24.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/10


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/327 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2021

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh an tsubstaint ghníomhach meatafluitrin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 meastar, dá bhrí sin, é a bheith formheasta faoin Rialachán sin, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An formheas maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2021. An 25 Deireadh Fómhair 2019, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar fhormheas meatafluitrine a athnuachan.

(3)

An 15 Deireadh Fómhair 2020, chuir údarás inniúil meastóireachta na hÉireann an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta meastóireacht iomlán ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, iarraidh ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá call le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Gníomhaireacht”) tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18 sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin is iomchuí dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18 a chur ar atráth ar feadh tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. I bhfianaise na dteorainneacha ama le haghaidh na meastóireachta ag an údarás inniúil meastóireachta agus le haghaidh ullmhú agus chur isteach na tuairime ag an nGníomhaireacht, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

(7)

Seachas dáta éaga an fhormheasa, formheastar meatafluitrin a úsáid fós i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dtaca le dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).