9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 219/9


CINNEADH CUR CHUN FEIDHMEÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2021

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2021/C 219 I/04)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (“Ionstraim na Ginéive”), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm ar an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríocha féin i bhfianaise nós imeachta sonrach um scagadh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críoch an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na tásca geografacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, mar Údarás Inniúil an Aontais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2020, sheol na Ballstáit 2 iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le clárú sa Chlár Idirnáisiúnta tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 mar thásca geografacha, ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar thásca geografacha.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de thásca geografacha a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgí fíona chumhraithe,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, liosta de thásca geografacha atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtásc geografacha atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 (tásca geografacha) atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

An Spáinn

Vino Naranja del Condado de Huelva (TG)

An Iodáil

Vermut di Torino / Vermouth di Torino (TG)