13.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/54


CINNEADH (AE) 2021/593 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Aibreán 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, coinbhinsiún a síníodh in Mannheim an 17 Deireadh Fómhair 1868, arna leasú leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh in Strasbourg an 20 Samhain 1963, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967 (“an Coinbhinsiún”).

(2)

Faoin gCoinbhinsiún, féadfaidh an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) a chreat rialála a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (“RIS”) a mhodhnú trí thagairt a dhéanamh do na caighdeáin arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (“CESNI”) agus trí na caighdeáin sin a dhéanamh éigeantach faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin.

(3)

Bunaíodh CESNI an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú CCNR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú.

(4)

Is é is aidhm do ghníomhaíocht ón Aontas in earnáil na loingseoireachta intíre an aonfhoirmeacht a áirithiú i bhforbairt sonraíochtaí teicniúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, go háirithe a mhéid a bhaineann le RIS.

(5)

Chun críoch iompair éifeachtúil agus loingseoireachta sábháilte ar uiscebhealaí intíre, tá sé tábhachtach comhoiriúnacht a bheith ann idir RIS agus iad a bheith chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi réimeanna dlíthiúla difriúla ar fud na hEorpa.

(6)

Táthar ag súil go nglacfaidh CESNI an Caighdeán Eorpach - Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann 2021/1 (“ES-RIS 2021/1”) ag an chéad chruinniú eile a bheidh aige an 15 Aibreán 2021.

(7)

Le ES-RIS 2021/1, leagtar síos sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha agus caighdeáin theicniúla aonfhoirmeacha chun tacú le RIS agus chun idir-inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú. Na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin faoi ES-RIS 2021/1, comhfhreagraíonn siad do na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin sin nach mór a ghlacadh de réir Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go háirithe sna réimsí seo a leanas: córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre; tuairisciú leictreonach long; fógraí do scipéirí; córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus comhoiriúnacht an trealaimh is gá chun RIS a úsáid.

(8)

I dtaca le sonraíochtaí teicniúla maidir le RIS, is sonraíochtaí iad atá bunaithe ar na prionsabail theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE agus cuirtear san áireamh leo an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha sa réimse sin.

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI a bhunú, ós rud é go mbeidh caighdeán ES-RIS 2021/1 in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon na sonraíochtaí teicniúla ceangailteacha a glacadh faoi chuimsiú Threoir 2005/44/CE.

(10)

Táthar ag súil go nglacfaidh CCNR, ag an chruinniú iomlánach a bheidh aige an 2 Meitheamh 2021, rún lena leasófar Rialacháin CCNR chun tagairt do ES-RIS 2021/1 a áireamh ann. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CCNR a bhunú chomh maith.

(11)

Ní chomhalta de CCNR ná de CESNI é an tAontas. Dá bhrí sin, ba cheart do ba Ballstáit, ar comhaltaí de na comhlachtaí sin iad, seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI maidir le ES-RIS 2021/1 a ghlacadh, aontú lena ghlacadh.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI, tacú leis na tograí uile lena ndéantar Rialacháin CCNR a ailíniú le ES-RIS 2021/1.

Airteagal 2

1.   Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CESNI a dhéanfaidh an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(1) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais.

2.   Is iad na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CCNR a dhéanfaidh an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasanna an Aontais.

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe (RIS) ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lch. 152).