3.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 72/12


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/377 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a monaraíodh i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe, agus ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe den sórt sin.

(2)

Trí litir M/396 an 19 Nollaig 2006, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (“an Iarraidh”) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2006/42/CE a dhréachtú agus a athbhreithniú, agus go dtabharfaí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Ar bhonn na hIarrata, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas – EN ISO 3743-2:2019 maidir le modhanna i ndáil le seomraí tástála aisfhuaimnithe speisialta le haghaidh foinsí inaistrithe beaga i réimsí aisfhuaimnithe, EN 62841-2-11:2016/A1:2020 maidir le riachtanais shainiúla le haghaidh sábha frithingeacha láimhe, agus EN 62745:2017 maidir le córais rialaithe innealra gan chábla.

Ina theannta sin, ar bhonn na hIarrata, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe reatha seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2018/C 092/01 ón gCoimisiún (4), chun iad a chur in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch: EN 574:1996+A1:2008; EN 349:1993+A1:2008; EN ISO 13857:2008; EN 1612-1:1997+A1:2008; EN 12643:2014; EN ISO 7096:2008; EN 12301:2000+A1:2008; EN 12965:2003+A2:2009; EN 13525:2005+A2:2009; EN 1870-19:2013; EN 940:2009+A1:2012; EN 1870-4:2012; EN ISO 19432:2012; EN ISO 15012-4:2016; agus EN 60745-2-14:2009/A1:2010. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach: EN ISO 13851:2019 i ndáil le prionsabail maidir le dearadh agus rogha feistí rialaithe dhá lámh; EN ISO 13854:2019 maidir leis an íoslíon bearnaí ionas nach mbrúitear codanna de chorp an duine; EN ISO 13857:2019 maidir le faid sábháilteachta ionas nach sroichfear criosanna guaise leis na géaga uachtaracha agus íochtaracha; EN 1612:2019 maidir le riachtanais sábháilteachta le haghaidh meaisíní agus gléasra múnlaithe frithghníomhaithe; EN ISO 5010:2019 maidir le riachtanais stiúrtha le haghaidh innealra rothaí crécharta; EN ISO 7096:2020 maidir le meastóireacht saotharlainne ar chreathadh suíocháin oibritheora i meaisíní crécharta; EN 12301:2019 maidir le riachtanais sábháilteachta le haghaidh meaisíní plaistice agus rubair de chineál cleandair; EN 12965:2019 maidir le seaftaí tiomána imeachta cumhachta agus a ngardaí le haghaidh tarracóirí agus innealra talmhaíochta agus foraoiseachta; EN 13525:2020 maidir le riachtanais sábháilteachta le haghaidh meaisíní sliste adhmaid; EN ISO 19085-9:2020 maidir le binsí sábha ciorclacha (le agus gan bord sleamhnáin); EN ISO 19085-11:2020 maidir le meaisíní adhmadóireachta comhcheangailte; EN ISO 19085-13:2020 maidir le meaisíní sracsháfa il-lann le lódáil agus/nó dílódáil de láimh; EN ISO 19432-1:2020 maidir le riachtanais sábháilteachta le haghaidh meaisíní gearrtha le haghaidh rothaí scríobacha rothlacha lár-shuite; EN ISO 21904-1:2020 maidir le trealamh le haghaidh múch as táthú a ghabháil agus a scaradh; agus EN 62841-4-1:2020 maidir le riachtanais áirithe le haghaidh sábha slabhracha.

(4)

Ina theannta sin, ar bhonn na hIarrata, leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin seo a leanas, caighdeáin a gcuimsítear a dtagairtí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún (5): EN ISO 19225:2017 maidir le lódálaithe lomairí agus córais treafa le haghaidh meaisíní tarraingthe soghluaiste, EN ISO 3691-5:2015 maidir le trucailí tionsclaíocha arna dtiomáint ag coisithe agus EN 62841-3-4:2016 maidir le líomhadóirí binse iniompartha. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha EN ISO 19225:2017/A1:2019, EN ISO 3691-5:2015/A1:2020 agus EN 62841-3-4:2016/A12:2020 faoi seach.

(5)

Leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2018/C 092/01: EN ISO 11203:2009 maidir le leibhéil brú fuaime astaíochtaí i ndáil le torann arna astú ag innealra agus ag trealamh; EN ISO 3691-1:2015 maidir le trucailí de shíneadh inathraithe agus trucailí iompartha ualaí; EN ISO 4254-11:2010 maidir le burlairí bailithe; EN ISO 20361:2015 maidir le caidéil leachta agus aonaid chaidéil; EN 50636-2-107:2015 maidir le lomairí léana leictreacha faoi chumhacht ceallra róbataice agus EN 62841-3-9:2015 maidir le sábha mítéir iniompartha. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach: EN ISO 11203:2009/A1:2020; EN ISO 3691-1:2015/A1:2020; EN ISO 4254-11:2010/A1:2020; EN ISO 20361:2019/A11:2020; EN 62745:2017/A11:2020; EN 50636-2-107:2015/A2:2020; agus EN IEC 62841-3-9:2020/A11:2020.

(6)

An Coimisiún, in éineacht le CEN agus Cenelec, rinne sé a mheasúnú an bhfuil comhlíonadh na hIarrata sna caighdeáin a dhréachtaigh, a d’athbhreithnigh agus a leasaigh CEN agus Cenelec.

(7)

Na riachtanais sábháilteachta arb é a gcumhdach is aidhm do na caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtaigh, a d’athbhreithnigh agus a leasaigh CEN agus Cenelec, tá sásamh na riachtanas sin iontu, riachtanais a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí na gcaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad sin agus tagairtí aon chaighdeáin ábhartha lena leasaítear nó lena gceartaítear iad.

(8)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe lena mbronntar toimhde comhréireachta le Treoir 2006/42/CE, agus cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe lena mbronntar toimhde comhréireachta le srianta. Tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, chun a chinntiú go liostaítear iad in aon ghníomh amháin, ba cheart tagairtí na gcaighdeán sin a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436.

(9)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE agus atá le tarraingt siar ó shraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

(10)

De thoradh na hoibre a rinne CEN agus Cenelec ar bhonn na hIarrata, rinneadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí le Teachtaireacht 2018/C 092/01, rinneadh iad a athbhreithniú nó a leasú, nó cuireadh ábhar eile ina n-áit: EN 12301:2000+A1:2008; EN 574:1996+A1:2008; EN ISO 15012-4:2016; EN 12643:2014; EN 12965:2003+A2:2009; EN 13525:2005+A2:2009; EN 1612-1:1997+A1:2008; EN 1870-19:2013; EN 1870-4:2012; EN 349:1993+A1:2008; EN 50636-2-107:2015 arna leasú le EN 50636-2-107:2015/A1:2018; EN 60745-2-13:2009 arna leasú le EN 60745-2-13:2009/A1:2010; EN 62841-2-11:2016; EN 62841-3-9:2015 arna leasú le EN 62841-3-9:2015/A11:2017 agus arna cheartú le EN 62841-3-9:2015/AC:2016-09; EN 940:2009+A1:2012; EN ISO 11203:2009; EN ISO 13857:2008; EN ISO 19432:2012; EN ISO 20361:2015; EN ISO 3691-1:2015 arna cheartú le EN ISO 3691-1:2015/AC:2016; EN ISO 4254-11:2010; agus EN ISO 7096:2008 arna cheartú le EN ISO 7096:2008/AC:2009. Is gá, dá bhrí sin, tagairtí na gcaighdeán sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh trí na tagairtí sin a chuimsiú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436.

(11)

Tagairtí chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 19225:2017 agus EN ISO 3691-5:2015, caighdeáin a foilsíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 is gá iad sin a tharraingt siar freisin, ós rud é go ndearnadh iad a cheartú nó a leasú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(12)

Tarraingt siar thagairtí na gcaighdeán sin, is gá é a chur siar ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán nua, na gcaighdeán athbhreithnithe nó na leasuithe ar chaighdeáin.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a leasú dá réir.

(14)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear tagairtí an chaighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) agus pointe (3) d’Iarscríbhinn I ón 3 Meán Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

(3)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (Foilsiú teideal agus tagairtí caighdeán comhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 92, 9.3.2018, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún an 18 Márta 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 75, 19.3.2019, lch. 108).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 mar a leanas:

(1)

scriostar ró 26;

(2)

cuirtear isteach ró 26a seo a leanas:

“26a.

EN ISO 19225:2017

Meaisín mianadóireachta faoi thalamh - Meaisíní soghluaiste tarraingthe sa tosach - Ceanglais sábháilteachta maidir le lódálaithe lomairí agus córais treafa (ISO 19225:2017)

EN ISO 19225:2017/A1:2019

C”;

(3)

scriostar ró 47;

(4)

cuirtear isteach ró 47a seo a leanas:

“47a.

EN ISO 3691-5:2015

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus deimhniú – Cuid 5: Trucailí arna dtiomáint ag coisithe (ISO 3691-5:2014)

EN ISO 3691-5:2015/A1:2020

C”;

(5)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

“70.

EN ISO 3743-2:2019

Fuaimíocht - Leibhéil cumhachta fuaime foinsí torainn a chinneadh agus brú fuaime á úsáid - Modhanna innealtóireachta le haghaidh foinsí inaistrithe beaga i réimsí aisfhuaimnithe – Cuid 2: Modhanna le haghaidh seomraí tástála aisfhuaimnithe speisialta (ISO 3743-2:2018)

B

71.

EN ISO 11203:2009

Fuaimíocht - Torann arna astú ag innealra agus ag trealamh - Leibhéil brú fuaime astaíochtaí a chinneadh ag stáisiún oibre agus ag suíomhanna sonraithe eile ó leibhéal cumhachta na fuaime (ISO 11203:1995)

EN ISO 11203:2009/A1:2020

B

72.

EN ISO 13851:2019

Sábháilteacht innealra - Feistí rialaithe dhá lámh - Prionsabail maidir le dearadh agus rogha (ISO 13851:2019)

B

73.

EN ISO 13854:2019

Sábháilteacht innealra - Íoslíon bearnaí ionas nach mbrúitear codanna de chorp an duine (ISO 13854:2017)

B

74.

EN ISO 13857:2019

Sábháilteacht innealra - Faid sábháilteachta ionas nach sroichfear criosanna guaise leis na géaga uachtaracha agus íochtaracha (ISO 13857:2019)

B

75.

EN 1612:2019

Meaisíní plaistice agus rubair - Meaisíní agus gléasraí múnlaithe frithghníomhaithe - Riachtanais sábháilteachta

C

76.

EN ISO 3691-1:2015

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus deimhniú – Cuid 1: Trucailí tionsclaíocha féinghluaiste, seachas trucailí gan tiománaithe, trucailí de shíneadh inathraithe agus trucailí iompartha ualaí (ISO 3691-1:2011, lena n-áirítear Ceartúchán 1:2013)

EN ISO 3691-1:2015/AC:2016

EN ISO 3691-1:2015/A1:2020

C

77.

EN ISO 4254-11:2010

Innealra talmhaíochta - Sábháilteacht – Cuid 11: Burlairí bailithe (ISO 4254-11:2010)

EN ISO 4254-11:2010/A1:2020

C

78.

EN ISO 5010:2019

Innealra crécharta - Meaisíní rothaí - Riachtanais stiúrtha (ISO 5010:2019)

C

79.

EN ISO 7096:2020

Innealra crécharta - Measúnú saotharlainne ar chreathadh suíocháin oibritheora (ISO 7096:2020)

C

80.

EN 12301:2019

Meaisíní plaistice agus rubair - Cleandair - Riachtanais sábháilteachta

C

81.

EN 12965:2019

Tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta - Seaftaí tiomána imeachta cumhachta (PTO) agus a ngardaí - Sábháilteacht

C

82.

EN 13525:2020

Innealra foraoiseachta - Meaisíní sliste adhmaid - Sábháilteacht

C

83.

EN ISO 19085-9:2020

Meaisíní adhmadóireachta - Sábháilteacht – Cuid 9: Binsí sábha ciorclacha (le agus gan bord sleamhnáin) (ISO 19085-9:2019)

C

84.

EN ISO 19085-11:2020

Meaisíní adhmadóireachta - Sábháilteacht – Cuid 11: Meaisíní comhcheangailte (ISO 19085-11:2020)

C

85.

EN ISO 19085-13:2020

Meaisíní adhmadóireachta - Sábháilteacht – Cuid 13: Meaisíní sracsháfa il-lann le lódáil agus/nó dílódáil de láimh (ISO 19085-13:2020)

C

86.

EN ISO 19432-1:2020

Innealra agus trealamh tógála foirgneamh - Meaisíní scráb-ghearrtha iniompartha, láimhe a thiomáintear ag inneall dócháin inmheánaigh – Cuid 1: Riachtanais sábháilteachta le haghaidh meaisíní gearrtha le haghaidh rothaí scríobacha rothlacha lár-shuite (ISO 19432-1:2020)

C

87.

EN ISO 20361:2019

Caidéil leachta agus aonaid chaidéil - Cód tástála torainn – Gráid 2 agus 3 de chruinneas (ISO 20361:2019)

EN ISO 20361:2019/A11:2020

C

88.

EN ISO 21904-1:2020

Sláinte agus sábháilteacht i dtáthú agus i bpróisis ghaolmhara - Trealamh le haghaidh múch as táthú a ghabháil agus a scaradh – Cuid 1: Riachtanais ghinearálta (ISO 21904-1:2020)

C

89.

EN 62745:2017

Sábháilteacht innealra - Ceanglais maidir le córais rialaithe innealra gan chábla (IEC 62745:2017)

EN 62745:2017/A11:2020

B

90.

EN 50636-2-107:2015

Sábháilteacht gaireas tí agus gaireas comhchosúil – Cuid 2-107: Ceanglais faoi leith maidir le lomairí léana leictreacha faoi chumhacht ceallra róbataice (IEC 60335-2-107:2012, Mionathraithe)

EN 50636-2-107:2015/A1:2018

EN 50636-2-107:2015/A2:2020

C

91.

EN 62841-2-11:2016

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 2-11: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha frithingeacha láimhe (IEC 62841-2-11:2015, Mionathraithe)

EN 62841-2-11:2016/A1:2020

C

92.

EN 62841-3-4:2016

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 3-4: Riachtanais shainiúla le haghaidh líomhadóirí binse iniompartha (IEC 62841-3-4:2016, Mionathraithe)

EN 62841-3-4:2016/A11:2017

EN 62841-3-4:2016/A12:2020

EN 62841-3-4:2016/A1:2020

C

93.

EN IEC 62841-3-9:2020

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 3-9: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha mítéir iniompartha (IEC 62841-3-9:2020)

EN IEC 62841-3-9:2020/A11:2020

C

94.

EN 62841-4-1:2020

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 4-1: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha slabhra (IEC 62841-4-1:2017, Mionathraithe)

C”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

“64.

EN 12301:2000+A1:2008

Meaisíní plaistice agus rubair - Cleandair - Riachtanais sábháilteachta

3 Meán Fómhair 2022

C

65.

EN 12643:2014

Innealra crécharta - Meaisíní rothaí rubair - Riachtanais stiúrtha (ISO 5010:1992, Mionathraithe)

3 Meán Fómhair 2022

C

66.

EN 12965:2003+A2:2009

Tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta - Seaftaí tiomána imeachta cumhachta (PTO) agus a ngardaí - Sábháilteacht

3 Meán Fómhair 2022

C

67.

EN 1612-1:1997+A1:2008

Meaisíní plaistice agus rubair - Meaisíní múnlaithe frithghníomhaithe – Cuid 1: Riachtanais sábháilteachta maidir le haonaid mhéadraithe agus mheasctha

3 Meán Fómhair 2022

C

68.

EN 1870-19:2013

Sábháilteacht meaisíní adhmadóireachta - Meaisíní sáfa chiorclaigh – Cuid 19: Binsí sábha ciorclacha (le bord sleamhnáin agus gan bhord sleamhnáin) agus sábha láithreáin thógála

3 Meán Fómhair 2022

C

69.

EN 1870-4:2012

Sábháilteacht meaisíní adhmadóireachta - Meaisíní sáfa chiorclaigh – Cuid 4: Meaisíní sracsháfa il-lann le lódáil agus/nó dílódáil de láimh

3 Meán Fómhair 2022

C

70.

EN 349:1993+A1:2008

Sábháilteacht innealra - Íoslíon bearnaí ionas nach mbrúitear codanna de chorp an duine

3 Meán Fómhair 2022

B

71

EN 574:1996+A1:2008

Sábháilteacht innealra - Gairis rialaithe dhá lámh - Gnéithe feidhmiúla - Prionsabail maidir le dearadh

3 Meán Fómhair 2022

B

72.

EN 50636-2-107:2015

Sábháilteacht gaireas tí agus gaireas comhchosúil – Cuid 2-107: Ceanglais faoi leith maidir le lomairí léana leictreacha faoi chumhacht ceallra róbataice (IEC 60335-2-107:2012, Mionathraithe)

EN 50636-2-107:2015/A1:2018

3 Meán Fómhair 2022

C

73.

EN 60745-2-13:2009

Uirlisí leictreacha mótar-oibrithe láimhe - Sábháilteacht – Cuid 2-13: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha slabhra (IEC 60745-2-13:2006, Mionathraithe)

EN 60745-2-13:2009/A1:2010

3 Meán Fómhair 2022

C

74.

EN 62841-2-11:2016

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 2-11: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha frithingeacha láimhe (IEC 62841-2-11:2015, Mionathraithe)

3 Meán Fómhair 2022

C

75.

EN 62841-3-4:2016

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 3-4: Riachtanais shainiúla le haghaidh líomhadóirí binse iniompartha (IEC 62841-3-4:2016, Mionathraithe)

EN 62841-3-4:2016/A11:2017

3 Meán Fómhair 2022

C

76.

EN 62841-3-9:2015

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht – Cuid 3-9: Riachtanais shainiúla le haghaidh sábha mítéir iniompartha (IEC 62841-3-9:2014, Mionathraithe)

EN 62841-3-9:2015/AC:2016-09

EN 62841-3-9:2015/A11:2017

3 Meán Fómhair 2022

C

77.

EN 940:2009+A1:2012

Sábháilteacht meaisíní adhmadóireachta - Meaisíní adhmadóireachta comhcheangailte

3 Meán Fómhair 2022

C

78.

EN ISO 11203:2009

Fuaimíocht - Torann arna astú ag innealra agus ag trealamh - Leibhéil brú fuaime astaíochtaí a chinneadh ag stáisiún oibre agus ag suíomhanna sonraithe eile ó leibhéal cumhachta na fuaime (ISO 11203:1995)

3 Meán Fómhair 2022

B

79.

EN ISO 13857:2008

Sábháilteacht innealra - Faid sábháilteachta ionas nach sroichfear criosanna guaise leis na géaga uachtaracha agus íochtaracha (ISO 13857:2008)

3 Meán Fómhair 2022

B

80.

EN ISO 19432:2012

Innealra agus trealamh tógála foirgneamh - Meaisíní gearrtha iniompartha, láimhe a thiomáintear ag inneall dócháin inmheánaigh - Riachtanais sábháilteachta (ISO 19432:2012)

3 Meán Fómhair 2022

C

81.

EN ISO 20361:2015

Caidéil leachta agus aonaid chaidéil - Cód tástála torainn – Gráid 2 agus 3 de chruinneas (ISO 20361:2015)

3 Meán Fómhair 2022

C

82.

EN ISO 3691-1:2015

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus deimhniú – Cuid 1: Trucailí tionsclaíocha féinghluaiste, seachas trucailí gan tiománaithe, trucailí de shíneadh inathraithe agus trucailí iompartha ualaí (ISO 3691-1:2011, lena n-áirítear Ceartúchán 1:2013)

EN ISO 3691-1:2015/AC:2016

3 Meán Fómhair 2022

C

83.

EN ISO 4254-11:2010

Innealra talmhaíochta - Sábháilteacht – Cuid 11: Burlairí bailithe (ISO 4254-11:2010)

3 Meán Fómhair 2022

C

84.

EN ISO 7096:2008

Innealra crécharta - Measúnú saotharlainne ar chreathadh suíocháin oibritheora (ISO 7096:2000)

EN ISO 7096:2008/AC:2009

3 Meán Fómhair 2022

C

85.

EN ISO 15012-4:2016

Sláinte agus sábháilteacht i dtáthú agus i bpróisis ghaolmhara - Trealamh le haghaidh múch as táthú a ghabháil agus a scaradh – Cuid 4: Riachtanais ghinearálta (ISO 15012-4:2016)

3 Meán Fómhair 2022

C”.