|
8.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 121/1 |
CINNEADH (AE) 2021/570 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2019
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus (7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Meitheamh 2007, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais (“an Prótacal”) a chaibidil. |
|
(2) |
Tá an chaibidlíocht tugtha i gcrích. |
|
(3) |
Is é is cuspóir don Phrótacal na rialacha airgeadais agus teicniúla a leagan síos lena gcuirtear ar chumas Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza (“Údarás na Palaistíne”) a bheith rannpháirteach i gcláir áirithe de chuid an Aontais. Leagtar amach sa chreat cothrománach a bhunaítear leis an bPrótacal prionsabail le haghaidh bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil agus cuirtear ar chumas Údarás na Palaistíne cúnamh teicniúil a fháil ón Aontas faoi na cláir sin, go háirithe cúnamh airgeadais. Níl feidhm ag an gcreat ach amháin maidir leis na cláir sin de chuid an Aontais dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí bunaitheacha ábhartha go bhféadfadh Údarás na Palaistíne a bheith rannpháirteach. Dá bhrí sin, níl aon fheidhmiú cumhachtaí i gceist le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, faoi na beartais earnálacha éagsúla a shaothraítear leis na cláir, a fheidhmítear agus na cláir á mbunú. |
|
(4) |
Ba cheart an Prótacal a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile, maidir le Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Prótacal sin a thabhairt i gcrích.
Ní hann do théacs an Phrótacail sa Ghaeilge.
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Phrótacal, amhail ó dháta a shínithe, go dtí go dtagann na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm (1).
Airteagal 4
Údaraítear don Choimisiún na téarmaí agus na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht Údarás na Palaistíne in aon chlár ar leith de chuid an Aontais a chinneadh, thar ceann an Aontais, lena n-áirítear an ranníocaíocht a bheidh le híoc. Coimeádfaidh an Coimisiún an mheitheal ábhartha den Chomhairle ar an eolas.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta sínithe an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.