23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/41


CINNEADH (Euratom) 2021/281 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2021

lena leasaítear Cinneadh 2007/198/Euratom lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an tríú agus an ceathrú mír d’Airteagal 47 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh Euratom, an tSín, an India, an tSeapáin, an Chóiré Theas, Cónaidhm na Rúise agus na Stáit Aontaithe an Comhaontú maidir le Bunú na hEagraíochta Fuinnimh Comhleá ITER chun an Tionscadal ITER a chur chun feidhme (1) (“an Comhaontú ITER”) i mí na Samhna 2006. Tá Euratom, arb é, de réir Chomhaontú ITER, an t-óstpháirtí, i dtús cadhnaíochta leis an tionscadal seo.

(2)

Le Cinneadh 2007/198/Euratom (2), bhunaigh an Chomhairle an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (“Fuinneamh Comhleá”) (“an Comhghnóthas”) chun foráil a dhéanamh maidir le hionchur Euratom in Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Comhleá ITER agus i ngníomhaíochtaí an Chur Chuige Níos Leithne leis an tSeapáin a sholáthar chomh maith le clár gníomhaíochtaí a ullmhú agus a chomhordú mar ullmhúchán do thógáil imoibreora comhleá taispeána agus saoráidí gaolmhara.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 5 de Chinneadh 2007/198/Euratom go mbeidh rialachán airgeadais ar leith ag an gComhghnóthas a bheidh bunaithe ar phrionsabail Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (3) agus a fhéadfaidh imeacht ón Rialachán Tarmligthe sin i gcás inar gá sin de bharr riachtanais shonracha oibríochta an Chomhghnóthais, faoi réir réamhchomhairliúcháin leis an gCoimisiún. Rialaítear cur chun feidhme an bhuiséid le Teideal IV de rialachán airgeadais an Chomhghnóthais.

(4)

Le Cinneadh 2007/198/Euratom tugadh méid tagartha airgeadais a measadh a bheith riachtanach don Chomhghnóthas, mar aon le ranníocaíocht tháscach iomlán Euratom leis an méid sin, atá le cur ar fáil trí chláir thaighde agus oiliúna an Chomhphobail arna nglacadh de bhun Airteagal 7 den Chonradh nó trí aon chinneadh eile arna ghlacadh ag an gComhairle.

(5)

Leasaíodh Cinneadh 2007/198/Euratom le Cinneadh 2013/791/Euratom ón gComhairle (4) chun go bhféadfar maoiniú ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a cheadú d’fhad ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (5).

(6)

Fuair bonnlíne nua thionscadal ITER, arna hullmhú mar chuid de na feabhsuithe ar bhainistíocht an tionscadail, tacaíocht ó Chomhairle ITER in 2016 agus in 2017. Úsáideadh í ina dhiaidh sin chun riachtanais chistiúcháin an Chomhghnóthais a mheas. Beartaítear le sceideal nuashonraithe na bonnlíne nua go mbainfear amach An Chéad Phlasma i mí na Nollag 2025 agus go mbeidh an oibríocht ag feidhmiú go hiomlán, ag úsáid breosla deoitéiriam-tritiam, in 2035. Ní áirítear teagmhais sa sceideal sin, agus dá bhrí sin, glactar leis gur gá gach mór-riosca a mhaolú.

(7)

An 12 Aibreán 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas leanúnach Euratom do thionscadal ITER a thabhairt chun críche go rathúil agus thug sí sainordú don Choimisiún bonnlíne nua thionscadal ITER a fhormheas thar ceann Euratom ag cruinniú de Chomhairle ITER ar leibhéal na nAirí. Ag an am céanna, d’iarr an Chomhairle go leanfadh an Comhghnóthas dá dhualgais tuairiscithe agus athbhreithnithe i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 12 Iúil 2010 agus go ndéanfadh sé measúnuithe neamhspleácha rialta ar dhul chun cinn ITER, le béim ar an bhfeidhmíocht agus ar bhainistiú tionscadail, lena n-áirítear teorannú costais, rialú ar sceideal an tionscadail mar aon le bainistiú riosca.

(8)

Leis an gCinneadh seo ceadófar sineirgí agus comhlántachtaí le gníomhaíochtaí taighde comhleá arna gcistiú trí Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom. Tá tógáil agus oibriú rathúil ITER ar rébhealach an treochláir comhleá Eorpaigh arna fhormhuiniú ag gach geallsealbhóir taighde comhleá san Eoraip.

(9)

Shocraigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leibhéal uasta ghealltanais Euratom do ITER sa chreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6) (“CAI 2021 go 2027”) ag EUR 5 614 000 000 i bpraghsanna reatha.

(10)

Le lánurraim do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir lena meascán fuinnimh, féadfaidh gníomhaíochtaí faoin gCinneadh seo rannchuidiú le cuspóirí an treochláir comhleá Eorpaigh a bhaint amach.

(11)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7), is gá meastóireacht a dhéanamh ar ITER ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin á seachaint ag an am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir táscairí intomhaiste a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, mar bhonn faoi mheastóireacht ar éifeachtaí ITER. Ba cheart conclúidí na meastóireachtaí sin arna ndéanamh ag an gCoimisiún a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Má tharlaíonn go bhfuil uainiú na meastóireachtaí ex post agus eatramhacha gar dá chéile, ba cheart é a bheith indéanta an dá mheastóireacht a chur le chéile in aon mheastóireacht amháin lena gcumhdófaí an dá thréimhse.

(12)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (an “Rialachán Airgeadais”), le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) agus (AE) 2017/1939 (12) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú, agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur.

Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tá sé de chumhacht ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a imscrúdú agus a ionchúiseamh . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(13)

Ba cheart go ndéanfaí leis an gCinneadh seo infheictheacht chistiú an Chomhphobail a áirithiú trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

(14)

Is gá Cinneadh 2007/198/Euratom a leasú chun go bhféadfar gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí gaolmhara an Choimisiúin a mhaoiniú don tréimhse 2021-2027 ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(15)

Chun a áirithiú go dtabharfaí tionscadal ITER chun críche go rathúil agus go mbeidh leanúnachas sa tacaíocht a sholáthraítear sa réimse beartais ábhartha ó thús CAI 2021 go 2027, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021 agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2007/198/Euratom a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2007/198/Euratom mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Is é EUR 5 614 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i ranníocaíocht tháscach Euratom leis an gComhghnóthas don ré 2021 go 2027, lena n-áirítear an caiteachas tacaíochta gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 don tréimhse chéanna.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4.   Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 3 speansais a bhaineann le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí agus caiteachais eile atá riachtanach le haghaidh bhainistiú agus chur chun feidhme an Chinnidh seo, lena n-áirítear caiteachas riaracháin, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir agus le cruinnithe saineolaithe, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chinnidh seo.”;

(2)

scriostar Airteagal 5b;

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5c

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí ar chur chun feidhme an Chinnidh seo go rialta agus go tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

2.   A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le cur chun feidhme an Chinnidh sa tréimhse 2021 go 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar chur chun feidhme an Chinnidh seo tráth nach déanaí ná 2024.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chinnidh, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 4(3), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar chur chun feidhme an Chinnidh seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar faoin Airteagal seo, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.”;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5d

Cumarsáid, infheictheacht agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón gComhphobal aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón gComhphobal, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCinneadh sin, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chinnidh sin agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gCinneadh sin ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 358, 16.12.2006, lch. 62.

(2)  Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO L 90, 30.3.2007, lch. 58).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(4)  Cinneadh 2013/791/Euratom ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2007/198/Euratom lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO L 349, 21.12.2013, lch. 100).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(7)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).