23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/49


CINNEADH (CBES) 2021/284 ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/346 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/346 (1), lena gceaptar Eamon GILMORE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 28 Feabhra 2021.

(2)

Ba cheart síneadh 24 mhí breise a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023.

(3)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/346 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Eamon GILMORE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine go dtí an 28 Feabhra 2023. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú an Ionadaí Speisialta a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).”;

(2)

in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 2 690 000,00 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú an Ionadaí Speisialta don tréimhse ón 1 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023 a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Tíolacfaidh ISAE tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn chuig an gComhairle, chuig an Ardionadaí agus chuig an gCoimisiún agus tíolacfaidh sé tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe chucu faoin 30 Samhain 2022.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/346 ón gComhairle an 28 Feabhra 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine (IO L 62, 1.3.2019, lch. 12).