúnta na mbonneagar taighde, agus gníomhaíochtaí sonracha comhlachtaí beartas agus comhairleacha ábhartha.

COLÚN II

DÚSHLÁIN DHOMHANDA AGUS IOMAÍOCHAS TIONSCLAÍOCH EORPACH

Tá scata dúshlán le sárú ag an Aontas, ar dúshláin dhomhanda roinnt díobh chomh maith. Is ábhalmhór iad méid agus castacht na bhfadhbanna, agus chun teach tar réitigh, ní mór dóibh dul i ngleic leo go comhpháirteach ag leibhéal an Aontais agus in éineacht leis sin tá gá le pearsanra acmhainní daonna leormhaithe, cuí-oilte agus oilte leis an líon iomchuí acmhainní airgeadais agus le hiarracht chomhréireach. Seo go beacht sa réimse seo, chun teacht ar réitigh, ina gcaithfidh an tAontas obair as lámha a chéile agus a bheith cliste, solúbtha, comhshnaidhmthe chun sochair agus chun tairbhe ár saoránach uile.

Is mó tionchar a bheidh ann ach gníomhaíochtaí a ailíniú le náisiúin agus le réigiúin eile sa domhan faoi chuimsiú comhar idirnáisiúnta ar aon dul lena bhfuil i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus sna SFInna agus i gComhaontú Pháras. Agus an comhleas mar bhunús leis, tabharfar cuireadh do chomhpháirtithe ar fud an domhain obair i gcomhar leis an Aontas mar dhlúthchuid den T&N ar son na forbartha inbhuanaithe.

Tá an T&N ina phríomhspreagthaí don fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus don iomaíochas teicneolaíochta agus tionsclaíoch. Rannchuideoidh sé le réitigh a aimsiú ar fhadhbanna na linne agus ar na fadhbanna a bheidh ann amach anseo, chun chomh tapa agus is féidir, an treocht diúltach agus contúirteach lena nasctar an fhorbairt eacnamaíoch le húsáid mhéadaitheach acmhainní nádúrtha agus le dúshláin shóisialta atá ag dul i ngéire, chun an treocht sin a chur ar mhalairt slí. Uime sin déanfar deiseanna gnó de na dúshláin, a rachaidh ina theannta sin chun sochair go mear don tsochaí.

Rachaidh sé chun tairbhe don Aontas a bheith ina úsáideoir agus ina tháirgeoir eolais ar aon, teicneolaíochtaí agus tionscal, agus is dea-shampla a bheidh ann den chaoi a bhféadfaidh an tsochaí agus an geilleagar feidhmiú agus forbairt ach iad a bheith nua-aoiseach, tionsclaíoch, inbhuanaithe, cuimsitheach, oscailte agus daonlathach. Na samplaí méadaitheacha eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den rud a bheidh i ngeilleagar inbhuanaithe na haimsire atá le teacht, déanfar iad a chothú agus a chur chun ratha, bídís i leith: sláinte agus dea-bhail do chách; sochaithe athléimneacha, cruthaitheacha, cuimsitheacha; sochaithe a neartófar le slándáil shibhialta; nó shoghluaisteacht agus fuinneamh glan a bheidh á chur ar fáil; nó geilleagar agus sochaí dhigiteach; nó tionscal trasdiciplíneach, cruthaitheach; nó réitigh a bheidh bunaithe ar an spás, ar an bhfarraige nó ar an talamh; nó bithgheilleagar dea-fheidhmiúil, lena n-áirítear réitigh bhia agus chothaithe; úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, cosaint an chomhshaoil, maolú an athraithe aeráide agus an oiriúnú dó. Leis na gnéithe sin de gheilleagar inbhuanaithe, ginfear rachmas san Eoraip dá mbarr agus a dtairgfear poist ar cháilíocht níos airde dá ndroim. Beidh fíorthábhacht leis an gclaochlú tionsclaíoch, agus le slabhraí luacha tionsclaíocha nuálacha a fhorbairt san Aontas.

Déanann teicneolaíochtaí nua difear do nach mór gach réimse beartais. I gcás gach teicneolaíochta ar leith, is minic a bhíonn comhcheangal deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha ann, amhail deiseanna d’éifeachtúlacht, do cháilíocht agus d’fheabhsú an rialtais agus iarmhairtí don fhostaíocht agus don oideachas, ach freisin rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsábháilteacht, don phríobháideacht agus don eitic. Dá bhrí sin, is gá meá comhtháite leasanna, comhar trasearnála agus ceapadh straitéise i leith bheartas na teicneolaíochta.

An T&N faoin gcolún seo do Fís Eorpach, tá siad ina mbraislí chomhtháite, chleamhnaithe fhairsinge gníomhaíochtaí. In áit féachaint ar earnálacha éagsúla ceann ar cheann, is é sprioc atá ag na hinfheistíochtaí ná dul le féith na hinbhuanaitheachta chun athruithe sistéamacha a chur i gcion ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar atá againn. Ní bhainfear na hathruithe sin amach ach amháin má chuireann na páirtithe ar fad rompu, idir phríobháideach agus phoiblí, T&N a dhearadh agus a chruthú as lámha a chéile; agus úsáideoirí deiridh, eolaithe, saineolaithe teicneolaíochta, táirgeoirí, nuálaithe, gnólachtaí, oideoirí, lucht ceaptha beartas, saoránaigh, agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta á dtabhairt le chéile ar an gcuma sin. Dá bhrí sin, níl aon cheann de na braislí beartaithe d’aon chatagóir amháin gníomhaithe agus is trí thionscadail T&N chomhoibríocha, a roghnófar ar bhonn glaonna iomaíochta le haghaidh tograí, a chuirfear na gníomhaíochtaí uile chun feidhme go príomha.

Sa bhreis ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, trí na gníomhaíochtaí sna braislí déanfar, ina theannta sin, eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus eochairtheicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, bídís ina dteicneolaíochtaí digiteacha nó ná bídís, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar chuid de chomhstraitéis chun ceannaireacht thionsclaíoch agus shóisialta an Aontais a chur chun cinn. Sa chás inarb iomchuí sin, úsáidfear faisnéis agus seirbhísí spás-chumasaithe an Aontais. Déanfar leibhéil uile Leibhéil Réidhe Teicneolaíochta suas go dtí leibhéal 8 a chumhdach sa cholún seo de Fís Eorpach gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais.

Is é a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí go ndéanfar eolas nua a ghiniúint agus réitigh theicneolaíocha agus neamhtheicneolaíocha a fhorbairt, an teicneolaíocht a thabhairt ón tsaotharlann go dtí an margadh agus feidhmchláir a fhorbairt lena n-áirítear línte píolótacha agus léiritheoirí, agus áirítear ar na gníomhaíochtaí sin bearta chun glacadh sa mhargadh a spreagadh agus chun gealltanais a mhealladh ón earnáil phríobháideach agus dreasachtaí i gcomhair caighdeánaithe san Aontas. Is gá mais chriticiúil de thaighdeoirí agus tionscail Eorpacha i gcomhair teicneolaíochtaí chun go dtiocfaidh astu go mbunófar éiceachórais cheannródaíocha, lena n-áirítear bonneagair theicneolaíochta úrscothacha mar shampla le haghaidh tástála. Déanfar sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach agus de EIT, mar aon le cláir eile a uasmhéadú.

De bharr na mbraislí, tiocfaidh nuálaíocht úrnua ar an bhfód go tapa ar fud an Aontais, trí bhíthin raon leathan gníomhaíochtaí a bheidh i gcorp na hoibre féin, idir chumarsáid, dhíscaoileadh agus shaothrú eolais, agus an caighdeánú, chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht neamhtheicniúil, agus do shásraí seachadta nuálaíocha, rud ar cúnamh a bheidh ann le dálaí rialúcháin agus dálaí margaidh a chruthú a mbeidh luí le nuálaíocht iontu, agus iad luaite leis an tsochaí féin, dálaí na socruithe nuálaíochta, cuir i gcás. Bunófar píblínte a mbeidh réitigh éagsúla le baint astu, réitigh a fuair tús saoil i ngníomhaíochtaí T&N, agus spriocdhíreofar na réitigh sin ar infheisteoirí poiblí agus príobháideacha, agus ar chláir ábhartha eile de chuid an Aontais agus náisiúnta nó réigiúnacha. Forbrófar sineirgí leis Colún III de Fís Eorpach ina leith sin.

Tá fíorthábhacht leis an gcomhionannas inscne chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach. Dá bhrí, tá sé tábhachtach go ndéanfaí an ghné inscne a chomhtháthú i ngach dúshlán domhanda.

1.   AN BHRAISLE “SLÁINTE”

1.1.   An Réasúnaíocht

Dearbhaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil sé de cheart ag gach duine rochtain thráthúil a fháil ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus leigheasach atá sábháilte agus d’ardcháilíocht. Is dearbhú atá sa méid sin ar ghealltanas an Aontais do SFInna na Náisiún Aontaithe, rud is gairm ar chlúdach sláinte do dhaoine de gach uile aois faoi 2030, gan aon duine a fhágáil ar leataobh, agus rud a chuirfeadh deireadh leis an mbás inchoiscthe.

Is den fhíorthábhacht é go mbeadh an daonra folláin chun go mbeadh sochaí chobhsaí, inbhuanaithe agus chuimsitheach ann, agus is den deargriachtanas iad feabhsuithe sláinte i ndáil leis an mbochtaineacht a laghdú, i ndáil le dul i ngleic le sochaí Eorpach atá ag dul in aois, i ndáil le dul chun cinn agus rachúnas sóisialta a chothú, agus i ndáil le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch. De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), áit a mbíonn fás bliana 0,3-0,4 % ar an eacnamaíocht, bítear ag súil le 10 % breise ar an ionchas saoil. Ó bunaíodh an tAontas, tá méadú 12 bhliain ar meánionchas saoil na ndaoine ann, a bhuíochas sin do na feabhsuithe móra ar cháilíocht saoil, ar an oideachas, ar an tsláinte, agus ar an gcúram a dhéantar ann de na saoránaigh. In 2015, ba é 80,6 bliain d’aois an meánionchas saoil san Aontas , le hais 71,4 bliain d’aois ar bhonn domhanda. Le blianta beaga anuas, tá síneadh 3 mhí in aghaidh na bliana tagtha air sin san Aontas ar an meán. Is féidir difríochtaí sóisialta agus inscne-shonracha san ionchas saoil a shonrú idir grúpaí sonracha agus ar fud thíortha na hEorpa.

Bhí ról nach beag ag T&N sláinte i ndáil leis an méid sin a bhaint amach, ach, chomh maith leis sin, i ndáil leis an táirgiúlacht agus an cháilíocht i dtionscal na sláinte agus an chúraim a fheabhsú. Mar sin féin, tá dúshláin nua, dúshláin atá ag teacht chun cinn ann den chéad uair agus dúshláin mharthanacha fós le sárú ag an Aontas, dúshláin ar bagairt iad do shaoránaigh agus don tsláinte phoiblí, d’inbhuanaitheacht na gcóras sláinte agus cosanta sóisialta, agus d’iomaíochas an tionscail sláinte agus chúraim. Áirítear na nithe seo a leanas ar na dúshláin mhóra don tsláinte san Aontas Eorpach: neamhionannas i dtaca le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht sláinte agus cúraim; easpa bealaí éifeachtacha leis an tsláinte a chur chun cinn, agus bealaí le galair a chosc; teacht i réim na ngalar neamhtheagmhálach; líon méadaitheach na gcásanna ailse; méadú ar mheabhairghalair; méadú ar fhrithsheasmhacht na miocrób in aghaidh na ndrugaí agus teacht chun cinn eipidéimí galair ionfhabhtaíocha; méadú ar thruailliú an chomhshaoil; buaine na n-éagothromaíochtaí sláinte i measc tíortha faoi leith agus laistigh díobh, arb éagothromaíochtaí iad a bhfuil difear míréireach á dhéanamh acu do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste nó atá i dtráth leochaileach dá saol; rioscaí sláinte, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an mbochtaineacht, a bhrath, a thuiscint, a smachtú, a chosc agus a mhaolú i dtimpeallacht shóisialta, uirbeach, tuaithe agus nádúrtha atá ag athrú go tapa; an t-athrú déimeagrafach, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le haosú, agus na costais mhéadaitheacha do chórais cúraim sláinte Eorpacha; agus an brú méadaitheach atá ar thionscal sláinte agus cúraim na hEorpa leanúint de bheith iomaíoch sa nuálaíocht sláinte, agus trí nuálaíocht sláinte a fhorbairt, vis-à-vis gníomhaithe domhanda atá ag teacht chun cinn. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh an éiginnteacht i leith vacsaíní cumhdach imdhíonta a laghdú i measc pobail áirithe daonra.

Tá na dúshláin sláinte sin casta, idirnasctha agus de chineál domhanda, agus tá gá le comhar ildisciplíneach, teicniúil agus neamhtheicniúil, trasearnálach agus trasnáisiúnta chun dul i ngleic leo. Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí T&N, cruthófar dlúthnaisc idir an taighde bunúsach, aistritheach, cliniciúil, eipidéimeolaíochta, eiticiúil, comhshaoil agus socheacnamaíoch, mar aon le dlúthnasc le heolaíochtaí rialála. Leis na gníomhaíochtaí sin, tabharfar aghaidh ar riachtanais chliniciúla nach bhfuil freastal déanta orthu amhail galair neamhchoitianta nó galair ar deacair iad a chóireáil (lena n-áirítear ailsí amhail ailse phéidiatrach agus ailse scamhóg). Leis na gníomhaíochtaí sin, bainfear leas as comhscileanna an tsaoil acadúil, cleachtóirí, comhlachtaí rialála agus na tionsclaíochta, agus cothófar a gcomhar le seirbhísí sláinte, le seirbhísí sóisialta, le hothair, le lucht ceaptha beartas agus le saoránaigh chun an luamhán a chur faoin gcistiú poiblí agus chun glacadh torthaí a áirithiú sa chleachtas cliniciúil agus i gcórais cúraim sláinte, agus acmhainneachtaí na mBallstát maidir le heagrú agus maoiniú a gcóras sláinte á gcur san áireamh. Bainfear leas iomlán as taighde ceannródaíoch géanómaíoch agus as taighde ar thús cadhnaíochta ilómaíoch eile, mar aon le tabhairt isteach, ar bhonn céimneach, cur chuige leighis pearsantaithe, atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar iliomad galar neamhthógálacha agus ar an digiteáil sa tsláinte agus sa chúram sláinte.

Trí T&N cothófar comhoibriú straitéiseach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun comhthiomsú a dhéanamh ar an saineolas, na hinniúlachtaí agus na hacmhainní is gá le raon feidhme, luas agus barraineacht scála a chruthú, agus chomh maith le sineirgí a shaothrú, dúbailt díchill a sheachaint agus an tairbhe a mheastar a bheidh orthu a roinnt, agus dul faoi scáth na rioscaí airgeadais le chéile. Déanfar sineirgí sa T&N sláinte in Fís Eorpach a chur chun cinn, go háirithe Clár EU4Health arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

A bhuí le réitigh dhigiteacha sláinte, tá a lán deiseanna ann chun fadhbanna na seirbhísí cúraim a réiteach agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna eile atá ag teacht chun cinn maidir le sochaí atá ag dul in aois. Ba cheart leas iomlán a bhaint as na deiseanna is féidir a bheith ann mar gheall ar an digiteáil sa tsláinte agus sa chúram sláinte gan an ceart chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí a chur i mbaol. Forbraíodh gairis agus bogearraí digiteacha chun breoiteacht othar, lena n-áirítear galair ainsealacha, a fháthmheas agus a chóireáil agus chun féinbhainistiú na breoiteachta sin a éascú. Ina theannta sin, níos mó ná riamh, tá feidhm á baint as teicneolaíochtaí digiteacha san oiliúint agus san oideachas liachta agus chun go bhféadfaidh othair agus tomhaltóirí eile cúraim sláinte faisnéis sláinte a rochtain, a roinnt agus a chruthú.

Leis na gníomhaíochtaí T&N a bhaineann leis an mbraisle seo, forbrófar an dúshraith eolais, saothrófar eolas agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, comhdhlúthófar agus cruthófar an inniúlacht chun T&N agus forbrófar na réitigh is gá chun an tsláinte a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí agus chun cosc, fáthmheas, faireachán, cóireáil, athshlánú agus leigheas galar agus cúram fadtéarmach agus maolaitheach a chur chun cinn ar bhealach comhtháite freisin. Déanfar moltaí le haghaidh gníomhaíochta de thorthaí an taighde agus cuirfear na geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas ina dtaobh. Is é a bheidh mar thoradh ar thorthaí sláinte níos fearr go mbeidh dea-bhail agus ionchas saoil méadaithe ann, go gcaithfear saol gníomhach folláin, go bhfeabhsófar cáilíocht saoil agus na táirgiúlachta, go mbeidh daoine breis blianta ina sláinte agus inbhuanaitheacht córas sláinte agus cúram sláinte. I gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19 de Rialachán (AE) 2021/695 agus den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tabharfar aird ar leith ar eiticí, ar chosaint dhínit an duine, ar ghnéithe inscne agus eitneacha agus ar riachtanais daoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha.

Trí aghaidh a thabhairt ar mhórdhúsláin sláinte, tabharfar tacaíocht do ghealltanas an Aontais do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus dá ghealltanais i gcomhthéacs eagraíochtaí agus tionscnaimh idirnáisiúnta eile de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear straitéisí domhanda agus pleananna gníomhaíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, rannchuideoidh sé sin le spriocanna beartais agus straitéisí an Aontais, go háirithe le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, le Margadh Aonair Digiteach an Aontais, le Cúram Sláinte trasteorann an Aontais, agus le Plean Gníomhaíochta na hEorpa don Aon Sláinte Amháin i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus le creataí rialála ábhartha an Aontais a chur chun feidhme.

Beidh rannchuidiú díreach sna gníomhaíochtaí do na SFIanna seo a leanas ach go háirithe: SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Dea-Bhail do Dhaoine; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide.

1.2.   Réimsí Idirghabhála

1.2.1.   Sláinte ó Thús Saoil go Deireadh Saoil

Daoine atá i dtráth saoil a fhágann leochaileach iad (imbhreith, breith, blianta an linbh, leanbaíocht, blianta an déagóra, toircheas, aosacht aibí agus aosacht dhéanach), lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nó daoine atá gortaithe, tá riachtanais sláinte ar leith acu ar gá breis tuisceana a léiriú ina dtaobh agus réitigh shaincheaptha a fháil orthu, agus gnéithe inscne agus eiticiúla á gcur san áireamh. Dá bharr sin, beifear in ann na héagothromaíochtaí i gcúrsaí sláinte a laghdú, agus an toradh a bhíonn ar an gcúram sláinte a fheabhsú, aosú gníomhach folláin ó thús go deireadh saoil á éascú, lena n-áirítear trí thús folláin saoil agus réim fholláin bia ar feadh an tsaoil, rud a laghdaíonn an baol go mbeidh meabhairghalair nó galair fhisiciúla orthu níos faide anonn sa saol. Cuirfear gnéithe pobal sonrach san áireamh i ndáil le cosc agus cumarsáid.

Réimsí Ginearálta

Tuiscint a fháil ar an luathfhorbairt agus ar aosú ó thús go deireadh an tsaoil;

Sláinte réamhbhreithe agus nuabheirthe, sláinte na máthar, sláinte an athar, sláinte an naíonáin agus sláinte an linbh mar aon le ról na dtuismitheoirí, an teaghlaigh agus na n-oideoirí;

Riachtanais sláinte déagóirí, lena n-áirítear tosca lena n-imrítear tionchar ar an meabhairshláinte;

An tionchar a bhíonn ag an míchumas nó ag drochghortú ar an tsláinte;

Taighde ar bhearta chun athshlánú a bheartú, a chur chun feidhme agus a fhaire ó thús go deireadh saoil agus go mór mór clár luath aonair athshlánaithe (EIRP) do leanaí a bhfuil paiteolaíochtaí míchumais orthu;

Aosú sláintiúil, saol neamhspleách agus gníomhach, lena n-áirítear rannpháirtíocht shóisialta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas;

Oideachas sláinte agus feasacht maidir leis an tsláinte, lena n-áirítear digiteach.

1.2.2.   Tosca Sláinte Comhshaoil agus Sóisialta

Má bhíonn feabhas ar an tuiscint atá ann ar na nithe a théann i gcion ar an tsláinte agus ar na tosca riosca arb ann dóibh bunaithe ar an timpeallacht shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus fhisiciúil i ngnáthshaol an duine agus san áit oibre, lena n-áirítear tionchar sláinte na digiteála, shoghluaisteacht na ndaoine (amhail imirce agus taisteal), an truaillithe, an chothaithe, an athraithe aeráide agus saincheisteanna eile comhshaoil, rannchuideofar le: rioscaí agus bagairtí sláinte a shainaithint, a chosc agus a mhaolú; le laghdú a chur ar bhás agus ar thinneas de dheasca teagmháil le ceimicí agus de dheasca thruailliú an chomhshaoil; le tacaíocht a thabhairt do thimpeallachtaí oibre agus saoil shábháilte, nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, sláintiúil, athléimneach agus inbhuanaithe; le stíl mhaireachtála agus nósmhaireacht tomhaltais shláintiúil a chur chun cinn; agus le sochaí a fhorbairt a mbeidh cothromas ann, sochaí chuimsitheach iontaofa. Beidh an tuiscint sin bunaithe freisin ar chohóirt dhaonra-bhunaithe, ar bhithfhaireachán daonna agus ar staidéir eipidéimeolaíochta.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí chun na nithe seo a leanas a mheas: guaiseacha; nochtadh do cheimiceáin agus tionchar na gceimiceán ar an tsláinte, truailleáin laistigh agus lasmuigh agus strusairí eile a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an áit oibre, leis an stíl mhaireachtála nó leis an gcomhshaol agus éifeachtaí comhcheangailte an iliomad strusairí;

Tosca comhshaoil, ceirde, socheacnamaíocha, cultúrtha, géiniteacha agus iompraíochta a imríonn tionchar ar shláinte fhisiciúil, ar mheabhairshláinte agus ar dhea-bhail daoine agus ar an idirghníomhaíocht eatarthu, agus aird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus ar dhaoine faoi mhíchumas, ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach le haois agus le hinscne i gcás inarb ábhartha, agus lena n-áirítear an tionchar ar an tsláinte de bharr dearadh foirgneamh, táirgí agus seirbhísí;

Measúnú riosca, bainistíocht agus cumarsáid, arna dtacú le cineálacha cur chuige trasdisciplíneacha, i gcás inarb ábhartha, agus uirlisí feabhsaithe do chinnteoireacht fhianaise-bhunaithe, lena n-áirítear roghanna malartacha thar thástáil ar ainmhithe;

An acmhainneacht agus na bonneagair chun sonraí maidir leis na tosca sláinte uile a bhailiú, a chomhroinnt, a úsáid, a athúsáid agus a chomhthiomsú go slán, lena n-áirítear nochtadh daonna agus a gceangal le bunachair sonraí maidir le paraiméadair chomhshaoil, stíleanna maireachtála, stádas sláinte, agus galair, a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

Cur chun cinn na sláinte, agus idirghabhálacha coisc príomha, lena n-áirítear gnéithe ceirde.

1.2.3.   Galair Neamhthógálacha agus Galair Thearca

Is mór an chontúirt atá i ngalair neamhthógálacha, lena n-áirítear ailse agus galair thearca, don tsláinte agus don tsochaí agus éilítear tuiscint fheabhsaithe agus tacsanomaíocht, mar aon le cur chuige níos éifeachtaí, lena n-áirítear cur chuige leighis phearsantaithe (ar a dtugtar freisin "leigheas ardchruinnis”), i ndáil le cosc, fáthmheas, faireachán, cóireáil, athshlánú agus leigheas mar aon le tuiscint níos fearr ar ilghalrachtaí.

Réimsí Ginearálta

Tuiscint ar na sásraí is bun le forbairt galar neamhthógálach, lena n-áirítear galair chardashoithíocha;

Staidéir fhadaimseartha daonra chun tacú leis an tuiscint ar pharaiméadair sláinte agus galar agus chun cuidiú le daonraí a shrathú mar thacaíocht do mhíochaine choisctheach a fhorbairt;

Uirlisí agus teicnící diagnóiseacha le haghaidh fáthmheas níos luaithe agus níos cruinne agus le haghaidh cóireáil thráthúil atá curtha in oiriúint don othar, lenar féidir srian a chur ar an ngalar nó a dhul chun cinn a aisiompú;

Cláir galarchoisc agus scagthástála, i gcomhréir le moltaí EDS, NA agus Aontais, nó ag dul níos sia ná iad;

Réitigh chomhtháite don fhéinfhaireachán, do chur chun cinn na sláinte, do chosc galar, agus do bhainistiú na riochtaí ainsealacha agus na n-ilghalrachtaí, lena n-áirítear galair néarmheathlúcháin agus galair chardashoithíocha;

Cóireálacha, leigheas nó idirghabhálacha eile teiripeacha, idir chóireáil chógaseolaíochta agus neamhchógaseolaíochta;

An cúram maolaitheach;

Réimsí nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais chliniciúla iontu amhail ailsí tearca, lena n-áirítear ailsí péidiatraiceacha;

Measúnú ar éifeachtacht chomparáideach idirghabhálacha agus réiteach, lena n-áirítear bunaithe ar shonraí i bhfíordhálaí domhanda;

Taighde ar an gcur chun feidhme le méadú a chur ar na hidirghabhála sláinte, agus le tacaíocht a thabhairt dá nglacadh sna beartais agus sna córais shláinte;

Taighde a fhorbairt agus faisnéis, cúram agus cóireáil, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe, a fheabhsú i gcás galair thearca.

1.2.4.   Galair Thógálacha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu

Is mór an dúshlán don tsláinte phoiblí daoine a chosaint ar chontúirtí sláinte trasteorann, agus teastaíonn comhar éifeachtach idirnáisiúnta chuige sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Áireofar air sin tuiscint ar ráigeanna, cosc ar na ráigeanna sin, ullmhacht lena n-aghaidh, a luathbhrath agus an fhreagairt dóibh ó thaobh taighde de, cóireáil agus leigheas galar tógálach, lena n-áirítear galair a bhaineann le bochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu, agus dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbacha bunaithe ar chur chuige an Phlean Gníomhaíochta Eorpaigh “Aon Sláinte Amháin”.

Réimsí Ginearálta

Tuiscint ar shásraí a bhaineann le hionfhabhtú;

Na húdair atá le teacht chun cinn nó le teacht chun cinn galar tógálach an athuair, agus le scaipeadh na ngalar sin, lena n-áirítear tarchur galair ó ainmhithe go daoine (zónóis), nó ó chodanna eile den chomhshaol (uisce, ithir, plandaí, bia) go daoine, mar aon le tionchar an athraithe aeráide agus éabhlóid éiceachóras ar dhinimic galar tógálach;

Tuar, luath- agus mearbhrath, rialú agus faireachas galar tógálach, ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte agus tosca a bhaineann leis an gcomhshaol;

An comhrac in aghaidh frithsheasmhacht fhrithmhiocróbacha, lena n-áirítear eipidéimeolaíocht, cosc agus diagnóis, mar aon le forbairt frithmhiocróbán agus vacsaíní nua;

Vacsaíní, lena n-áirítear teicneolaíochtaí ardáin vacsaíní, diagnóisic, cóireálacha agus leigheas ar ghalair thógálacha, lena n-áirítear comhghalrachtaí agus comhionfhabhtuithe;

Aghaidh a thabhairt ar ghlacadh íseal vacsaíní, an éiginnteacht i leith vacsaíní a thuiscint agus an mhuinín as vacsaíní a fhorbairt;

Réamhullmhú éifeachtach d’éigeandálaí sláinte, bearta agus straitéisí freagartha agus téarnaimh a mbeidh lámh ag na pobail iontu, agus a gcomhordú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;

Na bacainní ar chur chun feidhme agus ar ghlacadh na mbearta idirghabhála leighis sa chleachtas cliniciúil agus sa chóras cúraim sláinte araon;

Na gnéithe trasteorann a bhaineann le galair thógálacha agus na dúshláin ar leith atá ann i dtíortha íseal-ioncaim agus meán-ioncaim, amhail SEIF, eitinn agus galair thrópaiceacha, lena n-áirítear maláire, ach chomh maith le dúshláin eile a bhaineann le sreafaí imirce, agus a bhaineann le soghluaisteacht mhéadaithe an duine i gcoitinne.

1.2.5.   Uirlisí, Teicneolaíochta agus Réitigh Dhigiteacha don tSláinte agus don Chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe

Na huirlisí sláinte agus na huirlisí teicneolaíochta atá ann, is rud ríthábhachtach iad don tsláinte phoiblí, agus chuir siad comaoin mhór ar an bhfeabhas suntasach a cuireadh ar an gcaighdeán saoil, ar an gcaighdeán sláinte agus ar chúram na ndaoine san Aontas. Is príomhdhúshlán straitéiseach atá ann uirlisí agus teicneolaíochtaí oiriúnacha, iontaofa, sábháilte, so-úsáidte agus costéifeachtacha don tsláinte agus don chúram a dhearadh, a fhorbairt, a sheachadadh, a chur chun feidhme agus a mheas, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus na sochaí atá ag dul in aois. Orthu sin, tá eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin ó bhithábhair nua go dtí an bhiteicneolaíocht mar aon le modhanna aonchille, cur chuige ilómaíoch agus cur chuige córasach leighis, intleacht shaorga (AI) agus teicneolaíochtaí digiteacha eile, a bhfuil feabhsuithe móra le baint astu thar a bhfuil ann faoi láthair, agus lena spreagfar tionscal sláinte iomaíoch agus inbhuanaithe ina gcruthófar poist ar ardluach. An tionscal sláinte atá san Eoraip, tá sé ar cheann de na hearnálacha eacnamaíocha is tábhachtaí san Aontas, is fiú 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) é, agus tá 1,5 milliún duine fostaithe ann. Ní mór go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach ann a luaithe is féidir, agus déanfar an ghné neamhtheicneolaíoch a chur san áireamh, chun inghlacthacht teicneolaíochtaí, modheolaíochtaí agus uirlisí nua a áirithiú. Áirítear ar na geallsheallbhóirí sin saoránaigh, soláthraithe cúraim sláinte neamhfhoirmiúil agus gairmithe cúraim sláinte eile.

Réimsí Ginearálta

Uirlisí agus teicneolaíochtaí do na feidhmchláir atá i bhfeidhm sa speictream sláinte ar fad, agus aon tásca ábhartha leighis, lena n-áirítear an bac feidhme;

Uirlisí comhtháite, teicneolaíochtaí, gairis leighis, íomháú míochaine, biteicneolaíocht, nanaimhíochaine agus ardteiripí (lena n-áirítear teiripe cheallach agus géinteiripe), agus réitigh dhigiteacha i leith shláinte an duine agus cúraim, lena n-áirítear AI, réitigh mhóibíleacha agus an tsláinte shoghluaiste; agus ag an am céanna aghaidh á tabhairt, ag an am céanna, nuair is ábhartha, ar chostéifeachtúlacht gnéithe táirgthe ag céim luath chun céim na tionsclaíochta agus an acmhainneacht atá sa nuálaíocht a bheith ina táirge inacmhainne íocshláinte a bharrfheabhsú;

Píolótú, cur chun úsáide forleathan, optamú, agus an nuálaíocht i soláthar teicneolaíochtaí sláinte agus cúraim agus uirlisí i gcomhthéacsanna réalaíocha lena n-áirítear trialacha cliniciúla, taighde maidir le cur chun feidhme lena n-áirítear diagnóisic bunaithe ar leigheas pearsantaithe;

Próisis nuálacha agus seirbhísí le huirlisí agus le teicneolaíochtaí sa réimse sláinte agus cúraim a fhorbairt, a mhonarú agus a sheachadadh go mear;

Sábháilteacht, éifeachtúlacht, costéifeachtacht, idir-inoibritheacht agus cáilíocht uirlisí agus teicneolaíochtaí don tsláinte agus don chúram mar aon le tionchar eiticiúil, dlíthiúil agus sóisialta a ghabhann leo, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le hinghlacthacht shóisialta;

An eolaíocht rialála agus caighdeáin le haghaidh teicneolaíochtaí agus uirlisí sláinte agus cúraim;

Bainistiú sonraí leighis, lena n-áirítear idir-inoibritheacht sonraí, comhtháthú, modhanna anailíseacha agus léirshamhlaithe, próisis chinnteoireachta, forás AI, mianadóireacht sonraí, teicneolaíochtaí Mórshonraí, bithfhaisnéisíocht agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta chun leigheas pearsantaithe a chothú, lena n-áirítear cosc, agus chun an t-aistear sláinte a bharrfheabhsú.

1.2.6.   Córais Chúraim Sláinte

Na córais sláinte atá ann, is de phríomhshócmhainní chórais shóisialta an Aontais iad, agus in 2017, bhí 24 milliún duine fostaithe san earnáil sláinte agus na hoibre sóisialta. Tá sé ina phríomhthosaíocht ag na Ballstáit córais sláinte a dhéanamh sábháilte agus slán, inrochtana do chách, comhtháite, costéifeachtach, athléimneach, inbhuanaithe agus iontaofa trí bhíthin seirbhísí tráthúla agus ábhartha, mar aon le héagothromaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear trí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na nuálaíochta sonraíbhunaithe agus digití le haghaidh cúram sláinte níos fearr agus cúram duinelárnaithe níos fearr lena gcuirtear le bonneagair sonraí Eorpacha oscailte agus sábháilte. A bhuí le deiseanna nua amhail cur chun úsáide 5G, coincheap an “chúpla dhigitigh” agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, déanfar claochlú digiteach sláinte agus cúraim sláinte a chur chun cinn.

Réimsí Ginearálta

Tacaíocht a thabhairt don bhonn eolais d’athchóirithe i gcórais sláinte agus i mbeartais sláinte san Eoraip agus níos faide i gcéin;

Samhlacha agus modhanna nua don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear cur chuige bunaithe ar leigheas pearsantaithe, gnéithe bainistíochta agus eagrúcháin, agus a n-inaistritheacht nó a n-oiriúnú ó thír nó réigiún go chéile;

An measúnú teicneolaíochta sláinte a fheabhsú;

An éabhlóid a thiocfaidh ar an bhfreagairt don éagothromaíocht i gcúrsaí sláinte agus ar na beartais éifeachtacha;

Lucht saothair na sláinte san am atá le teacht, agus na riachtanais a bheidh acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha;

Feabhas a chur ar fhaisnéis sláinte thráthúil mhuiníneach, sábháilte agus iontaofa agus ar úsáid nó athúsáid sonraí sláinte, lena n-áirítear taifid leictreonacha sláinte, agus aird chuí ar chosaint sonraí,lena n-áirítear mí-úsáid faisnéise a bhaineann le stíl phearsanta mhaireachtála agus le sláinte, ar shlándáil, ar inrochtaineacht, ar idir-inoibritheacht, ar chaighdeáin, ar inchomparáideacht, agus ar shláine;

Athléimneacht na gcóras sláinte le tionchar na ngéarchéimeanna a shú, agus le bealach a aimsiú le dul timpeall ar an nuálaíocht shuaiteach;

Réitigh i ndáil le cumhachtú saoránach agus othar, le féinfhaireachán, agus leis an idirbheartaíocht le gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, le haghaidh cúram níos comhtháite a éascú agus cur chuige úsáideoir-lárnach, agus aird á tabhairt ar rochtain chomhionann;

Sonraí, faisnéis, eolas agus an dea-chleachtas ó thaighde ar na córais sláinte ar leibhéal an Aontais agus ar fud an domhain, agus forás a dhéanamh ar an eolas agus ar na bunachair sonraí atá ann cheana.

2.   AN BHRAISLE "AN CULTÚR, AN CRUTHAITHEACHT AGUS AN tSOCHAÍ CHUIMSITHEACH"

2.1.   An Réasúnaíocht

Is éard atá san Aontas ná bealach suaithinseach leis an bhfás eacnamaíoch a cheangal le SFInna agus le beartais shóisialta, lena ngabhann leibhéil arda cuimsithe sóisialta, agus luachanna comhroinnte a bhfuil an daonlathas, cearta an duine, an comhionannas inscne agus saibhreas na héagsúlachta dá ndlúth is dá n-inneach. Is samhail í sin a mbíonn síoréabhlóid uirthi, agus i measc na nithe a mbíonn uirthi dul i ngleic leo, tá dúshláin a bhaineann leis an domhandú, leis an athrú teicneolaíochta agus le héagothromaíochtaí atá ag dul in olcas.

Ní mór don Aontas samhail a chur chun cinn don fhás cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus fómhar na bhforás teicneolaíochta a bhaint chomh maith, agus breis muiníne a ghnóthú sa rialachas daonlathach, agus an nuálaíocht sa rialachas daonlathas a chur chun cinn, oideachas a chothú, agus dul chun comhraic leis an éagothromaíocht, leis an dífhostaíocht, leis an imeallú, le leatrom agus le radacú, agus cearta an duine a ráthú, an éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chothú, agus saoránaigh a chumhachtú trí bhíthin na nuálaíochta sóisialta. Bainistiú na himirce, agus lánpháirtiú na n-imirceach, beidh tús áite ag an dá cheist sin go fóill. Is den bhunriachtanas é ról an T&N sna heolaíochtaí sóisialta, sna daonnachtaí, agus sna dána, agus ina earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta, i ndáil le freagairt do na dúshláin sin agus le spriocanna an Aontais a bhaint amach. Go háirithe, áirítear gnéithe na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí i réimsí idirghabhála uile na braisle seo.

Mar gheall ar mhéid, ar chastacht agus ar chineál idirghlúine agus trasnáisiúnta na ndúshlán, is gá don Aontas gníomhaíocht ilsrathach a dhéanamh ina leith. Mura ndéanfar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna fíorthábhachtacha sóisialta, polaitiúla, cultúrtha, agus eacnamaíocha sin ach ar an leibhéal náisiúnta, is baol gur úsáid neamhéifeachtúil acmhainní, cur chuige ilroinnte, agus caighdeáin éagsúla eolais agus acmhainneachta an toradh a bheidh air.

Na gníomhaíochtaí T&N atá sa bhraisle sin, déanfar iad a ailíniú ar an mórgóir le tosaíochtaí an Aontais maidir leis an Athrú Daonlathach; Poist, Fás agus Infheistíocht; An Ceartas agus Cearta Bunúsacha; An Imirce; Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta Níos Doimhne agus Níos Córa; An Margadh Aonair Digiteach. Freagróidh sé do ghealltanas Chlár Oibre na Róimhe le hobair i dtreo na nithe seo a leanas: “Eoraip shóisialta” agus “Aontas a chaomhnóidh ár n-oidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn”. Tacóidh sé le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith, agus leis an gComhshocrú Domhanda don imirce shábháilte ordúil rialta. Déanfar sineirgí leis an gClár Ceartais a bunaíodh le Rialachan (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachan (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena dtacaítear le gníomhaíochtaí i réimse na rochtana ar cheartas i réimse chearta na n-íospartach, i réimse an chomhionannais inscne, i réimse an neamh-idirdhealaithe, i réimse chosaint na faisnéise, agus i gcur chun cinn shaoránacht na hEorpa, agus le Clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachan (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), le Erasmus, le Erasmus+ agus ESF+, a shaothrú.

Beidh rannchuidiú díreach sna gníomhaíochtaí do na SFInna seo a leanas ach go háirithe: SFI 1 - Deireadh leis an mBochtaineacht; SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Dea-Bhail; SFI 4 - Oideachas den Scoth; SFI 5 - Comhionannas Inscne; SFI 8 – Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 – Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 10 – Laghdú na nÉagothromaíochtaí; SFI 11 - Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 16 – An tSíocháin, an Ceartas, agus Institiúidí Láidre.

2.2.   Réimsí Idirghabhála

2.2.1.   Daonlathas agus Rialachas

De réir cosúlachta, is ag dul ar gcúl atá an mhuinín sa daonlathas agus sna hinstitiúidí polaitiúla seanbhunaithe. An díomá atá ar dhaoine faoin bpolaitíocht, is rud é atá á chur in iúl níos minice ó bhliain go chéile ag páirtithe pobalacha agus páirtithe frithbhunaíochta, agus san athbheochan i ndúchasachas. Tá na héagcothromaíochtaí socheacnamaíocha, na sreafaí móra imirce, agus an imní faoi chúrsaí slándála, i measc nithe eile. ag cur leis an méid sin. Má táthar le freagairt do na dúshláin atá ann anois, agus do na dúshláin a bheidh ann amach anseo, beidh gá le smaointe nua faoin gcaoi a gcaithfidh institiúidí daonlathacha ar gach leibhéal iad féin a chur in oiriúint sa chomhthéacs a bhfuil idir bhreis éagsúlachta ann, iomaíocht eacnamaíoch dhomhanda, agus dhul chun cinn mear sa teicneolaíocht agus sa digitiú, nuair atá tábhacht thar na bearta le taithí na saoránach ar dhioscúrsaí, ar chleachtais agus ar institiúidí daonlathacha.

Réimsí Ginearálta

Stair, éabhlóid agus éifeachtacht na ndaonlathas, ar leibhéil éagsúla agus i reachtaibh éagsúla; ról na mbeartas oideachais, cultúrtha agus óige mar bhunchlocha na saoránachta daonlathaí;

Ról an chaipitil shóisialta agus na rochtana ar an gcultúr i ndáil le hidirphlé daonlathach, rannpháirtíocht shibhialta agus sochaithe oscailte agus iontaofa a neartú.

Cur chuige nuálaíoch agus freagrach chun tacaíocht a thabhairt do thrédhearcacht, d’inrochtaineacht, do fhreagrúlacht, do chuntasacht, d’iontaofacht, d’athléimneacht, d’éifeachtacht agus do dhlisteanacht an rialachais dhaonlathaigh agus cearta bunúsacha, cearta an duine agus an smacht reachta á n-urramú go hiomlán;

Straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar an bpobalachas, ar chiníochas, ar dheighilt, ar éilliú, ar antoisceachas, ar radacú, agus ar sceimhlitheoireacht, agus chun saoránaigh a chuimsiú, a chumhachtú agus a mhealladh;

Anailís agus forbairt ar an gcuimsiú sóisialta, polaitiúil, eacnamaíoch agus ar dhinimic idirchultúrtha san Eoraip agus níos faide i gcéin;

Tuiscint níos fearr a fháil ar ról na gcaighdeán iriseoireachta, agus ar an ábhar a bhíonn na húsáideoirí a ghiniúint sa tsochaí shár-nasctha, agus uirlisí a fhorbairt chun bréagaisnéis a chomhrac;

Ról na gcéannachtaí ilchultúrtha, lena n-áirítear céannachtaí spioradálta, maidir le daonlathachas, saoránacht agus rannpháirtíocht pholaitiúil, mar aon le luachanna fothaithe an Aontais amhail urraim, caoinfhulaingt, comhionannas inscne, comhar agus idirphlé;

Tacaíocht a thabhairt do thaighde chun féiniúlacht agus muintearas a thuiscint i bpobail, i réigiúin agus i náisiúin;

An tionchar ar an daonlathas, ar an bpríobháideacht agus ar an tsaoirse cainte a bhíonn ag an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san eolaíocht, lena n-áirítear Mórshonraí, gréasáin shóisialta ar líne, agus an AI;

Daonlathas agus rialachas díospóireachtúil, rannchuiditheach, agus díreach, mar aon leis an tsaoránacht ghníomhach chuimsitheach, lena n-áirítear an ghné dhigiteach;

Tionchar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta ar an rannpháirtíocht pholaitiúil agus ar an rialachas daonlathach, agus taighde maidir lena mhéid is féidir leis rannchuidiú le héagothromaíochtaí a chur ina gceart, leis an uile chineál neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear inscne, a chomhrac, agus le daonlathas níos athléimní a bhaint amach;

Gnéithe daonna, sóisialta agus polaitiúla den choiriúlacht, den dogmatachas agus den radacú, maidir leo siúd atá ag gabháil don iompar sin, nó a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil dó sin, mar aon leo siúd a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;

Comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus na fuathchainte, agus a dtionchar i ndáil leis an réimse poiblí a mhúnlú;

An tAontas ina ghníomhaí idirnáisiúnta agus réigiúnach i réimse an rialachais iltaobhaigh, lena n-áirítear roinnt cur chuige nua i leith na taidhleoireachta eolaíochta;

Éifeachtúlacht na gcóras ceartais, agus rochtain fheabhsaithe ar cheartas bunaithe ar neamhspleáchas na mbreithiúna, ar phrionsabail bhreithiúnacha agus i dtaca le cearta daonna, agus modhanna nós imeachta córa, éifeachtúla agus trédhearcacha ann in ábhair shibhialta agus choiriúla araon.

2.2.2.   An Chultúr, an Oidhreacht Chultúrtha agus an Cruthaitheacht

Trí earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa, cruthaítear nasc idir na dána, an cultúr, an creideamh spioradálta agus eispéiris spioradálta agus an oidhreacht chultúrtha, gnó agus an teicneolaíocht. Fairis sin, tá ról ríthábhachtach ag tionscail chultúir agus chruthaitheachta i ndáil leis an Eoraip a thionsclú an athuair, tá siad ina spreagadh don fhás agus tá sé de bhua straitéiseach acu gur féidir leo iarmhairtí nuálacha a spreagadh in earnálacha tionsclaíocha eile, amhail an turasóireacht, an miondíol, na meáin, teicneolaíochtaí digiteacha agus an innealtóireacht. Tá an oidhreacht chultúrtha ina cuid dhílis de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta; is de dhlúth is inneach ár saoil í, is mór an tábhacht atá inti do phobail, do ghrúpaí agus do shochaithe, agus tá muintearas ag roinnt léi. Is í atá ina droichead idir stair agus todhchaí ár gcuid sochaithe. Is den riachtanas é tuiscint níos fearr a bheith ann ar ár n-oidhreacht chultúrtha, agus ar an dearcadh agus an tuiscint atá ann ina leith, i ndáil le sochaí chuimsitheach a chruthú san Eoraip agus ar fud an domhain. Ina theannta sin, tá sí ina mórspreagadh do gheilleagair Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ina foinse chumhachtach spreagtha do thionscail chruthaitheacha agus chultúrtha. Dúshláin fhíorthábhachtacha san am i láthair agus dúshláin fhíorthábhachtacha do na glúine a bheidh ann amach anseo is ea acmhainneacht iomlán ár n-oidhreachta cultúrtha a rochtain, a chaomhnú, a choimirciú, a athbhunú, a thuiscint, agus a shaothrú. Is í an oidhreacht chultúrtha, idir nithiúil agus neamhnithiúil, an príomhspreagadh do na dána, don cheardaíocht thraidisiúnta, do na hearnálacha cultúir, cruthaitheachta agus fiontraíochta atá ina spreagadh don fhás inbhuanaithe eacnamaíoch, do chruthú post nua agus don trádáil sheachtrach. Dá réir sin, ní mór nuálaíocht agus athléimneacht na hoidhreachta cultúrtha a mheas i gcomhar le pobail áitiúla agus le geallsealbhóirí ábhartha. Fairis sin, féadfaidh oidhreacht chultúrtha a bheith ina spreagadh don taidhleoireacht cultúrtha agus ina gné de chruthú céannachta agus de chuimsiú cultúrtha agus sóisialta.

Réimsí Ginearálta

Léann na hoidhreachta agus na heolaíochta, lena mbaineann teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus modheolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear cinn dhigiteacha;

Rochtain ar an oidhreacht chultúrtha agus roinnt na hoidhreachta sin, le pátrúin agus úsáidí nuálacha, agus le samhlacha bainistíochta arb é an páirteachas atá i gceist leo;

Taighde i leith inrochtaineacht na hoidhreachta cultúrtha trí theicneolaíochtaí nua, amhail néalseirbhísí, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, comhlimistéar d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa, mar aon le fios gnó agus scileanna, agus a dtarchur, a spreagadh agus a éascú; déanfar measúnú tionchair roimhe sin;

Samhlacha inbhuanaithe gnó chun bunsraith airgeadais na hearnála cultúir a neartú;

An oidhreacht chultúrtha a nascadh le hearnálacha cruthaitheacha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear na meáin idirghníomhacha, agus an nuálaíocht shóisialta;

Rannchuidiú na hoidhreachta cultúrtha leis an bhforbairt inbhuanaithe trí réimsí cultúrtha a chaomhnú, a choimirciú, a fhorbairt agus a athshlánú, agus an tAontas ina shaotharlann do nuálaíocht oidhreacht-bhunaithe agus do thurasóireacht inbhuanaithe chultúrtha;

Caomhnú, coimirciú, feabhsú, athshlánú agus bainistiú inbhuanaithe na hoidhreachta cultúrtha agus na dteangacha lena n-áirítear úsáid scileanna agus ceardaíochta traidisiúnta nó teicneolaíochtaí ceannródaíocha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha;

Tionchar cuimhní cultúrtha, traidisiún, patrún iompair, dearcthaí, creidimh, luachanna, braistint chómhuintearais, agus céannachtaí; ról an chultúir agus na hoidhreachtaí cultúrtha i sochaithe ilchultúrtha agus pátrúin de chuimsiú sóisialta agus d’eisiamh sóisialta.

2.2.3.   An Claochlú Sóisialta agus Eacnamaíoch

Tá claochluithe móra socheacnamaíocha agus cultúrtha ag teacht ar shochaithe na hEorpa, go mór mór mar gheall ar an domhandú agus ar nuálaíochtaí teicneolaíochta. San am céanna, tá méadú tagtha ar an éagothromaíocht ioncaim i bhformhór na dtíortha san Eoraip (6). Tá gá le beartais fhorásacha, d’fhonn fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, comhionannas inscne, dea-bhail a chur chun cinn agus éagothromaíochtaí a chur na gceart, borradh a chur faoi tháirgiúlacht (lena n-áirítear an dul chun cinn i dtomhas na táirgiúlachta), éagothromaíochtaí sochspásúla a leigheas caipiteal daonna a chur chun cinn, dúshláin imirce agus dúshláin maidir le lánpháirtiú a thuiscint agus freagairt dóibh tacaíocht a thabhairt don dlúthpháirtíocht idir glúine, d’idirphlé idirchultúrtha agus don tsoghluaisteacht shóisialta. Tá gá le córais oideachais agus oiliúna inrochtana, cuimsitheacha agus ardcháilíochta chun go mbeidh sochaí níos cothroime agus níos rachmasaí ann amach anseo.

Réimsí Ginearálta

Bunsraith eolais do chomhairle ar infheistíochtaí agus ar bheartais, go mór mór i dtaca leis an oideachas agus oiliúint, scileanna breisluacha, táirgiúlacht, soghluaisteacht shóisialta, fás, nuálaíocht shóisialta agus cruthú na bpost; ról an oideachais agus na hoiliúna i ndáil le héagothromaíochtaí a chomhrac agus lena bheith mar bhonn don chuimsitheacht, lena n-áirítear teip ar scoil a chosc;

An inbhuanaitheacht shóisialta thar táscairí nach dtugann eolas ach faoi OTI, go mór mór samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó, agus teicneolaíochtaí airgeadais nua;

Uirlisí staidrimh agus uirlisí eacnamaíocha eile le haghaidh tuiscint níos fearr a bheith ann ar an bhfás agus ar an nuálaíocht i gcomhthéacs ina bhfuil na gnóthaithe táirgiúlachta malltriallach nó athruithe eacnamaíocha struchtúrtha;

Samhlacha nua rialachais i limistéir eacnamaíocha agus institiúidí margaidh atá ag teacht chun cinn;

Cineálacha nua oibre, ról na hoibre, athoiliúint, treochtaí agus athruithe i margaí saothair agus in ioncam i sochaithe comhaimseartha, agus an tionchar a bhíonn acu ar an gcothromaíocht oibre is saoil, ar thimpeallachtaí oibre, ar an neamh-idirdhealú, lena n-áirítear comhionannas inscne agus cuimsiú sóisialta;

Tuiscint níos fearr ar na hathruithe sochaíocha san Eoraip agus ar a dtionchar;

Éifeachtaí na gclaochluithe sóisialta, teicneolaíocha agus eacnamaíocha ar an rochtain ar thithíocht shábháilte, shláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe;

Córais chánach agus liúntas, maille le beartais slándála sóisialta agus infheistíochta sóisialta, d’fhonn éagothromaíochtaí a chur ina gceart ar bhealach cóir agus inbhuanaithe agus aghaidh a thabhairt ar thionchar na teicneolaíochta, na ndéimeagrafac agus na héagsúlachta;

Forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe agus samhlacha fáis do thimpeallachtaí uirbeacha, fo-uirbeacha agus tuaithe;

Tuiscint ar an tsoghluaisteacht dhaonna agus ar a tionchar i gcomhthéacs na gclaochluithe sóisialta agus eacnamaíocha, arna meas ar scálaí domhanda agus áitiúil le haghaidh rialachas níos fearr ar an imirce, urraim d’éagsúlachtaí, lánpháirtiú fadtéarmach imirceach, lena n-áirítear dídeanaithe, agus tionchar idirghabhálacha beartais gaolmhara; urraim do ghealltanais idirnáisiúnta agus do chearta an duine agus saincheisteanna maidir le chabhair um fhorbairt agus le comhar; rochtain fheabhsaithe agus níos forleithne ar an oideachas, ar an oiliúint, ar an margadh saothair, ar an gcultúr, ar sheirbhísí tacaíochta, agus ar shaoránacht ghníomhach chuimsitheach do dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear imircigh;

Dul i ngleic le mórdhúshláin maidir le samhlacha Eorpacha don chomhtháthú sóisialta, don imirce, don lánpháirtiú, don athrú déimeagrafach, don aosú, do mhíchumas, don oideachas, don bhochtaineacht agus don eisiamh sóisialta;

Ardstraitéisí agus modhanna nuálacha i leith an chomhionannais inscne i ngach gné shóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha, agus chun dul i ngleic le claontacht inscne agus le foréigean inscnebhunaithe;

Córais oideachais agus oiliúna le claochlú digiteach an Aontais a chothú agus le feabhas gach úsáide a bhaint as, agus le bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí atá ann de bharr na hidirnascachta domhanda agus na nuálaíochtaí teicneolaíochta, go mór mór na rioscaí ar líne atá ag teacht chun cinn, ceisteanna eiticiúla, éagothromaíochtaí socheacnamaíocha, agus athruithe radacacha sna margaí;

Córais rialachais agus bainistíochta na n-údarás poiblí a nuachóiriú chun go mbeidh saoránaigh rannpháirteach agus chun riar dá n-ionchas maidir le soláthar seirbhísí, trédhearcacht, inrochtaineacht, oscailteacht, cuntasacht agus úsáideoir-lárnacht.

3.   AN BHRAISLE “AN tSLÁNDÁIL SHIBHIALTA DON tSOCHAÍ”

3.1.   An Réasúnaíocht

Tá an comhar Eorpach ag rannchuidiú le ré ina bhfuil síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas san Eoraip nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Mar sin féin, ní foláir don Eoraip freagairt do na dúshláin is iarmhairtí de na síorbhagairtí ar shlándáil ár sochaí atá, níos mó ná riamh, ina sochaí chasta agus dhigitithe. Na hionsuithe sceimhlitheoireachta agus an radacú, sin agus na cibirionsuithe agus bagairtí ilchineáil, is díol mór imní iad, agus cuireann siad brú faoi leith ar an tsochaí. Bagairtí slándála nua atá ag teacht chun cinn de dheasca teicneolaíochtaí nua na blianta beaga amach romhainn, is gá aird a thabhairt orthu siúd freisin. Braitheann slándáil agus rathúnas na haimsire atá le teacht ar fheabhas a chur ar an gcumas an Eoraip a chosaint ar bhagairtí mar sin. Ní féidir dul i ngleic leo siúd ar bhonn teicneolaíochta, agus ar an mbonn sin amháin, ach, os a choinne sin, ní mór eolas a bheith ann ina leith ar dhaoine, ar a stair, ar a gcultúr agus ar a n-iompar, agus tá breithnithe eiticiúla maidir leis an gcothromaíocht idir slándáil agus saoirse ina gcuid díobh. Fairis sin, ní mór don Eoraip a neamhspleáchas ar theicneolaíochtaí atá criticiúil ó thaobh na slándála de a áirithiú agus tacú le forbairt teicneolaíochtaí slándála ceannródaíocha.

Ní mór saoránaigh na hEorpa, na hinstitiúidí stáit, comhlachtaí an Aontais, agus an geilleagar a chosaint ar bhagairtí leanúnacha na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, lena n-áirítear an gháinneáil ar airm thine, an gháinneáil drugaí, agus gáinneáil ar dhaoine, agus an gháinneáil ar earraí cultúrtha. Ní mór tuiscint níos fearr a bheith ann ar ghnéithe daonna agus sóisialta na coiriúlachta agus an radacaithe fhoréignigh chun feabhas a chur ar bheartais phoiblí ó thaobh na slándála de. Tá sé tábhachtach freisin an chosaint agus an tslándáil a neartú trí bhainistiú níos fearr ar theorainneacha, lena n-áirítear teorainneacha muirí agus talún. Tá fás ar an gcibearchoireacht, agus na rioscaí a ghabhann léi, tá siad ag dul chun éagsúlachta, de réir mar atá an geilleagar agus an tsochaí á ndigitiú. Ní mór don Eoraip leanúint dá hiarrachtaí feabhas a chur ar an gcibearshlándáil, ar an bpríobháideacht dhigiteach, agus ar chosaint sonraí pearsanta, agus scaipeadh na bréagaisnéise agus na faisnéise díobhálaí a chomhrac chun an chobhsaíocht dhaonlathach, shóisialta agus eacnamaíoch a choimirciú. Caithfear tuilleadh díchill a dhéanamh le srian a chur ar na héifeachtaí a bhíonn ar shaol agus ar shlí bheatha na ndaoine ag dálaí na ró-aimsire, rud atá ag dul chun donais de dheasca an athrú aeráide, idir thuilte, stoirmeacha, agus thriomach gur sliocht orthu na tinte foraoise agus díghrádú na talún, chomh maith le tubaistí nádúrtha nach iad, amhail creathanna talún. Is féidir le tubaistí, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, a bheith ina mbaol d’fheidhmeanna tábhachtacha sochaíocha agus bonneagair chriticiúla, amhail cumarsáid, sláinte, bia, uisce óil, soláthar fuinnimh, iompar, slándáil agus rialtas.

Éilíonn an bhraisle seo go ndéanfaí taighde teicniúil agus taighde ar na tosca daonna atá i gceist chun feabhas a chur ar an teacht aniar i gcás tubaiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, feidhmchláir tástála, oiliúint, agus cibearshláinteachas agus cibearoideachas. Tá gá le breis iarrachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an taighde slándála agus chun a nglacadh a chur chun cinn.

Leis an mbraisle seo, féachfar le sineirgí a chruthú, go háirithe leis na cláir seo a leanas: An Ciste Slándála Inmheánaí, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus an Eoraip Dhigiteach. Féachfaidh sé le comhar T&N níos fear idir gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idir-rialtasacha, lena n-áirítear trí shásraí malartaithe agus comhairliúcháin, sa réimse idirghabhála “Cosaint agus Slándáil”, mar shampla.

An taighde faoi chúrsaí slándála, is cuid í den bhonn leathan atá faoi fhreagairt chuimsitheach an Aontais ar bhagairtí slándála. Rannchuidíonn sé leis an bpróiseas forbartha cumais trí fhágáil go mbeidh fáil amach anseo ar theicneolaíochtaí, ar theicnící agus ar fheidhmchláir chun bearnaí cumais a líonadh arna sainaithint ag lucht ceaptha beartas, cleachtóirí agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Faoi mar atá cheana féin, an maoiniú taighde a bhí ann ó chlár réime an Aontais roimhe, b’fhiú tuairim agus 50 % d’iomlán an mhaoinithe phoiblí don taighde shlándála san Aontas é. Bainfear lán na húsáide as na hionstraimí atá ar fáil, idir Chlár Spáis na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (EGNOS agus Galileo, Copernicus, Feasacht Staide an Spáis, agus an Chumarsáid Satailíte Rialtasach). Bíodh is go ndíreofar go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta le gníomhaíochtaí T&N faoin gClár Sonrach, i bhfianaise go bhfuil limistéir teicneolaíochta dé-úsáide ann, lorgófar comhordú le taighde cosanta atá á chistiú ag an Aontas chun sineirgí a neartú. Seachnófar dúbláil ar an gcistiú. Rannchuidíonn an comhar trasteorann le forbairt margaidh aonair shlándála Eorpaigh, agus le feabhsú na feidhmíochta tionsclaíche, rud a chuireann bonn daingean faoi neamhspleáchas an Aontais. Tabharfar aird chuí ar thuiscint agus ar dhearcadh an duine ar an tslándáil.

Freagraíonn an taighde slándála do ghealltanas Chlár Oibre na Róimhe le hobair i dtreo “Eoraip atá sábháilte agus slán”, agus rannchuidítear le hAontas Slándála éifeachtach agus dílis.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí go díreach leis an SFI seo a leanas ach go háirithe: SFI 16 – An tSíocháin, an Ceartas, agus Institiúidí Láidre.

3.1.1.   Sochaithe Athléimneacha ó Thubaistí

Féadfaidh tubaistí, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, tarlú mar gheall ar an iliomad údar, lena n-áirítear de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta, teagmhais a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais foircneacha eile (lena n-áirítear barr taoide méadaithe). Áirítear ar na húdair sin, go háirithe, dóiteáin foraoise, brothall, tuilte, triomach, fairsingiú fásaigh, creathanna talún, súnámaithe agus pléascadh bolcánach, géarchéimeanna uisce, teagmhais aimsire spáis, tubaistí tionsclaíocha agus iompair, teagmhais Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Raideolaíocha, Núicléacha (CBRN), agus dheasca charnadh na rioscaí. Is é an aidhm atá ann ná bás daoine, an díobháil don tsláinte agus don chomhshaol, tráma agus damáiste eacnamaíoch agus ábhartha de dheasca tubaistí a chosc agus a laghdú, mar aon le bia, soláthar táirgí leighis agus seirbhísí leighis agus slándáil uisce a áirithiú agus feabhas a chur ar an tuiscint atá ann ar rioscaí tubaiste, na rioscaí sin a laghdú, agus chomh maith le feabhas a chur ar an téarnamh iarthubaiste. Tuigtear leis an méid sin go gcumhdaítear raon iomlán an bhainistithe géarchéime: idir chosc agus oiliúint, bainistiú géarchéime agus bainistiú iar-ghéarchéime agus athléimneacht.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí, cumais agus rialachas do chéad fhreagróirí i gcás oibríochtaí éigeandála i gcásanna géarchéime, tubaiste agus iar-thubaiste agus an chead chéim den téarnamh;

Acmhainneacht na sochaí baol na tubaiste a chosc, a bhainistiú agus a laghdú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí réitigh dhúlrabhunaithe, trí feabhas a chur ar chumais réamhaisnéise, ar chosc, ar ullmhacht agus ar an bhfreagairt ar rioscaí atá ann cheana agus ar rioscaí nua agus ar éifeachtaí na ndúradán, measúnú tionchair agus tuiscint níos fearr ar an ngné dhaonna i straitéisí bainistíochta riosca agus straitéisí um chumarsáid maidir le rioscaí;

Tacú ar bhealach níos éifeachtaí le mana Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030. trí thuiscint níos fearr ar théarnamh iarthubaiste agus taighde ar mheasúnú iarthubaiste níos éifeachtaí ar rioscaí;

Idiroibritheacht an trealaimh agus na nósanna imeachta atá ann leis an gcomhar oibríochtúil trasteorann a éascú, agus le margadh comhtháite san Aontas a éascú.

3.1.2.   An Chosaint agus An tSlándáil

Ní mór na saoránaigh a chosaint ó bhagairtí slándála agus freagairt do bhagairtí slándála ó ghníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear ó ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus ó bhagairtí ilchineáil; daoine, spásanna poiblí agus an bonneagar is tábhachtaí a chosaint ó ionsaithe fisiciúla (lena n-áirítear ábhair Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Raideolaíocha, Núicléacha agus Phléascacha CBRN-E)) agus ó chibirionsaithe; an sceimhlitheoireacht agus an radacú foréigneach a chomhrac, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le smaointe agus le creidiúintí sceimhlitheoireachta agus iad a thuiscint; an choireacht thromchúiseach, lena n-áirítear cibearchoireacht, agus an choireacht eagraithe (amhail píoráideacht agus góchumadh táirgí) a chosc agus a chomhrac; tacaíocht a thabhairt do na híospartaigh; sreafaí coiriúla airgeadais a rianú; acmhainneachtaí nua fóiréinseacha a fhorbairt; tacú le húsáid faisnéise leis an dlí a fhorfheidhmiú agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe an dlí; acmhainneachtaí cosanta teorainneacha a neartú, tacaíocht a thabhairt do bhainistiú teorainneacha an Aontais san aer, ar tír agus ar muir, le haghaidh sreafaí daoine agus earraí agus leis an ngné dhaonna sna bagairtí slándála uile sin, agus ina gcosc agus a maolú, a thuiscint. Is den riachtanas an tsolúbthacht a chaomhnú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála nua má thagann ann dóibh.

Réimsí Ginearálta

Cur chuige nuálaíoch agus teicneolaíochtaí nuálacha do chleachtóirí slándála (amhail fórsaí póilíneachta, briogáidí dóiteáin, seirbhísí leighis, gardaí teorann agus cósta, oifigí custaim), go háirithe i gcomhthéacs chlaochlú digiteach agus idir-inoibritheacht na bhfórsaí slándála, na n-oibreoirí bonneagar, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus iad siúd a bhíonn ag bainistiú spásanna oscailte;

Anailís ar fheiniméin na coireachta trasteorann, ardmhodhanna le sonraí a chomhroinnt agus a bhailiú ar bhealach mear, iontaofa, caighdeánaithe agus trína gcosnaítear an saol príobháideach mar aon le dea-chleachtais;

Gnéithe daonna agus socheacnamaíocha a bhaineann leis an gcoireacht agus leis an radacú foréigneach, i dtaca leo siúd atá luaite le hiompar den chineál sin, nó ar baol go luafaí, mar aon leo siúd a ndéantar difear dóibh dá dheasca, nó ar baol go ndéanfaí, lena n-áirítear smaointe agus creidiúintí sceimhlitheoireachta agus coireanna inscnebhunaithe, ar ghnéaschlaonadh nó ar idirdhealú ciníoch a thuiscint agus a chomhrac;

Anailís ar ghnéithe slándála teicneolaíochtaí nua amhail seicheamh DNA, eagarthóireacht ghéanóim, nana-ábhair agus ábhair fheidhmeacha, AI, córais uathrialacha, ladrainn, róbataic, ríomhaireacht chandamach, criptea-airgeadraí, priontáil agus ábhair inchaite 3T, blocshlabhra, mar aon le feabhas a chur ar an bhfeasacht ar na saoránaigh, ar na húdaráis phoiblí agus ar an lucht tionscail chun cosc a chur ar rioscaí nua slándála agus chun rioscaí atá ann cheana a laghdú, lena n-áirítear ó na teicneolaíochtaí nua sin;

Acmhainneachtaí feabhsaithe um réamhamharc agus um anailís i gcomhair ceapadh beartas agus ar an leibhéal straitéiseach maidir le bagairtí slándála;

Bonneagair chriticiúla agus spásanna oscailte agus poiblí a chosaint ar bhagairtí fisiciúla, digiteacha agus ilchineáil, lena n-áirítear éifeachtaí an athraithe aeráide;

Bréagaisnéis agus bréagnuacht, ag a bhfuil impleachtaí don tslándáil, a fhaire agus a chomhrac, lena n-áirítear acmhainneachtaí a fhorbairt chun bunús na cúblála a bhrath;

Forbairt theicneolaíoch i gcás iarratais shibhialta agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur, agus i gcás inarb iomchuí, ar an idir-inoibritheacht idir an chosaint shibhialta agus fórsaí míleata;

Idir-inoibritheacht an trealaimh agus na nósanna imeachta atá ann chun comhar oibríochtúil, idir-rialtasach agus idirghníomhaireachta a éascú, agus chun forbairt a dhéanamh ar mhargadh comhtháite san Aontas;

Uirlisí agus modhanna a fhorbairt le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, go háirithe chun méadú a dhéanamh ar an gcumas freagartha agus feabhas a chur ar an acmhainneacht faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht daoine thar theorainneacha seachtracha chun brath rioscaí, an fhreagairt do theagmhais agus cosc na coireachta a fheabhsú;

Gníomhaíochtaí calaoiseacha ag pointí trasnaithe teorann agus feadh an tslabhra soláthair a bhrath, lena n-áirítear cáipéisí brionnaithe nó cúbláilte a shainaithint agus an gháinneáil ar dhaoine agus ar earraí neamhdhleathacha a bhrath;

Cosaint na sonraí pearsanta a áirithiú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí, go mór mór i bhfianaise an fhoráis atá ag teacht go pras ar an teicneolaíocht, lena n-áirítear rúndacht agus sláine faisnéise agus inrianaitheacht agus próiseáil na n-idirbheart uile;

Teicnící a fhorbairt le haghaidh táirgí góchumtha a shainaithint, le haghaidh feabhas a chur ar chosaint codanna agus earraí bunaidh agus le haghaidh táirgí arna n-iompar a rialú.

3.1.3.   An Chibearshlándáil

Ní amháin gur bagairt dár ngeilleagair iad na cibearghníomhaíochtaí mailíseacha, ach is bagairt iad d’fheidhmiú ár ndaonlathas, ár saoirse, agus ár luachanna. Is minic an chibearbhagairt ina rud coiriúil, rud arb é an brabús is spreagadh dó, ach uair eile is rud polaitiúil nó straitéiseach a bhíonn ann. Slándáil, saoirse, daonlathas agus rachúnas sa todhchaí, tá siad ag brath ar fheabhas a chur ar an gcumas atá ionainn an tAontas a chosaint ar chibearbhagairtí. Mar gheall ar an gclaochlú digiteach atá ann, ní foláir feabhas mór a chur ar an gcibearshlándáil, rud a áiritheoidh cosaint don líon ollmhór gléasanna Idirlíon na Rudaí Nithiúla a meastar a gceangal leis an idirlíon, mar aon le feidhmíocht shábháilte córas líonra agus faisnéise, lena n-áirítear greillí fuinnimh, uisce óil gona dháileadh, feithiclí agus córais iompair, ospidéil, airgeadas, institiúidí poiblí, monarchana agus tithe na ndaoine. Ní foláir don Eoraip a bheith athléimneach i gcoinne cibirionsaithe agus cibearbhacadh éifeachtach a chruthú, agus, ag an am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar cosaint sonraí agus saoirse na saoránach a neartú. Is é leas an Aontais é a áirithiú go ndéanfaidh sé acmhainneachtaí straitéiseacha cibearshlándála bunriachtanacha a fhorbairt agus a choimeád chun an Margadh Aonair Digiteach a shlánú agus, go háirithe, chun a áirithiú go gcosnófar líonraí criticiúla agus córais faisnéise agus chun seirbhísí bunriachtanacha cibearshlándála a sholáthar. Ní foláir don Aontas a bheith in ann a chuid sócmhainní digiteacha a dhaingniú as a stuaim féin agus dul san iomaíocht sa mhargadh domhanda cibearshlándála.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí feadh an tslabhra luacha dhigitigh (ó chomhchodanna slána agus cripteagrafaíocht atá frithsheasmhach in aghaidh candamach go bogearraí agus líonraí a bhfuil ar a gcumas iad féin a leigheas);

Teicneolaíochtaí, modhanna, caighdeáin agus dea-chleachtais chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí cibearshlándála, riachtanais a bheidh ann amach anseo a thuar, agus tionscal iomaíoch Eorpacha a chothú, lena n-áirítear uirlisí le haghaidh sainaithint leictreonach, brath bagairtí agus cibearshláinteachais, mar aon le hacmhainní oiliúna agus oideachais;

Comhoibriú oscailte le haghaidh líonra Eorpach um inniúlachtaí cibearshlándála agus lárionad Eorpach inniúlachta.

4.   AN BHRAISLE “CÚRSAÍ DIGITEACHA, AN TIONSCAL AGUS AN SPÁS”

4.1.   An Réasúnaíocht

Chun iomaíochas tionsclaíoch agus an acmhainneacht aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá le teacht a áirithiú, ní mór don Aontas méadú a dhéanamh ar a cheannasacht teicneolaíoch agus ar a acmhainneachtaí eolaíochta, teicneolaíochta agus tionscail sna réimsí lárnach atá ina mbunsraith faoi chlaochlú ár ngeilleagair, na háite oibre agus na sochaí.

Is í tionsclaíocht an Aontais a chuireann fiche faoin gcéad de na poist ar fáil, agus dhá thrian den infheistíocht sa T&F a bhaineann leis an earnáil phríobháideach, agus is uaithi a thagann 80 % d’onnmhairí an Aontais. Beidh maidhm nuálaíochta ann, rud a mbeidh cónascadh na dteicneolaíochtaí fisiciúla agus digiteacha i gceist leis, agus beidh deiseanna gan áireamh ann dá bharr do thionsclaíocht an Aontais, agus cuirfear feabhas ar cháilíocht saoil shaoránaigh an Aontais chomh maith.

Tagann ann do nithe go leor arb é an digitiú is cúis leo. Faoi mar atá sé ag dul roimhe go mear sna hearnálacha uile, is rud bunriachtanach dár ngeilleagar agus d’inbhuanaitheacht ár sochaí atá san infheistíocht i réimsí tosaíochta ón AI iontaofa go hIdirlíon na chéad ghlúine eile, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, fótónaic, teicneolaíochtaí candamacha, micrea-ileictreonaic nó nana-ileictreonaic agus róbataic. Is mór an biseach a chuireann sé ar fhás eacnamaíoch an Aontais teicneolaíochtaí digiteacha a tháirgeadh agus a úsáid, agus infheistíocht a dhéanamh iontu, agus idir 2001 agus 2011 dá ghiorra an tréimhse, ba ionann sin agus méadú 30 % de OTI an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tá ról FBManna bunriachtanach i gcónaí san Aontas, ó thaobh fáis agus post. Úsáid teicneolaíochtaí digiteacha in FBManna, spreagann sé iomaíochas agus inbhuanaitheacht.

Is buntaca don chumasc idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach iad na heochairtheicneolaíocht chumasúcháin (8), cumasc atá i gceartlár na maidhme nua nuálaíochta domhanda. Tríd an infheistiú i dtaighde, i bhforbairt, i léiriú agus i gcur chun úsáide forleathan eochairtheicneolaíocht chumasúcháin, agus trí sholáthar slán, inbhuanaithe agus inacmhainne amhábhar agus ábhar ardfhorbartha a áirithiú, daingneofar uathriail straitéiseach an Aontais agus cuideofar le tionscal an Aontais a lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú go suntasach.

De réir mar is iomchuí, déanfar teicneolaíochtaí todhchaíocha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shaothrú freisin.

Tá tábhacht straitéiseach leis an spás; tuairim agus 10 % de OTI an Aontais, tá sé ag brath ar úsáid na seirbhísí spáis. Is de scoth an domhain an earnáil spáis atá ag an Aontas, agus tá tionscal láidir monaraithe satailítí aige freisin, mar aon le hearnáil seirbhísí iartheachtacha bríomhar. Tríd an spás, soláthraítear uirlisí tábhachtacha chun faireacháin, chun cumarsáide, chun loingseoireachta agus chun faireachais, agus is iomaí deis ghnó a thagann uaidh, go mór mór i bpáirt le teicneolaíochtaí digiteacha agus le foinsí faisnéise eile. Caithfidh an tAontas gach deis díobh seo a thapú trí lánsaothrú a dhéanamh ar acmhainneacht a spáschláir Copernicus, EGNOS agus Galileo, agus trí bhonneagair spáis agus talún a chosaint ar bhagairtí ón spás.

Tá féidearthach uathúil ag an Aontas le bheith ina cheannaire domhanda, agus le cur lena sciar féin de mhargaí an domhain, agus déanfar sin ach a thaispeáint cé mar is féidir leis an gclaochlú digiteach, agus le ceannaireacht sna heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus spáis, agus le haistriú go geilleagar ísealcharbóin ciorclach agus iomaíochas, a chéile a athneartú trí fheabhas na heolaíochta agus na teicneolaíochtaí.

Ionas go dtiocfaidh ann do gheilleagar digiteach ciorclach ísealcharbóin agus é ar bheagán astaíochtaí, tá gá le gníomh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de bharr a chasta agus atá na slabhraí luacha, de bharr a shistéamaí agus a ildisciplíní agus atá na teicneolaíochtaí, agus na costais mhóra fhorbartha a théann leo, agus de bharr oiread trasearnála a bheith sna fadhbanna atá ann. Ní mór don Aontas Eorpach a áirithiú go mbeidh tairbhe ag an lucht tionscail ar fad, agus an tsochaí ina hiomláine, ar theicneolaíochtaí agus ar dhigitiú ardfhorbartha glan. Gan rud a dhéanamh ach forbairt a chur ar na teicneolaíochtaí, ní leor é sin ann féin. Is bunriachtanach go mbeadh tuiscint shochaíoch ann ar na teicneolaíochtaí agus na héabhlóidí sin le haghaidh rannpháirtíocht úsáideoirí deiridh agus athrú iompair.

Bonneagair a bhfuil luí acu leis an tionsclaíocht, lena n-áirítear línte píolóta, beidh sin ina chúnamh do ghnólachtaí san Aontas Eorpach, go mór mór do na FBManna, leis na teicneolaíochtaí sin a chur chun úsáide, agus lena bhfeidhmíocht nuálaíochta féin a fheabhsú agus féadfar é sin a éascú freisin le cláir eile de chuid an Aontais.

Is bunriachtanach go mbeadh an lucht tionscail agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach ar bhealach láidir chun tosaíochtaí a leagan síos, cláir oibre T&N a fhorbairt agus giaráil na hinfheistíochta poiblí a mhéadú trí infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus chun glacadh níos fearr torthaí a áirithiú. Tuiscint ar an tsochaí, agus an glacadh a bhíonn le rud sa tsochaí, lena n-áirítear dearadh táirgí, earraí agus seirbhísí a bhreithniú, níl aon rath i ndán dá n-uireasa, ná d’uireasa clár oibre nua um scileanna agus um chaighdeánú atá ábhartha do réimse na tionsclaíochta.

Má thugtar le chéile gníomhaíochtaí ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin spáis agus digiteacha, mar aon le soláthar inbhuanaithe amhábhair, beifear ábalta dul i muinín cur chuige níos sistéamaí, agus claochlú tionsclaíoch agus digiteach níos tapa agus níos doimhne. Áiritheoidh sé gurb éard a dhéanfaidh T&N sna réimsí sin ná comaoin a chur ar chur chun feidhme bheartas an Aontais don tionsclaíocht, don digitiú, don chomhshaol, don fhuinneamh agus don aeráid, don gheilleagar ciorclach, don amhábhar agus don ábhar ardfhorbartha, agus don spás.

Is trí bhíthin cláir eile de chuid an Aontais a áiritheofar an chomhlántacht, agus go háirithe tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach agus faoi Chlár Spáis an Aontais, agus urraim á thabhairt ag an am céanna don dealú idir cláir agus forluí á sheachaint.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí go díreach leis na SFInna seo a leanas ach go háirithe: SFI 8 - Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; I SFI 12 - An Tomhaltas agus An Táirgeadh Freagrach; SFI - 13 Gníomhú ar son na hAeráide.

4.2.   Réimsí Idirghabhála

4.2.1.   Teicneolaíochtaí Monaraithe

Tá tábhacht ar leith leis an monarú chun an bhfostaíocht agus an rachúnas a chur chun cinn san Aontas, mar is rud é a tháirgeann os cionn trí cheathrú d’onnmhairí domhanda an Aontais, agus is é a chuireann os cionn 100 milliún post ar fáil go díreach agus go hindíreach. Fanacht san iomaíocht ar an leibhéal domhanda, le táirgí cliste agus táirgí níos sainiúla a bhfuil breisluach ard iontu, táirgí a tháirgtear ar chostas fuinnimh agus acmhainní ábhar i bhfad níos ísle agus i riocht is gur lú an lorg carbóin agus an lorg comhshaoil a ghabhann leo, sin é an príomhdhúshlán atá roimh mhonarú an Aontais.. Ionchur cruthaitheach agus cultúrtha mar aon le dearcadh ó lucht na n-eolaíochtaí sóisialta agus ndaonnachtaí ar an gcaidreamh idir an teicneolaíocht agus daoine sa táirgeadh, beidh fíorthábhacht leo ó thaobh cabhrú le breisluach a ghiniúint. Déanfar staidéar freisin ar an tionchar ar shaol na hoibre agus ar an bhfostaíocht.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí monaraíochta ceannródaíocha amhail táirgeadh biteicneolaíochta, monarú breiseánach, róbataic thionsclaíoch, chomhoibríoch, sholúbtha agus chliste, chórais mhonaraithe a bhfuil an duine comhtháite iontu, agus iad á gcur chun cinn trí líonra an Aontais de bhonneagair a bhfuil luí acu leis an tionsclaíocht, trína soláthraítear seirbhísí chun dlús a chur leis an gclaochlú teicneolaíoch agus le tionscal an Aontais é a ghlacadh;

Nuálaíochtaí ceannródaíocha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí éagsúla cumasúcháin feadh an tslabhra luacha: áirítear ar na samplaí díobh sin, tá teicneolaíochtaí inréimneacha, intleacht shaorga, cúpla digiteach, anailísíocht sonraí, teicneolaíochtaí rialaithe, teicneolaíochtaí braite, róbataic thionsclaíoch, chomhoibríoch agus chliste, córais dhuinelárnaithe, táirgeadh biteicneolaíochta, ceallraí ardfhorbartha agus hidrigin, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite, agus teicneolaíochtaí cealla breosla, teicneolaíochtaí ardfhorbartha plasma agus léasair;

Scileanna, áiteanna oibre agus gnólachtaí atá in oiriúint go hiomlán do na teicneolaíochtaí nua i gcomhréir le luachanna sóisialta de chuid na hEorpa;

Plandaí comhfhiosacha solúbtha, ardchruinnis, gan cháim, íseal-thruailliú agus ísealdramhaíl, inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh an chomhshaoil de, i gcomhréir le cur chuige an gheilleagair chiorclaigh, córais monaraíochta atá cliste agus fuinneamhéifeachtúil trína bhfreastalaítear ar riachtanais custaiméirí;

An nuálaíocht cheannródaíoch i dteicnící le suíomhanna tógála a chuardach, agus an t-uathoibriú iomlán le rudaí a chur le chéile ar an láthair agus le haghaidh comhchodanna réamhdhéanta.

4.2.2.   Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, lena n-áirítear Teicneolaíochtaí Candamacha

Acmhainneachtaí láidre deartha agus táirgeachta a chaomhnú agus a fhorbairt go neamhspleách amhail micrileictreonaic agus nanaileictreonaic, micreachórais, fótónaic, agus córais bogearraí agus chibearfhisiciúla, agus a gcomhtháthú mar aon le hábhair ardfhorbartha i gcomhair na bhfeidhmchlár sin, beidh an méid sin bunriachtanach chun go mbeidh Aontas ann a bheidh dírithe ar shaoránaigh agus sóisialta.

Réimsí Ginearálta

Micri-leictreonaic agus nanai-leictreonaic, lena n-áirítear ceapadh agus próiseáil coincheap, comhchodanna agus trealaimh monaraíochta trína dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha an chlaochlaithe dhigitigh agus ar dhúshláin dhomhanda, a mhéid a bhaineann le feidhmíocht, feidhmiúlacht, tomhaltas fuinnimh agus ábhar agus comhtháthú;

Teicneolaíochtaí éifeachtúla agus daingne ar de chineál braite agus gníomhrúcháin na teicneolaíochtaí sin agus a gcomhtháthú le haonaid ríomhaireachta mar chumasóir den tionscal agus d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla, lena n-áirítear réitigh nuálacha ar ábhair sholúbtha agus inleasaithe le haghaidh réada idirghníomhaíocha ar furasta don duine leas a bhaint astu;

Teicneolaíochtaí mar chomhlánú nó mar roghanna malartacha ar nanaileictreonaic, amhail ríomhaireacht chandamach chomhtháite, tarchur agus braiteacht mar aon le comhchodanna de ríomhaireacht néaramorfach agus leictreonaic rothlacha;

Ailtireachtaí agus luasairí ríomhaireachta, próiseálaithe ísealchumhachta i gcomhair réimse leathan feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchláir ríomhchumhachta den chineál néaramhorfach i réimse AI, ríomhaireacht an imill, digitiú an tionscail, Mórshonraí agus néalríomhaireacht, fuinneamh cliste agus soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe;

Dearadh crua-earraí ríomhaireachta a chinnteoidh gealltanais láidre ar fhorfheidhmiú iontaofa, dearadh a mbeidh soláthar cosanta mar bhunchuid den phríobháideachas agus den tslándáil atá ann don ionchur agus don aischur faisnéise, ríomhaireacht chandamach mar aon le treoreacha próiseála agus comhéadain leormhaithe duine le meaisín;

Teicneolaíochtaí fótónaice lena gcumasaítear feidhmchláir a bhfuil dul chun cinn ceannródaíoch iontu san fheidhmiúlacht, sa chomhtháthú agus san fheidhmíocht;

Teicneolaíochtaí innealtóireachta córais agus rialaithe chun tacú le córais atá solúbtha, infhorbartha agus iomlán-uathrialach le haghaidh feidhmchláir iontaofa lena ndéantar idirghníomhaíocht leis an domhan fisiciúil agus le daoine, lena n-áirítear fearainn thionsclaíocha agus fearainn a bhfuil tábhacht as cuimse leis an tsábháilteacht iontu;

Teicneolaíochtaí bogearraí lena gcuirtear le cáilíocht na mbogearraí, le cibearshlándáil agus le hiontaofacht a mbeidh feabhas ann ar feadh ré na seirbhísí, lena méadaítear an táirgiúlacht san fhorbairt, agus lena ndéantar AI a bheidh mar bhunchuid den earra a thabhairt isteach, chomh maith le hathléimneacht na mbogearraí agus a n-ailtireacht;

Teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn lena leathnaítear teicneolaíochtaí digiteacha.

4.2.3   Teicneolaíochtaí Cumasúcháin atá ag Teacht Chun Cinn

Tá sé léirithe ag eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin go bhfuil sé d’acmhainneacht acu an nuálaíocht a spreagadh in a lán earnálacha (9). Chun forbairt teicneolaíochtaí nua cumasúcháin a éascú agus chun cur leis an píblíne na nuálaíochta, ní mór téamaí claochlaitheacha taighde a shainaithint, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ón gcéim luath thaiscéalaíoch go dtí taispeántais i bhfeidhmchláir phíolótacha. Fairis sin, pobail atá ag teacht chun cinn, ar minic pobail idirdhisciplíneacha iad, ní mór cúnamh a thabhairt dóibh chun go mbeadh an mhais chriticiúil acu a d’fhágfadh go mbeidís in ann teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu a fhorbairt agus a aibiú. Is é an sprioc atá ann ná teicneolaíochtaí cumasúcháin a dhéanamh chomh haibí sin gur féidir iad a chuimsiú i dtreochlár tionsclaíoch T&N.

Réimsí Ginearálta

Tacaíocht do na treochtaí atá ag teacht chun cinn, agus do threochtaí a bheidh ann amach anseo, maidir le heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin;

Tacaíocht do phobail atá ag teacht chun cinn lena mbaineann cur chuige duine-láraithe ón tús;

Measúnú a dhéanamh ar ionchas suaiteach teicneolaíochtaí tionsclaíocha nua atá ag tacht chun cinn, agus ar a dtionchar ar dhaoine, ar thionscal, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol, comhéadain a dhéanamh le treochlár tionsclaíoch;

Leathnú a dhéanamh ar an mbonn tionsclaíoch le haghaidh teicneolaíochtaí agus nuálaíocht ag a bhfuil mianach ceannródaíoch a ghlacadh, lena n-áirítear forbairt acmhainní daonna agus sa chomhthéacs domhanda.

4.2.4.   Ábhair Ardfhorbartha

Is ceannaire domhanda atá san Aontas sna hábhair ardfhorbartha, ábhair a bhfuil beagnach 20 % de bhunsraith a chuid tionsclaíochta i gceist leo, agus rud a bhfuil mórán gach slabhra luacha dá chuid fréamhaithe ann i réimse claochlaithe na n-amhábhar. Má tá i ndán don Aontas gan dul ó iomaíochas, agus freastal ar riachtanais na saoránach ó thaobh ábhar ardfhorbartha de atá sábháilte agus inbhuanaithe, ní mór dó infheistíocht a dhéanamh i dtaighde i gcomhair nua-ábhair, lena n-áirítear ábhair bhithbhunaithe agus ábhair thógála éifeachtúla agus nuálaíocha a fhoinsiú, marthanacht agus acmhainn athchúrsála na n-ábhar a fheabhsú, an lorg carbóin agus an lorg a fhágann sé ar an gcomhshaol a laghdú, agus an nuálaíocht thionsclaíoch trasearnála a bhrú chun cinn trí thacú le feidhmchláir i ngach uile earnáil thionsclaíoch. Thairis sin, tá tionchar as cuimse ag ábhair ardfhorbartha maidir le riachtanais na saoránach.

Réimsí Ginearálta

Ábhair (lena n-áirítear polaiméirí, bith-ábhar, nana-ábhar, ábhar déthoiseach, ábhar cliste agus il-ábhar (lena n-áirítear ligniceallalós), comhchodaigh, miotal agus cóimhiotal) agus ábhair ardfhorbartha (amhail ábhar candamach, freagrúil, fótónaice agus forsheoltach) arna ndearadh agus idir airíonna agus fheidhmiú nua iontu a thagann leis na ceanglais rialála (ach gan breis brú a chur ar an gcomhshaol le linn a shaolré uile, ó tháirgeadh go húsáid nó deireadh a ré);

Próisis um chomhtháthú ábhar, agus táirgeadh de réir cur chuige eiticiúil atá dírithe ar an gcustaiméir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí réamhnormatacha agus measúnú fad a saolré, foinsiú agus bainistiú na n-amhábhar, an mharthanacht, an in-athúsáideacht, agus an in-athchúrsáltacht, an tsábháilteacht, measúnú riosca do shláinte an duine agus bainistiú comhshaoil agus riosca;

Cumasóirí ábhar ardfhorbartha, amhail an carachtarú (mar shampla don dearbhú cáilíochta), déanamh samhlacha agus ionsamhlúchán, píolótú, agus uas-scálú;

Éiceachóras nuálaíochta de chuid an Aontais sna teicneolaíochtaí bonneagair (10), atá nasctha agus inrochtana ag na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, arna sainaithint agus arna dtús-áitiú le comhaontú na mBallstát, bonneagair a sholáthraíonn seirbhísí le luas a chur faoin gclaochlú teicneolaíochta agus an glacadh a bheidh tionscal an Aontais leis, go mór mór ag FBManna; clúdóidh an t-éiceachóras nuálaíochta seo na heochairtheicneolaíochtaí ar fad atá riachtanach chun an nuálaíocht a chur i gcumas i réimse na n-ábhar;

Réitigh atá bunaithe ar ábhair ardfhorbartha d’oidhreachta cultúrtha, dearadh, ailtireacht agus cruthaitheacht ghinearálta a bhfuil luí mór acu leis an úsáideoir, chun cur le luach na n-earnálacha tionsclaíocha agus na dtionscal cruthaitheach.

4.2.5.   Intleacht Shaorga agus Róbataic

Is rud é a bhfuil claonadh ollmhór ina threo ná intleacht dá chuid féin a bheith i ngach uile réad nó gaireas dá bhfuil á dhéanamh agus é a bheith nasctha. I measc na gcúiseanna móra a bheidh le fás eacnamaíoch agus táirgiúlachta sa todhchaí, beidh obair lucht taighde agus lucht nuála i bhforbairt AI, agus i dtairiscint feidhmchlár i réimse na róbataice agus i réimsí nach é. Is iomaí earnáil a chuirfidh tuilleadh forbartha ar an eochairtheicneolaíocht chumasúcháin seo, agus is iomaí earnáil a bhainfidh úsáid as i gcodanna eile de Fís Eorpach, amhail an earnáil sláinte, an earnáil monaraíochta, longthógáil, an earnáil tógála, tionscail seirbhíse agus an earnáil feirmeoireachta. Forbairtí AI, ní mór iad a dhéanamh go hoscailte ar fud an Aontais, ní mór dóibh sábháilteacht agus sláine shochaíoch agus comhshaoil na bhfeidhmchlár atá bunaithe ar AI, a áirithiú, gnéithe eiticiúla a bhreithniú ón tús, na rioscaí a mheas, chomh maith le maolú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann úsáid mhailíseach a bhaint astu agus leatrom nár beartaíodh a dhéanamh trína mbíthin amhail claonadh inscne, ciníoch nó míchumais. Ní mór a áirithiú freisin go ndéanfar AI a fhorbairt faoi chuimsiú creat atá dea-chomhordaithe trína n-urramaítear luachanna an Aontais, prionsabail eiticiúla agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Comhlánófar Fís Eorpach sin le gníomhaíochtaí a leagtar amach faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí AI a chumasú, amhail AI inmhínithe, AI eiticiúil, AI atá faoi smacht an duine, an mheaisínfhoghlaim nach bhfuil faoi mhaoirseacht agus éifeachtúlacht sonraí agus idirghníomhaíochtaí ardfhorbartha duine le meaisín agus idirghníomhaíochtaí meaisín le meaisín;

Róbataic shábháilte, chliste, chomhoibríoch agus éifeachtúil agus córais chasta, chorpraithe agus uathrialaitheacha;

Teicneolaíochtaí duine-lárnacha le haghaidh réitigh atá bunaithe ar AI;

Inniúlachtaí taighde i réimse AI a fhorbairt agus a líonrú ar fud na hEorpa de réir dearcadh oscailte comhoibríoch agus forbairt a dhéanamh ag an am céanna ar an acmhainneacht tástáil iata a dhéanamh;

AI agus róbataic a chur in úsáid chun tacú le daoine atá faoi mhíchumas agus le cuimsiú daoine imeallaithe;

Teicneolaíochtaí le haghaidh ardáin AI oscailte, ar a n-áirítear bogearraí algartaim, bunachair faisnéise, an róbotaic, agus ardáin na gcóras neamhspleách.

4.2.6.   Idirlíon na Chéad Ghlúine Eile

Faoin am seo, tá an t-idirlíon ina phríomhchumasóir don chlaochlú digiteach i ngach uile earnáil den gheilleagar agus den tsochaí atá againn. Ní mór don Aontas a bheith chun cinn ar chách le hidirlíon na chéad ghlúine eile a bhrú i dtreo éiceachórais dhuine-lárnacha i gcomhréir lenár gcuid luachanna sóisialta agus eiticiúla. An t-infheistiú sna teicneolaíochtaí agus i mbogearraí idirlíon na chéad ghlúine eile, cuirfidh sé feabhas ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais sa gheilleagar domhanda. Teastóidh comhar ar scála mór leis na geallsealbhóirí ar fad chun go nglacfar leis na nithe seo chomh mór agus is féidir ar fud an Aontais. Ba cheart noirm eiticiúla a rialaíonn idirlíon na chéad ghlúine eile a chur san áireamh freisin.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí agus córais le haghaidh bonneagair seirbhísí agus bonneagar líonraí cliste atá iontaofa agus éifeachtach ó thaobh fuinnimh de (lena n-áirítear an nascacht lastall de 5G, bonneagair shainiúla bogearraí, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, córais chórais, líonraí optaice na chéad ghlúine eile, candam, scamaill chognaíocha agus an t-idirlíon candamach, comhtháthú na cumarsáide satailíte), rud a chuireann inniúlachtaí fíor-ama i gcumas, an bhainistíocht díláraithe agus bainistíocht na fíoraíochta (an raidió sárthapa solúbtha, ríomhaireacht an imill, an comhthéacs roinnte agus an t-eolas roinnte) chun feidhmíocht líonra inscálaithe, éifeachtach, iontaofa agus inmhuiníne atá oiriúnach do chur chun úsáide ollmhór seirbhíse líonra intomhaiste a áirithiú;

Feidhmchláir idirlín na chéad ghlúine eile agus seirbhísí don tomhaltóir, don earnáil tionsclaíochta agus don tsochaí a bheidh bunaithe ar iontaoibh, cothroime, an idir-inoibritheacht, feabhas ar smacht an úsáideora ar an bhfaisnéis, rochtain trédhearcach ar theangacha, coincheapanna nua ilmhódacha idirghníomhaíochta, rochtain ar oibiachtaí ar fhaisnéis agus ar ábhar a bheidh an-phearsanaithe agus cuimsitheacht, agus idir líonrú sóisialta, mheáin shóisialta agus mheáin a mbeidh iontaofacht iontu chomh maith le samhlacha gnó le haghaidh idirbhearta agus seirbhísí thar bhonneagair chomhroinnte;

Meánearraí a bheidh bunaithe ar bhogearraí, ina measc sin teicneolaíochtaí mórleabhair dáilte amhail blocshlabhraí, rud a bheidh ag obair i dtimpeallachtaí ard-dáilte lena n-éascófar mapadóireacht sonraí agus aistriú sonraí trasna na mbonneagar ilchineáil a bhfuil an chosaint sonraí mar bhunchuid díobh, agus idir AI, anailísíocht sonraí, slándáil agus rialú a chur i gcorp na bhfeidhmchlár idirlín sin, agus seirbhísí dar preideacáid saorshreabhadh na sonraí agus an eolais.

4.2.7.   An Ríomhaireacht Ardfhorbartha agus Mórshonraí

Is dhá rud iad an HPC agus Mórshonraí nach dtig le geilleagar sonraí domhanda nua feidhmiú dá n-uireasa áit arb ag an ardchumas ríomhaireachta a bheidh an mórbhuntáiste iomaíochta. Déanfar HPC agus anailísíocht Mórshonraí a spreagadh, agus is dhá rud iad sin a bhfuil tábhacht ar leith leo chun tacú le ceapadh beartas, ceannaireacht eolaíoch, nuálaíocht agus iomaíochas tionsclaíoch, agus le caomhnú na ceannasachta náisiúnta agus saincheisteanna eiticiúla á n-urramú. Comhlánófar na gníomhaíochtaí sin le gníomhaíochtaí faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

Réimsí Ginearálta

HPC: an chéad ghlúin eile de na teicneolaíochtaí agus na córais eicseascála agus iar-eicseascála (amhail micreaphróiseálaithe ísealchumhachta, bogearraí, agus comhtháthú na gcóras); algartaim, cóid agus feidhmchláir, uirlisí anailíse agus beirtreacha tástála; Seirbhísí agus beirtreacha píolóta tionsclaíocha; tacú le T&N le haghaidh bonneagair HPC de scoth an domhain agus rannpháirtíocht na mBallstát uile ann, ar a n-áirítear an chéad HPC ilchineáil /an chéad bhonneagar sa ríomhaireacht chandamach a bheidh ann, agus tacú le T&I le haghaidh seirbhísí comhroinnte san Aontas;

Mórshonraí: Anailísíocht sonraí rí-ardfheidhmíochta; “An phríobháideacht trí dhearadh” in anailís na Mórshonraí atá pearsanta agus faoi rún; teicneolaíochtaí le haghaidh ardáin faisnéise ar scála iomlán le haghaidh athúsáid sonraí tionsclaíocha pearsanta agus oscailte; bainistiú sonraí, idir-inoibritheacht, agus uirlisí ceangail; feidhmchláir sonraí le haghaidh dúshlán domhanda; modhanna le haghaidh eolaíocht sonraí;

Lorg carbóin na bpróiseas maidir le teicneolaíocht eolais agus cumarsáide (TFC) a laghdú, idir chrua-earraí, ailtireacht, phrótacail chumarsáide, bhogearraí, bhraiteoirí, líonraí, lárionaid stórála agus sonraí, agus measúnuithe caighdeánaithe a bheith san áireamh ann.

4.2.8.   Tionscail Chiorclacha

Is í an Eoraip atá in áit an cheannródaí sa chlaochlú domhanda ionsar geilleagar ciorclach. Ba cheart d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa athrú a chur air féin ionas gur thionsclaíocht chiorclach a bheidh ann: luach na n-acmhainní, na n-ábhar agus na dtáirgí, ba cheart iad a chaomhnú níos faide ná mar a dhéantar inniu, agus slabhraí luacha nua a oscailt amach fiú amháin. Tá rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach.

Beidh tábhacht mhór go fóill arís le ról na n-amhábhar príomha sa gheilleagar ciorclach, agus ní mór aird a thabhairt ar iad a fhoinsiú, a úsáid agus a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Déanfar timthriallta ábhar sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart ábhair nua, lena n-áirítear ábhair táirgí agus próisis bhithbhunaithe, a dhearadh don chiorclaitheacht. Rachaidh tógáil earnáil tionsclaíochta ciorclach chun tairbhe na hEorpa ar roinnt bealaí: rachaidh sin i dtreo soláthar amhábhair a bheith slán, inbhuanaithe agus inacmhainne, rud a bheidh ina chosaint don earnáil tionsclaíochta arís ar ais in aghaidh theirce na n-acmhainní agus in aghaidh ghuagacht na bpraghas. Rud eile de, cruthóidh sé deiseanna nua gnó agus bealaí nuálacha chun táirgeachta a mbeidh breis éifeachtachta ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de iontu. Déanfar T&F atá dírithe ar shubstaintí nach bhfuil chomh guaiseach a ghríosú agus spreagadh.

Is é cuspóir atá ann nuálaíocht inacmhainne a fhorbairt a mbeidh barr ceannródaíochta ann, agus cumasc teicneolaíochtaí agus próisis ardfhorbartha a chur chun úsáide ionas gur féidir an luach uasta a bhaint as na hacmhainní ar fad.

Réimsí Ginearálta

An tsiombóis thionsclaíoch le sreabhadh acmhainní idir ionaid trasna na n-earnálacha agus na bpobal uirbeach; próisis agus ábhair le haghaidh stóráil, iompar, claochlú agus athúsáid a dhéanamh ar acmhainní, arna chónascadh le luacháil na seachtháirgí, na dramhaíola, an fhuíolluisce agus CO2;

Measúnú luachála agus measúnú saolré ar ábhair agus ar shreabhadh táirgí le húsáid malairt stoc cothabhála agus stoc nua cothabhála, mar aon le rialú acmhainní, rianú ábhair agus scagadh (lena n-áirítear modhanna bailíochtaithe tástála agus uirlisí i gcomhair measúnú riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol);

Táirgí, seirbhísí agus samhlacha nua gnó éicidheartha leis an bhfeidhmíocht saolré, an marthanacht, an in-uasghrádaitheacht, an tsodheisitheacht, an díchóimeáil, an athúsáid agus an athchúrsáil a fheabhsú;

An tionscal éifeachtach athchúrsála, an acmhainn agus an tsábháilteacht uasta a bhaint as na hábhair thánaisteacha, an truailliú (timthriallta ábhar neamhthocsaineach), a laghdú chomh mór agus is féidir, an t-íosghrádú ardchaighdeáin, agus cainníocht díomhaontais tar éis na cóireála;

Substaintí ar díol imní iad a chur as an áireamh nó, mura bhfuil aon rogha ann, iad a láimhseáil go sábháilte le linn na dtáirgeachta agus i ndeireadh saolré; ionadaithe sábháilte, agus teicneolaíochtaí táirgeachta sábháilte a mbeidh éifeacht iontu ó thaobh costas de;

Soláthar inbhuanaithe agus ionadú inbhuanaithe na n-amhábhar, na hamhábhair chriticiúla san áireamh, rud a chlúdóidh an slabhra luacha ar fad.

4.2.9.   Tionscail Ísealcharbóin Ghlana

Cuireann na hearnálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear tionscail dianfhuinnimh amhail tionscal na cruach, na milliúin post ar fáil, agus ní mhairfeadh an rathúnas inár gcuid sochaithe gan iomaíochas na dtionscal sin. Cé ea áfach, is iad is cúis le 20 % d’iomlán astaíochtaí gáis cheaptha teasa, agus bíonn tionchar mór acu ar an gcomhshaol (go mór mór ar an uisce agus ar an aer, agus de bharr gach ní dá dtruaillíonn an ithir).

Is é rud a mbeidh laghdú suntasach ar an ngás ceaptha teasa dá bharr, laghdú ar na nithe is cúis leis an truailliú agus laghdú ar cheanglais fhuinnimh an Aontais, teicneolaíochtaí barr ceannródaíochta agus iad i gcumasc go minic le teicneolaíochtaí ón earnáil tionsclaíochta chiorclach, mar a pléadh thuas, rud a rachaidh i dtreo slabhraí luacha láidre san earnáil tionsclaíochta, a chuirfidh réabhlóid faoi acmhainneachtaí táirgeachta, agus a chuirfidh feabhas ar iomaíochas na hearnála tionsclaíochta; agus san am céanna comaoin ríthábhachtach a chur ar na spriocanna atá againn i leith ghníomhú ar son na haeráide agus i leith cháilíocht an chomhshaoil.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí na bpróiseas, idir théamh agus fhuarú, uirlisí digiteacha, uathoibriú agus léirsithe mórscála d’fheidhmíocht na bpróiseas agus d’éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh; laghdú suntasach ar astaíochtaí tionsclaíocha na ngás ceaptha teasa agus gach ní dár cúis le truailliú, nó seachaint na n-astaíochtaí sin, damhna na gcáithníní san áireamh;

luacháil CO2 ón earnáil tionsclaíochta agus ó earnálacha eile;

Teicneolaíochtaí tiontaithe i gcomhair úsáid inbhuanaithe foinsí carbóin chun éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus chun astaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear córais fuinnimh hibrideacha don earnáil tionsclaíochta agus fuinnimh a bhfuil acmhainneacht dícharbónaithe inti;

An t-aibhléisiú agus úsáid na bhfoinsí fuinnimh neamhghnácha laistigh d’ionaid thionsclaíocha, fuinneamh agus malartú acmhainní idir ionaid thionsclaíocha (tríd an tsiombóis thionsclaíoch, cuir i gcás);

Táirgí tionsclaíocha a dteastaíonn astaíochtaí ísle carbóin uathu, nó gan astaíochtaí carbóin dá laghad, ina gcuid próiseas táirgeachta i gcaitheamh a tsaolré.

4.2.10.   An Spás, lena n-áirítear Faire na Cruinne

Na córais spáis atá ag an Aontas, laghdaíonn siad costais agus cuireann siad feabhas ar chúrsaí éifeachtúlachta, cuireann siad réitigh ar fáil do dhúshláin na sochaí, cuireann siad le hathléimneacht na sochaí, cabhraíonn siad le faireachán a dhéanamh ar an athrú aeráide agus é a chomhrac, agus cothaíonn siad geilleagar iomaíoch inbhuanaithe. Bhí lámh ag tacaíocht an Aontais i réadú na sochar seo. Ba cheart go dtacódh gníomhaíochtaí T&N freisin le forás Chlár Spáis an Aontais ar gá dó fanacht chun tosaigh i dtaca le forbairt theicneolaíochta.

Tacóidh an tAontas le sineirgí idir an spás agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin (amhail ardmhonaraíocht, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, Mórshonraí, fótónaic, teicneolaíochtaí candamacha, an róbataic, agus AI); earnáil spáis atá bisiúil, fiontraíoch agus iomaíoch go réamhtheachtach agus go hiartheachtach a chothú, lena n-áirítear an earnáil tionsclaíochta agus FBManna; borradh a chur faoi chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí, sonraí agus seirbhísí spáis in earnálacha eile agus cuidiú neamhspleáchas teicneolaíoch a bhaint amach i dtaca le rochtain a fháil ar an spás agus chun feidhm a bhaint as ar bhealach straitéiseach, sábháilte agus slán; agus déanfaidh siad bearta forbartha acmhainní a chur chun cinn. Is ar an treochlár a bhunófar na gníomhaíochtaí den chuid is mó, agus cuirfear san áireamh próiseas comhchuibhithe na Gníomhaireachta Eorpaigh Spáis (GES), mar aon le tionscadail de chuid na mBallstát a bhaineann le hábhar, agus is í GES agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh don Chlár Spáis a chuirfidh chun feidhme é i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696. Tacóidh cuid spáis na braisle seo freisin, áfach, le glaonna ón mbonn aníos chun ligean do theicneolaíochtaí spáis teacht chun cinn amach anseo.

Tá gá le teicneolaíochtaí nua a chur chun úsáide agus a shaothrú ar bhonn níos fairsinge, iad a nuashonrú agus T&N a dhéanamh ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic leis na bearnaí i bhfaire na cruinne ar talamh agus ar muir agus san atmaisféar (amhail aigéin fholláine agus farraigí folláine, agus cosaint don éiceachóras), ag baint tairbhe as Copernicus agus cláir ábhartha Eorpacha eile mar fhoinsí bunriachtanacha agus comhordú a dhéanamh trí Chóras na gCóras um Fhaire na Cruinne (GEOSS) agus trína chomhpháirt Eorpach, EuroGEO.

Réimsí Ginearálta

Na Córais Domhanda um Loingseoireacht Satailíte Eorpacha (EGNOS agus Galileo): feidhmchláir nuálacha, an glacadh domhanda agus páirtithe idirnáisiúnta san áireamh, réitigh a chuirfidh feabhas ar an scafántacht, an deimhniú, macántacht na seirbhísí, forbairt na mbunchodanna idir scealláin, ghlacadóirí agus aintéiní, inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair, ar choinníollacha cost-éifeachtúla agus inacmhainne, teicneolaíochtaí nua (amhail teicneolaíochtaí candaim, naisc optacha, ualaí íocaíochta ath-inchláraithe), i dtreo shaothrú leanúnach na seirbhísí d’fhonn dul i gcion ar dhúshláin na sochaí; forbairt chórais na chéad ghlúine eile le haghaidh dúshláin nua mar atá an tslándáil nó an tiomáint uathrialaitheach;

Clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus): an beartas sonraí oscailte iomlán agus saor a ghiaráil, feidhmchláir nuálacha a fhorbairt, glacadh Eorpach agus domhanda, lena n-áirítear gníomhaithe neamh-spáis agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, taighde atá de dhíth chun croí-sheirbhísí agus taighde a choinneáil ar bun, a fheabhsú, agus a fhairsingiú i gcomhair comhshamhlú agus saothrú sonraí spáis, scafántacht agus éabhlóid na seirbhísí, inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair, braiteoirí, córais agus coincheapanna misin (amhail ardáin for-airde, ladrainn, satailítí éadroma); calabrú agus bailíochtú; leanúint de shaothrú na seirbhísí agus na dtionchar ar dhúshláin na sochaí; teicnící próiseála sonraí um fhaire na cruinne, lena n-áirítear Mórshonraí, acmhainní ríomhaireachta agus uirlisí algartaim; forbairt chórais na chéad ghlúine eile le haghaidh dúshláin mar atá athrú na haeráide, na poil agus an tslándáil; síneadh ar phunann táirgí agus seirbhísí Copernicus;

Feasacht staide an spáis: forbairtí chun tacú le hacmhainneacht láidir an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuil an timpeallacht spáis agus chun í a thuar (amhail aimsir an spáis), lena n-áirítear guaiseacha radaíochta, smionagar spáis agus réada i ngar don Domhan; forbairt ar theicneolaíochtaí braiteoirí agus ar choincheapa nua seirbhíse, amhail bainistiú thrácht spáis, feidhmchláir agus seirbhísí chun bonneagar criticiúil a dhaingniú sa spás agus ar Domhan;

Cumarsáid satailíte gan phriacal do lucht rialtais an Aontais: réitigh ina thacaíocht do neamhspleáchas an Aontais i gcomhair úsáideoirí rialtais lena n-áirítear an trealamh gaolmhar úsáideora agus réitigh ailtireachta, theicneolaíocha agus chórais don spás agus don bhonneagar ar talamh;

Cumarsáid satailíte do na saoránaigh agus na gnólachtaí: cumarsáid satailíte ardfhorbartha costéifeachtach a chomhtháthú sna líonraí talún le ceangal a dhéanamh idir sócmhainní agus daoine i gceantair a bhfuil easpa seirbhísí iontu, mar chuid den nascacht il-láithreach atá curtha i gcumas ag 5G, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus mar chomaoin ar bhonneagar an idirlín na chéad ghlúine eile; an trealamh don úsáideoir a fheabhsú agus do rannóg na talún den trealamh, caighdeánú agus idir-inoibritheacht, agus lárchumarsáid chandamach trí shatailít a ullmhú chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a áirithiú;

Inbhuanaitheacht an tslabhra sholáthair agus neamhspleáchas air: méadú i leibhéil réidhe teicneolaíochta sna satailítí agus sna gléasanna seolta; leathchuid an spáis agus leathchuid na talún faoi mar a ghabhann leis an trealamh, mar aon le háiseanna táirgthe agus tástála i gcomhlántacht le Gníomhaireacht Eorpach Spáis; le ceannaireacht theicneolaíoch agus neamhspleáchas an Aontais a dhéanamh slán, is féidir leis an feabhas ar inbhuanaitheacht an tslabhra sholáthair ar dhálaí cost-éifeachtacha agus inacmhainne, an laghdú spleáchais ar theicneolaíochtaí criticiúla spáis nach de chuid an Aontais Eorpaigh iad, agus eolas feabhsaithe ar an mbealach a oibríonn teicneolaíochtaí spáis réitigh a chur ar fáil d’earnálacha tionsclaíocha eile agus vice versa;

Spáschórais: bailíochtú le linn eitilt i bhfithis don tsatailít, mar aon le seirbhísí taispeána, ar a n-airítear seirbhísí na gcomh-mharcach do na satailítí éadroma; taispeántóirí spáis i réimse na satailítí hibrideacha, na satailítí cliste, nó na satailítí inathchumraithe, an seirbhísiú, an monarú, an cur le chéile agus an soláthar fuinnimh ag baint feidhm as foinsí éagsúlaithe le linn don tsatailít a bheith ag eitilt i bhfithis; próisis thionsclaíocha agus uirlisí táirgthe nua; córais talún; nuálaíocht barr ceannródaíochta agus an t-aistriú teicneolaíochta, i réimse na hathchúrsála, na spásanna glasa, úsáid inbhuanaithe shíochánta acmhainní spáis, AI, na róbotaice, an digitithe, na héifeachtúlachta costais agus na mionsamhlacha;

Rochtain ar an spás: teicneolaíochtaí nuálacha chun comhoiriúnacht theicniúil agus éifeachtúlacht eacnamaíoch chórais spáslainseála na Eorpacha a mhéadú, maidir le lainseáil shatailítí an Aontais: próisis táirgeachta ísealchostais, teicneolaíochtaí in-athúsáideachta d’fheithiclí lainseála agus coincheapa i gcomhair laghdú costais; coincheapa i gcomhair na rannóga talún de lainseálaithe amach anseo agus bonneagair thalún atá ann cheana (amhail digitiú agus ardbhainistiú sonraí) a oiriúnú; seirbhísí agus coincheapa nuálacha spáis, lena n-áirítear córais lainseála atá dírithe ar shatailítí éadroma (amhail micrealainseálaithe), i gcomhlántacht le Gníomhaireacht Eorpach Spáis;

Eolaíocht an spáis: saothrú ar shonraí eolaíocha arna mbailiú le linn misin fhionnachtana agus eolaíochta, agus é i gcumasc le forbairt na n-uirlisí nuálacha i dtimpeallacht idirnáisiúnta idirdhisciplíneach; comaoin a chur air réamhtheachtaithe ar mhisin eolaíochta d’fhonn éabhlóid Chláir Spáis an Aontais a chur chun cinn.

5.   AN BHRAISLE “AN AERÁID, FUINNEAMH AGUS AN tSOGHLUAISTEACHT”

5.1.   An Réasúnaíocht

Is é an meascán idir T&N maidir leis an aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht a thabharfar aird ar bhealach an-chomhtháite agus éifeachtach ar cheann de na dúshláin domhanda is tábhachtaí i dtaobh inbhuanaitheacht agus todhchaí ár gcomhshaoil, ár ngeilleagar agus ár modh beatha.

Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh beidh ar an Aontas iompú go geilleagair agus sochaithe atá neodrach ó thaobh díobhála aeráide de, tíosach ar acmhainní agus athléimneach. Beidh gá le hathruithe móra i dtaca le teicneolaíocht, próisis, táirgí agus seirbhísí agus ar iompraíocht gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tiocfaidh athrú ar an margadh fuinnimh trí idirghníomhaíocht na teicneolaíochta, an bhonneagair a nascann na margaí, forsaí an mhargaidh mar aon le creataí beartais agus rialúcháin, lena n-áirítear cineálacha nua rialachais. Chun leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht domhanda a theorannú go 1,5°C, ní mór dul chun cinn mear a áirithiú ar dhí-charbonú na n-earnálacha fuinnimh, iompair, foirgneamh, tionsclaíocha agus talmhaíochta. Tá spreagadh nua de dhíth chun dlús a chur le ráta forbartha dhul chun cinn na chéad ghlúine eile agus chun teicneolaíochtaí agus réitigh cost-éifeachtúla nuálacha a léiriú agus a chur chun úsáide, lena n-úsáidfí freisin na deiseanna arna gcur ar fáil ag teicneolaíochtaí digiteacha, biteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí spáis, chomh maith le heochairtheicneolaíocht chumasúcháin agus ardábhair. Féachfar leis sin a bhaint amach trí chur chuige comhtháite lena gcuimseofar dícharbónú, éifeachtúlacht acmhainne, athshlánú feabhsaithe, athúsáid agus athchúrsáil, laghdú ar aerthruailliú, rochtain ar amhábhair agus geilleagar ciorclach i gclár Fís Eorpach.

Chun dul chun cinn a dhéanamh sna hearnálacha sin, agus ar fud speictream earnáil tionsclaíochta an Aontais lena n-áirítear bonneagair fhuinnimh, iompar, talmhaíocht agus foraoiseacht, turasóireacht, foirgnimh, próisis thionsclaíocha, úsáid táirgí agus bainistiú dramhaíola agus athchúrsáil (11), is gá iarracht leanúnach a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar mheicníocht agus dinimic an athraithe aeráide agus ar na tionchair ghaolmhara ar fud an gheilleagair agus na sochaí, ag baint tairbhe as sineirgí le gníomhaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta, cineálacha eile gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus le comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí nuálaíocht mhisin.

Leis na deicheanna de bhlianta anuas, tá dul chun cinn nach beag déanta san eolaíocht aeráide, go háirithe maidir le breithnithe agus comhshamhlú sonraí agus samhaltú aeráide. Mar sin féin, mar gheall ar chastacht an chórais aeráide agus an gá tacú le Comhaontú Pháras, na SFInna agus beartais de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ní mór iarracht atreisithe a dhéanamh na bearnaí eolais atá fágtha a líonadh agus le gráinneacht spásúil agus ama na heolaíochta aeráide a fheabhsú tuilleadh agus ag an am céanna idirghníomhaíocht leordhóthanach le saoránaigh agus le geallsealbhóirí eile a áirithiú.

Tá creat beartais cuimsitheach bunaithe ag an Aontas sa straitéis don Aontas Fuinnimh, le spriocanna ceangailteacha, gníomhartha reachtacha agus gníomhaíochtaí T&N lena mbaineann an aidhm a bheith ar thús cadhnaíochta córais táirgthe fuinnimh éifeachtúil bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus malartach a fhorbairt agus a chur chun úsáide (12).

Cinntíonn iompar, lena n-áirítear, soghluaisteacht daoine agus earraí atá riachtanach má táimid chun margadh aonair comhtháite, comhtháthú críche agus sochaí oscailte, chuimsitheach a bheith againn san Eoraip. Ag an am céanna, féadfaidh iarmhairtí diúltacha suntasacha a bheith ag iompar ar shláinte daoine, ar bhrú tráchta, ar thalamh, ar uisce, ar aeráid, ar aercháilíocht agus ar thorann, agus ar shábháilteacht a mbíonn roinnt bás anabaí agus costais shocheacnamaíocha mhéadaithe mar thoradh air. Leanfaidh an t-éileamh ar earraí agus ar shoghluaisteacht de bheith ag fás. Dá bhrí sin, beidh ar an nuálaíocht an bhearna a dhúnadh idir éileamh atá ag dul i méad agus córais soghluaisteachta agus iompair atá níos glaine agus níos éifeachtaí ar gá dóibh a bheith sábháilte, cliste, slán, ciúin, iontaofa, inrochtana, cuimsitheach agus inacmhainne anuas air sin, agus a thairgeann seirbhís gan uaim ó dhoras go doras do chách.

Spreagthaí tábhachtacha iomaíochas agus fhás eacnamaíoch na hEorpa is ea an dá earnáil. Tá earnáil an iompair ina bhunearnáil don gheilleagair agus den gheilleagar agus an tAontas ina cheannaire domhanda i ndearadh agus i monarú feithiclí, iarnróid, aerárthaí agus árthaí. Tá líonra casta de thuairim is 1,2 milliún cuideachta phríobháideacha agus phoiblí san Aontas mar chuid di agus fostaítear tuairim is 10,5 milliún duine inti. Tá an earnáil tábhachtach freisin do thrádáil idirnáisiúnta an Aontais: in 2016, bhí baint ag 17,2 % d’onnmhairí iomlána seirbhísí an Aontais le hiompar. Ag an am céanna, tá breis agus 2 mhilliún duine san Aontas ag obair i réimse na n-athnuaiteán agus an éifeachtúlachta fuinnimh, agus tá an tAontas sa dara hait is fear ar fud an domhain i gcomhthéacs paitinniú teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh ghlain

Gabhann saincheisteanna na n-earnálacha iompair agus fuinnimh le níos mó ná an gá le laghdú astaíochta. Tá gá le réitigh éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar athruithe ar iompraíocht úsáideoirí agus i bpatrúin soghluaisteachta, an domhandú, iomaíochas idirnáisiúnta atá ag dul i méad agus daonra atá níos sine, níos uirbí agus níos éagsúla. Ag an am céanna, tá an méadú ar theacht i bhfód teicneolaíochtaí digiteacha agus spás-bunaithe, feithiclí uathoibríocha, an AI, róbataic, gnólachtaí nua sa mhargadh, samhlacha bunathraitheacha gnó agus an gá le seasmhacht mhéadaithe an chórais i gcoinne guaiseacha ilghnéitheacha (lena n-áirítear cibearbhagairtí) ina chúis le haistriú suntasach agus cruthaíonn siad dúshláin agus deiseanna i gcomhair iomaíochas earnálacha iompair agus fuinnimh na hEorpa.

Amach anseo, beidh an cumas atá ag cathracha chun feidhmiú ag brath ar theicneolaíocht agus beidh cáilíocht mhaireachtála cathracha ag forbairt bunaithe ar shoghluaisteacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, pleanáil spásúlachta agus iomaíochas in úsáid spáis. Beidh forbairtí ina ndúshlán freisin d’inbhuanaitheacht samhlacha sóisialta atá ann cheana agus don rannpháirtíocht shóisialta, do ghnéithe cuimsithe agus inrochtana chomh maith le hinacmhainneacht.

Agus bealaí nua á n-aimsiú chun dlús a chur le cur chun úsáide teicneolaíochtaí fuinneamh-bunaithe inathnuaite agus fuinneamhéifeachtúil (lena n-áirítear trí hiompróirí idirmheánacha amhail cumhacht-go-gás agus hidrigin) agus réitigh neamhtheicneolaíocha eile chun carbón a bhaint as geilleagar na hEorpa, tá gá freisin le héileamh méadaithe ar an nuálaíocht. Is féidir é sin a spreagadh trí shaoránaigh a chumhachtú agus glasú an tsoláthair phoiblí chomh maith le trí nuálaíocht shocheacnamaíoch agus nuálaíocht san earnáil phoiblí as a dtiocfaidh cineálacha cur chuige níos leithne ná nuálaíocht teicneolaíocht-spreagtha. Éascóidh taighde socheacnamaíoch lena gclúdaítear réimsí, lena n-áirítear riachtanais agus patrúin úsáideoirí, gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta, gnéithe comhshaoil, rialála, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus iompraíochta, cásanna gnó, samhlacha gnó agus taighde réamhnormatach chun caighdeáin a shocrú agus nuálaíocht i dtaca le glacadh an mhargaidh, éascóidh sé freisin gníomhaíochtaí lena gcothófar nuálaíocht rialála, chistiúcháin agus shóisialta agus scileanna ina leith, mar aon le rannpháirtiú agus cumhachtú gníomhaithe margaidh, tomhaltóirí agus saoránaigh. Le comhordú, comhlántacht agus sineirge níos fearr idir iarrachtaí T&N náisiúnta agus Eorpacha trí mhalartú faisnéise agus comhar idir Ballstáit, tionscail agus forais taighde an Aontais, cuirfear leis an méid atá bainte amach ag, mar shampla Plean SET agus sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht i réimse an Iompair (STRIA). Áiritheofar comhlántacht idir an bhraisle seo agus Ciste Nuálaíochta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.

Rannchuidíonn gníomhaíochtaí faoin mbraisle sin go háirithe le spriocanna an Aontais Fuinnimh, gealltanas Chomhaontú Pháras, chomh maith le spriocanna an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, an Chláir Oibre Post, Fáis agus Infheistíochta, le neartú an Aontais mar ghníomhaí domhanda, le neartú Straitéis Thionsclaíoch nua don Eoraip, na Straitéise agus Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair an Aontais, Plean Gníomhaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh, Tionscnamh Chomhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, an Tionscnaimh Amhábhar, an Aontais Slándála agus an Chláir Oibre Uirbigh, agus Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais chomh maith le forálacha dlíthiúla an Aontais chun truailliú ó thorann agus aerthruailliú a laghdú.

Cuirfidh na gníomhaíochtaí go díreach leis na SFInna seo a leanas ach go háirithe: SFI 6 - Uisce Glan agus Sláinteachas; SFI 7 - Fuinneamh Inacmhainne agus Glan; SFI 9 - An Earnáil Tionsclaíochta, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 11 - Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 12 – An Tomhaltas agus an Táirgeadh Freagrach; SFI 13 - Gníomhú ar son na hAeráide.

5.2.   Réimsí Idirghabhála

5.2.1.   Eolaíocht Aeráide agus Réitigh

Má táthar chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach, ní foláir nó go mbeidh sé bunaithe ar eolaíocht, agus dá bhrí sin beidh gá le feabhas leanúnach ar ár n-eolas ar chóras aeráide an domhain, agus ar na roghanna maolaithe agus oiriúnaithe atá ar fáil, ionas go mbeidh léargas sistéamach agus cuimsitheach ann maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá freagrach i dtaca leis an aeráid do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Ar an mbonn sin, déanfar réitigh bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt ar mhaithe le haistriú cost-éifeachtúil go sochaí aeráidneodrach, aeráid-díonach a bheidh tíosach ar acmhainní, agus gnéithe iompraíochta, rialála, socheacnamaíocha agus rialachais á gcur san áireamh.

Réimsí Ginearálta

Bunús eolais ar fheidhmiú reatha agus ar fhorbairt chóras aeráide agus maireachtála an domhain sa todhchaí, agus ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna atá freagrach i dtaca leis an aeráid lena mbaineann; éifeachtacht réitigh éagsúla mhaolaithe ar an athrú aeráide agus oiriúnaithe dó;

Bealaí comhtháite agus aeráid, gníomhaíochtaí agus beartais maolaithe lena gcuimsítear gach earnáil sa gheilleagar, atá comhoiriúnach le hanailísí chóras an Domhain, Comhaontú Pháras agus le SFInna;

Samhlacha aeráide, réamh-mheastacháin agus teicnící a bhfuil sé mar aidhm acu an acmhainneacht chun nithe a thuar agus seirbhísí aeráide a fheabhsú do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do shaoránaigh, lena n-áirítear gnéithe tras-earnálacha le fheabhsú cáilíochta an aeir;

Bealaí oiriúnaithe agus beartais tacaíochta le haghaidh éiceachórais leochaileacha, limistéir uirbeacha, earnálacha eacnamaíocha agus bonneagar atá ríthábhachtach san Aontas (cibé acu atá áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta), agus uirlisí measúnaithe riosca feabhsaithe san áireamh; timthriall uisce agus oiriúnú don athrú aeráide, amhail tuilte agus ganntanas uisce.

5.2.2.   Soláthar Fuinnimh

Is é aidhm an Aontais a bheith chun tosaigh go domhanda maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh feabhas ar a iomaíochas i slabhraí luacha domhanda agus ar a staid i margaí fáis. Dálaí aeráide, geografacha, comhshaoil agus socheacnamaíocha éagsúla san Aontas anuas ar an ngá athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, slándáil fuinnimh agus rochtain ar amhábhair a áirithiú is ea is cúis le punann leathan na réiteach fuinnimh, lena n-áirítear réitigh nach de chineál teicniúil iad. Maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite, ní mór costais a laghdú a thuilleadh, ní mór feabhas a chur ar fheidhmíocht, ní mór comhtháthú leis an gcóras fuinnimh a fheabhsú, ní mór teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt, go háirithe chun tairbhe a bhaint freisin as dul chun cinn i bhfótónaic, agus ba cheart inniúchadh a dhéanamh ar réitigh hibrideacha (amhail i gcomhair díshalannú). Maidir le breoslaí iontaise, is gá a n-úsáid a dhícharbónú chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite agus teicneolaíochtaí caomhnaithe fuinnimh agus réitigh maidir le giniúint cumhachta, téamh agus fuarú, breoslaí iompair inbhuanaithe agus iompróirí idirmheánacha, ar scálaí agus ag céimeanna forbartha éagsúla, arna n-oiriúnú do dhálaí agus margaí geografacha agus socheacnamaíocha, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain;

Teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite bunathraitheacha i gcomhair feidhmchláir atá ann cheana agus feidhmchláir nua araon agus i gcomhair réitigh cheannródaíocha lena n-áirítear a dtionchar ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí;

Teicneolaíochtaí agus réitigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chuir chuige breoslaí bunaithe ar iontaise a laghdú agus chomh maith leis sin ó chur chuige bithbhunaithe agus dramhaíl-go-fuinneamh-bunaithe a tháirgeann cumhacht, teas, fuarú nó bithbhreoslaí lena n-áirítear trí ghabháil, úsáid agus stóráil charbóin agus staidéir maidir le féidearthacht shoch-eacnamaíocha agus éiceolaíoch.

5.2.3.   Córais agus Eangacha Fuinnimh

Fás ionchais ar tháirgeadh leictreachais a bhíonn níos éagsúlaithe agus an t-athrú i dtreo tuilleadh téamhú, fuarú agus iompar leictreach is ea is cúis leis an ngá le haghaidh cineálacha cur chuige nua chun eangacha fuinnimh a bhainistiú. I dteannta le dícharbónú, is cuspóir é inacmhainneacht fuinnimh, slándáil, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, agus cobhsaíocht an tsoláthair a áirithiú, agus déanfar sin a bhaint amach trí infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha an bhonneagair líonra agus i mbainistiú nuálach ar an gcóras, solúbthacht mhéadaithe ghiniúint cumhachta inseolta, go háirithe ó fhoinsí inathnuaite agus bainistiú córais nuálach agus freisin trí éascú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a chothaíonn nuálaíocht rialála agus nuálaíocht shóisialta, scileanna, agus trí dul i dteagmháil le gníomhaithe sa mhargadh, tomhaltóirí agus pobail agus iad a chumhachtú. Beidh ról lárnach ag stóráil fuinnimh i bhfoirmeacha éagsúla maidir le seirbhísí a chur ar fáil don eangach, agus leis na hacmhainneachtaí líonra agus solúbthacht na gcóras freisin a fheabhsú agus a threisiú. Beidh sé ríthábhachtach sineirgí a shaothrú idir líonraí éagsúla (amhail eangacha leictreachais, líonraí téimh agus fuaraithe, líonraí gáis, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe iompair, hidrigin, lena n-áirítear a bonneagar, agus líonraí teileachumarsáide) agus gníomhaithe (amhail láithreáin thionsclaíocha, oibreoirí líonraí, ionaid sonraí, féin-táirgeoirí, tomhaltóirí agus pobail fuinneamh inathnuaite) chomh maith le freagairt ar an éileamh agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt agus a chomhtháthú, chun oibriú cliste comhtháite na mbonneagar ábhartha a chumasú.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí agus uirlisí le haghaidh líonraí chun inathnuaiteáin, réitigh stórála agus lóid nua amhail leictrea-shoghluaisteacht agus teaschaidéil chomh maith le leictriú ar phróisis thionsclaíocha a chomhtháthú;

Cineálacha cur chuige ildisciplíneacha i dtaca leis an tionchar a bhíonn ag athrú aeráide atá spleách ar réigiún ar shlándáil fuinnimh, lena n-áirítear oiriúnú teicneolaíochtaí atá ann cheana, chomh maith le haistriú chuig na paraidímí nua soláthar fuinnimh;

Cuir chuige uile-Eorpach líonra fuinneamh i dtaca le soláthar, tarchur agus dáileadh iontaofa fuinnimh;

Cuir chuige chomhtháite chun táirgeadh a chomhoiriúnú le tomhaltas fuinnimh inathnuaite ar leibhéal áitiúil lena n-áirítear ar oileáin nó réigiúin iargúlta, bunaithe ar sheirbhísí nua agus ar thionscnaimh phobail;

Giniúint agus solúbthacht líonra, idir-inoibritheacht agus sineirgí idir na foinsí fuinnimh éagsúla, na líonraí, na bonneagair agus na gníomhaithe, agus teicneolaíochtaí sonracha á saothrú freisin;

Teicneolaíochtaí, seirbhísí agus réitigh lena gcumasaítear tomhaltóirí le bheith ina ngníomhaí gníomhach sa mhargadh.

5.2.4   Foirgnimh agus Saoráidí Tionsclaíocha maidir le hAistriú Fuinnimh

Tá an ról gníomhach a bhíonn ag foirgnimh agus saoráidí tionscailaíocha ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí maidir lena n-idirghníomhaíocht leis an gcóras fuinnimh. Is míreanna ríthábhachtacha iad san aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht mhéadaithe fhuinnimh.

Is toisc thábhachtach iad foirgnimh le haghaidh cháilíocht saoil na saoránach. Ós rud é go ndéanann siad teicneolaíochtaí, fearais agus córais éagsúla a chomhtháthú agus úsáidí fuinnimh éagsúla a nascadh, tá acmhainneacht an-mhór ag foirgnimh agus na cónaitheoirí iontu le haghaidh maolú ar an athrú aeráide, fuinneamh a ghiniúint, coigiltis agus stóráil fuinnimh, solúbthacht an chórais, agus éifeachtúlacht a fheabhsú.

D’fhéadfadh tionscail, go háirithe tionscail atá dian ar fhuinneamh, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, a dtomhailt fuinnimh a laghdú agus d’fhéadfaidís comhtháthú foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun tosaigh. Tá ról na saoráidí tionsclaíocha sa chóras fuinnimh ag athrú, mar gheall ar an ngá le hastaíochtaí a laghdú, bunaithe ar leictriú díreach nó neamhdhíreach, agus mar fhoinse d’ábhair i gcomhair próisis táirgthe (amhail hidrigin). Is féidir le hionaid thionsclaíocha agus mhonaraithe ina dtarlaíonn a lán próiseas éagsúla gar dá chéile an malartú sreafaí fuinnimh agus acmhainní eile (amhail amhábhair) eatarthu a bharrfheabhsú.

Réimsí Ginearálta

Cúpláil earnála a fheabhsú: próisis, córais agus samhlacha gnó a thacaíonn le solúbthacht agus le héifeachtúlacht sreafaí leictreachais agus teasa idir gléasra tionsclaíoch nó braislí tionsclaíocha agus an córas fuinnimh agus na córais iompair;

Uirlisí agus bonneagar le haghaidh rialú próisis ar ghléasraí táirgthe chun sreafaí fuinnimh agus ábhair in idirghníomh leis an gcóras fuinnimh a bharrfheabhsú;

Próisis, dearadh agus ábhair ábhartha, lena n-áirítear próisis thionsclaíocha astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;

Solúbthacht agus éifeachtúlacht leictreachais, bunábhair agus teasa i ngléasraí tionsclaíocha agus an córas fuinnimh;

Próisis, dearadh agus ábhair atá feabhsaithe nó nua chun feidhm éifeachtúil a bhaint as fuinneamh, chun é a tháirgeadh nó é a stóráil (lena n-áirítear teas agus fuacht) in earnálacha nach bhfuil faoi chumhdach na braisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

Straitéisí agus teicneolaíochtaí íseal-astaíochtaí chun limistéir dianúsáide carbóin agus guail atá ag claochlú a athbheochan;

Foirgnimh chliste agus moil shoghluaisteachta mhóra (amhail calafoirt, aerfoirt, ionaid lóistíochta) mar ghnéithe gníomhacha de líonraí fuinnimh níos leithne agus de réitigh soghluaisteachta nuálacha;

Dearadh saolré, tógáil, feidhmiú, lena n-áirítear téamh agus fuarú agus díchóimeáil foirgneamh, ag cur ciorclaíocht, feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil san áireamh, chomh maith le cáilíocht an chomhshaoil inmheánaigh, i gcomhair éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, i gcomhair folláine agus tionchar na sláinte ar na háitritheoirí, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, lorg carbóin agus athchúrsáil; nua-ardábhair a fhorbairt agus a bharrfheabhsú chun feidhmíocht fuinnimh, carbóin agus chomhshaoil fhoirgnimh thar a saolré a mhéadú;

Samhlacha, cineálacha cur chuige agus seirbhísí gnó nua le haghaidh athchóiriú a mhaoiniú, scileanna tógála a fheabhsú, teagmháil le áitritheoirí foirgneamh agus le gníomhaithe margaidh eile, ag tabhairt aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar ghníomhaíochtaí réamhnormatacha;

Teicneolaíochtaí faireacháin agus rialaithe ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh chun tomhaltas agus táirgeadh fuinnimh na bhfoirgneamh a bharrfheabhsú chomh maith lena n-idirghníomhaíocht leis an gcóras foriomlán fuinnimh;

Uirlisí agus fearais chliste le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh;

Próisis athchóirithe fhoirgnimh atá ann cheana ionsar “Foirgnimh Nach Mór Neodrach Ó Thaobh Fuinnimh” agus teicneolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear gnéithe sóisialta, amhail cumhachtú na saoránach, agus feasacht agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí.

5.2.5.   Pobail agus Cathracha

Meastar go mairfidh breis agus 80 % de dhaonra an Aontais i limistéir uirbeacha faoi 2050, ag tomhailt an sciar is mó de na hacmhainní a bheidh ar fáil, fuinneamh san áireamh. Beidh limistéir uirbeacha den sórt sin thar a bheith leochaileach do thionchar na n-athruithe meitéareolaíocha neamhfhabhracha a rachaidh in olcas mar gheall ar an athrú ar an aeráid agus ar thubaistí nádúrtha atá ag tarlú na laethanta seo agus a bheidh níos measa sa todhchaí. Is dúshlán lárnach é méid iomlán an fhuinnimh a mhéadú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus athléimneacht phobail agus chathracha na hEorpa in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú le cur chuige córasach agus iomlánaíoch, ag díriú ar an stoc foirgneamh, córais fuinnimh, an soghluaisteacht, an athrú aeráide, imirce, uisce, ithir, aercháilíocht, dramhaíl agus torann, ag cur san áireamh oidhreacht chultúrtha na hEorpa, bainistiú inbhuanaithe ar thurasóireacht, na heolaíochtaí sóisialta, gnéithe na ndaonnachtaí agus na n-ealaíon, lena n-áirítear stíl mhaireachtála. Ba cheart sineirgí le beartas agus gníomhaíochtaí uirbeacha arna maoiniú ag CFRE a fhiosrú agus leas a bhaint astu.

Réimsí Ginearálta

Córais fuinnimh/soghluaisteachta cathrach/dúiche ionas go ndéanfar Dúichí Fuinnimh Dhearfaigh atá neodrach ó thaobh carbóin de agus soghluaisteacht agus lóistíocht atá saor ó astaíochtaí a chur chun úsáide ar fud an Aontais faoi 2050, ag treisiú iomaíochas domhanda réitigh chomhtháite an Aontais;

Pleanáil shistéamach uirbeach, córais agus seirbhísí bonneagair lena n-áirítear comhéadain fhrithpháirteacha agus idir-inoibritheacht, caighdeánú, réitigh nádúr-bhunaithe agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, seirbhísí spás-bhunaithe agus sonraí, ag cur éifeachtaí an athraithe aeráide faoi mar atá tuartha san áireamh athléimneacht i gcoinne athrú na haeráide a chomhtháthú agus an tionchar ar an aer agus ar cháilíocht an uisce;

Cáilíocht saoil do shaoránaigh; fuinneamh agus soghluaisteacht ilmhódach atá sábháilte, solúbtha; inrochtana agus inacmhainne; nuálaíocht shóisialta agus rannpháirteachas saoránaigh uirbeach; acmhainneacht chiorclach agus athghiniúnach cathracha; laghdú ar an lorg comhshaoil agus ar thruailliú;

An clár oibre taighde um chathracha domhanda; forbairt na straitéise maidir le maolú, oiriúnú agus athléimneacht, pleanáil spásúil agus próisis phleanála ábhartha eile.

5.2.6.   Iomaíochas Tionsclaíoch san Iompar

Braithfidh an t-athrú i dtreo teicneolaíochtaí glana, nascacht agus uathoibriú ar dhearadh agus ar dhéanamh tráthúil aerárthaí, feithiclí agus árthaí lena bhforbraítear teicneolaíochtaí agus coincheapa cheannródaíocha nua, lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí éagsúla agus lena gcuirtear dlús lena ndul i bhfeidhm ar an margadh agus a n-indíoltacht. Is cuspóirí ríthábhachtacha go fóill iad compord, éifeachtúlacht agus inacmhainneacht a mhéadú agus an tionchar saolré ar an gcomhshaol, ar shláinte daoine agus ar úsáid fuinnimh a íoslaghdú. Tá bonneagar iompair nuálach, ardchumais ríthábhachtach ionas go bhfeidhmeoidh gach modh iompair go cuí ag féachaint don éileamh méadaithe ar shoghluaisteacht agus do réimeanna teicneolaíochta a bhíonn ag athrú go mear. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar chur chuige comhtháite maidir le bonneagar agus forbairt aerárthaí, feithiclí agus árthaí freisin chun seirbhísí soghluaisteachta d’ardchaighdeán cáilíochta a sholáthar agus chun an tionchar fuinnimh comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a íoslaghdú.

Réimsí Ginearálta

Dearadh, forbairt, taispeáint, monarú, oibríochtaí, caighdeánú, deimhniú, rialachán agus comhtháthú maidir le aerárthaí, feithiclí agus árthaí idir fhisiceach agus dhigiteach (lena n-áirítear comhtháthú idir dearadh digiteach agus déanamh digiteach) a chumasc;

Coincheapa agus dearaí aerárthaí, feithiclí agus árthaí, a bpáirteanna spártha agus nuashonruithe bogearraí agus teicneolaíochtaí san áireamh, réitigh bhogearraí; ag baint feidhm as ábhair agus struchtúir fheabhsaithe, ábhair a athchúrsáil agus a athúsáid; éifeachtúlacht, stóráil agus aisghabháil fuinnimh, gnéithe sábháilteachta agus slándála ag brath ar riachtanais na n-úsáideoirí, lena mbaineann tionchar níos lú ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar shláinte, lena n-áirítear torann agus cáilíocht an aeir;

Teicneolaíochtaí agus fochórais ar bord, lena n-áirítear feidhmeanna uathoibrithe, le haghaidh na modhanna iompair go léir agus riachtanais agus fiosruithe maidir le comhéadain bhonneagair ábhartha a chur san áireamh; sineirgí teicneolaíocha idir mhodhanna; córais iompair ilmhódacha; córais sábháilteacht/seachanta timpistí agus cibearshlándáil a fheabhsú; dul chun cinn i dteicneolaíochtaí na faisnéise, agus i AI, a ghiaráil; comhéadan idir duine agus meaisín a fhorbairt;

Ábhair, teicnící agus modhanna tógála nua, oibríochtaí agus bonneagair a chothabháil, infhaighteacht líonra iontaofa a áirithiú, comhéadain idirmhódúil agus idir-inoibritheacht ilmhódach, sábháilteacht san ionad oibre, agus cur chuige saolré iomlán;

Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna i dtaca le dearadh agus forbairt bhonneagar fisiceach agus digiteach a chumasc, cothabháil an bhonneagair, comhtháthú iompair a athghiniúint agus a uasghrádú, idir-inoibritheacht agus idirmhódúlacht, athléimneacht in aghaidh eachtraí adhaimsire, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide.

5.2.7.   Iompar agus Soghluaisteacht atá Glan, Sábháilte agus Inrochtana

Chun spriocanna aercháilíochta, aeráide agus fuinnimh de chuid an Aontais a bhaint amach, lena n-áireofar neodracht ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050 mar aon le laghdú torann a fheabhsú, beidh sé riachtanach athmhachnamh a dhéanamh ar an gcóras soghluaisteachta iomlán lena n-áirítear riachtanais agus iompraíochtaí na n-úsáideoirí, feithiclí, breoslaí agus bonneagair chomh maith le réitigh nua shoghluaisteachta. Beidh sé riachtanach freisin fuinnimh mhalartacha astaíochtaí ísle a chur chun úsáide agus go nglacfar sa mhargadh le haerárthaí, feithiclí agus árthaí atá saor ó astaíochtaí. Anuas ar éifeachtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, rannchuidíonn iompar go mór le droch-leibhéil aercháilíochta agus torann san Eoraip agus iarmhairtí diúltacha ann do shláinte na saoránach agus na n-éiceachóras dá réir. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear le dul chun cinn ar leictriú agus ar úsáid ceallraí agus breosla-cheall do ghluaisteáin, busanna agus feithiclí saothair éadroim, lena ngabhann caighdeáin leordhóthanacha, chun T&Na mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ísle nuálacha a luathú d’fheidhmeanna bóithre eile (amhail cóistí fad-achair, feithiclí earraí troma agus leoraithe) agus earnálacha iompair eile amhail eitlíocht, iarnróid, muirí, agus loingseoireacht intíre. Tá sé mar aidhm le taighde sábháilteachta iompair rátaí timpiste, básanna agus taismigh a laghdú do gach modh iompair agus don chóras iompair iomlán trí eolas agus feasacht a mhéadú agus trí theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí agus réitigh a fhorbairt a fhágann gur féidir cothromaíocht a aimsiú idir sábháilteacht, éifeachtúlacht, áisiúlacht úsáideora agus an t-athrú aeráide.

Réimsí Ginearálta

Leictriú ar na modhanna iompair uile, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua ceallraí, breosla-chealla agus hibrideacha le haghaidh gléasraí cumhachta agus córais thánaisteacha aerárthaí, feithiclí agus árthaí, mearluchtú nó athbhreoslú, baint fuinnimh agus comhéadain sholáimhsithe agus inrochtana go héasca leis an mbonneagar luchtaithe nó athbhreoslaithe, ag áirithiú idir-inoibritheachta agus soláthar gan uaim seirbhíse; forbairt agus cur chun úsáide cheallraí iomaíocha, sábháilte, ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe i gcomhair feithiclí astaíochtaí ísle nó astaíochtaí nialasacha agus gach coinníoll úsáide agus le linn na dtréimhsí éagsúil dá shaolré á chur san áireamh; ceallraí iomaíocha, sábháilte, ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun úsáide le haghaidh feithiclí idir iadsan lena mbaineann astaíochtaí ísle agus iadsan a mbíonn saor ó astaíochtaí;

Úsáid bhreoslaí nua agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, lena n-áirítear ard-bhithbhreoslaí agus aerárthaí, feithiclí agus árthaí atá nua, sábháilte agus cliste i gcomhair patrúin shoghluaisteachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus an bonneagar atá ina thaca dóibh le tionchar laghdaithe ar an gcomhair agus ar shláinte an phobail; comhábhair agus córais nideoige i gcomhair réitigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (amhail ardchórais bailithe sonraí) teicneolaíochtaí agus réitigh úsáideoir-bhunaithe i gcomhair idir-inoibritheacht agus soláthar gan uaim seirbhísí;

Soghluaisteacht shábháilte, inrochtana, chuimsitheach agus inacmhainne, rud a laghdódh tionchar díobhálach na soghluaisteachta ar an gcomhtháthú sóisialta, ar an comhshaol agus ar shláinte an duine, agus san am céanna a fheabhsóidh a tionchar dearfach orthu, lena n-áirítear athrú chuig modhanna iompair agus scéimeanna comhroinnte ar lú an truailliú a dhéanann siad; cáilíocht saoil do na saoránaigh, nuálaíocht shóisialta uirbeach; é a bheith mar aidhm timpistí agus gortuithe in iompar de bhóthar a laghdú nó a dhíothú;

Córais soghluaisteachta aeráid-díonacha, lena n-áirítear bonneagair agus lóistíocht, chun nascacht níos fearr a áirithiú do dhaoine agus earraí, ar aistir ghearra agus fhada araon;

Anailís shistéamach ar phatrúin soghluaisteachta nua agus ar a dtionchar ar iompar agus ar shaoránaigh.

5.2.8.   Soghluaisteacht Chliste

Cuideoidh soghluaisteacht chliste éifeachtúlacht, sábháilteacht agus athléimneacht na soghluaisteachta ó dhoras go doras mar aon leis na comhpháirteacha go léir, go háirithe trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, ardloingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo), agus AI. Cabhróidh teicneolaíochtaí nua le barrfheabhas a chur ar úsáid agus éifeachtúlacht an bhonneagair agus líonraí iompair, rud a fheabhsóidh il-mhódúlacht agus nascacht agus a chruthóidh iompar níos éifeachtúla lasta agus slabhra soláthair lóistíochta a neartóidh iomaíochas an Aontais. Rannchuideoidh teicneolaíochtaí nua freisin le hiontaofacht a mhéadú, bainistiú tráchta a bharrfheabhsú agus réitigh agus seirbhísí iompair nuálacha a chumasú, agus dá réir sin brú tráchta agus droch-thionchair chomhshaoil a laghdú, ag cur seirbhísí soghluaisteachta agus lóistíochta níos fearr ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus mar sin deánfar an inrochtaineacht agus cuimsiú sóisialta a fheabhsú. Cuirfidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe i dteannta leis an mbonneagar cumasúcháin feabhas ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht i ngach modh iompair.

Réimsí Ginearálta

Líonra digiteach agus bainistiú tráchta: ardchórais tacaíochta cinntí; bainistiú tráchta na chéad ghlúine eile (lena n-áirítear líonra ilmhódach agus bainistiú tráchta); ag rannchuidiú le soghluaisteacht ilmhódach agus idirnasctha gan uaim do phaisinéirí agus do lasta; úsáid agus teorainneacha mórshonraí; suí agus loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) nuálach a úsáid;

Aerspás Eorpach Aonair: réitigh ar bord agus ar an talamh le haghaidh céimeanna comhuaineacha níos airde uathoibrithe, nascachta, sábháilteachta, idir-inoibritheachta, feidhmíochta, laghdaithe astaíochta agus seirbhíse;

Teicneolaíochtaí iarnróid agus oibríochtaí le haghaidh córas iarnróid ardchumais, tostach, idir-inoibritheach agus uathoibrithe;

Réitigh chliste loingseoireacht d’oibríochtaí ar uisce atá níos sábháilte agus níos éifeachtúla;

Moil soghluaisteachta mhóra (lena n-áirítear stáisiúin iarnróid, calafoirt, aerfoirt agus lárionaid lóistíochta) mar eilimintí gníomhacha de réitigh shoghluaisteachta nuálacha;

Teicneolaíochtaí agus oibríochtaí uisce-iompair i gcomhair córais iompair atá sábháilte agus uathoibríoch ag tapú na ndeiseanna a sholáthraíonn iompar ar uisce;

Córais agus seirbhísí soghluaisteachta atá nasctha, comhoibríoch, idir-inoibritheach agus uathoibrithe, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha agus saincheisteanna neamhtheicneolaíocha, amhail athruithe in iompraíocht an úsáideora agus i bpatrúin soghluaisteachta.

5.2.9.   Stóráil Fuinnimh

Cuirfidh réitigh stórála ollmhóra, chliste, chomhchruinnithe agus dhíláraithe (lena gcuimsítear réitigh cheimiceacha, leictricheimeacha, leictreacha, mheicniúla, theirmeacha agus teicneolaíochtaí nua suaiteacha) i leith an chórais fuinnimh le héifeachtúlacht, solúbthacht, neamhspleáchas teicneolaíochta agus inrochtaineachta agus le slándáil soláthair. Chun iompar astaíochtaí ísle, dícharbónaithe a bhaint amach, beidh gá le sciar mhéadaitheach feithiclí leictreacha nó feithiclí a bhreoslaítear ar dhóigh eile, le ceallraí lena mbainfidh feidhmíocht níos fearr, a bheidh níos saoire, níos éadroime, thar a bheith in-athchúrsáilte agus in-athúsáidte a imreoidh tionchar beag ar an gcomhshaol, agus breoslaí sintéiseacha nó breoslaí inathnuaite amhail hidrigin, lena n-áirítear hidrigin atá inathnuaite, agus réitigh nuálacha le haghaidh stóráil ar an láthair a chur ar fáil go háitiúil. Tá roghanna do na réitigh mhórscála stórála fuinnimh atá inbhuanaithe agus cost-éifeachtach bunriachtanach chun an córas fuinnimh a bharrfheabhsú agus a chomhardú i ngach earnáil den táirgeacht agus ón mbonneagar go feidhmchláir don úsáideoir deiridh. Ba cheart aird a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le stóráil fuinnimh agus ar fho-iarmhairtí eile nach bhfuil ag teastáil.

Réimsí Ginearálta

Teicneolaíochtaí lena n-áirítear breoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha mar aon leis na slabhraí breisluacha lena mbaineann, chomh maith le teicneolaíochtaí bunaithreacha, le haghaidh riachtanais stórála fuinnimh idir laethúil agus shéasúrach, lena n-áirítear a dtionchar ar an gcomhshaol agus ar an aeráid;

Ceallraí cliste, inbhuanaithe agus marthanacha agus slabhra breisluacha an Aontais, lena n-áirítear úsáid réitigh agus dearadh ardábhair, teicneolaíochtaí fuinneamhéifeachtúla táirgthe do cheallraí ar mhórscála, modhanna athúsáide agus athchúrsála chomh maith le hoibriú éifeachtach ag teochtaí ísle agus riachtanais chaighdeánaithe;

Hidrigin, go háirithe hidrigin íseal-charbóin agus hidrigin atá bunaithe ar athnuaiteáin lena n-áirítear breosla-chealla, agus slabhra breisluacha an Aontais ón dearadh go húsáid deiridh ar fud feidhmeanna éagsúla.

6.   AN BHRAISLE “BIA, BITHGHEILLEAGAR, ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA, TALMHAÍOCHT AGUS AN COMHSHAOL”

6.1.   An Réasúnaíocht

Tá gníomhaíochtaí daonna ag cur brú méadaitheach ar ithir, ar fharraigí agus ar aigéin, ar uisce, ar aer, ar bhithéagsúlacht agus ar acmhainní nádúrtha eile. Braitheann cothú phobal daonna méadaitheach an phláinéid go díreach ar staid folláine na gcóras nádúrtha agus acmhainní nádúrtha. Thar a luach intreach, is bunchloch don úsáid acmhainní ar fad é éiceachóras feidhmiúil agus rathúil. I dteannta le hathrú aeráide, áfach, cruthaíonn éileamh méadaitheach an chine dhaonna ar acmhainní nádúrtha brúnna comhshaoil a bhíonn i bhfad níos mó ná leibhéil inbhuanaithe, a chuireann isteach ar éiceachórais agus ar a n-acmhainneacht seirbhísí a chur ar fáil chun leas daoine. Cuireann coincheapa an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair inbhuanaithe (13) agus an gheilleagair ghoirm (14) deis ar fáil chun cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chothromú agus chun gníomhaíochtaí daoine a stiúradh i dtreo na hinbhuanaitheachta.

Chun na spriocanna um fhorbairt inbhuanaithe a chomhlíonadh, táirgeadh agus tomhaltas bia sábháilte agus sláintiúil a ráthú, cleachtais inbhuanaithe i dtalmhaíocht, i ndobharshaothrú, in iascaigh agus i bhforaoiseacht a chur chun cinn, rochtain ar uisce, ar ithir agus ar aer atá glan a áirithiú do chách, na farraigí, na haigéin agus uiscí intíre a ghlanadh, córais ríthábhachtacha nádúrtha agus comhshaol an phláinéid a chaomhnú agus a athshlánú; ní mór leas a bhaint as féidearthacht an T&N. Ach, mar sin féin, is beag a thuigtear na bealaí chun aistriú chuig samhail inbhuanaithe ná na modhanna chun na bacainní athléimneacha a shárú. Chun an t-aistriú chuig tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus sláinte an phláinéid a athshlánú ní mór infheistiú i dtaighde agus i dteicneolaíochtaí, i dtáirgí agus i seirbhísí nua d’ardchaighdeán cáilíochta, samhlacha gnó nua, agus i nuálaíochtaí sóisialta, críochacha agus comhshaoil. Cruthaíonn sé sin deiseanna nua le haghaidh bithgheilleagar Eorpach a bheidh inbhuanaithe, athléimneach, nuálach agus freagrach, ag treisiú éifeachtúlacht acmhainní, táirgiúlachta agus iomaíochais, ag giniúint post agus fáis nua agus glas agus ag méadú cuimsiú sóisialta.

Tá sé fíorthábhachtach don Eoraip feidhm a bhaint as a cuid acmhainní nádúrtha ar bhealach níos éifeachtúla agus ar bhealach inbhuanaithe.

Cuirfidh na gníomhaíochtaí le bunús eolais agus cuirfear réitigh ar fáil chun: acmhainní nádúrtha ón talamh, ó na huiscí intíre agus ón bhfarraige a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe - agus ról na gcóras críochach agus uisceach a fheabhsú mar umair charbóin; an bhithéagsúlacht a chosaint, seirbhísí éiceachórais a áirithiú agus slándáil bhia agus chothaithe a áirithiú, aistí bia atá sábháilte, sláintiúil agus scamhardach a chur ar fáil; an t-aistriú ó gheilleagar líneach iontaise-bhunaithe a luathú chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, athléimneach lena mbaineann astaíochtaí ísle, agus tacú le forbairt bithgheilleagar atá inbhuanaithe agus forbairt an gheilleagair ghoirm; agus limistéir thuaithe, shléibhtiúla, chósta agus uirbeacha atá beoga agus athléimneach a fhorbairt.

Cuideoidh na gníomhaíochtaí sin an bhithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú agus soláthar fadtéarma seirbhísí éiceachórais, amhail oiriúnú don athrú aeráide agus a mhaolú agus ceapadh carbóin (ar talamh, uiscí intíre agus ar muir) a thabhairt slán. Cuideoidh siad le gás ceaptha teasa, astaíochtaí eile, dramhaíl agus truailliú ó ghníomhaíochtaí táirgthe príomhúla (idir chríochach agus uisceach), úsáid ábhair ghuaiseacha, próiseála, tomhaltais agus ó ghníomhaíochtaí eile daoine a laghdú. Spreagfaidh siad infheistíochtaí, ag tacú leis an aistriú i dtreo an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair agus an gheilleagair ghoirm, agus i gcomhthráth sláinte agus sláine an chomhshaoil a chosaint.

Ina theannta sin, cothóidh gníomhaíochtaí cuir chuige rannpháirteacha maidir le T&N, lena n-áireofar cur chuige ilghníomhaithe agus forbróidh siad eolas agus córais nuálaíochta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. Beidh nuálaíocht shóisialta mar aon le rannpháirtíocht agus iontaoibh na saoránach sa nuálaíocht ríthábhachtach chun patrúin agus scileanna rialachais, táirgthe agus tomhaltais nua a spreagadh.

Ós rud é go bhfuil na dúshláin sin casta, idirnasctha agus domhanda, leanfaidh gníomhaíochtaí cur chuige sistéamach, ag comhoibriú le Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, le foinsí cistiúcháin eile agus le tionscnaimh bheartais eile. Bainfear leas faoi stiúir na n-úsáideoirí as foinsí Mórshonraí comhshaoil, amhail Copernicus, EGNOS agus Galileo, INSPIRE, EOSC, GEOSS, CEOS agus EMODnet.

Rannchuideoidh gníomhaíochtaí T&N faoin mbraisle seo go háirithe le cur chun feidhme na spriocanna seo a leanas: an Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, an Comhbheartas Talmhaíochta, an Comhbheartas Iascaigh, reachtaíocht Dhlí an Bhia, an Beartas Muirí, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, Straitéis agus Plean Gníomhaíochta Bithgheilleagair an Aontais, an Straitéis Bhithéagsúlachta, creat aeráide agus fuinnimh 2030 agus fís fhadtéarmach an Aontais 2050 i leith neodracht carbóin (15), Beartas Artach an Aontais Eorpaigh mar aon le forálacha dlíthiúla an Aontais a bhfuil sé mar aidhm acu aerthruailliú a laghdú. Anuas ar na foinsí ginearálta i gcomhair comhairle sheachtrach, lorgófar comhairliúcháin shonracha ón mBuanchoiste um an Taighde Talmhaíochta.

Cuirfidh na gníomhaíochtaí go díreach leis na SFInna seo a leanas ach go háirithe: SFI 2 – Saoirse ón Ocras; SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Dea-Bhail; SFI 6 - Uisce Glan agus Sláinteachas; SFI 8 - Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 - An Earnáil Tionsclaíochta, Nuálaíocht agus Bonneagar; SFI 11 – Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 12 - Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide; SFI 14 – Beathra Faoin Uisce; SFI 15 – Beathra ar Talamh.

6.2.   Réimsí idirghabhála

6.2.1.   Breathnóireacht Chomhshaoil

Tá an féidearthacht chun breathnú ar an gcomhshaol (16), lena n-áirítear breathnú spás-bhunaithe, bunaithe ar an ionad (aer, muir, talamh), agus breathnú déanta ag saoránaigh ina bhonn taca do T&N d’úsáid inbhuanaithe agus faireachán ar bhia agus ar acmhainní nádúrtha, bithfhaireachán agus faireachán comhshaoil. Soláthraíonn clúdach spásúil-ama feabhsaithe, eatraimh samplála ar chostas laghdaithe, mar aon le rochtain ar Mhórshonraí agus comhtháthú ina leith ó roinnt foinsí bealaí nua chun faireachán a dhéanamh ar chóras an Domhain, é a thuiscint agus tuartha a dhéanamh ina leith. Tá gá le T&N chun modhanna agus teicneolaíochtaí a fhorbairt chun feabhas a chur ar cháilíocht chomh maith le rochtain agus úsáid sonraí a éascú.

Réimsí Ginearálta

Cineálacha cur chuige faoi stiúir úsáideoirí agus sistéamacha, lena n-áirítear sonraí oscailte, sonraí agus faisnéis faoin gcomhshaol le haghaidh córais chasta samhaltaithe agus réamh-mheastacha, deiseanna gnó ó shaothrú agus luachshonrú sonraí atá ann cheana agus sonraí nua;

Forbairt bhreise ar an bpunann táirgí agus seirbhísí i gcomhair breathnóireachtaí comhshaoil;

Stádas bithéagsúlachta, cosaint éiceachórais, maolú agus oiriúnú i leith athrú na haeráide, slándáil bia, talmhaíocht agus foraoiseacht, úsáid talún agus athrú ar úsáid talún, forbairt uirbeach agus pheirea-uirbeach, bainistiú acmhainní nádúrtha, bainistiú agus caomhnú acmhainní na bhfarraigí agus na n-aigéan, slándáil mhuirí, treochtaí fadtéarmacha comhshaoil, athruithe in inathraitheacht shéasúrach, athruithe ar an aer comhthimpeallach agus ar an atmaisféar agus fearainn ábhartha eile;

Feidhmeanna atá dírithe ar an úsáideoir, atá le seachadadh trí bhíthin thionscnamh EuroGEO, agus iad a mhéadú, chun rannchuidiú le caomhnú acmhainní nádúrtha Eorpacha agus lena mbainistiú (lena n-áirítear taiscéaladh amhábhar) agus ar sheirbhísí éiceachóras agus ar an slabhra luacha a mbaineann leo;

Córas Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne de chuid an tionscnaimh GEO (Grúpa um Fhaire na Cruinne) a chur chun feidhme.

6.2.2.   An Bhithéagsúlacht agus Acmhainní Nádúrtha

Ní mór tuiscint fheabhsaithe ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, ar an iliomad seirbhísí a chuirtear ar fáil leo (i gcomhthéacs an t-athrú aeráide a chomhrac agus an tionchar atá aige a mhaolú) agus ar na “teorainneacha” pláinéadacha, ní mór iad a chaomhnú agus a bhainistiú ar bhealach feabhsaithe, agus ní mór freisin réitigh lena mbaintear leas as cumhacht agus castacht an dúlra chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, chun inbhuanaitheacht a fheabhsú agus chun cuspóir an Aontais a bhaint amach .i. “Muid ag Maireachtáil go Maith faoi Shrianta ár bPláinéad” faoi 2050 de réir mar atá leagtha síos sa 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais Eorpaigh. Ní mór aird chuí a thabhairt ar thionchair réamhtheachtacha féideartha i slabhraí luacha iomlána. Tá an comhar idirnáisiúnta riachtanach chun na cuspóirí sa réimse seo a bhaint amach agus tá sé riachtanach freisin rannchuidiú le hiarrachtaí agus le tionscnaimh idirnáisiúnta, amhail an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais. Ní mór tuiscint níos fearr a fháil ar rialachas an aistrithe chuig an inbhuanaitheacht sa chóras eacnamaíoch, sóisialta agus nádúrtha, ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal domhanda.

Réimsí Ginearálta

Staid agus luach na bithéagsúlachta, na n-éiceachóras talún, fionnuisce agus muirí, caipiteal nádúrtha agus seirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear agrai-éiceachórais agus an micribhithóm;

Cineálacha cur chuige iomlánaíocha agus sistéamacha laistigh de chreat socheacnamaíoch maidir leis na naisc idir an bhithéagsúlacht, éiceachórais agus seirbhísí éiceachórais agus a ngaolmhaireacht ó thaobh na cúisíochta de leis na cúiseanna is mó is bun leis an athrú, i gcás scálaí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla, lena n-áirítear na gnéithe socheacnamaíocha de phróisis an aistrithe chuig an inbhuanaitheacht agus rialachas na bpróiseas sin;

Samhaltú treochtaí agus cásanna comhtháite le haghaidh bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais agus dea-cháilíocht saoil ar scálaí éagsúla agus ar léaslínte éagsúla; rannchuidiú féideartha bitóp agus éiceachóras mar linnte carbóin faoi chásanna éagsúla athraithe aeráide; coinbhleachtaí leasa ionchasacha in úsáid acmhainní nádúrtha agus seirbhísí;

Éiceatocsaineolaíocht i dtaobh comhdhúl agus truailleáin nua, a n-idirghníomhaíocht, lena n-áirítear éifeachtaí comhcheangailte, agus a n-iompraíocht chomhshaoil, agus lúba bithcheimiceacha athraithe faoi aeráid athraitheach; athshlánú limistéar díghrádaithe;

Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachóras a phríomhshruthú i gcreataí cinnteoireachta agus i gcórais chuntasaíochta rialtas agus gnóthaí, agus cainníochtú ar na tairbhí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sochaíocha a leanann iad;

Réitigh nádúrbhunaithe inoiriúnaithe agus ilfheidhmiúla, chun dul i ngleic le dúshláin i gceantair uirbeacha, pheirea-uirbeacha, i limistéir thuaithe,chósta agus shléibhtiúla maidir leis an athrú aeráide, maidir le tubaistí nádúrtha, le caillteanas na bithéagsúlachta, díghrádú éiceachóras, truailliú, comhtháthú sóisialta agus maidir le sláinte agus folláine na saoránach;

Cineálacha cur chuige le “saotharlann bheo” ilghníomhaí lena dtugtar an deis d’údaráis, do gheallsealbhóirí, do lucht gnó agus don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach i gcomhdhearadh agus i gcomhchruthú réiteach sistéamach chun caipiteal nádúrtha a chaomhnú, a athshlánú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe, mar aon le rialachas ar an aistriú chuig an inbhuanaitheacht agus chuig roghanna bainistíochta inbhuanaithe maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud lúba luacha iomlána i ndálaí éagsúla comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta.

6.2.3.   Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Limistéir Thuaithe

Le talmhaíocht agus foraoiseacht athléimneach agus inbhuanaithe, soláthraítear tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus is réamhriachtanais iad i gcomhair shlándáil leanúnach an tsoláthair bhia. Cuireann siad le slabhraí breisluacha dinimiciúla, bainistíonn siad acmhainní talún agus nádúrtha agus cuireann siad raon earraí poiblí ríthábhachtacha ar fáil lena n-áirítear ceapadh carbóin, caomhnú na bithéagsúlachta, pailniú agus sláinte phoiblí. Tá cineálacha cur chuige comhtháite agus áitbhunaithe ag teastáil chun ilfheidhmeanna na n-éiceachóras/gcóras talmhaíochta agus foraoiseachta a chur chun cinn ag cur an comhthéacs athraitheach maidir le táirgeadh príomhúil san áireamh, go háirithe maidir leis an athrú aeráide agus an gcomhshaol, infhaighteacht acmhainní, déimeagrafaíocht agus patrúin tomhaltais. Áiritheofar cáilíocht agus sábháilteacht táirgí talmhaíochta chun muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú. Déanfar sláinte plandaí agus sláinte agus leas ainmhithe a áirithiú. Tá sé riachtanach freisin dul i ngleic le gné spásúil, shocheacnamaíoch agus chultúrtha gníomhaíochtaí talmhaíochta agus foraoiseachta agus chun leas a bhaint as acmhainneacht na limistéar tuaithe agus limistéar cósta.

Réimsí Ginearálta

Modhanna, teicneolaíochtaí agus uirlisí le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta atá inbhuanaithe, athléimneach agus táirgiúil, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide;

Bainistiú inbhuanaithe agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha (amhail ithreacha, uisce, cothaithigh agus bithéagsúlacht lena n-áirítear acmhainní géiniteacha) i dtalmhaíocht agus i bhforaoiseacht; roghanna malartacha ar acmhainní neamh-inathnuaite agus glacadh phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl agus seachtháirgí a athúsáid agus a athchúrsáil;

Tionchar gníomhaíochtaí san earnáil phríomhúil ar an aeráid agus ar an gcomhshaol; acmhainneacht talmhaíochta agus foraoiseachta mar linnte carbóin agus le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-áirítear cineálacha cur chuige diúltacha i leith astaíochtaí a mhaolú; inoiriúnaitheacht an táirgthe phríomhúil don athrú aeráide a mhéadú;

Cineálacha cur chuige comhtháite maidir le dul i ngleic le lotnaidí plandaí agus galair plandaí; rialú a dhéanamh ar ghalair thógálacha agus zónóiseacha ainmhithe agus ar leas ainmhithe; straitéisí coisctheacha, rialú agus diagnóisic agus roghanna malartacha ar úsáid lotnaidicídí, antaibheathaigh agus substaintí conspóideacha eile freisin chun dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht;

Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus bagairtí ó ghuaiseacha bitheolaíocha agus agraiceimiceacha, lena n-áirítear lotnaidicídí, mar aon le héilleáin cheimiceacha agus dul i ngleic leis na naisc idir sláinte plandaí, ainmhithe, éiceachórais agus sláinte phoiblí ó thaobh Aon Sláinte Amháin agus Sláinte Dhomhanda de;

Úsáid agus soláthar seirbhísí éiceachóras i gcórais talmhaíochta agus foraoiseachta chun cineálacha cur chuige éiceolaíocha a fheidhmiú agus réitigh dúlra-bhunaithe a thástáil ó leibhéal feirme go leibhéal tírdhreacha ionas go mbeadh talmhaíocht neamhdhíobhálach don chomhshaol; tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach;

Córais talmhaíochta agus foraoiseachta ó leibhéal na feirme go leibhéal tírdhreacha; úsáid agus soláthar seirbhísí éiceachóras sa táirgeadh príomhúil, lena n-áirítear trí agrai-éiceolaíocht nó trí fheabhas a chur ar ról na bhforaoisí i dtaca le tuilte agus creimeadh ithreach a chosc;

Nuálaíochtaí san fheirmeoireacht ag na comhéadain idir an talmhaíocht, an dobharshaothrú agus an fhoraoiseacht agus i limistéir uirbeacha agus limistéir pheirea-uirbeacha;

Modhanna, teicneolaíochtaí agus uirlisí nua chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar fhoraoisí agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as an mbithmhais foraoise;

Tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh próitéine plandaí san Aontas maidir le bia, cothú agus seirbhísí comhshaoil;

Úsáid inbhuanaithe talún, forbairt tuaithe agus naisc chríochacha; caipitliú ar shócmhainní sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus comhshaoil limistéar tuaithe le haghaidh seirbhísí, samhlacha gnó, slabhraí breisluacha agus earraí poiblí nua;

Nuálaíochtaí digiteacha maidir le feirmeoireacht, foraoiseacht agus ar fud slabhraí breisluacha agus limistéir thuaithe trí shonraí a úsáid agus trí bhonneagair, teicneolaíochtaí (amhail an intleacht shaorga, an róbataic, an fheirmeoireacht bheacht agus cianbhraiteacht) agus samhlacha rialachais a fhorbairt;

Eolas faoin talmhaíochta agus faoin bhforaoiseacht agus córais nuálaíochta agus an t-idirnasc eatarthu ar scálaí éagsúla; comhairle, cothú scileanna, cuir chuige rannpháirteacha agus comhroinnt faisnéise;

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú i gcomhair talmhaíocht inbhuanaithe do bhia agus slándáil cothaithe.

6.2.4.   Farraigí, Aigéin agus Uiscí Inmheánacha

Tá tairbhí suntasacha socheacnamaíocha agus leasa ag baint le caipiteal nádúrtha agus seirbhísí éiceachórais na bhfarraigí, go háirithe farraigí na hEorpa atá leathiata, na n-aigéan, na n-uiscí intíre agus limistéir chósta níos leithne. Tá an acmhainneacht sin i mbaol mar gheall ar an dianbhrú ó strusairí daonna agus nádúrtha amhail an truailliú, ró-iascaireacht, an t-athrú aeráide, méadú ar leibhéal na farraige, úsáid eile uisce agus eachtraí adhaimsire. Chun nach n-éireoidh na farraigí agus na haigéin chomh loite sin nach bhféadfaí iad a athshlánú, agus chun an dea-stádas uiscí inmheánacha a athshlánú; tá sé riachtanach ár n-eolas agus ár dtuiscint a neartú chun éiceachórais mhuirí, inmheánacha agus chósta a chosaint, a athshlánú agus a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe agus bac a chur ar an truailliú, i gcomhthéacs creat rialachais feabhsaithe agus freagrach. Áiritheofar leis sin taighde a dhéanamh maidir le conas luas a chur le hacmhainneacht ollmhór eacnamaíoch neamhshaothraithe na bhfarraigí, na n-aigéan agus na n-uiscí intíre ar mhaithe le tuilleadh bia sábháilte, comhábhair bhithbhunaithe agus amhábhair a tháirgeadh gan tuilleadh brú a chur ar na farraigí, na haigéin, na huiscí intíre, mar aon le taighde a dhéanamh ar acmhainneacht an dobharshaothraithe d’aon chineál chun brú ar acmhainní talún, fíoruisce agus aigéin a mhaolú. Tá gá ann le cineálacha cur chuige comhpháirtíochta, lena n-áirítear straitéisí imchuacha farraige agus macrai-réigiúnacha, a bhainfidh le limistéar níos mó ná an tAontas amháin (lena n-áirítear san Atlantach, sa Mheánmhuir, Muir Bhailt, an Mhuir Thuaidh, an Mhuir Dhubh, an tAtlantach, Muir Chairib agus an tAigéan Indiach); agus chun rannchuidiú le gealltanais agus tionscnaimh maidir le Rialachas Aigéan Idirnáisiúnta, amhail Deich mBliana na hEolaíochta Aigéin um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe agus gealltanais a bhaineann le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche muirí i limistéir lastall de dhlínse náisiúnta.

Réimsí Ginearálta

Iascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú de gach cineál, lena n-áirítear foinsí malartacha próitéine le slándáil bia mhéadaithe, biafhlaitheas agus athléimneacht aeráide; uirlisí faireacháin agus bainistíochta;

Athléimneacht neartaithe na n-éiceachóras muirí agus uisce intíre, lena n-áirítear sceireacha coiréil lena n-áiritheofar ar an gcaoi sin sláinte na bhfarraigí, na n-aigéan agus na n-aibhneacha, agus lena ndéanfar na héifeachtaí i dtaca le brúnna nádúrtha agus antrapacha a chomhrac agus a mhaolú amhail éilleáin agus bruscar muirí (lena n-áirítear plaistigh), eotrófú, speicis ionracha, díobháil fhisiceach do ghrinneall na farraige, róshaothrú, lena n-áirítear ró-iascaireacht, torann faoi uisce, aigéadú, téamh farraigí, aigéin agus aibhneacha, ardú ar leibhéal na farraige, i bhfianaise an trasnaithe idir an talamh, uiscí intíre agus an fharraige, tionchar carnach na saincheisteanna sin agus cur chuige ciorclach agus tuiscint níos fearr ar idirghníomhaíochtaí idir na haigéin agus daoine a chothú;

Rialachas aigéin ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní na bhfarraigí, na n-aigéan agus na n-uiscí intíre a áirithiú;

Teicneolaíochtaí don aigéan digiteach (grinneall na farraige, colún uisce agus dromchla uisce) lena ndéantar seirbhísí agus pobail i ngníomhaíochtaí talamhbhunaithe, atmaisféir, aeráide, spáis nó i ngníomhaíochtaí atá bainteach leis an aimsir, agus a chuirtear chun cinn tríd an Néal Gorm mar chuid den EOSC;

Faireachán, measúnú riosca-bhunaithe agus cumais thuarthacha/réamhaisnéise lena n-áirítear ardú ar leibhéal na farraige agus guaiseacha nádúrtha eile, amhail borrthaí stoirme agus súnámaithe, chomh maith le tionchar carnach mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna;

Tuiscint a fheabhsú i dtaca leis an timthriall hidreolaíoch agus réimis hidreolaíocha, moirfeolaíocht hidreolaíoch ar scálaí éagsúla, agus cumais réamhfháistineacha a fhorbairt i dtaca le faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht agus éileamh uisce, tuilte agus triomach, truailliú agus brúnna eile ar acmhainní uisce agus ar an gcomhshaol uisceach. Teicneolaíochtaí digiteacha a shaothrú chun an faireachán agus an bainistiú ar acmhainní uisce a fheabhsú;

Réitigh nuálacha a fhorbairt lena n-áirítear rialachas sochaíoch, ionstraimí eacnamaíocha agus samhlacha maoinithe, i gcomhair leithdháileadh cliste uisce lena dtugtar aghaidh ar choimhlintí i dtaca le húsáid uisce, lena n-áirítear teacht i dtír ar luach an uisce, rialú ar thruailleáin uisce, lena n-áirítear plaisteacha agus micreaphlaistigh agus truailleáin eile atá ag teacht chun cinn ag a bhfoinse más féidir, dul i ngleic le brúnna eile ar acmhainní uisce, chomh maith le hathúsáid uisce, agus cosaint agus athbhunú éiceachórais uisce go stádas maith éiceolaíocha;

Slabhraí breisluacha inbhuanaithe gorma, lena n-áirítear úsáid inbhuanaithe acmhainní fionnuisce, úsáid iolrach spáis mhuirí agus fás na hearnála fuinnimh in-athnuaite de bhun farraigí agus aigéan, lena n-áirítear úsáid inbhuanaithe micrea-algaí agus macra-algaí;

Cineálacha cur chuige comhtháite maidir le huiscí intíre agus cósta a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe rud a rannchuideoidh le cosaint an chomhshaoil agus oiriúnú don athrú aeráide;

Réitigh dhúlra-bhunaithe a eascraíonn as dinimicí na n-éiceachóras muirí, cósta agus uisce intíre, as an mbithéagsúlacht agus as seirbhísí iolracha éiceachórais, lena gcumasófar cineálacha cur chuige sistéamacha chun acmhainní farraigí, go háirithe farraigí san Eoraip atá leathiata, agus aigéan agus uiscí intíre a úsáid ar bhonn inbhuanaithe, rannchuidiú le cosaint agus athbhunú an chomhshaoil, le bainistiú cósta, agus le hoiriúnú don athrú aeráide;

Nuálaíocht ghorm lena n-áirítear sna geilleagair ghorma agus dhigiteacha, ar fud limistéir chósta, cathracha cois cósta agus calafort chun athléimneacht na limistéar cósta a neartú agus tairbhí do shaoránaigh a mhéadú;

Tuiscint níos fearr ar ról na bhfarraigí agus na n-aigéan i dtaca le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó.

6.2.5.   Córais Bhia

Le héifeachtaí comhcheangailte an fháis ar an daonra, forás ar chothú, ganntanas acmhainní agus róshaothrú, díghrádú comhshaoil, an t-athrú aeráide agus imirce, cruthaítear dúshláin nach bhfacthas riamh roimhe agus éilítear claochlú ar an gcóras bia dá mbarr (FOOD 2030) (17). Tá táirgeadh agus tomhaltas an bhia, mar atá sé faoi láthair, inbhuanaithe den chuid is mó agus, ag an am céanna, tá ualach dúbailte os ár gcomhair mar gheall ar mhíchothú lena mbaineann an tsaintréith go bhfuil tearc-chothú, murtall agus míchothromaíocht cothaithe eile agus neamhoird mheitibileacha ann ina suí lena chéile. Ní mór do chórais bhia na todhchaí slándáil an tsoláthair bia a ghnóthú agus bia sábháilte, sláintiúil agus ardcháilíochta leordhóthanach a áirithiú do chách, agus an méid a leanas mar bhonn agus mar thaca acu: éifeachtúlacht acmhainní, inbhuanaitheacht (lena n-áirítear laghdú ar astaíochtaí GCT, ar thruailliú, ar tomhaltas uisce agus tomhaltas fuinnimh mar aon le táirgeadh dramhaíola), trédhearcacht, lena ndéanfar an talamh, uiscí intíre agus an fharraige a nascadh, dramhaíl bhia a laghdú, táirgeadh bia ó uiscí intíre, na farraigí agus na haigéin a fheabhsú agus an “slabhra luacha bia” ina iomláine ó tháirgeoirí go tomhaltóirí, agus ar ais arís, a chuimsiú chun an athléimneacht a áirithiú. Ní mór go dtarlódh sé sin i gcomhthráth le forbairt ar chóras sábháilteachta bia na todhchaí agus uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil trína gcuirfear tairbhí suntasacha ar fáil do thomhaltóirí agus trína ndéanfar iomaíochas agus inbhuanaitheacht an bhiashlabhra bhreisluacha a fheabhsú. Ina theannta sin, is gá athruithe iompraíochta a chothú maidir le patrúin tomhaltais agus táirgthe bia, ag cur gnéithe cultúrtha agus sóisialta san áireamh, agus chun teagmháil a dhéanamh le táirgeoirí príomhúla, leis an lucht tionscail (FBManna san áireamh), miondíoltóirí, earnálacha seirbhíse bia, tomhaltóirí agus seirbhísí poiblí.

Réimsí Ginearálta

Aistí bia fianaisebhunaithe atá inbhuanaithe agus sláintiúil i gcomhair fholláine na ndaoine thar a saolré, lena n-áirítear patrúin chothaithe, cáilíocht fheabhsaithe chothaitheach an bhia agus dul chun cinn maidir leis an tuiscint ar an tionchar a bhíonn ag cothú ar an tsláinte agus ar fholláine;

Cothú pearsantaithe go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, chun na tosca riosca maidir le galair a bhaineann le haiste bia agus galair neamhtheagmhálacha a mhaolú;

Iompraíocht, stíl mhaireachtála agus spreagadh na dtomhaltóirí, lena n-áirítear gnéithe sóisialta agus cultúrtha a bhaineann le bia, nuálaíocht shóisialta agus rannpháirtiú sochaíoch a chur chun cinn le haghaidh sláinte níos fearr agus le haghaidh inbhuanaitheacht comhshaoil ar fud an bhiashlabhra breisluacha iomláin, lena n-áirítear patrúin mhiondíola;

Córais nua-aimseartha maidir le sábháilteacht agus barántúlacht bia, lena n-áirítear inrianaitheacht, cáilíocht bhia a fheabhsú agus lena gcuirtear feabhas ar mhuinín na dtomhaltóirí sa chóras bia;

Athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó maidir le córas bia, lena n-áirítear féachaint a thuilleadh ar an acmhainneacht a bhaineann leis an micribhithóm, le héagsúlacht na mbarr, agus le rogha mhalartach ar phróitéiní ainmhithe agus iad a úsáid;

Córais bhia talaimh agus farraige atá inbhuanaithe, ciorclach, tíosach ar acmhainní agus athléimneach, i dtreo uisce atá sábháilte le hól agus saincheisteanna mara, deireadh a chur le cur amú bia ar fud an chórais bhia iomláin, trí bhia agus bithmhais a athúsáid, dramhaíl bhia a athchúrsáil, pacáistiú nua bia, agus éileamh ar bhia saincheaptha agus áitiúil;

Cineálacha cur chuige nua, lena n-áirítear uirlisí digiteacha agus córais bhia maidir le nuálaíocht agus le cumhachtú pobal áitbhunaithe, lena ndéanfar an chóirthrádáil agus an phraghsáil chóir feadh an tslabhra luacha, cuimsiú agus inbhuanaitheacht a chothú trí chomhpháirtíochtaí idir an lucht tionscail (lena n-áirítear FBManna agus sealbhóirí beaga), údaráis áitiúla, taighdeoirí agus an tsochaí.

6.2.6.   Córais Nuálaíochta Bhithbhunaithe i mBithgheilleagar an Aontais

Le nuálaíocht sa bhithgheilleagar, leagtar an dúshraith don aistriú ó gheilleagar atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise. Is cumasóir tábhachtach den bhithgheilleagar foriomlán í an nuálaíocht bhithbhunaithe agus cuimsítear léi bithmhais ón talamh agus ón bhfarraige a fhoinsiú, a phróiseáil go tionsclaíoch agus a chomhshó ar bhonn inbhuanaithe ina n-ábhair agus ina dtáirgí bithbhunaithe. Cuimsítear leis an inbhuanaitheacht gach ceann de na gnéithe seo a leanas: gnéithe éiceolaíocha, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha. Baineann sé leas freisin as an acmhainneacht in acmhainní beo, sna heolaíochtaí beatha, sa chlaochlú digiteach agus sna biteicneolaíochtaí le haghaidh fionnachtana, táirgí, seirbhísí agus próisis nua. Is féidir le nuálaíocht bhithbhunaithe, lena n-áirítear (bith)phróisis agus teicneolaíochtaí, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua mar aon le fostaíocht a mhealladh chuig réigiúin agus cathracha, rannchuidiú le geilleagair agus pobail tuaithe agus chósta a athbheochan agus ciorclaíocht an bhithgheilleagair a neartú.

Réimsí Ginearálta

Foinsiú bithmhaise, córais lóistíochta agus táirgthe inbhuanaithe, ina ndírítear ar fheidhmeanna agus ar úsáidí ardluacha, ar inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil, ar an tionchar ar an aeráid agus ar an mbithéagsúlacht, ar an gciorclaíocht agus ar éifeachtúlacht acmhainní i gcoitinne, lena n-áirítear uisce;

Eolaíochtaí beatha agus a gcóineasú le teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh acmhainní bitheolaíocha a chuardach, a thuiscint agus a úsáid go hinbhuanaithe;

Slabhraí luacha bithbhunaithe, ábhair bhithbhunaithe, lena n-áirítear ábhair bhithspreagtha, ceimiceáin, táirgí, seirbhísí agus próisis lena mbaineann cáilíochtaí, feidhmiúlachtaí núíosacha agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe (lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú), lena ndéanfar forbairt ard-bhithscaglann (ar scála beag agus mórscála) ina n-úsáidtear réimse leathan bithmhaise a chothú; táirgeadh reatha na dtáirgí neamh-inbhuanaithe a ionadú le réitigh bhithbhunaithe i gcomhair feidhmeanna nuálacha margaidh a sháraíonn iad;

An bhiteicneolaíocht, lena n-áirítear an bhiteicneolaíocht trasearnála ar thús cadhnaíochta, le cur i bhfeidhm i bpróisis thionsclaíocha iomaíocha, inbhuanaithe agus úrnua, i seirbhísí comhshaoil agus i dtáirgí tomhaltais (18);

Ciorclaíocht na hearnála bithbhunaithe sa bhithgheilleagar trí nuálaíocht theicneolaíoch, shistéamach, shóisialta agus samhla gnó chun méadú as cuimse a chur ar an luach arna ghiniúint in aghaidh an aonaid d’acmhainn bhitheolaíoch, luach acmhainní dá leithéid a choimeád sa gheilleagar ar feadh tréimhsí níos faide, caipiteal nádúrtha a chaomhnú agus a fheabhsú, nithe a dhearadh chun cur amú acmhainní agus truailliú a laghdú, tacú leis an bprionsabal maidir le húsáid chascáideach na bithmhaise inbhuanaithe trí T&N agus ord na réiteach dramhaíola a chur san áireamh;

Patrúin bhithgheilleagair chuimsitheacha le gníomhaithe éagsúla rannpháirteach i gcruthú luacha, lena ndéanfar an tionchar sochaíoch agus rannpháirtíocht an phobail a uasmhéadú;

Tuiscint mhéadaithe ar theorainneacha, ar mhéadracht agus ar tháscairí an bhithgheilleagair agus ar na sineirgí agus ar na comhbhabhtálacha le comhshaol sláintiúil, agus ar chomhbhabhtálacha idir bia agus feidhmeanna eile.

6.2.7.   Córais Chiorclacha

Cuirfidh córais táirgthe agus tomhaltais chiorclacha tairbhí ar fáil don gheilleagar Eorpach agus do chomhshaol an domhain trí úsáid agus spleáchas ar acmhainní a laghdú, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchair dhiúltacha chomhshaoil eile a laghdú agus iomaíochas fiontar a mhéadú, agus do shaoránaigh Eorpacha trí dheiseanna nua post a chruthú agus brúnna ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Lasmuigh den chlaochlú tionsclaíoch, beidh aistriú níos leithne riachtanach sa chóras chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, íseal-astaíochtaí agus bithbhunaithe a bheidh tíosach ar acmhainní lena seachnófar úsáid ábhair ghuaiseacha a chur i gcrích. Chuige sin, beidh an méid a leanas ag teastáil: réitigh éiceanuálaíocha shistéamacha, samhlacha gnó nua, margaí agus infheistíochtaí nua, bonneagar, athruithe nuálacha sóisialta ar iompraíocht tomhaltóirí, agus samhlacha rialachais lena spreagfar comhoibriú le hiliomad geallsealbhóirí ar feadh an tslabhra luacha iomláin chun a áirithiú go mbainfear amach torthaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta níos fearr leis an athrú atá beartaithe ar an gcóras (19). Beidh oscailt le haghaidh comhar idirnáisiúnta, mar shampla trí thionscnaimh amhail an Painéal Idirnáisiúnta Acmhainní, tábhachtach le haghaidh comparáideachta, eolas a ghiniúint agus a chomhroinnt agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint. Freisin, tabharfar aird ar an gcomhthéacs sóisialta d’eolas agus teicneolaíocht nua sa réimse sin agus dá nglacadh agus cé chomh mór is a ghlacann an tsochaí leo.

Réimsí Ginearálta

Aistriú sistéamach chuig geilleagar ciorclach, bithbhunaithe agus atá tíosach ar acmhainní, le paraidímí nua maidir le hidirghníomhaíocht tomhaltóirí, samhlacha gnó nua le haghaidh éifeachtúlacht acmhainne agus feidhmíocht chomhshaoil; táirgí agus seirbhísí lena spreagtar éifeachtúlacht acmhainní agus díothú substaintí guaiseacha nó iad a ionadú ar feadh na saolré; córais le haghaidh comhroinnte, athúsáide, deisiúcháin, athdhéantúsaíochta, athchúrsála agus múirínithe; coinníollacha agus dreasachtaí eacnamaíocha, sóisialta, iompraíochta, rialála agus airgeadais i gcomhair aistrithe den sórt sin;

Méadracht agus táscairí, bunaithe ar chur chuige sistéamach, chun an geilleagar ciorclach agus feidhmíocht saolré a thomhas agus an fhreagracht shóisialta a fheabhsú; córais rialachais lena gcuirtear dlús le forleathnú an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair agus na héifeachtúlachta acmhainní trí mhargaí a chruthú le haghaidh ábhair thánaisteacha; ilpháirtí leasmhar agus comhoibriú slabhra tras-luacha; ionstraimí le haghaidh infheistíocht sa gheilleagar ciorclach agus sa bhithgheilleagar;

Réitigh le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus athghiniúnach ar chathracha, limistéir pheirea-uirbeacha agus ar réigiúin, ag déanamh claochlú an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú le réitigh nádúrbhunaithe, nuálaíochtaí teicneolaíocha, digiteacha, sóisialta, cultúrtha agus rialachais chríochaigh;

Éicea-nuálaíocht le haghaidh truailliú comhshaoil ó shubstaintí guaiseacha agus ó cheimicí, agus neamhchosaint orthu, lena mbaineann ábhar imní a chosc agus a fheabhsú; an comhéadan idir ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl a bhreithniú, agus réitigh inbhuanaithe i gcomhair táirgeadh amhábhair phríomhúla agus thánaisteacha a bhreithniú;

Úsáid chiorclach acmhainní uisce, lena n-áirítear laghdú a dhéanamh ar an éileamh ar uisce, cailliúint uisce a chosc, athúsáid uisce, athchúrsáil agus luachshocrú fuíolluisce; réitigh nuálacha ar na dúshláin don nasc uisce-bia-fuinneamh lena dtugtar aghaidh ar thionchair a bhaineann le húsáid uisce na talmhaíochta agus úsáid uisce fhuinnimh agus réitigh shineirgisteacha a chumasú;

Bainistiú inbhuanaithe fodhromchla lena gcomhtháthaítear geo-acmhainní (fuinneamh, uisce, amhábhair) agus dálaí comhshaoil (guaiseacha nádúrtha, tionchair antrapaigineacha) ar fud gach braisle ábhartha, sruthlíniú a dhéanamh ar an rannchuidiú dearfach le geilleagar ciorclach trí bhíthin eolas geolaíoch uile-Eorpach agus rannchuidiú le freagairt réamhbheartaithe bunaithe ar an eolaíocht ar Chomhaontú Pháras agus ar roinnt SFInna;

Réitigh agus bonneagair a fhorbairt agus a fheabhsú chun éascú a dhéanamh ar rochtain ar uisce óil, ar uisce i gcomhair uiscithe agus ar uisce i gcomhair glantacháin, lena n-áirítear díshalannú chun úsáid uisce a chumasú atá níos éifeachtúla, ciorclach agus níos neamhdhíobhálaí ó thaobh an fhuinnimh agus CO2 de.

7.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN ÁIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE

7.1.   An Réasúnaíocht

Tá fianaise eolaíoch ardcháilíochta agus iontaofa ríthábhachtach le haghaidh dea-bheartais phoiblí. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach, chothromaithe i gcomhair tionscnaimh agus tograí nua le haghaidh reachtaíocht ón Aontas, ach teastaíonn fianaise, agus beartais á gcur chun feidhme, chun tionchar agus dul chun cinn na mbeartas sin a thomhas agus faireachán a dhéanamh.

Cuireann JRC breisluach le beartais an Aontais cion agus go mbíonn eolaíocht ildisciplíneach den scoth á cleachtadh ann agus é neamhspleách ar leasanna náisiúnta, príobháideacha agus ar leasanna seachtracha eile. Bíonn sé bainteach le gach réimse de bheartas an Aontais, ag cur an tacaíocht tras-earnála a bhíonn de dhíth ar lucht ceaptha beartas ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha a bhíonn ag éirí níos casta i gcónaí. De bharr neamhspleáchas JRC ar leasanna speisialta mar aon lena ról tagartha eolaíoch-teicniúil, cumasaítear dó comhthoil a éascú idir geallsealbhóirí agus gníomhaithe eile amhail saoránaigh agus lucht ceaptha beartas. Ós cumas dá chuid freagairt go mear do riachtanais bheartais, bíonn gníomhaíochtaí JRC comhlántach le gníomhaíochtaí neamhdhíreacha lena mbaineann an aidhm tacú le cuspóirí beartais fadtéarma.

Déanann JRC a thaighde féin agus is bainisteoir straitéiseach eolais, faisnéise, sonraí agus inniúlachtaí é chun fianaise ardcháilíochta ábhartha a chur ar fáil ar mhaithe le beartais níos cliste. Chuige sin, oibríonn JRC i gcomhar leis na heagraíochtaí is fearr ar fud an domhain, agus le saineolaithe agus geallsealbhóirí idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha. Lena thaighde, rannchuidítear le cuspóirí agus tosaíochtaí ginearálta Fís Eorpach, soláthraítear eolas eolaíoch neamhspleách, comhairle agus tacaíocht theicniúil do bheartais an Aontais le linn thimthriall iomlán na mbeartas, agus dírítear ar thosaíochtaí beartais Eorpacha, lena dtacaítear le hEoraip atá sábháilte agus slán, rathúil agus inbhuanaithe, sóisialta agus níos láidre ar ardán an domhain.

7.2.   Réimsí idirghabhála

7.2.1.   An Bonn Eolais le haghaidh Beartas a Cheapadh a Neartú

Tá eolas agus sonraí ag fás go heaspónantúil. Má tá lucht ceaptha beartas chun ciall agus leas a bhaint astu ní mór athbhreithniú agus scagadh a dhéanamh orthu. Ní mór freisin modhanna eolaíocha trasearnála agus uirlisí anailíseacha a úsáid i seirbhísí uile an Choimisiúin, go háirithe chun réamh-mheas a dhéanamh ar na dúshláin shochaíocha atá ar na bacáin agus chun tacú le rialáil níos fearr. Áirítear leis sin próisis nuálacha chun geallsealbhóirí agus saoránaigh a spreagadh le bheith rannpháirteach i saincheisteanna a bhaineann le ceapadh beartas agus uirlisí éagsúla a bhaineann le measúnú tionchair agus cur chun feidhme.

Réimsí Ginearálta

Samhaltú, meastóireacht mhicreacnamaíoch, modheolaíochtaí measúnaithe riosca, uirlisí dearbhaithe cáilíochta le haghaidh tomhas, scéimeanna faireacháin a dhearadh, táscairí agus scórchláir, anailís íogaireachta agus iniúchóireacht, measúnú saolré, mianadóireacht sonraí agus téacs, anailísíocht shonraí/olltiomsaithe sonraí agus feidhmchláir, smaointeoireacht deartha, faire na fáistine, staidéir réamh-mheasa agus fadbhreathnaitheachta, taighde iompraíochta, agus rannpháirtiú geallsealbhóirí agus saoránach;

Ionaid eolais agus inniúlachta;

Pobail cleachtais agus ardáin comhroinnte eolais;

Bainistiú sonraí, comhroinnt sonraí agus comhleanúnachas;

Anailís ar bheartais T&N an Aontais agus náisiúnta, lena n-áirítear LET.

7.2.2.   Dúshláin Dhomhanda

Rannchuideoidh JRC le beartais agus le gealltanais shonracha an Aontais lena ndéileáiltear sna seacht mbraisle de Dhúshláin Dhomhanda, go háirithe tiomantas an Aontais i dtaca leis na SFInna.

Réimsí Ginearálta

1.

Sláinte

Tacaíocht eolaíoch agus theicniúil do bheartais le haghaidh sláinte phoiblí agus córais cúraim sláinte níos fearr, lena n-áirítear gléasanna míochaine agus measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte, bunachair sonraí, an claochlú digiteach, lena n-áirítear chun dlús a chur le hidir-inoibritheacht;

Modhanna measúnaithe sábháilteachta le haghaidh rioscaí féideartha sláinte agus comhshaoil a bhaineann le substaintí ceimiceacha agus le truailleáin;

Saotharlann Thagartha Eorpach le haghaidh Malairtí ar Thástáil Ainmhithe;

Uirlisí dearbhaithe cáilíochta amhail ábhair thagartha dheimhnithe le haghaidh bithchomharthaí sláinte;

Taighde maidir le saincheisteanna sláinte agus bagairtí sláinte nua atá ag teacht chun cinn.

2.

An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach

Taighde maidir le neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh, soghluaisteacht shóisialta, éagsúlacht chultúrtha, agus scileanna; imirce, measúnú ar chlaochluithe sóisialta, déimeagrafacha agus teicneolaíocha ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí;

Taighde maidir le dea-rialachas agus daonlathas;

Tacaíocht chun oidhreacht chultúrtha a choimirciú, a chaomhnú agus a bhainistiú;

Ionad eolais maidir le himirce agus le déimeagrafaíocht.

3.

An tSlándáil Shibhialta don tSochaí

Ionad eolais le haghaidh bainistiú rioscaí tubaiste;

Tacaíocht do bheartais slándála i réimsí maidir le bonneagair ríthábhachtacha agus spásanna poiblí a chosaint, ábhair CBRN-E agus bagairtí hibrideacha, cosaint teorann agus slándáil doiciméad, agus faisnéis agus chun sceimhlitheoireacht a chomhrac;

Teicneolaíochtaí le haghaidh ábhair CBRN-E a bhrath, córais bhithmhéadracha, agus teicnící bailithe faisnéise;

Tacaíocht do staid slándála domhanda an Aontais; measúnú ar iomaíochas agus ar nuálaíocht thionscal slándála an Aontais; sineirgí slándála-cosanta a shaothrú;

Taighde le haghaidh cumais atreisithe chibearshlándála, chibear-athléimneachta, agus chibearbhactha.

4.

Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás

Impleachtaí digitithe, le béim ar theicneolaíochtaí nua agus éiritheacha TFC amhail meaisínfhoghlaim agus ríomhaireacht shaorga, mórleabhair dháilte, Idirlíon na nEarraí, agus HPC;

An claochlú digiteach in earnálacha aonair, amhail fuinneamh, iompar, tógáil, tionscal na seirbhísí, sláinte agus cúram agus rialtas;

Méadreolaíocht thionsclaíoch agus uirlisí dearbhaithe cáilíochta le haghaidh déantúsaíocht chliste;

Taighde maidir le príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin;

Taighde ar na teicnící agus ar na cleachtais bainistithe comhshaoil is fearr dá bhfuil ar fáil, anailísí teicnea-eacnamaíocha agus measúnú saolré ar phróisis thionsclaíocha, bainistiú ceimiceán, bainistiú dramhaíola, athúsáid uisce, amhábhair, amhábhair ríthábhachtacha agus critéir cháilíochta le haghaidh ábhair aisghafa, agus iad go léir ag tacú le geilleagar ciorclach;

Anailís ar shlándáil an tsoláthair amhábhar, lena n-áirítear amhábhair ríthábhachtacha, i ndáil le faisnéis maidir le hacmhainní príomhúla agus tánaisteacha agus nuashonrú sonraí ar an gCóras Faisnéise Amhábhar;

Gníomhaíochtaí Copernicus a chur chun feidhme;

Tacaíocht theicniúil agus eolaíoch d’fheidhmchláir Chláir Chóras Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais.

5.

Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht

Tacaíocht chun beartais aeráide, fuinnimh agus iompair an Aontais a chur chun feidhme, aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus straitéisí le haghaidh dícharbónaithe i dtreo 2050; anailís ar aeráid náisiúnta chomhtháite agus ar phleananna fuinnimh; measúnú ar bhealach dícharbónaithe i ngach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht agus talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht;

Measúnú ar rioscaí in éiceachórais leochaileacha agus in earnálacha eacnamaíocha agus i mbonneagar atá ríthábhachtach, le béim ar straitéisí oiriúnaithe;

Anailís ar ghné Taighde & Infheistíochta an Aontais Fuinnimh; measúnú ar iomaíochas an Aontais sa mhargadh domhanda um fhuinneamh glan;

Measúnú ar ionchas chur chun úsáide teicneolaíochtaí fuinnimh chliste agus réitigh cúplála earnála chun aistriú fuinnimh rianúil agus cost-éifeachtúil a chumasú;

Measúnú ar cur chun úsáide athnuaiteán agus teicneolaíochtaí táirgthe fuinnimh ghlain;

Anailís ar úsáid fuinnimh i bhfoirgnimh, cathracha agus tionscail atá cliste agus inbhuanaithe;

Anailís theicniúil agus shocheacnamaíoch ar stóráil fuinnimh, go háirithe cúpláil earnála agus ceallraí;

Anailís ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, agus margaí fuinnimh;

Tacaíocht a thabhairt don aistriú fuinnimh, lena n-áirítear Cúnant na Méaraí, fuinneamh glan d’oileáin an Aontais, do réigiúin íogaire agus don Afraic;

Anailís chomhtháite chun soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe a chur chun úsáide;

Anailís chomhtháite chun tiomáint leictreach a fhorbairt agus a chur chun úsáide, lena n-áirítear an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí ceallra;

Nósanna imeachta tástála comhchuibhithe agus faireachas margaidh le haghaidh astaíochtaí CO2 agus aerthruailleán ó fheithiclí, measúnú ar theicneolaíochtaí nuálaíocha;

Measúnú ar iompar cliste, ar chórais bainistíochta tráchta agus ar tháscairí brú tráchta;

Anailísí ar bhreoslaí malartacha agus riachtanais bhonneagair ghaolmhara.

6.

Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol

Taighde ar acmhainní talaimh, ithreach, foraoisí, aeir, uisce, muirí, amhábhar agus bithéagsúlachta chun tacú le caomhnú éifeachtach, athshlánú agus úsáid inbhuanaithe ar chaipiteal nádúrtha, lena n-áirítear bainistiú acmhainní inbhuanaithe san Afraic;

Ionad eolais le haghaidh slándáil domhanda ar chothúchán bia;

Measúnú ar an athrú aeráide agus bearta féideartha maolaithe agus oiriúnaithe maidir le beartais talmhaíochtaí agus iascaigh, slándáil bia san áireamh;

Faireachán agus réamhaisnéisiú ar acmhainní talmhaíochta san Aontas, ar mhéadú agus ar thíortha comharsanachta;

Taighde maidir le dobharshaothrú agus iascaigh inbhuanaithe faoi bhláth ó thaobh eacnamaíochta de, agus maidir le Fás Gorm agus an Geilleagar Gorm;

Modhanna bailíochtaithe, tástálacha inniúlachta saotharlainne agus uirlisí anailíseacha nua le haghaidh beartais sábháilteachta bia a chur chun feidhme;

Saotharlanna Tagartha Eorpacha maidir le Breiseáin Bhia, Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus Ábhair Theagmhála Bia;

Ionad eolais maidir le calaois agus cáilíocht bhia;

Ionad eolais maidir leis an mbithgheilleagar.

7.2.3.   Nuálaíocht, Forbairt Eacnamaíoch, agus Iomaíochas

Rannchuideoidh JRC le nuálaíocht agus aistriú teicneolaíochta eolasbhunaithe.. tacú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le rialachas eacnamaíoch an Aontais. Rannchuideoidh sé le forbairt agus le faireachán ar bheartais a bhfuil Eoraip níos sóisialta agus inbhuanaithe mar sprioc acu. Tacóidh sé le gné sheachtrach an Aontais agus lena spriocanna idirnáisiúnta agus cuideoidh sé dea-rialachas a chur chun cinn. Le margadh inmheánach dea-fheidhmiúil lena mbaineann rialachas eacnamaíoch láidir agus córas sóisialta cothrom, cothófar nuálaíocht agus iomaíochas eolasbhunaithe.

Réimsí Ginearálta

Anailís eacnamaíoch, trádála, airgeadais agus fhioscach;

Taighde réamhnormatach agus tástáil ar chomhchuibhiú agus ar chaighdeánú;

Ábhair thagartha dheimhnithe a tháirgeadh;

Gníomhaíochtaí faireachais margaidh;

an chaoi a gcaitear le cearta maoine intleachtúla;

Comhar aistrithe teicneolaíochta a chur chun cinn.

7.2.4.   Barrfheabhas Eolaíoch

Déanfaidh JRC barrfheabhas agus sláine a shaothrú maidir le taighde agus comhar fairsing le hinstitiúidí taighde den scoth ar fud an domhain. Déanfaidh sé taighde i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus cuirfidh sé eolaíocht oscailte agus sonraí oscailte mar aon le haistriú eolais chun cinn.

Réimsí Ginearálta

Cláir um thaighde taiscéalaíoch;

Cláir thiomanta comhair agus malartuithe le hinstitiúidí taighde agus le heolaithe;

Rochtain ar bhonneagair thaighde JRC;

Oiliúint a chur ar eolaithe agus ar shaineolaithe náisiúnta;

Eolaíocht oscailte agus sonraí oscailte.

7.2.5.   Forbairt Chríochach agus Tacaíocht do Bhallstáit agus do Réigiúin

Rannchuideoidh JRC le beartais réigiúnacha agus uirbeacha, le béim ar fhorbairt chríochach a bheidh á threorú ag an nuálaíocht agus ag féachaint chun éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú. Cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil freisin do Bhallstáit agus do thríú tíortha mar aon le tacaíocht chun reachtaíocht agus gníomhaíochtaí Eorpacha a chur chun feidhme.

Réimsí Ginearálta

Beartais réigiúnacha agus uirbeacha, straitéisí speisialaithe cliste, straitéisí le haghaidh claochlú eacnamaíoch ar réigiúin trasdula, straitéisí agus sonraí comhtháite um fhorbairt uirbeach a chur chun feidhme;

Forbairt acmhainní gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme;

Ionad eolais le haghaidh beartais chríochacha;

Comhairle “ar éileamh” agus tacaíocht shaincheaptha do Bhallstáit, do réigiúin nó do chathracha, lena n-áirítear trí líonra fíorúil d’Ardáin “Science4Policy”.

COLÚN III

EORAIP NA NUÁLAIOCHTA

Tá an nuálaíocht de gach aon sórt ar cheann de na príomhspreagthaí don Aontas chun leanúint de rathúnas a chur ar fáil dá shaoránaigh agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na todhchaí. Tá cur chuige sistéamach trasearnálach ilghnéitheach ag teastáil ón nuálaíocht. Tá an dul chun cinn geilleagrach a dhéanann an Eoraip agus leas sóisialta agus caighdeán beatha na hEorpa ag brath ar a cumas chun borradh a chur faoin táirgiúlacht agus faoin bhfás ar rud é atá ag brath cuid mhór ar a cumas nuálaithe. Tá tábhacht ar leith leis an nuálaíocht chun dúshláin mhóra atá roimh an Aontas san am atá amach romhainn a réiteach. Ní mór go mbeadh nuálaíocht freagrach, eiticiúil agus inbhuanaithe.

Mar a bhí amhlaidh i gcás a réamhtheachtaí, tá an nuálaíochti i gcroílár Fís Eorpach. Trí iarrachtaí i dtaca le dlús a chur le haistriú eolais agus le smaointe, táirgí agus próisis nua, déantar cuspóirí Fís Eorpach a chur chun cinn agus módúlachtaí an chláir a chur chun feidhme, ó pleanáil straitéiseach go glaonna, agus bíonn na hiarrachtaí sin ann ó thús deireadh aon tionscadal dá dtugtar tacaíocht, ó thaighde na smaointeoireachta físiúla go treochláir agus misin thionsclaíocha agus theicneolaíocha.

Mar sin féin, tá gá le bearta sonracha i ndáil leis an nuálaíocht, toisc nach mór don Aontas na dálaí agus an timpeallacht a fheabhsú ar bhonn cinntitheach ionas go dtiocfaidh rath ar an nuálaíocht san Eoraip, ionas go ndéanfar smaointe a chomhroinnt go gasta idir gníomhaithe in éiceachóras na nuálaíochta, agus ionas go ndéanfar smaointe agus teicneolaíochtaí nua a chlaochlú go mear ina dtáirgí agus ina seirbhísí nach mór don Aontas a sholáthar.

Tá margaí nua móra domhanda tagtha chun cinn leis na deicheanna de bhlianta anuas, ar margaí iad a bhaineann le cúram sláinte, leis na meáin, leis an tsiamsaíocht, leis an gcumarsáid agus leis an miondíol, bunaithe ar nuálaíochtaí ceannródaíocha in TFC, sa bhiteicneolaíocht, sa teicneolaíocht ghlas, san idirlíon agus i geilleagar na n-ardán. Maidir leis na nuálaíochtaí sin lena gcruthaítear margaí agus a mbíonn tionchar acu ar gheilleagar an Aontais ina iomláine, déanann cuideachtaí atá ag fás go gasta, cuideachtaí nua go minic, iad a chur chun úsáide níos faide anonn sa phróiseas nuálaíochta. Is annamh, áfach, gur de thionscnamh an Aontais na cuideachtaí sin ná go ndéantar iad a mhéadú san Aontas.

Tá rabharta domhanda nua de nuálaíocht ceannródaíoch ag teacht, a bheidh bunaithe ar theicneolaíochtaí a théann níos mó i dtreo na “teicneolaíochta doimhne”, amhail an teicneolaíocht blocshlabhra, AI, an ghéanómaíocht/an il-ómaíocht agus an róbataic, chomh maith le teicneolaíochtaí eile, a fhéadfaidh teacht chun cinn freisin as iarrachtaí ó nuálaithe aonair agus ó phobail saoránach. Rud comhchoiteann a bhaineann leo is ea go bhfuil siad ag teacht chun cinn ag crosbhóthar idir disciplíní eolaíocha, réitigh theicneolaíocha agus earnálacha eacnamaíocha éagsúla, lena dtairgtear meascán iomlán nua de tháirgí, próisis, seirbhísí agus samhlacha gnó agus lenar féidir margaí nua a oscailt ar fud an domhain. Beidh tionchar acu freisin ar earnálacha ríthábhachtacha, amhail monaraíocht, seirbhísí airgeadais, iompar nó fuinneamh.

Ní mór don Eoraip leas a bhaint as an rabharta sin. Tá an Eoraip in áit mhaith mar go bhfuil rabharta úr ag teacht isteach i réimsí na “teicneolaíochta doimhne”, ina bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag an Eoraip cheana, go háirithe sna heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin. Dá bhrí sin tá roinnt buntáistí iomaíocha ag an Eoraip i dtaca le heolaíocht agus eolas, lena n-áirítear i dtaobh acmhainní daonna, agus is féidir léi cur leis an dlúthchomhar poiblí-príobháideach (mar shampla, i gcúram sláinte nó fuinneamh).

Chun go mbeidh an Eoraip in ann a bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht cheannródaíoch, ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bunúsacha seo a leanas:

Maoiniú riosca a mhéadú chun bearnaí maoiniúcháin a líonadh: Tá nuálaithe Eorpacha faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar ghanntanas maoiniúcháin riosca. Is den ríthábhacht an caipiteal fiontair príobháideach chun nuálaíochtaí ceannródaíocha a thiontú ina gcuideachtaí ceannródaíocha, ach, san Eoraip, is ionann an méid a thiomsaítear agus níos lú ná an ceathrú cuid den mhéid a thiomsaítear i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus san Áise; ní mór don Eoraip droichead a thógáil thar “ghleann an bháis” ina dteipeann ar smaointe agus nuálaíochtaí an margadh a bhaint amach de dheasca na bearna idir tacaíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach, go háirithe i dtaca le nuálaíochtaí ceannródaíocha ardriosca ar gá tacú leo trí infheistíochtaí fadtéarmacha;

Éascú a dhéanamh ar rochtain ar thorthaí taighde, feabhas a chur an chlaochlú na heolaíochta i dtreo nuálaíochta agus dlús a chur le haistriú smaointe, teicneolaíochtaí agus tallann ón mbonn taighde chuig gnólachtaí nuathionscanta agus chuig earnáil na tionsclaíochta;

Tacú a thuilleadh le forbairt gach cineáil nuálaíochta, lena n-áirítear seirbhís faoi stiúir úsáideoirí agus tomhaltóirí agus nuálaíocht shóisialta chuimsitheach;

Dlús a chur le claochlú gnó: tá geilleagar na hEorpa ag titim chun deiridh i ndáil le glacadh le teicneolaíochtaí nua agus le méadú: Tá 77 % de na cuideachtaí T&F óga agus móra i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó san Áise agus níl ach 16 % acu lonnaithe san Eoraip;

An timpeallacht Eorpach a fheabhsú agus a shimpliú le haghaidh cistiúcháin agus maidir le tacaíocht a thabhairt don T&N: is ionann an iliomad foinsí cistiúcháin agus creat casta do nuálaithe. Maidir le hidirghabháil an Aontais, ní mór oibriú i gcomhar le tionscnaimh eile ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach, idir phoiblí agus phríobháideach, agus iad a chomhordú chun cumais tacaíochta a fheabhsú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr, chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh maidir le tírdhreach a chur ar fáil ina mbeadh sé éasca d’aon nuálaí Eorpach a mbealach a dhéanamh;

ilroinnt éiceachóras na nuálaíochta a sheachaint; cé go bhfuil líon ball te atá ag méadú i rith an ama san Eoraip, níl siad nasctha le chéile mar is ceart; ní mór do chuideachtaí a bhfuil acmhainneacht fáis idirnáisiúnta acu déileáil le hilroinnt margaí náisiúnta ina bhfuil teangacha, cultúir ghnó agus rialacháin éagsúla á n-úsáid; tá ról le bheith ag an Aontas i dtacú le comhoibriú éifeachtach idir éiceachórais náisiúnta agus réigiúnacha, chun go mbeidh cuideachtaí, agus FBManna go háirithe, in ann rochtain a fháil ar an eolas, an saineolas, na bonneagair agus na seirbhísí is fearr ar fud na hEorpa;tacóidh an tAontas le comhoibriú idir éiceachórais, lena n-áirítear trí rialáil, chun go bhfeabhsófar idir-inoibritheacht idir teicneolaíochtaí difriúla agus réitigh phraiticiúla.

Chun déileáil leis an rabharta nua domhanda de nuálaíochtaí ceannródaíocha, ní mór cur chuige sofhreagrúil, simplí, rianúil agus saincheaptha i leith na tacaíochta a thabharfaidh an tAontas do nuálaithe. Maidir le beartas chun nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus a chur chun úsáide agus cuideachtaí a mhéadú, ní mór dó a bheith ceannasach agus rioscaí á nglacadh agus ní mór dó na dúshláin thuasluaite a chur san áireamh agus luach a chur le gníomhaíochtaí nuálaíochta a chuireann Ballstáit nó réigiúin aonair chun feidhme.

Tá an colún de chuid Fís Eorpach, “Eoraip na Nuálaiochta”, i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais agus go háirithe Clár InvestEU, ceaptha chun torthaí nithiúla a bhaint amach. Leis an gcolún sin, cuirtear leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus leis an taithí a fuarthas faoi na cláir réime a bhí ann roimhe seo, go háirithe ó ghníomhaíochtaí amhail FET, An Mhearchonair i dtreo na Nuálaíochta agus an Ionstraim FBManna, mar aon le maoiniú príobháideach agus corparáideach freisin (amhail an Seachtú Clár Réime, RSFF, InnovFin faoi Fís 2020), arna mbailiú agus arna sruthlíniú faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí píolótacha EIC a seoladh don tréimhse 2018-2020.

Bunaithe ar an taithí sin go léir, déantar foráil sa cholún sin maidir le seoladh EIC, a chuirfidh teicneolaíochtaí agus nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach chun cinn, go príomha, lena ndíreofar go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthófar margaí, agus ag an am céanna, tacófar le gach cineál nuálaíochtaí, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach, go háirithe taobh istigh de FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bhfuil ionchas méadaithe mear acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Deánfaidh an EIC na cineálacha gníomhartha agus gníomhaíochtaí seo a leanas:

Tacú le forbairt nuálaíochtaí todhchaíocha agus ceannródaíocha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear nuálaíochtaí “teicneolaíochta doimhne” mar aon le nuálaíochtaí neamhtheicneolaíocha;

Bearnaí maoiniúcháin a líonadh maidir leis na hinniúlachtaí, lena gcruthófar margadh nua, a cheapadh, a chur chun úsáide agus é a dhéanamh ar bhonn níos leithne;

Caipiteal príobháideach agus infheistíocht a ghiaráil;

An tionchar agus an infheictheacht a bheidh ag an tacaíocht a thabharfaidh an tAontas don nuálaíocht a mhéadú.

Déanfar foráil leis an gColún sin freisin do ghníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi EIT, go háirithe trína PENanna. Ina theannta sin, áiritheofar sineirgí córasacha idir EIC agus EIT. Féadfar cuideachtaí nuálacha a eascraíonn as PEN EIT a chur i dtreo EIC chun sruth ionchasach nuálaíochtaí nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de go fóill a chruthú, agus ag an am céanna, féadfar rochtain ar an tacaíocht bhreise sin a thairiscint do chuideachtaí nuálacha a bhfuil ardacmhainneacht acu, arna gcistiú ag EIC, nach bhfuil rannpháirteach i gceann de PENanna EIT go fóill.

Cé go bhféadfaidh EIC agus na PENanna tacaíocht dhíreach a thabhairt do nuálaíochtaí ar fud an Aontais, ní mór an timpeallacht fhoriomlán ina dtiocfaidh rath ar nuálaíochtaí Eorpacha agus ina dtiocfaidh siad chun cinn a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh: is as torthaí an taighde bhunúsaigh a eascróidh nuálaíochtaí a chruthófar leis na margaí. Ní mór go mbeadh iarracht chomhchoiteann Eorpach ann chun tacú leis an nuálaíocht i ngach cearn den Eoraip, agus i ngach cineál agus i ngach gné a bhaineann léi, lena n-áirítear trí bheartais chomhlántacha an Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha (lena n-áirítear trí shineirgí éifeachtacha le CFRE agus straitéisí speisialaithe cliste) agus trí acmhainní comhlántacha aon uair is indéanta. Dá bhrí sin, déantar foráil leis an gcolún sin do shásraí comhordaithe agus comhair athnuaite agus atreisithe leis na Ballstáit agus le tíortha comhlachaithe, ach le tionscnaimh phríobháideacha freisin, chun tacú le gach gníomhaí de chuid éiceachórais nuálaíochta na hEorpa, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.

Ina theannta sin, mar iarracht leanúnach chun cumais maoinithe riosca a fheabhsú don T&N san Eoraip, beidh dlúthnasc idir an colún seo agus Clár InvestEU. Ag tógáil ar an rath a bhí ar InnovFin faoi Fís 2020 agus leis an taithí a fuarthas faoin gclár, agus faoi Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith, cuirfidh Clár InvestEU feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú riosca d’eintitis atá iontaofa ó thaobh brabúis de, agus d’infheisteoirí freisin.

1   AN CHOMHAIRLE NUÁLAÍOCHTA EORPACH

1.1.   Réimsí Idirghabhála

Feidhmeoidh EIC de réir na bprionsabal seo a leanas: breisluach Eorpach soiléir, neamhspleáchas, cumas rioscaí a ghlacadh, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht. Beidh an EIC ina ionad ilfhreastail do gach cineál nuálaí, lena n-áirítear daoine aonair agus ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí (FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí beaga meánchaipitlithe). Ag brath ar a scéimeanna, tabharfaidh sí tacaíocht do thairbhithe aonair agus do chuibhreannais ildisciplíneacha.

Is iad seo cuspóirí EIC:

nuálaíochtaí ardriosca den uile chineál a shainaithint, a fhorbairt agus a chur chun úsáide, nuálaíochtaí incriminteacha ina measc, ina mbeadh béim mhór ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, suaiteacha agus domhainteicneolaíochta a d’fhéadfadh a bheith ina nuálaíochtaí cruthaithe margaí agus;

tacú le cuideachtaí nuálacha, (ar FBManna iad go príomha, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí beaga meánchaipitlithe a chur in úsáid go gasta ar scála níos leithne) ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta ar feadh na conaire ó na smaointe bunúsacha go dtí an margadh.

I gcás inarb ábhartha, rannchuideoidh EIC le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi chodanna eile de Fís Eorpach, go háirithe faoi Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”.

Cuirfear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach chun feidhme go príomha trí dhá chineál gníomhaíochta comhlántacha, mar atá an "Treo-Aimsitheoir i leith Ardtaighde", do na luathchéimeanna forbartha teicneolaíochta, agus "an Luasaire" a dhíreoidh ar an nuálaíocht agus ar ghníomhaíochtaí chun í a chur chun úsáide sa mhargadh, lena n-áirítear na céimeanna réamh-olltráchtálaithe agus fás na gcuideachtaí. Is é atá i gceist leis "an Luasaire" go gcuirfear ionad ilfhreastail aonair agus próiseas tacaíochta aonair ar fáil chun tacú leis na nuálaíochtaí ardriosca a dhéanann gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, agus i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí beaga meánchaipitlithe, ina mbronnfaidh "an Luasaire" dhá chineál tacaíochta go sonrach: maoiniú cumaiscthe den chuid is mó (deontais a chomhcheangal le hinfheistíochtaí cothromais) chomh maith le deontais, agus tacaíocht cothromais á leanúint go roghnach. Lena chois sin, tabharfaidh sé rochtain ar iasachtaí agus ar ráthaíochtaí go háirithe orthu siúd a chuirtear ar fáil faoin gClár InvestEU.

Beidh tréithe i gcoiteann ag an dá chineál gníomhaíochta comhlántacha. Sna gníomhaíochtaí sin, déanfar an méid seo:

Tabharfar tacaíocht do na nuálaíochtaí ardriosca i gcás nach bhféadfaidh an margadh amháin na rioscaí, cibé acu rioscaí airgeadais, teicneolaíocha/eolaíochta, rioscaí margaidh agus/nó rioscaí rialúcháin iad, a iompar nó i gcás nach bhféadfaidh na hionstraimí airgeadais faoi Chlár InvestEU tacú leo go fóill;

Díreofar den chuid is mó ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, agus/nó domhainteicneolaíochta a d’fhéadfadh a bheith ina nuálaíochtaí cruthaithe margaí, ach ag an am céanna, tacófar le cineálacha eile nuálaíochta lena n-áirítear, an nuálaíocht incriminteach, lena bhféadfar margaí nua a chruthú nó rannchuidiú le dúshláin dhomhanda a réiteach;

Iad a fheidhmiú ón mbun aníos den chuid is mó, a bheith oscailte do nuálaíochtaí ó gach réimse eolaíochta, teicneolaíochta agus feidhmithe in aon earnáil, agus san am céanna, lenar féidir tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt freisin do na teicneolaíochtaí a chruthaíonn margaí agus/nó domhainteicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tábhacht straitéiseach ionchasach ag baint leo ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch nó sóisialta de. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin meastóireacht ar an tionchar straitéiseach ionchasach sin ar bhonn moltaí ó na saineolaithe neamhspleácha seachtracha, ó bhainisteoirí clár EIC agus, i gcás inarb iomchuí, ó Bhord Comhairleach EIC;

Cothófar na nuálaíochtaí sin atá le fáil ina lán réimsí agus earnálacha éagsúla idir eolaíoch agus teicneolaíoch (mar shampla ina gcomhcheanglaítear gnéithe idir fhisiciúil agus digiteach);

díreofar ar nuálaithe iad, ina ndéanfar na nósanna imeachta agus ceanglais riaracháin a shimpliú, tionólfar agallaimh chun iarratais a mheasúnú agus áiritheofar an chinnteoireacht mhear;

Cuirfear chun feidhme iad agus é mar aidhm leo feabhas suntasach a chur ar an éiceachóras nuálaíochta Eorpach;

Déanfar iad a bhainistiú go réamhghníomhach nó trí chritéir réamhshainithe eile agus garspriocanna á n-úsáid chun an dul chun cinn a thomhas agus beifear in ann, tar éis measúnú críochnúil a dhéanamh ina bhféadfaí leas a bhaint as saineolaithe neamhspleácha seachtracha, na tionscadail a atreorú, a athsceidealú nó a fhoirceannadh i gcás inar gá.

Mar aon le tacaíocht airgeadais, beidh rochtain ag nuálaithe ar sheirbhísí comhairleacha gnó de chuid na EIC lena gcuirfear ar fáil cóitseáil, meantóireacht agus cúnamh teicniúil do thionscadail, agus ina ndéanfar nuálaithe a chur ag obair le piaraí, comhpháirtithe tionsclaíocha agus infheisteoirí. Beidh rochtain éascaithe ag nuálaithe ar shaineolas, saoráidí (lena n-áirítear moil nuálaíochta (20) agus ionaid tástála nuálaíochta oscailte) agus ar chomhpháirtithe ar fud na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht ón Aontas, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, go háirithe trína PENanna. Áiritheoidh an Coimisiún leanúnachas rianúil idir EIT, EIC agus Clár InvestEU, chun comhlántacht agus sineirgí a chur ar fáil.

Chun lamháil do neartú an éiceachórais nuálaíochta Eorpaigh, tabharfar aird ar leith chun comhlántacht iomchuí éifeachtúil le tionscnaimh de chuid Ballstáit aonair nó Ballstát líonraithe nó le tionscnaimh idir-réigiúnacha a áirithiú, lena n-áirítear i bhfoirm Comhpháirtíochta Eorpaí.

1.1.1.   An Treo-Aimsitheoir i leith Ardtaighde

Leis an Treo-Aimsitheoir, cuirfear deontais ar fáil do thionscadail cheannródaíocha ardriosca ina ndéanfar iniúchadh ar réimsí nua domhainteicneolaíochta chun teicneolaíochtaí nuálacha úrnua ionchasacha agus deiseanna margaidh nua don todhchaí a fhorbairt. Déanfaidh an Treo-Aimsitheoir iad a chumasc i samhail aonair le tacar uathúil critéar agus cuirfidh sé leis an taithí a fuarthas ó scéimeanna FET dár tugadh tacaíocht sa Seachtú Creatchlár agus i bhFís 2020, lena n-áirítear Ceap Lainseála Nuálaíochta na dTeicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht chun Cinn i bhFís 2020, mar aon le Céim 1 Ionstraim FBManna i bhFís 2020.

Is é an cuspóir foriomlán a bheidh ag an Treo-Aimsitheoir an nuálaíocht ionchasach lena gcruthófar margadh nua a chothú as smaointe ceannródaíocha, agus iad a thabhairt go céim taispeána nó iad a fhorbairt ina gcásanna gnó nó ina straitéisí ionas go nglacfaidh an Luasaire nó aon réiteach cur chun úsáide eile ar an margadh iad. Chun na críche sin, tabharfaidh an Treo-Aimsitheoir tacaíocht do na céimeanna is luaithe sa T&F eolaíoch agus theicneolaíoch, lena n-áirítear cruthúnas an choincheapa agus fréamhshamhlacha maidir le bhailíochtú teicneolaíochta.

Chun go mbeidh an Treo-Aimsitheoir go hiomlán oscailte d’fhionnachtana leathana móra, deiseanna seirindipíochta agus smaointe gan choinne, coincheapa agus fionnachtana, cuirfear chun feidhme é go príomha trí ghlao oscailte leanúnach iomaíoch ina mbeidh scothdhátaí do thograí ón mbun aníos. Agus a nádúr i dtaca le hoibriú ón mbun aníos den chuid is mó á choinneáil aige, déanfar foráil leis an Treo-Aimsitheoir freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseacha (21) a fhorbairt ina n-iarrfar an domhainteicneolaíocht agus an smaointeoireacht radacach. Cinnfear topaicí na ndúshlán sin sna cláir oibre. Mar thoradh ar thionscadail roghnaithe a athghrúpáil ina bpunanna téamacha nó cuspóirdhírithe, beifear in ann mais chriticiúil a chruthú maidir le hiarrachtaí agus maidir le pobail taighde ildisciplíneacha nua a struchtúrú.

Déanfar tuilleadh forbartha ar na punanna tionscadal roghnaithe sin agus feabhsófar iad, gach ceann de na punanna a fhorbrófar de réir físe i gcomhar lena nuálaithe, ach déanfar iad a chomhroinnt leis an bpobal T&N i gcoitinne. Cuirfear gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-Aimsitheora chun feidhme chun cuidiú le taighdeoirí agus le nuálaithe an chonair a ullmhú don fhorbairt tráchtála, amhail gníomhaíochtaí taispeána agus staidéir indéantachta chun cásanna gnó ionchasacha a mheasúnú, agus tacú le seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthú. Féadfaidh sé go mbeidh deontais chomhlántacha i gceist freisin leis na gníomhaíochtaí aistrithe sin chun scóip gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo nó gníomhaíochtaí leanúnacha a bhreisiú nó iad a mhéadú, comhpháirtithe nua a thabhairt isteach, an comhar faoi chuimsiú na punainne a éascú agus a pobal idirdhisciplíneach a fhorbairt.

Beidh an Treo-Aimsitheoir oscailte do gach cineál nuálaí, idir dhaoine aonair agus ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus díreofar ar chuibhreannais ildisciplíneacha. I gcás tionscadail tairbhithe aonair, ní thabharfar cead do chuideachtaí meánchaipitlithe nó do chuideachtaí atá níos mó. Cuirfear an Treo-Aimsitheoir chun feidhme trí thaighde comhoibritheach den chuid is mó agus i ndlúthchomhar le codanna eile de Fís Eorpach, go háirithe leis an ERC, GMSC, an chuid sin de Cholún III a bhaineann leis an Éiceachóras Eorpach agus PENanna i measc ghníomhaíochtaí EIT chun smaointe agus coincheapa úrnua radacacha a shainaithint lena mbaineann acmhainneacht cheannródaíoch.

1.1.2.   An Luasaire

Tá an maoiniú príobháideach agus corparáideach atá ar fáil ar an ngannchuid idir an chéim mhall ina ndéantar na gníomhaíochtaí T&N agus an chéim ina nglacfar le nuálaíochtaí ceannródaíocha ardriosca (22) agus dá réir níl sé iontaofa ó thaobh brabúis de ná do chuideachtaí a mheallfaidh infheisteoirí ar nuálaithe agus a d’fhéadfadh a bheith ina nuálaíochtaí cruthaithe margaí. D’fhonn droichead a thógáil thar “ghleann an bháis”, i dtaca le haon chineál nuálaíochtaí ardriosca, lena n-áirítear go háirithe i gcás nuálaíochtaí na “teicneolaíochta doimhne” atá ríthábhachtach d’fhás na hEorpa sa todhchaí, ní mór cur chuige úrnua ar fad a cheapadh i leith na tacaíochta poiblí. I gcás nach gcuirfidh an margadh réitigh airgeadais inmharthana ar fáil, ba cheart sásra sonrach comhroinnte rioscaí a chur ar fáil sa tacaíocht phoiblí, ina n-iomprófar níos mó den riosca tosaigh a bheidh ag an nuálaíocht cheannródaíoch ionchasach lena gcruthófar margadh nua, mura n-iomprófar an riosca tosaigh uile, chun infheisteoirí príobháideacha malartacha a mhealladh chuig an dara céim de réir mar a chuirfear na hoibríochtaí i bhfeidhm agus go n-ísleofar an riosca go dtí go mbeidh an chuideachta atá ag iompar an tionscadail nuálaigh iontaofa ó thaobh brabúis de.

Dá bharr sin, tabharfar tacaíocht airgeadais sa Luasaire do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí beaga meánchaipitlithe a mbeidh an uaillmhian acu a nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus a chur chun úsáide san Aontas agus i margaí idirnáisiúnta, agus iad féin a mhéadú go mear. Chun na críche sin, cuirfidh sé leis an taithí a fuarthas ó Chéim 2 agus ó Chéim 3 Ionstraim FBManna de Fís 2020 agus ó InnovFin Fís 2020, lena n-áirítear trí chomhchodanna nach mbaineann le deontais a chur isteach agus an cumas chun tacú le hinfheistíochtaí atá níos mó agus níos faide.

Den chuid is mó, sa Luasaire tabharfar tacaíocht i bhfoirm mhaoiniú cumaiscthe EIC, mar aon le deontais agus cothromas. Meascán den méid seo a bheidh i gceist le maoiniú cumaiscthe EIC:

deontas nó airleacan in-aisíoctha (23), chun gníomhaíochtaí nuálaíochta a chuimsiú;

Tacaíocht don infheistíocht i gcothromas (24) nó i gcineálacha in-aisíoctha eile (amhail iasachtaí nó ráthaíochtaí), ionas go ndéanfar nasc idir gníomhaíochtaí na nuálaíochta agus á gcur chun úsáide go héifeachtach ar an margadh, lena n-áirítear í a chur á húsáid ar scála níos leithne, ar bhealach nach bplódófar infheistíochtaí príobháideacha nó nach ndéanfaidh an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. I gcás ina meastar tionscadal a bheith iontaofa ó thaobh brabúis de óna chéad roghnú (dícheall cuí), nó i gcás ina ndearnadh laghdú leordhóthanach ar leibhéal an riosca, tabharfaidh EIC rochtain don chuideachta roghnaithe/dá dtugtar tacaíocht ar mhaoiniú fiachais (amhail iasachtaí nó ráthaíochtaí) agus ar mhaoiniú cothromais arna soláthar le Clár InvestEU.

Bronnfar tacaíocht airgeadais chumaiscthe trí aon phróiseas amháin agus le haon chinneadh amháin, lena dtabharfar aon ghealltanas domhanda amháin don nuálaí dá dtugtar tacaíocht go mbeidh rochtain aige ar acmhainní airgeadais lena gcuimseofar na céimeanna éagsúla den nuálaíocht go dtí go gcuirfear chun úsáide ar an margadh, lena n-áirítear an réamh-olltráchtálú. Beidh cur chun feidhme iomlán na tacaíochta a bhronnfar faoi réir garspriocanna agus athbhreithniú. Cuirfear an meascán agus an méid den mhaoiniú in oiriúint do riachtanais na cuideachta, dá mhéid agus don chéim, do chineál na teicneolaíochta nó na nuálaíochta agus do chomh fada agus a bheidh timthriall na nuálaíochta. Cuimseoidh an Luasaire riachtanais maoinithe go dtí go gcuirfear foinsí malartacha infheistíochta ina n-ionad.

Anuas air sin, tabharfar tacaíocht sa Luasaire i bhfoirm deontais do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, chun dul i mbun raon cineálacha nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, ar choinníoll go bhfuil sé mar aidhm leo méadú ina dhiaidh sin.

Cuirfear an tacaíocht ar fáil tríd an nglao oscailte leanúnach céanna ón mbun aníos arb ionann é agus an ceann a úsáidfear do thacaíocht an mhaoinithe chumaiscthe. Aon uair amháin a fhéadfaidh gnólacht nuathionscanta nó FBM leas a bhaint as Fís Eorpach maidir le tacaíocht de chineál deontais amháin ó EIC, agus ní rachaidh an tacaíocht sin thar EUR 2,5 milliún aige. Beidh faisnéis mhionsonraithe ag gabháil leis an togra maidir le cumas an iarratasóra uas-scálú a dhéanamh.

I dtaca le tionscadail a bhain leas as tacaíocht de chineál deontais amháin, agus air sin amháin, féadfaidh an Luasaire, tar éis iarraidh a fháil ó na tairbhithe, tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh ina dhiaidh sin (mar shampla “tacaíocht chothromais amháin”), trí Luasaire Meán Sainchuspóireach EIC faoi réir thorthaí díchill chuí an Mheáin sin.

Nuair a gheobhaidh tionscadail roghnaithe tacaíocht i bhfoirm comhchuid de dheontas dá ghníomhaíochtaí T&N; féadfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i gcomhar le heagraíochtaí taighde poiblí nó príobháideacha, mar shampla trí fhochonraitheoireacht, chun a áirithiú go mbeidh an rochtain is fearr is féidir ag an tairbhí ar shaineolas teicniúil agus gnó. Tabharfaidh sin deis don tairbhí forbairt a dhéanamh le bunús láidir san eolas, saineolas agus éiceachórais atá ann cheana ar fud na hEorpa.

I gcás ina laghdófar na rioscaí éagsúla, amhail rioscaí airgeadais, eolaíochta/teicneolaíocha, margaidh, bainistíochta agus rialúcháin, meastar go dtiocfaidh méadú ar an tábhacht choibhneasta a bheidh le comhchuid an airleacain in-aisíoctha.

Cé go bhféadfaidh an tAontas an riosca tosaigh a bhaineann leis an nuálaíocht roghnaithe agus leis na gníomhaíochtaí a chur chun úsáide ar an margadh a iompar leis féin, is é an aidhm a bheidh ann an riosca a bhaint astu agus comh-infheistíochtaí ó fhoinsí malartacha agus fiú ó infheisteoirí ionadacha a spreagadh, ó thosach an ghnímh agus le linn an gníomhú a fhorbairt. Sa chás sin, comhaontófar cuspóirí agus sceideal na comhinfheistíochta agus sceideal ama leis an gcomhinfheisteoir nó leis na comhinfheisteoirí agus leis na tairbhithe/cuideachtaí lena dtacófar.

Beidh an Luasaire ag feidhmiú den chuid is mó trí ghlao oscailte leanúnach ón mbun aníos, lena ndéanfar spriocdhíriú ar FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus i gcásanna eisceachtúla, ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, lena n-áirítear nuálaithe óga agus baineanna a bhainistíonn nó a shealbhaíonn príomhscileanna sna cuideachtaí sin. Féadfar an glao oscailte sin ón mbun aníos a chomhlánú le tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do na nuálaíochtaí ceannródaíocha, ar nuálaíocht cruthaithe margaí iad agus/nó domhainteicneolaíocht a bhfuil tábhacht straitéiseach ionchasach acu ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch nó sóisialta de, agus nádúr an Luasaire á choinneáil, ar nádúr é atá ón mbun aníos den chuid is mó. Déanfar cur síos ar na hábhair don tacaíocht spriocdhírithe sin sna cláir oibre. Féadfaidh infheisteoirí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí nuálaíochta poiblí, tograí a thíolacadh freisin, ach dámhfar an tacaíocht go díreach don chuideachta atá i mbun an tionscadail nuálaigh a bhfuil suim acu ann.

Lamhálfar leis an Luasaire freisin go mbeifear in ann glacadh le nuálaíochtaí a eascraíonn as tionscadail dá dtugann an Treo-Aimsitheoir tacaíocht agus as colúin eile de chuid chláir réime an Aontais (25), chun tacú leo an margadh a bhaint amach. D’fhonn tionscadail dár tugadh tacaíocht i gcolúin eile de Fís Eorpach agus i gcláir réime eile roimhe seo a shainaithint, beidh an obair sin bunaithe ar mhodheolaíochtaí ábhartha, amhail an Radar Nuálaíochta.

Thairis sin, chun críocha méadaithe agus i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 48(6) de Rialachán (AE) 2021/695, faoi réir cleachtadh mapála tosaigh, féadfaidh tograí rathúla ó chláir incháilithe náisiúnta nó réigiúnacha rochtain a bheith acu ar chéim meastóireachta an Luasaire faoi na coinníollacha carnacha agus seicheamhacha seo a leanas:

(a)

i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún mionmhapáil ar chláir incháilithe náisiúnta nó réigiúnacha chun éileamh i leith na scéime sin a shainaithint; foilseofar torthaí na mapála sin ar thairseach na rannpháirtithe agus tabharfar cothrom le dáta iad ar bhonn rialta;

(b)

seolfar treoirthionscadal, bunaithe ar an mapáil sin, i gcéad chlár oibre Fís Eorpach; faoin gclár píolótach sin, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

dearbhóidh an Coimisiún na nósanna imeachta meastóireachta náisiúnta nó réigiúnacha de réir critéir a bheidh san áireamh i gclár oibre Fís Eorpach;

(ii)

áiritheoidh an Coimisiún cóir chomhionann le tograí eile i meastóireacht na dtograí arna dtíolacadh faoin Luasaire; go háirithe, ní mór do gach togra incháilithe tástáil roghnúcháin a chomhlíonadh, ar comhchéim, ina mbeidh agallamh duine le duine, le giúiré ar a mbeidh saineolaithe neamhspleácha seachtracha.

1.1.3.   Gníomhaíochtaí Breise EIC

Ina theannta sin, cuirfidh EIC an méid seo chun feidhme:

Seirbhísí brostaithe gnó EIC i dtacaíocht le gníomhaíochtaí agus caingne an Treo-Aimsitheora agus an Luasaire. Beidh na seirbhísí seo inmholta go hard do gach gnólacht nuathionscanta agus FBM roghnaithe agus, i gcásanna eisceachtúla, do chuideachtaí beaga meánchaipitlithe, cé nach mbeidh úsáid na seirbhísí sin éigeantach. Is é an aidhm atá leo pobal EIC nuálaithe maoinithe a nascadh, agus Séala Barr Feabhais maoinithe san áireamh, le hinfheisteoirí, comhpháirtithe agus ceannaitheoirí poiblí. Cuirfidh sé raon de sheirbhísí cóitseála agus meantóireachta ar fáil i dtaca le gníomhaíochtaí EIC. Tabharfaidh sé rochtain ar líonraí idirnáisiúnta comhpháirtithe ionchasacha, lena n-áirítear comhpháirtithe tionsclaíocha, do nuálaithe chun slabhra luacha a chomhlánú nó deiseanna margaidh a fhorbairt, agus infheisteoirí agus foinsí eile maoiniúcháin phríobháidigh nó chorparáidigh a aimsiú. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin imeachtaí beo, amhail imeachtaí bróicéireachta agus seisiúin chur i láthair, ach ardáin mheaitseála a fhorbairt nó na hardáin sin atá ann cheana a úsáid, i ndlúthchomhar le hidirghabhálaithe airgeadais dá dtugann Clár InvestEU agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta tacaíocht. Leis an ngníomhaíochtaí sin, spreagfar malartuithe piaraí mar fhoinse foghlama san éiceachóras nuálaíochta, agus úsáid an-mhaith a bhaint as comhaltaí Bhord EIC agus comhaltaí EIC;

Comhaltachtaí EIC chun onóir a thabhairt do phríomhnuálaithe an Aontais. Bronnfaidh an Coimisiún comhaltachtaí EIC ar chomhairle ón mBord Comhairleach Ardleibhéil chun aitheantas a thabhairt do na faighteoirí mar ambasadóirí nuálaíochta;

Dúshláin CIE, i bhfoirm duaiseanna dreasachta, chun cuidiú réitigh nua do dhúshláin dhomhanda a fhorbairt, gníomhairí nua a thabhairt isteach agus pobail nua a fhorbairt. Áireofar ar dhuaiseanna aitheantais EIC iCapital, an Duais Dreasachta um Nuálaíocht Aeráide, agus an Duais Nuálaithe Ban (26). Beidh dearadh na nduaiseanna nasctha le EIC agus le codanna eile de Fís Eorpach, lena n-áirítear misin agus comhlachtaí cistiúcháin eile. Déanfar inniúchadh ar dheiseanna chun dul i gcomhar le heagraíochtaí atá in ann tacaíocht chomhlántach a sholáthar (amhail fiontair, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, eagraíochtaí brostaithe gnó, carthanais agus fondúireachtaí);

Soláthar Nuálach EIC chun fréamhshamhlacha a sholáthar, nó chun clár céadcheannaigh a fhorbairt lena n-éascófar eintitis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, i dteannta a chéile nuair is féidir, a bheith ag tástáil agus ag sealbhú teicneolaíochtaí nuálacha réamh-mhargaidh.

1.2.   Cur chun feidhme

I gcomhréir le cur chun feidhme EIC, iarrtar gnéithe bainistithe sonracha a chur chun úsáide chun a chur chuige atá bunaithe ar nuálaithe agus na cineálacha gníomhaíochtaí a léiriú.

1.2.1.   Bord EIC

Tabharfaidh Bord EIC cúnamh don Choimisiún chun EIC a chur chun feidhme. Mar aon le comhairle a thabhairt faoi chláir oibre EIC, beidh ról gníomhach ag Bord EIC i dtaca le comhairle a chur maidir le próiseas roghnaithe na dtionscadal, chomh maith le comhairle a chur maidir le bainistíocht agus gníomhaíochtaí leantacha. Beidh feidhm chumarsáide aige agus beidh ról ambasadóra ag a chomhaltaí agus cuideoidh siad leis an nuálaíocht a spreagadh ar fud an Aontais. Áireofar ar na bealaí cumarsáide go mbeidh EIC ag freastal ar phríomhimeachtaí nuálaíochta, meáin shóisialta, go mbeidh sé rannpháirteach i bpobal nuálaithe EIC, ag dul i dteagmháil go rialta leis na príomh-mheáin chumarsáide agus fócas a dhíriú ar an nuálaíocht, go mbeidh sé ag freastal ar imeachtaí in éineacht le gorlanna gnó agus moil bhrostaithe gnó.

Tabharfaidh Bord EIC comhairle don Choimisiún maidir le treochtaí nó tionscnaimh nuálaíochta is gá chun éiceachóras nuálaíochta an Aontais a fheabhsú agus a chothú, lena n-áirítear i ndáil le bacainní rialála ionchasacha. I gcomhairle Bhord EIC, déanfar limistéir nuálaíochta atá ag teacht chun cinn a shainaithint freisin ar dócha go gcuirfear san áireamh iad sna gníomhaíochtaí faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” agus faoi mhisin. Ar an dóigh sin, agus i gcomhordú le foirmíocht ábhartha choiste na gclár, meastar go mbeidh Bord EIC ag rannchuidiú le comhleanúnachas foriomlán Fís Eorpach.

Ar bhonn na comhairle ó Bhord EIC, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

faisnéis mhionsonraithe a sholáthar d’iarratasóirí ionchasacha roimh ghlaonna ar thograí, ina n-áireofar:

(i)

ceanglais na scéimeanna tacaíochta éagsúla;

(ii)

an bealach a soláthrófar agus a gcuirfear chun feidhme cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais (maoiniú cumaiscthe, deontais, cothromais, iasachtaí);

(iii)

difreáil shoiléir idir na grúpaí a ndírítear orthu agus a riachtanais dhifriúla, de réir scéimeanna EIC;

(iv)

sainmhíniú ar na cuspóirí nuálaíochta ó thaobh táirge, próisis, margaíochta agus seirbhísí de;

maoirsiú daingean a bhunú maidir le cur chun feidhme scéimeanna EIC agus é mar chuspóir leis sin foghlaim beartais ghasta a áirithiú agus patrúin nuálaíochta a fhorbairt. Chun na críche sin, roghnófar táscairí agus cuirfear chun feidhme iad chun an nuálaíocht a bhfuiltear ag súil léi agus a bhainfear amach ó thaobh táirge, próisis, margaíochta agus seirbhísí a thomhas;

comhlántacht agus comhar idir EIC agus EIT a áirithiú agus é mar aidhm leis sin dúbláil a sheachaint;

faisnéis mhionsonraithe maidir le huirlisí atá ann cheana a scaipeadh chun infheisteoirí caipitil riosca a mhealladh i gcás tionscadail ardriosca.

1.2.2.   Bainisteoirí Clár EIC

Glacfaidh an Coimisiún cur chuige réamhghníomhach i leith tionscadail ardriosca a bhainistiú tríd an rochtain ar an saineolas riachtanach a thabhairt.

Ceapfaidh an Coimisiún ar bhonn sealadach líon bainisteoirí clár EIC chun cúnamh a thabhairt dó ina fhís atá bunaithe ar ghnó agus an teicneolaíocht agus ina threoir oibríochtúil. Cuirfear Coiste na gClár ar an eolas maidir leis na ceapacháin.

Tiocfaidh bainisteoirí clár as an iomad réimsí, lena n-áirítear cuideachtaí, ollscoileanna, saotharlanna náisiúnta agus ionaid taighde. Tabharfaidh siad leo saineolas domhain atá bunaithe ar a dtaithí phearsanta féin agus ar na blianta fada a chaith siad sa ghort. Beidh siad ina gceannairí aitheanta, bunaithe ar an taithí a fuair siad agus iad i mbun foirne taighde ildisciplíneacha a bhainistiú nó cláir institiúideacha mhóra a stiúradh, agus tuigfidh siad an tábhacht a bheidh lena bhfís a léiriú gan sos gan staonadh agus ar bhonn cruthaitheach leathan. Ar deireadh, beidh taithí acu ar bhainistiú buiséad tábhachtach ina raibh tuiscint ar an bhfreagracht de dhíth orthu.

Beifear ag súil go gcuirfidh bainisteoirí clár borradh faoin tionchar a bheidh ag cistiú EIC trí chultúr “bainistíochta gníomhaí” a chothú, ina gcomhcheanglófar eolas fónta teicneolaíoch le cur chuige praiticiúil lena n-áirítear an fhorbairt ar leibhéal na punainne agus ar leibhéal na dtionscadal físbhunaithe, amlínte agus garspriocanna nach mór a chomhlíonadh i dtionscadail EIC chun cistiú leanúnach a fháil.

Go háirithe, déanann bainisteoirí clár mhaoirseacht ar chur chun feidhme ghlaonna an Treo-Aimsitheora agus an Luasaire, agus tugann siad tuairimí do na coistí meastóireachta saineolaithe, bunaithe ar chritéir shoiléire agus chothroma agus i bhfianaise punann chomhsheasmhach straitéiseach, a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh siad ar bhonn ríthábhachtach le nuálaíochtaí ionchasacha sóisialta nó geilleagracha lena gcruthófar margaí.

Beidh de chúram ar bhainisteoirí clár punanna an Treo-Aimsitheora a chothú trí fhís chomhchoiteann agus cur chuige straitéiseach comhchoiteann a fhorbairt in éineacht le tairbhithe, as a dtiocfaidh mais chriticiúil iarrachtaí. Is é a bheidh i gceist leis sin réimsí nua taighde arna bhforbairt le deireanas a fheabhsú agus pobail nua a thógáil agus a struchtúrú arb é an cuspóir a bheidh leis smaointe ceannródaíocha ar thús cadhnaíochta a thabhairt isteach i bhfíornuálaíochtaí seanbhunaithe lena gcruthófar margaí. Cuirfidh bainisteoirí clár gníomhaíochtaí aistrithe chun feidhme, lena ndéanfar forbairt bhreise ar na punanna le gníomhaíochtaí agus comhpháirtithe ábhartha breise, agus lena ndéanfar dlúthfhaireachán ar sheach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta ionchasacha.

Chun lamháil do níos mó solúbthachta, déanfaidh bainisteoirí clár athbhreithniú ar thionscadail an Treo-Aimsitheora agus an Luasaire, maidir le gach garsprioc nó critéir réamhshainithe in eatraimh ábhartha i gcomhréir leis an bhforbairt tionscadail, chun a mheasúnú ar chóir iad a leanúint, a atreorú nó a fhoirceannadh de réir modhanna agus nósanna imeachta sainithe maidir le bainistiú tionscadal. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha a bheith rannpháirteach sna measúnuithe sin. I gcomhréir lena Rialacháin Foirne, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ná sárú rúndachta i gceist ar pháirt na mbainisteoirí tionscadal i bhforghníomhú a gcúraimí uile.

I bhfianaise nádúr ardriosca na ngníomhaíochtaí, meastar nach dtabharfar líon suntasach tionscadal i gcrích. Úsáidfear an buiséad a shaorfar as tionscadail arna bhfoirceannadh den chineál sin chun tacú le gníomhaíochtaí eile EIC agus cuirfear in iúl do Choiste na gClár iad go tráthúil.

1.2.3.   Cur chun feidhme mhaoinithe chumaiscthe EIC

Bainisteoidh an Coimisiún na heilimintí oibríochtúla de chuid thionscadail an Luasaire, lena n-áirítear na deontais nó cineálacha eile neamh-iníoctha tacaíochta.

Chun críche maoiniú cumaiscthe EIC a bhainistiú, bunóidh an Coimisiún meán sainchuspóireach. Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go mbeidh infheisteoirí poiblí agus príobháideacha rannpháirteach ann. I gcás nach féidir déanamh amhlaidh san eagrú tosaigh, déanfar meán sainchuspóireach EIC a struchtúrú ar dhóigh gur féidir infheisteoirí poiblí nó príobháideacha a mhealladh chun éifeacht ghiarála ranníocaíocht an Aontais a mhéadú.

Déanfaidh an Coimisiún straitéis infheistíochta mheán sainchuspóireach EIC a fhormhuiniú. Le meán sainchuspóireach EIC, saineofar agus cuirfear chun feidhme straitéis scoir le haghaidh a rannpháirtíochtaí cothromais, lena n-áireofar an fhéidearthacht a mholadh go n-aistreofaí (sciar d’) oibríocht infheistíochta chuig na comhpháirtithe cur chun feidhme lena dtugtar tacaíocht dóibh faoi Chlár InvestEU, i gcás inarb iomchuí agus le haghaidh oibríochtaí ar íslíodh a rioscaí go leordhóthanach ionas go gcomhlíonfar na critéir atá in Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún Coiste na gClár ar an eolas dá réir sin.

Déanfaidh meán sainchuspóireach EIC a dhícheall mar is cuí agus rachaidh sé i mbun caibidlíochta faoi théarmaí teicniúla gach infheistíochta i gcomhréir le prionsabail na breisíochta agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint le gníomhaíochtaí na n-eintiteas nó na gcontrapháirteanna eile. Le meán sainchuspóireach EIC, déanfar infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha a ghiaráil go réamhghníomhach ina n-oibríochtaí aonair de chuid an Luasaire.

2.   ÉICEACHÓRAIS NUÁLAÍOCHTA NA hEORPA

2.1.   An Réasúnaíocht

Chun go mbeifear in ann tarraingt go hiomlán ar acmhainn na nuálaíochta, ina bhfuil taighdeoirí, fiontraithe, an earnáil thionsclaíoch agus an tsochaí i gcoitinne rannpháirteach, ní mór don Aontas, in éineacht leis na Ballstáit, feabhas a chur ar an timpeallacht ina dtiocfaidh rath ar an nuálaíocht ar gach leibhéal. Is é atá i gceist leis sin ná rannchuidiú le héiceachóras nuálaíochta éifeachtach ar leibhéal an Aontais a fhorbairt, agus comhar, líonrú agus malartú smaointí agus eolais a spreagadh mar aon le forbairt a dhéanamh ar phróisis nuálaíochta oscailte in eagraíochtaí, cistiú agus scileanna i measc éiceachórais nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun tacú le gach cineál nuálaíochta, dul i dteagmháil le gach nuálaí ar fud an Aontais agus tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil dóibh.

Ní mór go mbeadh sé mar aidhm ag an Aontas agus ag na Ballstáit éiceachórais a fhorbairt lena dtabharfar tacaíocht don nuálaíocht shóisialta agus do nuálaíocht na hearnála poiblí, agus don nuálaíocht i bhfiontair phríobháideacha chomh maith. Go deimhin, ní mór don earnáil rialtais cruth nuálach athnuaite a chur uirthi féin chun bheith in ann tacú leis na hathruithe ar rialáil agus rialachas is gá chun tacú le cur chun úsáide nuálaíochtaí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua ar mórscála agus chun riar ar an éileamh ón bpobal atá ag méadú go ndéanfar seirbhísí a sheachadadh ar bhonn níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Tá tábhacht mhór leis an nuálaíocht shóisialta chun feabhas a chur ar leas na sochaithe atá againn.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach déanfar gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun sineirgí le cineálacha gníomhaíochta EIC a chomhlánú agus a áirithiú, mar aon le gníomhaíochtaí EIT, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cholúin eile Fís Eorpach agus le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag Ballstáit agus ag tíortha comhlachaithe ach ag tionscnaimh phríobháideacha freisin.

2.2.   Réimsí idirghabhála

Mar chéim thosaigh, eagróidh an Coimisiún Fóram EIC as measc údaráis agus comhlachtaí poiblí sna Ballstáit agus sna Tíortha comhlachaithe atá i gceannas ar bheartais agus ar chláir nuálaíochta, arb é an aidhm a bheidh leis éiceachóras nuálaíochta an Aontais a fhorbairt. Beidh Bord EIC agus Bord EIT comhlachaithe freisin. San fhóram EIC sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo:

Plé a dhéanamh ar an rialáil atá dírithe ar an nuálaíocht a fhorbairt, tríd an bPrionsabal Nuálaíochta (27) a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach agus cineálacha cur chuige nuálaigh i leith soláthar poiblí a fhorbairt, lena n-áirítear an ionstraim maidir le Soláthar Poiblí na Nuálaíochta a fhorbairt agus a fheabhsú chun an nuálaíocht a spreagadh. Leanfaidh an Fhaireachlann um Nuálaíocht na hEarnála Poiblí freisin de bheith ag tacú le hiarrachtaí nuálaíochta inmheánacha sna rialtais, mar aon leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais athchóirithe;

Ailíniú clár oibre T&N le hiarrachtaí an Aontais a chur chun cinn chun margadh oscailte le haghaidh sreafaí caipitil agus infheistíochta a dhaingniú, amhail príomhchúinsí an chreata réime a fhorbairt i bhfabhar na nuálaíochta faoi Aontas na Margaí Caipitil;

Comhordú idir cláir nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus gníomhaíochtaí nuálaíochta faoi Fís Eorpach, lena n-áirítear go háirithe EIC agus EIT, a fheabhsú, ionas go spreagfar sineirgí oibríochtúla agus go seachnófar forluí, trí shonraí faoi na cláir agus faoina gcur chun feidhme, acmhainní agus saineolas, anailís agus faireachán ar threochtaí teicneolaíochta agus nuálaíochta a chomhroinnt, agus trí phobail nuálaithe éagsúla a idirnascadh;

Straitéis chumarsáide chomhpháirteach i leith na nuálaíochta san Aontas a bhunú. Is é an aidhm a bheidh leis sin na nuálaithe is tréithí, na fiontraithe (go háirithe fiontraithe óga), FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh, ar fud an Aontais. Cuirfidh sé béim ar bhreisluach an Aontais a fhéadfaidh nuálaithe teicniúla, neamhtheicniúla agus sóisialta a thabhairt do shaoránaigh an Aontais trína gcoincheap nó trína bhfís a fhorbairt ina fhiontar rathúil, go háirithe i dtaca le luach agus tionchar sóisialta, poist agus fás, dul chun cinn sochaíoch.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas, i sineirgí le gníomhaíochtaí eile de chuid Fís Eorpach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí EIC agus EIT agus leis na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste:

Cláir nuálaíochta chomhpháirteacha a chur chun cinn agus a chomhchistiú, ar cláir iad arna mbainistiú ag údaráis atá i gceannas ar bheartais agus ar chláir nuálaíochta poiblí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena bhféadfaidh eintitis phríobháideacha a thugann tacaíocht don nuálaíocht agus do nuálaithe a bheith comhlachaithe. Sna cláir chomhpháirteacha sin atá dírithe ar an éileamh, féadfar díriú ar an tacaíocht, i measc nithe eile, do chéim luath an chláir agus staidéar indéantachta, comhar idir an saol acadúil agus fiontair, tacú le taighde comhoibríoch na FBManna ardteicneolaíochta, teicneolaíocht agus eolas a aistriú, FBManna a idirnáisiúnú, anailís agus forbairt margaidh, FBManna ísealteicneolaíochta a dhigitiú, tacú le forbairt agus idirnascadh bonneagar nuálaíochta oscailte, amhail treoirthionscadail agus tionscadail taispeántais, ceártaí comhspéise agus binsí tástála, ionstraimí airgeadais maidir le gníomhaíochtaí nó cur chun úsáide margadh nuálaíochta gar don mhargadh, agus an nuálaíocht shóisialta. Féadfar a áireamh orthu sin freisin tionscnaimh maidir le soláthar poiblí, lenar féidir an nuálaíocht a thráchtálú san earnáil phoiblí, go háirithe chun tacú le ceapadh beartais nua. D’fhéadfadh sin a bheith an-éifeachtach chun an nuálaíocht i réimsí na hearnála poiblí a spreagadh agus deiseanna margaidh a thabhairt do nuálaithe Eorpacha;

Tacú le cláir chomhpháirteacha maidir le meantóireacht, cóitseáil, cúnamh teicniúil agus seirbhísí eile a sheachadtar sna réimsí gar do nuálaithe, le líonraí amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta, an Líonra Fiontar Eorpach, braislí, ardáin uile-Eorpacha amhail Startup Europe, gníomhairí réigiúnacha nó áitiúla na nuálaíochta, poiblí agus príobháideacha ar aon, go háirithe gorlanna gnó agus moil na nuálaíochta a d’fhéadfaí a idirnascadh, ina theannta sin, chun a bheith i bhfabhar comhpháirtíochta idir nuálaithe. Féadfar tacaíocht a thabhairt freisin chun scileanna boga maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear líonraí institiúidí gairmoiliúna agus i ndlúthchomhar leis an EIT agus a PENanna;

Sonraí agus eolas faoi thacaíocht na nuálaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear scéimeanna tacaíochta a mhapáil, ardáin chomhroinnte sonraí a bhunú, tagarmharcáil agus meastóireachtaí scéimeanna tacaíochta.

Seolfaidh an tAontas gníomhaíochtaí is gá chun faireachán a dhéanamh ar creat foriomlán na nuálaíochta agus ar acmhainn bhainistithe na nuálaíochta san Eoraip agus an dá ghníomhú sin a chothú.

Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí tacaíochta an éiceachórais chun feidhme agus tabharfaidh gníomhaireacht feidhmiúcháin tacaíocht dó sa phróiseas meastóireachta.

CUID – AN RANNPHÁIRTÍOCHT A FHAIRSINGIÚ AGUS LET A NEARTÚ

Leis an gcuid sin den Chlár Sonrach, cuirfear chun feidhme bearta nithiúla a thacóidh le rannpháirtíocht a fhairsingiú agus LET a neartú. Beidh sé mar aidhm léi naisc chomhoibríocha a neartú ar fud na hEorpa agus líonraí T&N Eorpacha a oscailt suas, lena rannchuideofar le feabhas a chur ar acmhainneachtaí bainistithe taighde sna tíortha ina ndéanfar an leathnú, lena dtacófar le hathchóirithe beartais náisiúnta agus lena saothrófar acmhainn dhíorma tallainne an Aontais trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe.

Tá stair ag an Aontas méid mór a bheith bainte amach aige san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, de scoth an domhain, ach theip air a acmhainneacht T&N a shaothrú go hiomlán. In ainneoin ar baineadh amach maidir le LET a fhorbairt, lena n-áirítear treochlár LET agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta LET, tá creat T&N na hEorpa ilroinnte go fóill, agus tá baic roimh na Ballstáit uile ina gcórais T&N lenar gá athchóirithe beartais. I réimsí áirithe, tá an dul chun cinn rómhall chun breith suas le héiceachóras T&N atá ag éirí níos dinimiciúla i rith an ama.

Tá leibhéal na hinfheistíochta T&N san Eoraip i bhfad faoi bhun sprioc bheartais 3 % de OTI go fóill agus leanann sé de bheith ag fás níos lú ná an leibhéal sin atá ag ár bpríomh-iomaitheoirí amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSeapáin, sa tSín nó sa Chóiré Theas.

Idir an dá linn, tá éagothromaíocht ag fás san Eoraip idir na tíortha agus na réigiúin atá ar thús cadhnaíochta maidir le T&N agus na tíortha agus na réigiúin sin atá ar chúl ó thaobh T&N de. Ní mór athrú a dhéanamh, mar shampla trí naisc bhreise agus naisc níos fearr idir gníomhaíochtaí T&N ar fud na hEorpa, más rud é go bhfuil an Eoraip le leas a bhaint as barr feabhais ó gach cearn den mhór-roinn, an luach is mó is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus as an tionchar a bheidh acu ar tháirgiúlacht, fás geilleagrach, cruthú post agus leas na saoránach. Thairis sin, tá gá le hathchóirithe beartais struchtúrtha i dtaca le T&N agus comhar níos fearr náisiúnta, réigiúnach agus institiúideach i dtáirgeadh agus leathadh eolais ardcháilíochta.

Ina theannta sin, tá T&N scartha ón ngnáthphobal agus éilíteach, dar le roinnt daoine, gan leasanna soiléire do shaoránaigh, lena gcothaítear tuairimí a chuireann bac ar réitigh nuálacha a chruthú agus glacadh leo, agus sceipteachas faoi bheartais phoiblí atá bunaithe ar an bhfianaise. Ní mór naisc níos fearr a chothú idir eolaithe, taighdeoirí, nuálaithe, fiontraithe, saoránaigh agus lucht ceaptha beartas, agus cur chuige níos stóinsithe i leith na fianaise eolaíche féin a chomhthiomsú i sochaí atá ag athrú.

Anois, ní mór don Aontas na caighdeáin is airde maidir le cáilíocht agus tionchar a chórais T&N a chur i bhfeidhm lenar gá beocht nua a chur sa LET, ar fud an Aontais agus na dtíortha comhlachaithe, dá dtabharfaidh clár réime T&N an Aontais agus cláir náisiúnta agus réigiúnacha tacaíocht níos fearr. Go sonrach, i gcomhréir le hAirteagal 181(2) CFAE, ní mór sraith de bhearta Aontais atá lánpháirtithe agus saincheaptha go héifeachtach, lena gcomhcheanglófar athchóirithe agus feabhsuithe feidhmíochta ar an leibhéal náisiúnta (lenar féidir leis na Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste dá tugann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tacaíocht mar aon leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais rannchuidiú) agus, dá réir sin, athruithe éifeachtacha institiúideacha a dhéanamh ar chistiú taighde agus eagraíochtaí feidhmíochta, lena n-áirítear ollscoileanna, as a n-eascróidh táirgeadh eolais den chéad scoth. Trí na hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais a chomhcheangal, is féidir sineirgí a shaothrú ar fud na hEorpa agus is féidir an scála is gá a bhaint amach chun an tacaíocht a thabharfar d’athchóirithe beartais náisiúnta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos láidre ó thaobh an tionchair de.

Sna gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht sa chuid seo, tugtar aghaidh shonrach ar thosaíochtaí beartais LET agus, san am céanna, cuirtear taca faoi gach cuid de Fís Eorpach i gcoitinne. Féadfar gníomhaíochtaí a bhunú freisin chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú ar fud LET trí shogluaisteacht taighdeoirí agus nuálaithe, agus lánaird á tabhairt ar éagothromaíochtaí reatha, agus chun líonra scoláirí, eolaithe, taighdeoirí agus nuálaithe a chruthú agus a fhorbairt chun a sócmhainní (doláimhsithe) uile a chur i dtreo sheirbhís LET agus trí thacú le forbairt treochlár eolaíoch réimse-shonrach.

Is é atá uainn Aontas ina mbeidh saineolaithe agus lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart gan bhac, ina ndéanfar aschuir thaighde a chomhroinnt go mear agus go héifeachtúil, ina mbainfidh taighdeoirí leas as gairmeacha beatha tarraingteacha agus ina n-áiritheofar an comhionannas idir fir agus mná, ina bhforbróidh na Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe cláir oibre thaighde straitéiseacha chomhchoiteanna agus ina ndéanfaidh siad pleananna náisiúnta a ailíniú, cláir chomhpháirteacha a shainiú agus a chur chun feidhme, agus ina mbainfear tuiscint as torthaí T&N agus ina mbeidh muinín ag saoránaigh eolasacha as na torthaí sin agus ina rachaidh na torthaí sin chun sochair don tsochaí ina hiomláine.

Beidh an chuid seo ina cuidiú de facto do na SFInna uile, ach beidh sí ina cuidiú díreach don méid seo a leanas: SFI 4 - Oideachas den Scoth; SFI 5 - Comhionannas Inscne; SFI 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 17 - Comhpháirtíocht do na Spriocanna.

1.   AN RANNPHÁIRTÍOCHT A LEATHNÚ AGUS AN BARR FEABHAIS A LEATHADH

Trí éagothromaíochtaí agus an ilroinnt reatha i bhfeidhmíocht T&N a laghdú trí eolas agus saineolas a roinnt ar fud an Aontais, cuideofar le tíortha ina ndéanfar leathnú agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, seasamh iomaíoch a bhaint amach sna slabhraí luacha domhanda agus cuideofar leis an Aontas lántairbhe a bhaint as acmhainn T&N na mBallstát uile.

Ní mór tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, dá bhrí sin, mar shampla trí oscailteacht agus éagsúlacht cuibhreannas tionscadal a chur chun cinn, chun cur i gcoinne na treochta maidir le comhar dúnta, lena bhféadfar lear mór institiúidí rathúla agus daoine aonair, lena n-áirítear daoine nua a chur as an áireamh, agus leas a bhaint as acmhainn dhíorma tallainne an Aontais tríd an tairbhe is mó is féidir a bhaint as T&N ar fud an Aontais agus an tairbhe sin a chomhroinnt.

Taobh istigh de réimsí leathana na ngníomhaíochtaí, éascóidh na línte cistiúcháin gnéithe taighde sonracha a chuirfear in oiriúint do na riachtanais shonracha a bheidh ag na gníomhaíochtaí.

Réimsí Ginearálta

Bheith ag obair i bhfoirne chun ionaid nua barr feabhais a chruthú nó na hionaid barr feabhais atá ann cheana i dtíortha incháilithe a uasghrádú, lena gcuirfear le comhpháirtíochtaí idir institiúidí eolaíocha ceannródaíocha agus institiúidí comhpháirtithe;

Nascadh, chun ollscoil nó eagraíocht taighde ó thír incháilithe faoi réimse sainithe a neartú trí iad a nascadh le hinstitiúidí taighde ceannródaíocha idirnáisiúnta ó Bhallstáit eile nó ó thíortha comhlachaithe;

Ollúnachtaí LET, chun tacú le hollscoileanna nó eagraíochtaí taighde ó thíortha incháilithe chun acmhainní daonna ardcháilíochta a mhealladh agus a choinneáil faoi threoir taighdeora agus bainisteora taighde ardéirimiúil (“sealbhóir Ollúnachta LET”), agus athruithe struchtúracha a chur chun feidhme chun barr feabhais a bhaint amach ar bhonn inbhuanaithe;

An Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST) lena gcuirfear i bhfeidhm dálaí uaillmhianacha maidir le tíortha incháilithe a chur san áireamh, agus bearta eile chun líonrú eolaíochta, forbairt acmhainneachtaí agus tacaíocht forbartha gairme beatha a chur ar fáil do thaighdeoirí óga agus aibí ó na tíortha sin ar a ndírítear, trí ghníomhaíochtaí le hardcháilíocht agus ardábharthacht eolaíoch. Leithdháilfear 80 % de bhuiséad iomlán COST ar ghníomhaíochtaí atá i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí an réimse idirghabhála seo, lena n-áirítear cistiú do ghníomhaíochtaí agus seirbhísí nua;

Gníomhaíochtaí a mbeidh sé mar aidhm leo cáilíocht na dtograí ó eintitis dhlíthiúla ó thíortha ísealfheidhmíochta ó thaobh T&N de a fheabhsú, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, mar aon le gníomhaíochtaí de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/695 agus seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála de bhun Airteagal 51(2) den Rialachán sin;

Féadfar gníomhaíochtaí a bhunú chun cúrsaíocht daoine oilte de thaighdeoirí ar gach aois agus ar gach leibhéal a chothú ar fud LET (mar shampla, deontais chun taighdeoirí de náisiúntacht ar bith a chumasú chun eolas nua a fháil agus a aistriú agus oibriú ar T&N i dtíortha ina dtarlóidh an leathnú) mar aon le saothrú níos fearr ar bhonneagair thaighde atá ann cheana (agus a d’fhéadfadh a bheith bainistithe go comhpháirteach) sna tíortha ar a ndírítear trí shoghluaisteacht taighdeoirí agus nuálaithe. Féadfar gníomhaíochtaí a bhunú freisin chun tionscnaimh i dtaca le barr feabhais a chothú.

Sa réimse idirghabhála, tabharfar tacaíocht do chuspóirí sonracha Fís Eorpach: rannpháirt iomlán dhíorma tallainne na hEorpa i ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a éascú; barr feabhais a scaipeadh agus a nascadh ar fud an Aontais; cruthú eolais ardcháilíochta a threisiú; agus an comhar trasearnálach, trasdisiplíneach trasteorann a mhéadú.

2.   CÓRAS T&N NA hEORPA A ATHCHÓIRIÚ AGUS A FHEABHSÚ

Déanfar athchóirithe beartas ar an leibhéal náisiúnta a threisiú go frithpháirteach agus comhlánófar iad trí thionscnaimh bheartas ar leibhéal an Aontais a fhorbairt mar aon le taighde, líonrú, comhpháirtíocht, comhordú, bailiú sonraí agus faireachán agus meastóireacht.

Réimsí Ginearálta

An bonn fianaise atá le beartas T&N a neartú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na gnéithe agus na comhchodanna éagsúla a bhaineann le héiceachórais T&N náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear gníomhaithe, tionchair agus beartais lena mbaineann;

Gníomhaíochtaí fadbhreathnaithe chun na riachtanais agus na treochtaí a bheidh ag teacht chun cinn a thuiscint roimh ré, i gcomhordú agus i gcomhdhearadh le gníomhaireachtaí náisiúnta agus geallsealbhóirí agus saoránaigh atá ag amharc ar an am amach rompu, ar bhonn rannpháirtíochta, ag cur leis an dul chun cinn a dhéanfar sa modheolaíocht réamhaisnéisithe, torthaí a dhíriú ar bheartais ábhartha agus, san am céanna, sineirgí a shaothrú ar fud Fís Eorpach agus lasmuigh de;

Tacaíocht don lucht ceaptha beartais, comhlachtaí maoiniúcháin, eagraíochtaí a dhéanann taighde (lena n-áirítear ollscoileanna) nó grúpaí comhairleacha atá ag obair ar LET agus ar bheartais a bhaineann le LET, nó atá ag cur bearta comhordaithe agus tacaíochta chun feidhme lena dtacaítear le LET chun a áirithiú go ndéanfar iad sin a ailíniú go cuí i dtreo LET a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheidh comhleanúnach agus cothaitheach ar bhonn fadtéarmach. Féadfaidh an tacaíocht sin a bheith ina gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta ar bhealach ón mbun aníos agus iomaíoch chun tacú le comhoibriú ar leibhéal an chláir idir cláir T&N na mBallstát, na dtíortha comhlachaithe agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta amhail fondúireachtaí, ar a rogha tosaíochtaí, le béim shoiléir ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí trasnáisiúnta comhpháirteacha lena n-áirítear glaonna. Beidh sí bunaithe ar ghealltanais shoiléire ó chláir rannpháirteacha chun acmhainní a chomhthiomsú agus chun comhlántacht a áirithiú idir gníomhaíochtaí agus beartais agus gníomhaíochtaí agus beartais Fís Eorpach agus Tionscnaimh ábhartha na Comhpháirtíochta Eorpaí;

Dlús a chur leis an aistriú chuig an eolaíocht oscailte trí fhaireachán a dhéanamh ar bheartais agus ar chleachtais na heolaíochta oscailte (28), lena n-áirítear prionsabail FAIR a fhorbairt agus a úsáid, anailís a dhéanamh orthu agus tacú leo ar leibhéal na mBallstát, ar leibhéal na réigiún, institiúidí agus taighdeoirí, ar dhóigh ina mbainfear an tairbhe is mó is féidir as sineirgí agus as an gcomhsheasmhacht ar leibhéal an Aontais;

Tacú le hathchóiriú beartas náisiúnta maidir le T&N, lena n-áirítear trí shraith neartaithe de sheirbhísí na Saoráide Tacaíochta Beartais (29) (amhail athbhreithnithe piaraí, gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha, cleachtaí foghlama frithpháirtí agus ionad an eolais) a chur ar fáil do na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe, atá ag feidhmiú i sineirge le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus leis an Uirlis Athchóiriúcháin;

gairmeacha beatha tarraingteacha, scileanna agus inniúlachtaí atá de dhíth ar an ngeilleagar eolais nua-aoiseach a chur ar fáil do thaighdeoirí (30). An Limistéar Eorpach Taighde agus Limistéar Eorpach an Ardoideachais a nascadh le chéile trí thacú le nuachóiriú ollscoileanna agus eagraíochtaí T&N eile, trí shásraí aitheantais agus luaíochta chun gníomhaíochtaí a ghríosú ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le dreasachtaí lena gcuirfear chun cinn glacadh na gcleachtaí eolaíochta oscailte, T&N freagrach, fiontraíocht (agus na naisc le héiceachórais na nuálaíochta), trasdisciplíneacht, rannpháirtíocht na saoránach, soghluaisteacht idirnáisiúnta agus thrasearnálach, pleananna comhionannais inscne, straitéisí éagsúlachta agus cuimsithe agus cineálacha cuimsitheacha cur chuige i leith athruithe institiúideacha. Sa chomhthéacs sin, mar obair leantach ar na gníomhaíochtaí píolótacha arna seoladh faoi Erasmus+ 2014-20 maidir le hOllscoileanna Eorpacha, déanfaidh Fís Eorpach, i gcás inarb iomchuí, comhlánú ar bhealach sineirge ar an tacaíocht arna soláthar faoi chlár Erasmus d’Ollscoileanna Eorpacha, ag tacú leis an ngné dá gcuid a bhaineann le T&N. Rannchuideofar da bharr seo le forbairt a dhéanamh ar straitéisí nua comhpháirteacha agus comhtháite a bheidh fadtéarmach agus inbhuanaithe i dtaca le hoideachas, T&N bunaithe ar chur chuige trasdisciplíneach agus trasearnálach chun triantán an eolais a fhíorú, lena dtabharfar spreagadh d’fhás inbhuanaithe eacnamaíoch agus seachnófar forluí le PENanna.

Eolaíocht na saoránach, lena dtabharfar tacaíocht do gach cineál oideachais eolaíochta fhoirmiúil, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht saoránach níos éifeachtaí agus freagraí, gan beann ar aois, cúlra nó cumas, i gcomhdhearadh na socruithe agus na mbeartas maidir le clár oibre T&N, i gcomhchruthú inneachair eolaíoch agus na nuálaíochta trí ghníomhaíochtaí trasdisciplíneacha;

Tacú le comhionannas inscne agus faireachán a dhéanamh air mar aon le gach cineál eile éagsúlachta i ngairmeacha beatha eolaíocha agus sa chinnteoireacht, lena n-áirítear i gcomhlachtaí comhairleacha, mar aon leis an ngné inscne a chomhtháthú san inneachar T&N;

Eitic agus ionracas chun creat comhleanúnach de chuid an Aontais a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir leis na caighdeáin eitice is airde agus leis an gCód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde, leis an gCairt Eorpach le haghaidh Taighdeoirí agus leis an gCód Iompair um Earcú Taighdeoirí, lena soláthrófar na deiseanna oiliúna sna réimsí sin;

De thoradh tacú le comhar idirnáisiúnta, trí idirphlé beartais déthaobhach, iltaobhach agus dé-réigiúnach le tríú tíortha, réigiúin agus fóraim idirnáisiúnta, éascófar an fhoghlaim fhrithpháirteach agus socrú tosaíochtaí, cuirfear an rochtain chómhalartach chun cinn agus déanfar faireachán ar an tionchar a bheidh ag an gcomhar;

Ionchur eolaíoch i mbeartais eile, trí struchtúir agus próisis chomhairleacha agus faireacháin a chruthú lena n-áiritheofar ceapadh beartas an Aontais a bheidh bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ar chomhairle eolaíoch ardleibhéil;

Cur chun feidhme chláir T&N an Aontais, lena n-áirítear an fhianaise a bhailiú agus anailís a dhéanamh ar an bhfianaise chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar Fís Eorpach agus ar na cláir réime a rinneadh roimhe seo agus measúnú deartha agus tionchair a dhéanamh orthu;

Áiritheoidh an Coimisiún tacaíocht do Phointí Teagmhála Naisiúnta, lena n-áirítear trí chruinnithe rialta roimh ghlaonna, oiliúint, cóitseáil, struchtúir tacaíochta thiomnaithe a neartú agus comhordú trasnáisiúnta a éascú eatarthu (amhail cur le gníomhaíochtaí Ionad Teagmhála Náisiúnta i gcláir réime roimhe seo); forbróidh an Coimisiún íoschaighdeáin, i gcomhaontú le hionadaithe na mBallstát, chun na struchtúir tacaíochta sin a oibriú, lena n-áirítear a ról, struchtúr, módúlachtaí, sreafaí faisnéise ón gCoimisiún roimh ghlaonna ar thograí, agus seachaint coinbhleachtaí leasa;

Torthaí T&N, sonraí agus eolas, a leathadh agus a shaothrú, lena n-áirítear tacaíocht thiomnaithe a thabhairt do thairbhithe; sineirgí a chothú le cláir eile de chuid an Aontais; gníomhaíochtaí cumarsáide spriocdhírithe chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tionchar níos leithne agus faoina ábhartha T&N arna gcistiú ag an Aontas, mar aon le cumarsáid eolaíochta.


(1)  Cuirfidh an Bonneagar Sonraí Eorpach taca faoin EOSC trí bhíthin cumas ríomhaireachta ardfheidhmíochta den scoth, nascacht ardluais agus seirbhísí sonraí agus bogearraí ceannródaíocha a sholáthar.

(2)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/693 ó ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár Ceartais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 (IO L 156, 5.5.2021, lch. 21).

(4)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021, lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(6)  Tuairisc OECD: Tuiscint ar an Deighilt Shocheacnamhaíoch san Eoraip, 26 Eanáir 2017.

(7)  Rialachan (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(8)  Ar na nithe atá le háireamh sna heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin sa todhchaí, tá an t-ábhar ardfhorbartha, an nanaitheicneolaíocht, an fhónataic, an mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic, teicneolaíochtaí na heolaíochtaí saoil, an monarú agus an phróiseáil ardfhorbartha, AI, agus an nascacht agus an tslándáil dhigiteach.

(9)  “An tionscal a aimsiú an athuair - an nuálaíocht a shainmhíniú” Tuarascáil ón nGrúpa um Straitéis Ardleibhéil maidir le Teicneolaíochtaí Tionsclaíocha, an Bhruiséil, Aibreán 2018.

(10)  Is áiseanna poiblí nó príobháideacha iad seo a chuireann acmhainní agus seirbhísí ar fáil do thionscal na hEorpa go príomha chun eochairtheicneolaíochtaí agus táirgí cumasúcháin a thástáil, a fhíorú, agus a thaispeáint. Maidir le struchtúir den chineál sin, tig leo a bheith ar láthair amháin, fíorúil nó dáilte, agus ní mór iad a chlárú i mBallstát, nó i dtír chomhlachaithe.

(11)  Tugtar aghaidh ar laghdú suntasach ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa in earnálacha eile i gpodanna eile de Cholún II agus Fís Eorpach i gcoitinne.

(12)  Ní chuimsíonn an téarma “fuinneamh malartach” fuinneamh a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh núicléach.

(13)  Clúdaíonn an bithgheilleagar gach earnáil agus córas a bhíonn ag brath ar acmhainní bitheolaíocha (ainmhithe, plandaí, miocrorgánaigh agus bithmhais díorthaithe, lena n-áirítear dramhaíl orgánach), a bhfeidhmeanna agus a bprionsabail. Áirítear leis éiceachórais talún agus mhuirí, agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus déantar idirnaisc eatarthu sin leis; gach earnáil táirgeachta phríomhúil a bhaineann feidhm as agus a tháirgeann acmhainní bitheolaíocha (talmhaíocht, foraoiseacht, iascaigh agus dobharshaothrú); agus gach earnáil eacnamaíoch agus tionsclaíochta a bhaineann feidhm as acmhainní bitheolaíocha agus próisis chun bia, cothú, táirgí bithbhunaithe, fuinneamh agus seirbhísí a tháirgeadh. Eisiatar bithleigheasanna agus biteicneolaíocht na sláinte.

(14)  Ciallaíonn “geilleagar gorm inbhuanaithe” gach gníomhaíocht eacnamaíoch earnála agus trasearnála ar fud an mhargaidh aonair a bhaineann le haigéin, farraigí, cóstaí agus uiscí intíre, a chumhdaíonn na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha talamhiata, lena n-áirítear earnálacha atá ag teacht chun cinn agus earraí agus seirbhísí neamh-mhargaidh agus atá comhsheasmhach le reachtaíocht comhshaoil an Aontais.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal: A Clean Planet for all - A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách - Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de].

(16)  Le Faire Comhshaoil inrochtana mar shampla trí ghné Copernicus de Chlár Spáis an Aontais agus Cláir Eorpacha ábhartha eile, chomh maith le tionscnamh an Ghrúpa um Fhaire na Cruinne, tacófar le T&N faoi réimsí idirghabhála eile laistigh den bhraisle sin chomh maith le codanna ábhartha eile de chlár Fís Eorpach.

(17)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin: Taighde agus Nuálaíocht Eorpach maidir le Slándáil Bia agus Cothaithe SWD(2016) 319 final.

(18)  Téitear i ngleic le feidhmeanna biteicneolaíochta sláinte tríd an mbraisle “Sláinte” faoin gcolún seo.

(19)  Bíonn na gníomhaíochtaí i Réimse Idirghabhála na gCóras Ciorclach comhlántach do Ghníomhaíochtaí Ísealcharbóin agus maidir le Tionscal Glan sa Bhraisle “Dhigiteach agus Thionscail”.

(20)  Is scáth-théarma é an Mol Nuálaíochta ar réimse leathan scileanna. Féadfaidh sé feidhmiú mar chomhpháirtí gníomhach, mar phobal, mar lárionad eolais, mar éascaitheoir nó mar nascaire a thairgeann rochtain ar an eolas agus ar an saineolas is déanaí faoi na teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí cumasúcháin gaolmhara is gá chun go mbeidh cuideachtaí níos iomaíche maidir le táirgeadh, seirbhísí agus próisis ghnó.

(21)  Féadfar topaicí ábhartha a shainaithint i gcomhthéacs Phleanáil Straitéiseach Fís Eorpach.

(22)  Go tipiciúil, mar chomhcheangal de rioscaí eolaíocha/teicneolaíocha, rioscaí bainistíochta/airgeadais, rioscaí margaidh/eacnamaíocha agus rioscaí rialála. Féadfar rioscaí breise gan choinne a chur san áireamh freisin.

(23)  mar rogha ar dheontas nuair a mheastar riosca a bheith níos ísle ná an meán, aisíocfar airleacan in-aisíoctha chuig an Aontas ar sceideal comhaontaithe agus ansin, is iasacht gan ús a bheidh ann. I gcás nach féidir leis an tairbhí aisíocaíocht a dhéanamh, ach gur féidir leis leanúint lena ghníomhaíocht, claochlófar an t-airleacan in-aisíoctha ina chothromas. I gcás féimheachta deontas a bheidh i gceist leis an airleacan in-aisíoctha.

(24)  Ar bhonn prionsabail, ní mheastar go mbeidh níos mó ná mionlach cearta vótála i gcuideachtaí a dtugtar tacaíocht dóibh i seilbh an Aontais. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tAontas Eorpach a áirithiú go mbeidh teacht aige ar mhionlach blocála chun sainleas Eorpacha a chosaint i réimsí ríthábhachtacha, amhail an chibearshlándáil.

(25)  Amhail cruthúnas coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde, ó thionscadail dá dtugtar tacaíocht faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, gnólachtaí nuathionscanta atá ag teacht chun cinn ó na PENanna de chuid EIT. Ina theannta sin, eascróidh iarratais as gníomhaíochtaí Fís 2020, go háirithe gníomhaíochtaí tionscadal roghnaithe faoi Chéim 2 FBManna i bhFís 2020 agus Séala Barr Feabhais ábhartha arna mhaoiniú ag na Ballstáit, Comhpháirtíochtaí Eorpacha (atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo).

(26)  Chun leanúnachas gan uaim a áirithiú, gabhfaidh duaiseanna EIC ionad chóras bainistithe na nduaiseanna a seoladh faoi Fís 2020. Sa bhreis air sin, soláthróidh Bord EIC comhairle maidir le dearadh agus cur chun feidhme duaiseanna nua dreasachta agus aitheantais.

(27)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018“A renewed European Agenda for Research and Innovation – Europe’s chance to shape its future” and Council Conclusions of 27 May 2016“Research and Innovation friendly regulation” [Clár oibre Eorpach athnuaite um Thaighde agus um Nuálaíocht – Deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú] agus Conclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 maidir le “Rialáil atá neamhdhíobhálach don Taighde agus Nuálaíocht”.

(28)  I measc na mbeartas agus na gcleachtas nach mór aghaidh a thabhairt orthu, tá aschuir thaighde a chomhroinnt chomh luath agus chomh forleathan agus is féidir i bhformáidí a chomhaontófar go comhpháirteach agus bonneagar comhroinnte (amhail EOSC), eolaíocht na saoránach, cineálacha cur chuige nua a bheidh níos leithne, agus táscairí lena ndéanfar meastóireacht ar an taighde agus lena dtabharfar luaíocht do thaighdeoirí, a fhorbairt agus a úsáid.

(29)  An tSaoráid Tacaíochta Beartais (STB), a sheolfar faoi Fís 2020. Bíonn an tSaoráid Tacaíochta Beartais ag feidhmiú ar bhonn éilimh agus tairgeann sí ar bhonn deonach saineolas ardleibhéil agus comhairle shaincheaptha d’údaráis phoiblí náisiúnta. Trína cuid seirbhísí, bhí ról bunriachtanach aici freisin an t-athrú ar an mbeartas a spreagadh i dtíortha amhail an Pholainn, an Bhulgáir, an Mholdóiv, nó an Úcráin agus athruithe ar bheartais a thabhairt ar aghaidh, de bharr chomhroinnt an dea-chleachtais, i réimsí amhail dreasachtaí cánach taighde agus forbartha, eolaíocht oscailte, cistiú eagraíochtaí taighde poiblí bunaithe ar a bhfeidhmíocht agus idir-inoibritheacht na gclár náisiúnta T&N.

(30)  Áireofar air sin an Chairt Eorpach le haghaidh Taighdeoirí agus an Chóid Iompair um Earcú Taighdeoirí, EURAXESS agus Ciste Pinsin RESAVER.


IARSCRIBHINN II

FOIRMÍOCHTAÍ CHOISTE NA gCLÁR

Liosta d’fhoirmíochtaí Choiste na gClár i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chinneadh seo

1.

Foirmíocht na straitéise: Forléargas straitéiseach ar chur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus comhleanúnachas ar fud a chláir oibre aonair, lena n-áirítear misin

2.

ERC

3.

GMSC

4.

Bonneagair Thaighde

5.

Sláinte

6.

An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach

7.

An tSlándáil Shibhialta don tSochaí

8.

Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás

9.

An Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht

10.

Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol

11.

EIC agus Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha

12.

An rannpháirtíocht a fhairsingiú agus LET a neartú

D’fhéadfaí cruinnithe ad hoc a eagrú laistigh de na braislí agus/nó le foirmíochtaí éagsúla Choiste na gClár agus/nó le Coistí arna mbunú le gníomhartha eile ar shaincheisteanna cothrománacha agus/nó trasearnálacha, amhail an spás agus an tsoghluaisteacht.


IARSCRÍBHINN III

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR AG AN GCOIMISIÚN I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 14(7) DEN CHINNEADH SEO

1.   

Faisnéis faoi thionscadail aonair, lenar féidir faireachán a dhéanamh ar shaolré iomlán gach togra, lena gcumhdaítear go háirithe an méid seo:

tograí a thíolacfar;

torthaí meastóireachta le haghaidh gach togra;

comhaontuithe deontais;

tionscadail arna bhfoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) agus (3) agus le hAirteagal 48(12) de Rialachán (AE) 2021/695;

tionscadail arna dtabhairt i gcrích.

2.   

Faisnéis faoi thoradh gach glao agus faoi chur chun feidhme tionscadal, lena gcuimseofar go háirithe an méid seo:

torthaí gach glao;

torthaí meastóireachta de thograí agus imeacht ó na torthaí sin i liosta rangaithe na dtograí, bunaithe ar a rannchuidiú le baint amach cuspóirí beartais sonracha, lena n-áirítear punann chomhsheasmhach tionscadal a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2021/695;

coigeartuithe iarrtha ar na tograí i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2021/695;

toradh na caibidlíochta i ndáil le comhaontuithe deontas;

cur chun feidhme tionscadal, lena n-áirítear sonraí íocaíochta agus torthaí na dtionscadal;

tograí arna gcoinneáil ag meastóireacht na saineolaithe neamhspleácha agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh i gcomhréir le hAirteagal 48(8) de Rialachán (AE) 2021/695.

3.   

Faisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir, lena n-áirítear faisnéis ábhartha ar leibhéal Fís Eorpach, an Chláir Shonraigh, gach cuspóra shonraigh agus téamaí gaolmhara agus JRC, mar chuid den fhaireachán bliantúil ar na conairí tionchair arna sainmhíniú in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695, mar aon le sineirgí le cláir eile ábhartha de chuid an Aontais.

4.   

Faisnéis maidir le forghníomhú bhuiséad Fís Eorpach, lena n-áirítear faisnéis maidir le COST, maidir le gealltanais agus íocaíochtaí do gach Comhpháirtíocht Eorpach, lena n-áirítear PENanna, mar aon le cothromaíochtaí airgeadais idir an tAontas agus gach tír chomhlachaithe.