10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/50 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/762 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2021
maidir le síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann lena gceadaítear táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a n-úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine i gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C(2021) 3127)
(Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Meán Fómhair 2020, ghlac Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann (“an t-údarás inniúil”) cinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 lena gceadaítear táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a n-úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine go dtí an 16 Márta 2021 (“an ghníomhaíocht”). Chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 55(1) den Rialachán sin. |
(2) |
De réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) dífhabhtáin láimhe de bhunús alcóil a úsáid mar bheart coisctheach i gcoinne leathadh COVID-19, ina rogha mhalartach ar lámha a ní le gallúnach agus uisce. |
(3) |
An foirmliú a mhol EDS atá bunaithe ar phrópán-2-ól, is é própán-2-ól atá ina shubstaint ghníomhach ann. Tá própán-2-ól formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 1 (sláinteachas an duine) mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(4) |
Ó thosaigh ráig phaindéim COVID-19, tá éileamh an-ard ar tháirgí dífhabhtúcháin in Éirinn, rud a d'fhág go raibh ganntanas soláthair nach bhfacthas a leithéid cheana maidir leis na táirgí sin ar mhargadh na hÉireann. Is bagairt thromchúiseach é COVID-19 don tsláinte phoiblí in Éirinn agus maidir le leathadh an víris a shrianadh tá sé ríthábhachtach dóthain táirgí dífhabhtúcháin a bheith ann. |
(5) |
De réir choinníollacha na gníomhaíochta, na cuideachtaí a bhfuil sé beartaithe acu na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh, ní mór dóibh faisnéis shonrach maidir leis na táirgí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, agus déanfaidh an t-údarás cinneadh cé acu an dtabharfaidh sé cead na táirgí a chur ar fáil ar an margadh nó nach dtabharfaidh. |
(6) |
An 5 Feabhra 2021, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil chun síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh an tsláinte phoiblí i mbaol de bharr COVID-19 tar éis an 16 Márta 2021 agus é á chur san áireamh go bhfuil sé ríthábhachtach táirgí breise dífhabhtúcháin a cheadú ar an margadh chun an baol a bhaineann le COVID-19 a theorannú. |
(7) |
De réir an údaráis inniúil, tá an t-éileamh ar tháirgí dífhabhtúcháin chun críocha shláinteachas an duine fós an-ard de bharr na minicíochta leanúnaí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn. |
(8) |
Gach cuideachta a chuir a cuid táirgí ar fáil ar an margadh faoin ngníomhaíocht, mhol an t-údarás inniúil dóibh gnáthúdarú le haghaidh na dtáirgí a lorg a luaithe is féidir chun bearnaí i margaíocht na dtáirgí a íoslaghdú. Rinne roinnt cuideachtaí iarratas ar údarú náisiúnta maidir lena gcuid táirgí. Beidh gá le tréimhse fhada ama, áfach, chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais. |
(9) |
Ós rud é go bhfuil COVID-19 fós ina bhaol don tsláinte phoiblí agus nach féidir an baol sin a shrianadh ar bhealach leordhóthanach in Éirinn de cheal táirgí dífhabhtúcháin breise a bheith ceadaithe ar an margadh, is iomchuí cead a thabhairt don údarás inniúil síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht. |
(10) |
I bhfianaise go bhfuil an ghníomhaíocht imithe in éag ó bhí an 17 Márta 2021 ann, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An cead táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus iad a úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine, féadfaidh Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann síneadh ama a chur leis an gcead sin go dtí an 18 Meán Fómhair 2022.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann.
Beidh feidhm aige ón 17 Márta 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún