21.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/2


CINNEADH (AE) 2021/650 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(2)

Rinneadh na caibidlíochtaí le Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur i gcrích agus an 5 Márta 2021 inisilíodh Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”).

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt I gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú, a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontiahte le chéile leis an gcinneadh nuair a dtugtar i gcrích é.