22.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 99/40


CINNEADH (CBES) 2021/483 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma.

(2)

An 22 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí inar cháin sí go géar an coup míleata a rinneadh i Maenmar/Burma an 1 Feabhra 2021. D’iarr sí go mbainfear an lasóg de bharrach na géarchéime trí dheireadh a chur, láithreach bonn, leis an staid éigeandála, tríd an rialtas sibhialta dlisteanach a athbhunú agus tríd an bparlaimint nuathofa a oscailt.

(3)

D’iarr an Chomhairle freisin ar na húdaráis mhíleata an tUachtarán, an Comhairleoir Stáit agus gach duine a coinníodh nó a gabhadh i dtaca leis an coup a scaoileadh saor. D’áitigh an Chomhairle nach mór an teileachumarsáid gan bhac a áirithiú, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse comhthionóil, agus rochtain ar fhaisnéis a ráthú, agus an smacht reachta agus cearta an duine a urramú. Cháin sí an chos ar bolg míleata agus póilíneachta i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus ag an am céanna d’iarr sí ar na húdaráis an ghuaim is mó is féidir a choinneáil orthu féin agus d’iarr sí ar gach taobh staonadh ón bhforéigean, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

(4)

Cuireadh i bhfios go láidir sna conclúidí ón gComhairle go bhfuil an tAontas ullamh bearta sriantacha a ghlacadh mar fhreagairt ar an coup míleata.

(5)

An 28 Feabhra 2021, tar éis na cniogbheartaíochta foréigní i gcoinne agóidí síochánta ar fud na tíre, cháin Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an chos ar bholg bhrúidiúil agus d’iarr sé ar na húdaráis mhíleata stop a chur láithreach le húsáid an fhornirt i gcoinne sibhialtach agus cead a thabhairt don phobal a gceart chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil a chur in iúl.

(6)

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na staide tromchúisí atá fós ann i Maenmar/Burma, ba cheart aon duine dhéag a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/232/CBES (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“15.

Min Aung Hlaing

Dáta breithe: 3 Iúil 1956

Áit bhreithe: Tavoy, Myanmar/Burma

Náisiúntacht: Myanmar

Uimhir aitheantais náisiúnta: 12/SAKHANA(N)020199

Inscne: fireann

Tá Min Aung Hlaing ina Ardcheannasaí ar na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó 2011 i leith. Tá sé ina Chathaoirleach ar an State Administration Council (SAC) agus ina chomhalta den National Defence and Security Council (NDSC).

An 1 Feabhra 2021, rinne na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar/Burma trí thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Forces an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

22.3.2021

Trí na cumhachtaí uile a chomhchruinniú agus mar Chathaoirleach ar SAC, bhí baint dhíreach ag an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar Chathaoirleach ar an SAC, tá an tArdcheannasaí Min Aung Hlaing freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Ardcheannasaí ar an Tatmadaw ó 2011 i leith, is é Min Aung Hlaing atá freagrach as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

16.

Myint Swe

Dáta breithe: 24 Bealtaine 1951

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Myanmar

Tá an Leifteanant-Ghinearál Myint Swe ina chomhalta de na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ba é a cheap Tatmadaw ina Leas-Uachtarán go dtí an 1 Feabhra 2021. Ar an dáta sin, ghlac Myint Swe páirt i gcruinniú den National Defence and Security Council (NDSC) le comhaltaí eile Tatmadaw. Bhí an cruinniú NDSC míbhunreachtúil mar nach raibh comhaltaí sibhialtach rannpháirteach ann. Le linn an chruinnithe sin, dearbhaíodh Myint Swe mar Uachtarán Gníomhach. Ansin, dhearbhaigh Myint Swe an staid éigeandála agus thug sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ar láimh d’Ardcheannasaí na Defence Services Min Aung Hlaing. Sáraíodh an nós imeachta chun an staid éigeandála a dhearbhú mar, faoin mBunreacht, is ag an Uachtarán amháin atá an t-údarás staid éigeandála a dhearbhú.

Trí ghlacadh lena ainmniú mar Uachtarán Gníomhach agus trí chumhachtaí reachtacha, breithiúnacha agus feidhmiúcháin a aistriú chuig an Ardcheannasaí, chuir Myint Swe leis an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

17.

Soe Win

Dáta breithe: 1 Márta 1960

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Myanmar

Tá Soe Win ina Leas-Ardcheannasaí ar na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) ó 2011 i leith. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar an State Administration Council (SAC) agus ina chomhalta den National Defence and Security Council (NDSC).

An 1 Feabhra 2021, rinne na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar trí thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Forces an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

22.3.2021

Mar Leas-Chathaoirleach ar SAC, bhí baint dhíreach ag an Leas-Ardcheannasaí Soe Win leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar Leas-Chathaoirleach ar an SAC, tá an Leas-Ardcheannasaí Soe Win freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Leas-Ardcheannasaí ar an Tatmadaw ó 2011 i leith, is é Soe Win atá freagrach as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

18.

Sein Win

Dáta breithe: 24 Iúil 1956

Áit bhreithe: Pyin Oo Lwin, Myanmar/Burma

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Tá an Leifteanant-Ghinearál Sein Win ina chomhalta de Tatmadaw agus is iar-Aire Cosanta é (idir 24 Lúnasa 2015 agus 1 Feabhra 2021). An 1 Feabhra, ghlac sé páirt i gcruinniú den National Defence and Security Council (NDSC) le comhaltaí eile Tatmadaw. Bhí an cruinniú NDSC míbhunreachtúil mar nach raibh comhaltaí sibhialtach rannpháirteach ann. Le linn an chruinnithe sin, dearbhaíodh Myint Swe mar Uachtarán Gníomhach. Ansin, dhearbhaigh Myint Swe an staid éigeandála agus thug sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ar láimh d’Ardcheannasaí na Defence Services Min Aung Hlaing. Sáraíodh an nós imeachta chun an staid éigeandála a dhearbhú mar, faoin mBunreacht, is ag an Uachtarán amháin atá an t-údarás staid éigeandála a dhearbhú.

Trína rannpháirtíocht sa chruinniú NDSC, ar lena linn a cinneadh an staid éigeandála a fhógairt agus cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit a thabhairt ar láimh d’Ardcheannasaí na Defence Services, chuir Sein Win le torthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus leis an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Mar Aire Cosanta ón 24 Lúnasa 2015 go dtí an 1 Feabhra 2021, is é Sein Win atá freagrach as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

19.

Thein Soe

(dá ngairtear freisin: U Thein Soe)

Dáta breithe: 23 Eanáir 1952

Áit bhreithe: Kani, Myanmar/Burma

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Ainmníodh Thein Soe ina chathaoirleach ar an Union Election Commission (UEC) an 2 Feabhra 2021. Trí ghlacadh leis an ainmniúchán sin i ndiaidh coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus trína chuid gníomhaíochtaí mar chathaoirleach ar UEC, go háirithe torthaí na dtoghchán a chur ar ceal gan aon fhianaise chruthaithe ar chalaois, bhí baint dhíreach ag Thein Soe le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar.

22.3.2021

20.

Mya Tun Oo

Dáta breithe: 4 nó 5 Bealtaine 1961

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Ginearál Mya Tun Oo de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ceapadh é mar Aire Cosanta an 1 Feabhra 2021, agus is comhalta é den State Administrative Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir Min Aung Hlaing, coup in Myanmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a tionóladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra, agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an Ginearál Sinsearach Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Mya Tun Oo leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta de SAC, tá an Ginearál Mya Tun Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Bhí Mya Tun Oo ina Chomh-Cheann Foirne ar na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), an tríú suíomh is sinsearaí laistigh den Tatmadaw, ó mhí Lúnasa 2016 go dtí gur ceapadh é mar Aire Cosanta. Sa cháil sin dó, rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí míleata a rinneadh in Rakhine State agus comhordú ar na fórsaí armtha éagsúla, lena n-áirítear an tArm, an Cabhlach agus an tAerfhórsa, chomh maith le húsáid airtléire. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

21.

Dwe Aung Lin

Dáta breithe:

31 Bealtaine 1962

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanantghinearál Dwe Aung Lin de na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus is Rúnaí é den State Administration Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar trí thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra, agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an Ginearál Sinsearach Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Ceapadh an Leifteanant Ghinearál Dwe Aung Lin mar Rúnaí ar SAC an 2 Feabhra 2021, agus is é a d’eisigh orduithe SAC. I dteannta le daoine nach é, d’ordaigh sé daoine aonair a chur as oifig dar cheap an rialtas a toghadh go dlíthiúil iad, mar aon le foireann eile a chur ar an gcoimisiún toghcháin i Maenmar.

Mar chomhalta de SAC agus mar Rúnaí air, bhí baint dhíreach ag an Leifteanantghinearál Dwe Aung Lin leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith; agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar Leas-Chathaoirleach ar SAC, tá an Lietenant Ghinearál Dwe Aung Lin freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

22.

Ye Win Oo

Dáta breithe: 21 Feabhra 1966

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanantghinearál Ye Win Oo de na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus is Comhrúnaí é den State Administration Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar trí thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 a chur i leataobh agus tríd an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup, d’fhógair an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra, agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services, an Ginearál Sinsearach Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

22.3.2021

Ceapadh an Leifteanant. Ghinearál Ye Win Oo mar Chomhrúnaí ar SAC an 2 Feabhra 2021. Mar chomhalta de SAC agus mar Chomhrúnaí air, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant Ghinearál Ye Win Oo leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta de SAC agus mar Chomhrúnaí air, tá an Leifteanant Ghinearál Ye Win Oo freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

23.

Maung Maung Kyaw

Dáta breithe: an 23 Iúil 1964

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Ginearál Maung Maung Kyaw de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus de State Administration Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an nGinearál Maung Maung Kyaw leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, agus trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta ar SAC, tá an Ginearál Maung Maung Kyaw freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

24.

Moe Myint Tun

Dáta breithe: an 24 Bealtaine 1968

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus den State Administrative Council (SAC).

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun leis an gcinnteoireacht maidir le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

22.3.2021

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil.

Mar chomhalta ar SAC, tá an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

In 2018, thuairiscigh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta go ndearna na fórsaí míleata agus póilíneachta sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta i Stáit Kachin, Rakhine agus Shan i gcoinne phobal Róihinse ó 2011 i leith agus chinn siad gurb ionann go leor de na sáruithe sin agus na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta. Bhí an Leifteanant-Ghinearál Moe Myint Tun ina Cheannasaí ar an Bureau of Special Operations (BSO)-6 agus bhí sé ina Cheann Foirne (Arm) ar Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) suas go dtí 2019. Sa cháil sin dó, rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí a rinneadh in Rakhine State. Tá sé freagrach dá bhrí sin as na sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha sin i gcoinne phobal Róihinse.

25.

Than Hlaing

Dáta breithe:

Náisiúntacht: Myanmar

Inscne: fireann

Is comhalta é an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing de Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ceapadh é mar Leas-Aire Gnóthaí Baile, Ceann Foirne na Póilíneachta an 2 Feabhra 2021.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d’aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh an SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Arna cheapadh ag SAC, glacann Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing páirt i ngníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burmaagus i ngníomhaíochtaí freisin a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

22.3.2021

Ina theannta sin, tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí póilíneachta ag gníomhú dóibh faoi údarás an Leifteanaint-Ghinearál Than Hlaing ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, le gabhálacha treallacha agus le ceannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Mar Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann Foirne na Póilíneachta, tá an Leifteanant-Ghinearál Than Hlaing freagrach go díreach as an gcinnteoireacht a bhaineann le beartais diansmachta agus gníomhaíochtaí foréigneacha a rinne na fórsaí póilíneachta i gcoinne léirsitheoirí síochánta; agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma.”