9.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/21 |
CINNEADH (CBES) 2021/579 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Aibreán 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe 2020 de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Aibreán 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/615 (1). |
(2) |
An 29 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/906 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2019/615. |
(3) |
Le Cinneadh (CBES) 2019/615, foráiltear do thréimhse cur chun feidhme 24 mhí ag tosú ar dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de (“an tréimshe cur chun feidhme”). |
(4) |
D’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) go gcuirfí síneadh eile leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021, mar gheall ar ghéarchéim dhomhanda COVID-19 agus mar gheall ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/615 a bheith curtha ar fionraí go sealadach. |
(5) |
Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/615 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021 gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/615 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2019/615, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 15 Deireadh Fómhair 2021.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (CBES) 2019/615 ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe 2020 de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) (IO L 105, 16.4.2019, lch. 25).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/906 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020 (IO L 207, 30.6.2020, lch. 36).