|
26.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/219 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/354 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Feabhra 2021
lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Áiríodh an tsubstaint ghníomhach própaconasól in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar dá bhrí sin go bhfuil sí formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
An 1 Deireadh Fómhair 2018, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun formheas própaconasóil a athnuachan. |
|
(3) |
An 8 Feabhra 2019, chuir údarás inniúil meastóireachta na Fionlainne in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an t-údarás inniúil le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. Tá sé iarrtha ag an údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a chur ar fáil chun an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán sin. |
|
(4) |
Ós rud é go bhfuil meastóireacht iomlán á déanamh ag an údarás inniúil ar an iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) le tuairim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan laistigh de 270 lá ón moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta. |
|
(5) |
Ós rud é go bhfuil própaconasól aicmithe mar thocsaineach maidir leis an atáirgeadh, catagóir 1B, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus go gcomhlíonann sé, dá bhrí sin, an critéar eisiaimh a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is gá scrúdú breise a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil ceann amháin ar a laghad de choinníollacha na chéad fhomhíre d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 á chomhlíonadh, agus an bhféadfar formheas própaconasóil a athnuachan dá bhrí sin. |
|
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún (4), cuireadh an dáta éaga i leith formheas própaconasóil ar atráth go dtí an 31 Márta 2021 ionas go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Níl an mheastóireacht sin tugtha chun críche fós agus níl a thuarascáil mheasúnaithe ná conclúidí a mheastóireachta curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta fós. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go n-éagfar formheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Is iomchuí, dá bhrí sin, an dáta éaga i leith formheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a chur ar atráth go ceann tréimhse a bheidh fada go leor chun go mbeifear in ann scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(8) |
I bhfianaise na tréimhse is gá chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an tuairim a ullmhú agus a chur isteach, na tréimhse is gá chun measúnú a dhéanamh an bhfuil ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha atá sa chéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 á chomhlíonadh agus chun a mheasúnú an bhféadfar formheas própaconasóil a athnuachan dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(9) |
Seachas an dáta éaga i leith formheasa, leanfaidh própaconasól de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an dáta éaga i leith formheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2022.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 8, 14.1.2020, lch. 39).