24.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/8


CINNEADH (AE) 2021/326 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, laistigh den Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Foscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XII (Soláthar Rialtais) a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91 agus 100(2) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 191 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle (1) shínigh an tAontas an Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (“An Comhaontú Trádála”) agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Peiriú ón 1 Márta 2013 i leith, agus idir an tAontas agus an Cholóim ón 1 Lúnasa 2013 i leith. Leasaíodh an Comhaontú Trádála leis an bPrótacal maidir le hAontachas Eacuadór (2), a síníodh an 11 Samhain 2016 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle (3) agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2017 i leith.

(2)

Leagtar síos in Airteagal 191 den Chomhaontú Trádála na nósanna imeachta chun soláthar faoi Theideal VI den Chomhaontú Trádála a mhodhnú nó a cheartú.

(3)

I bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála, sonraítear eintitis rialtas láir na Colóime a gcumhdaítear a soláthar faoi Theideal VI den Chomhaontú Trádála (“liosta na n-eintiteas soláthair”).

(4)

Ag an gcruinniú den fhochoiste um Sholáthar Rialtais a reáchtáladh in Bogotá an 17 Deireadh Fómhair 2019, chuir an Cholóim in iúl don Aontas go raibh sé ar intinn aici liosta na n-eintiteas soláthair a nuashonrú trí shé ghníomhaireacht a cruthaíodh tar éis 2011 a chur leis an liosta, ar gníomhaireachtaí iad a bhaineann leis an leibhéal feidhmiúcháin. Tráth a tugadh an chaibidlíocht don Chomhaontú Trádála i gcrích in 2010, is eintitis soláthair ar leibhéal na n-airí a bhí ag feidhmiú na n-inniúlachtaí a fheidhmíonn na gníomhaireachtaí sin faoi láthair.

(5)

Aontaíonn an tAontas agus an Cholóim gur cheart liosta na n-eintiteas a nuashonrú dá réir sin.

(6)

Dá bhí sin is gá liosta na n-eintiteas soláthair a leasú. Aontaíonn an tAontas agus an Cholóim nach gceanglaítear coigeartuithe cúiteacha de bharr an nuashonraithe sin, ós rud é gur mionleasú é faoi phointe (a) d’Airteagal 191(2) den Chomhaontú Trádála.

(7)

De bhun Airteagal 14(3), i gcomhar le hAirteagal 12(4), den Chomhaontú Trádála, tá cinneadh le glacadh laistigh den Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas agus an tír Aindéach sínitheach lena mbaineann i gcás ina mbaineann sé go heisiach leis an gcaidreamh déthaobhach eatarthu.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste um Thrádáil a leagan síos, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gCoiste um Thrádáil chun liosta na n-eintiteas soláthair a leasú i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chomhaontú Trádála ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste um Thrádáil a mhéid a bhaineann sé le liosta na n-eintiteas soláthair a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis an gComhaontú Trádála a leasú, beidh sé bunaithe ar an nDréachtchinneadh comhfhreagrach ón gCoiste um Thrádáil (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 maidir leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 354, 21.12.2012, lch. 1).

(2)  Prótacal maidir le hAontachas leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun Aontachas Eacuadór a chur san áireamh (IO L 356, 24.12.2016, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle an 11 Samhain 2016 maidir leis an bPrótacal maidir le hAontachas leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun Aontachas Eacuadór a chur san áireamh, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 356, 24.12.2016, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 5699/21 ar http://register.consilium.europa.eu