7.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 160/104


CINNEADH (AE) 2021/747 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Bealtaine 2021

lena gceaptar ceathrar comhaltaí agus naonúr comhaltaí malartacha, arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na Rómáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil acu do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 11 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/172 (3), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíocháin ceathrar comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun a bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarmaí oifige Decebal FĂGĂDĂU (Mayor of Constanţa Municipality, Constanţa County), Victor MORARU (President of Ialomiţa County Council), Ion PRIOTEASA (President of Dolj County Council) agus Marius Horia ȚUȚUIANU (President of Constanţa County Council).

(4)

Tá suíocháin naonúr comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun a bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarmaí oifige Ştefan ILIE (Mayor of Luncavița Commune, Tulcea County), Emil Radu MOLDOVAN (President of Bistrița-Năsăud County Council), atá éirithe as, Petre Emanoil NEAGU (President of Buzău County Council), atá éirithe as, Cosmin NECULA (Mayor of Bacău Municipality, Bacău County), Emilian OPREA (Mayor of Chitila City, Ilfov County), atá éirithe as, Marian PETRACHE (President of Ilfov County Council), Horia TEODORESCU (President of Tulcea County Council), atá éirithe as, Mădălin – Ady TEODOSESCU (Mayor of Balș City, Olt County) agus Bogdan Andrei TOADER (President of Prahova County Council).

(5)

Mhol rialtas na Rómáine Daniel BĂLUȚĂ (Mayor of District 4, Bucharest Municipality), Petre Emanoil NEAGU (President of Buzău County Council), Alin-Adrian NICA (President of Timiş County Council) agus Corneliu ŞTEFAN (President of Dâmboviţa County Council), daoine ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla nó réigiúnacha ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil acu do thionól tofa iad ar fad, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol rialtas na Rómáine Ionel Ovidiu BOGDAN (President of Maramureş County Council), Iustin-Marinel CIONCA-ARGHIR (President of Arad County Council), Aurelia FEDORCA (Mayor of Negrești Oaș, Satu Mare County), Adrian Ionuţ GÂDEA (President of Teleorman County Council), Dănuț GROZA (Mayor of Sânnicolau Mare, Timiș County), Florin Tiberiu IACOB-RIDZI (Mayor of Petroșani Municipality, Hunedoara County), Ștefan ILIE (Mayor of Tulcea Municipality, Tulcea County), Ion MÎNZÎNĂ (President of Argeş County Council) agus Dorin Cosmin VASILE (President of Dolj County Council), daoine ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla nó réigiúnacha ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil acu do thionól tofa iad ar fad, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar, leis seo, na hionadaithe do chomhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha seo a leanas, ionadaithe ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil do thionól tofa, chun Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Daniel BĂLUȚĂ, Mayor of District 4, Bucharest Municipality,

Petre Emanoil NEAGU, President of Buzău County Council,

Alin-Adrian NICA, President of Timiş County Council,

Corneliu ŞTEFAN, President of Dâmboviţa County Council;

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Ionel Ovidiu BOGDAN, President of Maramureş County Council,

Iustin-Marinel CIONCA-ARGHIR, President of Arad County Council,

Aurelia FEDORCA, Mayor of Negrești Oaș, Satu Mare County,

Adrian Ionuţ GÂDEA, President of Teleorman County Council,

Dănuț GROZA, Mayor of Sânnicolau Mare, Timiș County,

Florin Tiberiu IACOB-RIDZI, Mayor of Petroșani Municipality, Hunedoara County,

Ștefan ILIE, Mayor of Tulcea Municipality, Tulcea County,

Ion MÎNZÎNĂ, President of Argeş County Council,

Dorin Cosmin VASILE, President of Dolj County Council.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 78.

(3)  IO L 50, 15.2.2021, lch. 7.