15.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 87/46 |
CINNEADH (CBES) 2021/449 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Márta 2021
lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/172/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/172/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt. |
(2) |
Le Cinneadh 2011/172/CBES déantar foráil do chistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine áirithe a chalcadh, i gcás ina sainaithnítear go bhfuil siad freagrach as míleithreasú chistí Stáit na hÉigipte, mar aon le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo. |
(3) |
Tar éis athbhreithniú ar Chinneadh 2011/172/CBES a rinneadh de bhun Airteagal 5 de, ba cheart deireadh a chur leis na bearta sriantacha atá i bhfeidhm. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/172/CBES a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh 2011/172/CBES leis seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2011/172/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Éigipt (IO L 76, 22.3.2011, lch. 63).