24.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 64/1 |
CINNEADH (AE) 2021/322 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Feabhra 2021
lena gceaptar comhalta malartach Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Polainne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh gur cheart Coiste na Réigiún a bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfaidh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de chomhaltaí malartacha a cheapadh go ceann téarma 5 bliana i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát. |
(3) |
Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag ar an 25 Eanáir 2020, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh. |
(4) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna,triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Spáinne, deichniúr comhaltaí agus 14 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. |
(5) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí mhalartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus 10 gcomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. |
(6) |
An 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/144 (4), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Spáinne, mar aon le comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Fionlainne. |
(7) |
An 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/511 (5), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, cúigear comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, mar aon le comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Gearmáine agus comhalta amháin a mhol Rialtas Mhálta. |
(8) |
An 8 Meitheamh 2020, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, ar tarraingt siar í a raibh éifeacht dhlíthiúil léi an 1 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 (6), i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/852 agus leis na tograí a rinne na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, comhalta breise amháin agus comhalta malartach breise amháin a mhol Rialtas na hEastóine, comhalta breise amháin agus comhalta malartach breise amháin a mhol Rialtas na Cipire, mar aon le comhalta breise amháin agus comhalta malartach breise amháin a mhol Rialtas Lucsamburg. |
(9) |
An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1153 (7), i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag na Ballstáit. Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, 11 chomhalta agus12 chomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Bulgáire, mar aon le triúr comhaltaí agus triúr comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Gearmáine agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas Mhálta. Leis an gCinneadh sin ceapadh freisin, don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Cipire, agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas Lucsamburg. |
(10) |
An 17 Nollaig 2020, mhol Rialtas na Polainne a iarrthóir do shuíochán an chomhalta mhalartaigh atá fágtha aici. Ba cheart an comhalta malartach sin a cheapadh don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an duine a leanas a cheapadh ina chomhalta malartach ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
POLSKA |
|
Mr Adam BANASZAK |
|
Member of a Regional Assembly: Sejmik Województwa Kujawsko - Pomorskiego. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(3) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).
(4) Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).
(5) Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).
(6) Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).
(7) Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).