12.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 85/198


CINNEADH (AE) 2021/443 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an dáta ar a bhfuiltear le scor den chur i bhfeidhm sealadach de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/2252 (1) maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2), (an “Comhaontú Trádála agus Comhair”) agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (3) (an “Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise”) (na “Comhaontuithe” le chéile).

(2)

Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe maidir leis na dátaí cur i bhfeidhm agus foirceanta.

(3)

De bhun Airteagal 12(1) de Chinneadh (AE) 2020/2252, agus faoi mar a chomhaontaigh na Páirtithe i mír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) den Chomhaontú Trádála agus Comhair é, tá feidhm na Comhaontuithe ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go mbeidh na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm tugtha chun críche.

(4)

De bhun mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, táthar le scor den chur i bhfeidhm sealadach ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe: an 28 Feabhra 2021 nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta arna bunú le hAirteagal INST.1 (“An Chomhairle Comhpháirtíochta”) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (“An Chomhairle Comhpháirtíochta”); nó ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa inar thug an dá Pháirtí fógra dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin tugtha chun críche acu maidir lena dtoiliú a bheith faoi cheangal a bhunú.

(5)

De bharr an ama a theastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar théacsanna na gComhaontuithe i ngach ceann de na 24 theanga bharántúla, ní bheidh an tAontas in ann an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích faoin 28 Feabhra 2021.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta dáta níos déanaí a shocrú don scor den chur i bhfeidhm sealadach, ag cur san áireamh an tráth a mbeifear tar éis na leaganacha uile teanga de na Comhaontuithe a athbhreithniú agus a bhunú mar leaganacha barantúla agus críochnaitheacha. I bhfianaise an dáta ar a bhfuil sé beartaithe go mbeidh na leaganacha barántúla agus críochnaitheacha sin de na Comhaontuithe ar fáil, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an 30 Aibreán 2021 a shocrú mar an dáta ar a bhfultear le scor den chur i bhfeidhm sealadach.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú.

(8)

Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart dó a theacht i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú le hAirteagal INST.1 (An Chomhairle Comhpháirtíochta) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) de.

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).

(2)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.

(3)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L 444, 31.12.2020, lch. 1463.


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 1/2021 ÓN gCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an …

a mhéid a bhaineann leis an dáta ar a bhfuiltear le scor den chur i bhfeidhm sealadach de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus go háirithe pointe (a) de mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’) chomhaontaigh na Páirtithe an Comhaontú Trádála agus Comhair sin a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 ar choinníoll, roimh an dáta sin, go mbeadh fógra tugtha acu dá chéile go raibh a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá don chur i bhfeidhm sealadach tugtha chun críche acu. Tá an cur i bhfeidhm sealadach le scor ar cheann de na dátaí seo a leanas, cibé acu is luaithe: an 28 Feabhra 2021 nó dáta eile arna chinneadh ag an gComhairle Comhpháirtíochta; nó ar an gcéad lá den mhí tar éis na míosa inar thug an dá Pháirtí fógra dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach tugtha chun críche acu maidir lena dtoiliú a bheith faoi cheangal a bhunú.

(2)

Ós rud é nach mbeidh an tAontas Eorpach in ann, i ngeall ar cheanglais inmheánacha nós imeachta, an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích faoin 28 Feabhra 2021, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta an 30 Aibreán 2021 a shocrú mar an dáta ar a bhfuiltear le scor den chur i bhfeidhm sealadach de bhun phointe (a) de mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach) den Chomhaontú Trádála agus Comhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an 30 Aibreán 2021 an dáta ar a bhfuiltear le scor den chur i bhfeidhm sealadach de bhun phointe (a) de mhír 2 d’Airteagal FINPROV.11 (Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach). den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh (sa/in) ...,

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta

Na Comhchathaoirligh


(1)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO AE L 444, 31.12.2020, lch. 14.