23.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 62/47 |
CINNEADH (CBES) 2021/283 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Feabhra 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontaigh Eorpaigh don tSaiheil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2274 (1) lena gceaptar Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil. |
(2) |
An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/906 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar ISAE don tSaiheil. Cuireadh síneadh breise le sainordú ISAE le Cinneadh (CBES) 2020/253 ón gComhairle (3). Tá sainordú ISAE le dul in éag an 28 Feabhra 2021. |
(3) |
Ba cheart síneadh 4 mhí breise a chur le sainordú ISAE, laistigh den mhéid tagartha airgeadais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2018/906 arna leasú le Cinneadh (CBES) 2020/253. |
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 in Airteagal 1: “Cuirtear síneadh le sainordú Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil go dtí an 30 Meitheamh 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (AI).”; |
(2) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2015/2274 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 322, 8.12.2015, lch. 44).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/906 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 161, 26.6.2018, lch. 22).
(3) Cinneadh (CBES) 2020/253 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontaigh Eorpaigh don tSaiheil (IO L 54 I, 26.2.2020, lch. 9).