25.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/55


CINNEADH (AE) 2021/332 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 18, 30, 41, 46, 48, 53, 54, 67, 74, 75, 79, 86, 97, 98, 106, 107, 113, 116, 117, 118, 123, 124, 125, 141, 142, 148, 149, 150, 152, 154, 157 ó na Náisiúin Aontaithe agus ar Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh modhnuithe ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 9, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh ceithre Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, mótarfheithiclí a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe agus an gaireas a cheadú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe, baic dhúisithe a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena bac dúisithe, agus córas aláraim feithicle a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena córas aláraim feithicle, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rún Frithpháirteach nua M.R.4, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh doiciméid léirthuisceana ar Rialacháin Uimh. 155 agus 156 ó na Náisiúin Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“an Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (“UNECE WP.29”) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh.

(5)

Le linn an 183ú seisiún den Fhóram Domhanda atá le reáchtáil idir an 9 agus an 11 Márta 2021, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh 13, 13-H, 18, 30, 41, 46, 48, 53, 54, 67, 74, 75, 79, 86, 97, 98, 106, 107, 113, 116, 117, 118, 123, 124, 125, 141, 142, 148, 149, 150, 152, 154, 157 ó na Náisiúin Aontaithe agus ar Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, an togra le haghaidh modhnuithe ar Rialachán Domhanda Teicniúil Uimh. 9, an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, na tograí le haghaidh ceithre Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, mótarfheithiclí a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe agus an gaireas a cheadú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe, baic dhúisithe a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena bac dúisithe, agus córas aláraim feithicle a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena córas aláraim feithicle, agus an togra le haghaidh Rún Frithpháirteach nua M.R.4. Thairis sin, tá UNECE WP.29 chun na tograí le haghaidh doiciméid léirthuisceana ar Rialacháin Uimh. 155 agus 156 ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus leis na Rúin Chomhdhlúite agus Frithpháirteacha, tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

(7)

I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 18, 30, 41, 46, 48, 53, 54, 67, 74, 75, 79, 86, 97, 98, 106, 107, 113, 116, 117, 118, 123, 124, 125, 141, 142, 148, 149, 150, 152, 154, 157 ó na Náisiúin Aontaithe agus le Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais mar aon le Rún Comhdhlúite R.E.5, is gá na ceanglais sin a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTD Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú.

(9)

Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithicle a fheabhsú, na ceithre Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, mótarfheithiclí a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe agus an gaireas a cheadú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe, baic dhúisithe a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena bac dúisithe, agus córas aláraim feithicle a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena córas aláraim feithicle, is gá iad a ghlacadh. I gcomhthráth leis sin, is gá Rún Frithpháirteach M.R.4 maidir le gloiniú leathanradhairc dín gréine a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 183ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí a thionólfar idir an 9 agus an 11 Márta 2021, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13 H, 18, 30, 41, 46, 48, 53, 54, 67, 74, 75, 79, 86, 97, 98, 106, 107, 113, 116, 117, 118, 123, 124, 125, 141, 142, 148, 149, 150, 152, 154, 157 ó na Náisiúin Aontaithe agus ar Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh modhnuithe ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 9, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh ceithre Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadán sonraí teagmhais, mótarfheithiclí a chosaint ar úsáid neamhúdaraithe agus an gaireas a cheadú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe, baic dhúisithe a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena bac dúisithe, agus córas aláraim feithicle a cheadú agus feithicil a cheadú i ndáil lena córas aláraim feithicle, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rún Frithpháirteach M.R.4, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh doiciméid léirthuisceana ar Rialacháin Uimh. 155 agus 156 ó na Náisiúin Aontaithe (4), go vótálfar ina bhfabhar.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích i ndáil le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 5991/21 ar http://register.consilium.europa.eu