26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/221


CINNEADH (AE) 2021/355 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2021

maidir le bearta cur chun feidhme náisiúnta le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C(2021) 1215)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é an riail atá ann gur trí cheant a leithdháiltear na lamháltais astaíochta ó 2013 ar aghaidh ar oibreoirí suiteálacha laistigh de raon feidhme chóras trádála astaíochtaí an Aontais (EU ETS). Leanfaidh oibreoirí incháilithe de lamháltais saor in aisce a fháil sa tréimhse thrádála 2021 go 2030. Cinntear an méid lamháltas a fhaigheann gach ceann de na hoibreoirí sin bunaithe ar rialacha atá comhchuibhithe ar fud an Aontais agus a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (2).

(2)

Maidir lena mBearta Náisiúnta Trasuite (NIManna), a bhfuil liosta suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ar a gcríoch agus faisnéis maidir le gníomhaíocht táirgthe, aistrithe teasa agus gás, táirgeadh leictreachais agus astaíochtaí ar leibhéal foshuiteála le linn 5 bliana na tréimhse bonnlíne (2014-2018), bhí ceangal ar na Ballstáit na NIManna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

(3)

Chun cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí a áirithiú, chuir na Ballstáit isteach a NIManna trí úsáid a bhaint as an teimpléad leictreonach arna chur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, ina raibh na sonraí ábhartha le haghaidh gach suiteála. Chuir na Ballstáit tuarascáil mhodheolaíochta isteach freisin ina leagtar amach an próiseas bailithe sonraí a rinne a n-údaráis.

(4)

I bhfianaise an réimse leathan faisnéise agus sonraí a cuireadh isteach, rinne an Coimisiún anailís ar dtús ar chríochnúlacht na NIManna uile. I gcás inar thug an Coimisiún dá aire go raibh aighneachtaí neamhchríochnúil, d’iarr sé faisnéis bhreise ar na Ballstáit lena mbaineann. Mar fhreagra ar na hiarrataí sin, chuir na húdaráis ábhartha faisnéis bhreise ábhartha isteach chun na NIManna a cuireadh isteach a chomhlánú.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú ina dhiaidh sin ar na NIManna i gcomhthéacs na gcritéar atá i dTreoir 2003/87/CE agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, agus doiciméid treorach an Choimisiúin chuig na Ballstáit a foilsíodh idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2020 á gcur san áireamh. Is é a bhí sna seiceálacha comhsheasmhachta sin an dara céim den mheasúnú ar na NIManna.

(6)

Rinneadh na seiceálacha comhsheasmhachta ar na NIManna i dtaca le gach Ballstát agus le gach suiteáil agus i gcomhréir le suiteálacha eile san earnáil chéanna. Mar chuid den mheasúnú cuimsitheach sin, rinne an Coimisiún anailís ar chomhsheasmhacht na sonraí féin agus a gcomhsheasmhacht leis na rialacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe le haghaidh chéim 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. Rinne an Coimisiún scrúdú ar incháilitheacht suiteálacha le haghaidh leithdháileadh saor in aisce, ar shuiteálacha a roinnt ina bhfoshuiteálacha agus ar a dteorainneacha, chun an tagarmharc ceart a chur i bhfeidhm. I bhfianaise go n-úsáidtear na sonraí chun na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe a ríomh, rinne an Coimisiún cúram faoi leith de shannadh astaíochtaí do gach foshuiteáil. Ina theannta sin, agus i bhfianaise an tionchair shuntasaigh ar leithdháiltí, rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na sonraí a bhaineann le leibhéil ghníomhaíochta stairiúla na suiteálacha a ríomh le linn na tréimhse bonnlíne. Rinne an Coimisiún scrúdú chomh maith féachaint an mbeadh cuimsiú suiteála sna liostaí de NIManna i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.

(7)

Rinneadh grinnanailísí breise ar shonraí suiteálacha sonracha a raibh tionchar acu ar ríomh na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe agus le haghaidh gach Ballstáit. Bhí na measúnaithe sonracha bunaithe ar anailís measúnaithe riosca inar tugadh roinnt critéar ar aird lena n-áirítear an déine astaíochtaí le haghaidh gach foshuiteáil tagarmhairc táirge.

(8)

Bunaithe ar thorthaí na seiceálacha sin, rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar shuiteálacha inar sainíodh mírialtachtaí féideartha i gcur i bhfeidhm na rialacha leithdháilte comhchuibhithe. Maidir leis na suiteálacha sin, iarradh soiléiriú breise ar údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann.

(9)

I bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe comhlíontachta sin, maidir le NIM na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, Málta, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne, fuarthas go raibh siad ag luí le Treoir 2003/87/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ach amháin mar a leagtar amach thíos. Na suiteálacha a chuimsíonn na Ballstáit sin sna NIManna, fuarthas go bhfuil siad incháilithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce agus níor braitheadh aon neamhréireacha leis na rialacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe, ach amháin mar a leagtar amach thíos.

(10)

Mar sin féin, i bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe, tá gnéithe áirithe de na NIManna a chuir an Fhionlainn agus an tSualainn isteach ar neamhréir leis na critéir atá i dTreoir 2003/87/CE agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

(11)

Mhol an Fhionlainn agus an tSualainn 51 shuiteáil ina n-úsáidtear bithmhais go heisiach a áireamh. Bhí cuid de na suiteálacha sin faoi réir rogha aontaobhach a bheith páirteach in 2004-2007, a d’fhormheas an Coimisiún de bhun Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, maidir le suiteálacha a bhaineann úsáid as bithmhais go heisiach, rinneadh iad a eisiamh ó EU ETS ina dhiaidh sin, i gcomhréir le foráil nua i mír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Tugadh an fhoráil sin isteach i dTreoir ETS le Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ón uair a cuireadh i bhfeidhm í an 1 Eanáir 2013, cinneadh léi raon feidhme nua le haghaidh ETS, lena n-áirítear roghanna a bheith páirteach roimh ré. Dá bhrí sin, maidir le cuimsiú na suiteálacha inar úsáideadh bithmhais go heisiach, tá sé sin le diúltú le haghaidh bhlianta uile na tréimhse bonnlíne lena n-áirítear an tréimhse ina raibh siad liostaithe in Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE.

(12)

Mhol an tSualainn go gcuimseofaí suiteáil amháin, arb as áith aoil ina ndéantar láib aoil, iarmhar de chuid aisghabháil ceimiceán cócaireachta i muilte craft-laín, a chailcíniú a thagann a hastaíochtaí. Cumhdaítear an próiseas um aol a aisghabháil ó láib aoil leis na sainmhínithe ar theorainneacha córais craft-laín snáithín fhada/ghearr. Ar an gcaoi sin, allmhairíonn an tsuiteáil lena mbaineann táirge idirmheánach a chumhdaítear le tagarmharc táirge. I bhfianaise nár cheart astaíochtaí a chomhaireamh faoi dhó, mar a mheabhraítear in Airteagal 16(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, tá sonraí leithdháileadh saor in aisce na suiteála sin le diúltú.

(13)

Mhol an tSualainn go mbainfí úsáid as foshuiteálacha tagarmhairc éagsúla i dtrí fhoshuiteáil i gcomparáid leis an méid ar bhain siad úsáid astu i NIManna chéim 3 le haghaidh táirgeadh millíní amhiarainn. Mhol an tSualainn go mbainfí úsáid as foshuiteáil tagarmhairc méine sintéaraithe chun millíní amhiarainn a tháirgeadh, fad a d’úsáidfí tagarmharcanna teasa agus breosla i gcéim 3. Mar sin féin, sainmhínítear an tagarmharc méine sintéaraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus tá an sainmhíniú ar tháirgí chomh maith leis an sainmhíniú ar phróisis agus ar astaíochtaí a chumhdaítear leis an tagarmharc táirge sin saincheaptha don táirgeadh sintéir agus ní chuimsítear leis millíní amhiarainn. Ina theannta sin, le hAirteagal 10(a)2 de Threoir 2003/87/CE ceanglaítear nuashonrú a dhéanamh ar na luachanna tagarmhairc le haghaidh chéim 4 agus ní fhoráiltear ann maidir le haon choigeartú ar léirmhíniú na sainmhínithe tagarmhairc. Dá bhrí sin, ní mór na sonraí a cuireadh isteach maidir le táirgeadh millíní amhiarainn atá bunaithe ar fhoshuiteáil méine sintéaraithe a dhiúltú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir le hinscríobh na suiteálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo agus a áirítear sna liostaí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus a chuirtear isteach chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin agus na sonraí a chomhfhreagraíonn do na suiteálacha sin, diúltaítear iad.

2.   Maidir le sonraí leithdháileadh saor in aisce na suiteála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo agus a áirítear sna liostaí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus a chuirtear isteach chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin, diúltaítear iad.

3.   Maidir leis na sonraí a chomhfhreagraíonn d'fhoshuiteálacha tagarmhairc táirge na suiteálacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo maidir leis na liostaí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE agus a chuirtear isteach chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE, diúltaítear iad.

4.   Ní ardófar aon agóidí má dhéanann Ballstát leasú ar na sonraí a chuirtear isteach maidir leis na suiteálacha ina chríoch a roinnt ina bhfoshuiteálacha, suiteálacha a áirítear sna liostaí dá dtagraítear i mír 3 agus a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, sula ndéantar réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce a chinneadh le haghaidh gach bliana ó 2021 go 2025 i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

5.   Aon leasú dá dtagraítear i mír 4, tabharfar fógra faoi don Choimisiún a luaithe is féidir, agus ní rachaidh Ballstát ar aghaidh le cinneadh réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce le haghaidh gach bliana ó 2021 go 2025 i gcomhréir le hAirteagal 14(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 go dtí go ndéanfar leasuithe inghlactha.

Airteagal 2

Ach amháin mar a leagtar amach in Airteagal 1, ní chuirtear aon agóidí in iúl maidir leis na liostaí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE agus na sonraí a chomhfhreagraíonn do na suiteálacha sin.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(3)  Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).


IARSCRÍBHINN I

Suiteálacha a úsáideann bithmhais go heisiach

Aitheantóir Suiteálacha ar liostaí NIManna

FI000000000000645

FI000000000207696

 

 

SE000000000000031

SE000000000000086

SE000000000000169

SE000000000000211

SE000000000000320

SE000000000000523

SE000000000000583

SE000000000000686

SE000000000000789

SE000000000000845

SE000000000205887

SE000000000209930

SE000000000000779

SE000000000000064

SE000000000000088

SE000000000000186

SE000000000000249

SE000000000000324

SE000000000000543

SE000000000000629

SE000000000000687

SE000000000000798

SE000000000000847

SE000000000206192

SE000000000211058

SE000000000000073

SE000000000000099

SE000000000000199

SE000000000000261

SE000000000000382

SE000000000000547

SE000000000000659

SE000000000000705

SE000000000000830

SE000000000202297

SE000000000208282

SE000000000000153

SE000000000000074

SE000000000000102

SE000000000000205

SE000000000000319

SE000000000000468

SE000000000000565

SE000000000000681

SE000000000000785

SE000000000000838

SE000000000205800

SE000000000209062

SE000000000000231


IARSCRÍBHINN II

Suiteáil a úsáideann táirge idirmheánach le haghaidh táirgeadh aoil

Aitheantóir Suiteálacha ar liostaí NIManna

SE000000000000419


IARSCRÍBHINN III

Suiteálacha a úsáideann tagarmharc táirge méine sintéaraithe in ionad tagarmharcanna teasa nó breosla

Aitheantóir Suiteálacha ar liostaí NIManna

SE000000000000497

SE000000000000498

SE000000000000499