5.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 77/35 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/395 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Márta 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hairíonna leictreastatacha éadaí cosanta, éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin agus tiománaithe gluaisrothar, éadaí cosanta atá le húsáid sa chlársciáil agus a chaitheann oibreoirí a chuireann lotnaidicídí amach, éadaí cosanta d’oibrithe athiontrála, trealaimh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca, trealaimh sléibhteoireachta agus éadaí cosanta ar na guaiseanna teirmeacha a bhaineann le stua leictreach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna díobh. |
(2) |
Le litir M/031, dar teideal “sainordú caighdeánaithe do CEN/CENELEC maidir le caighdeáin le haghaidh trealamh cosanta pearsanta”, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt agus a tharraingt suas chun tacú le Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (3).. |
(3) |
Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú, dhréachtaigh CEN roinnt caighdeán nua agus rinne sé athbhreithniú ar roinnt caighdeán comhchuibhithe a bhí ann cheana. |
(4) |
An 19 Samhain 2020, chuaigh iarraidh M/031 ar chaighdeánú in éag agus cuireadh iarraidh nua ar chaighdeánú ina hionad faoi mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún (4). |
(5) |
Ós rud é go ndeachaigh Rialachán (AE) 2016/425 i mbun na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir le trealamh cosanta pearsanta a leagtar síos le Treoir 89/686/CEE, dréachtchaighdeáin chomhchuibhithe a forbraíodh faoi iarraidh M/031 ar chaighdeánú, cumhdaítear iad faoin iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924. Dá bhrí sin, ba cheart a dtagairtí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis go heisceachtúil nach bhfuil tagairt shainráite don iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, nach bhfuil tagairt shainráite di i gcaighdeáin den sórt sin a d’fhorbair agus a d’fhoilsigh CEN agus CENELEC le linn na hidirthréimhse idir iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus an iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924. |
(6) |
Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN agus CENELEC na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 17109:2020 maidir le córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa, EN ISO 20320:2020 maidir le cosantóirí rostaí atá le húsáid sa chlársciáil, leasú darb ainm EN ISO 27065:2017/A1:2019 ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 27065:2017 maidir le ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála, agus EN 61482-2:2020 maidir le héadaí cosanta i gcoinne guaiseanna teirmeacha stua leictrigh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425. |
(7) |
Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2005, faoi mar a leasaíodh le EN 469:2005/A1:2006 agus a ceartaíodh le EN 469:2005/AC:2006 agus EN 1149-5:2008, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2020 maidir le ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin, agus EN 1149-5:2018 maidir le hairíonna leictreastatacha éadaí cosanta. |
(8) |
Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13595:-1:2002 agus EN 13595-3:2002, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6). Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas – EN 17092-2:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme AAA do ghluaisrothaithe, EN 17092-3:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme AA do ghluaisrothaithe, EN 17092-4:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme A do ghluaisrothaithe, EN 17092-5:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme B do ghluaisrothaithe, agus EN 17092-6:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme C do ghluaisrothaithe. |
(9) |
Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1150:1999 agus EN 13356:2001, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 17353:2020 maidir le trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca. |
(10) |
Na caighdeáin a rinne CEN agus CENELEC a dhréachtú agus a athbhreithniú, rinne an Coimisiún in éineacht le CEN agus CENELEC measúnú ar cé acu a chomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 nó nach gcomhlíonann. |
(11) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 17109:2020, EN ISO 20320:2020, EN ISO 27065:2017/A1:2019, EN 469:2020, EN 1149-5:2018, EN 17092-2:2020, EN 17092-3:2020, EN 17092-4:2020, EN 17092-5:2020, EN 17092-6:2020, EN 17353:2020, EN 61482-2:2020, agus an leasú darb ainm EN ISO 27065:2017/A1:2019 a rinneadh ar EN ISO 27065:2017, comhlíonann siad na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu iad a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí na gcaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(12) |
Dá bhrí sin, tagairtí chaighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2005, faoi mar a leasaíodh le EN 469:2005/A1:2006 agus a ceartaíodh le EN 469:2005/AC:2006, EN 1149-5:2008, EN 13595-1:2002, EN 13595-3:2002, EN 1150:1999, EN 13356:2001 agus EN ISO 27065:2017, is gá iad a tharraingt siar ó shraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin. |
(13) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún (8) liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 atá tarraingthe siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a leasú dá réir. |
(15) |
Tarraingt siar thagairtí na gcaighdeán éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn II, is gá é sin a chur siar ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán athbhreithnithe leasaithe. |
(16) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuiltear comhréireach leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeáin den chineál sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
(3) Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lch. 18).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19.11.2020 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú i ndáil le trealamh cosanta pearsanta chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(5) IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.
(6) IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.
(7) IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.5.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
Uimh. |
Tagairt an chaighdeáin |
“20. |
EN 1149-5:2018 Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha – Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh éadaigh |
21. |
EN 17092-2:2020 Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 2: Baill éadaí Aicme AAA - Ceanglais |
22. |
EN 17092-3:2020 Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 3: Baill éadaí Aicme AA - Ceanglais |
23. |
EN 17092-4:2020 Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 4: Baill éadaí Aicme A - Ceanglais |
24. |
EN 17092-5:2020 Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 5: Baill éadaí Aicme B - Ceanglais |
25. |
EN 17092-6:2020 Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 6: Baill éadaí Aicme C - Ceanglais |
26. |
EN 17109:2020 Trealamh sléibhteoireachta - Córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála |
27. |
EN 61482-2:2020 Oibriú beo - Éadaí cosanta i gcoinne guaiseanna teirmeacha stua leictrigh – Cuid 2: Ceanglais |
28. |
EN ISO 20320:2020 Éadaí cosanta atá le húsáid i gClársciáil - Cosantóirí Rostaí - Ceanglais agus modhanna tástála (ISO 20320:2020) |
29. |
EN 17353:2020 Éadaí cosanta - Trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca - Modhanna tástála agus ceanglais |
30. |
EN 469:2020 Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin |
31. |
EN ISO 27065:2017 Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017) EN ISO 27065:2017/A1:2019”. |
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
Uimh. |
Tagairt an chaighdeáin |
Dáta an tarraingt siar |
“15. |
EN 469:2005 Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin EN 469:2005/A1:2006 EN 469:2005/AC:2006 |
5 Meán Fómhair 2022 |
16. |
EN 1149-5:2008 Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha – Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh éadaigh |
5 Meán Fómhair 2022 |
17. |
EN 13595-1:2002 Éadaí cosanta do ghluaisrothaithe gairmiúla — Seaicéid, brístí agus cultacha aonphíosa nó cultacha roinnte — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta |
5 Meán Fómhair 2022 |
18. |
EN 13595-3:2002 Éadaí cosanta do ghluaisrothaithe gairmiúla - Seaicéid, brístí agus cultacha aonphíosa nó cultacha roinnte — Cuid 3: Modh tástála le haghaidh neart pléasctha a chinneadh |
5 Meán Fómhair 2022 |
19. |
EN 1150:1999 Éadaí cosanta — Éadaí infheictheachta d’úsáid neamhghairmiúil — Modhanna tástála agus ceanglais |
5 Meán Fómhair 2022 |
20. |
EN 13356:2001 Oiriúintí infheictheachta d’úsáid neamhghairmiúil — Modhanna tástála agus ceanglais |
5 Meán Fómhair 2022 |
21. |
EN ISO 27065:2017 Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017) |
5 Meán Fómhair 2022”. |