19.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 58/55 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2021/259 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2021
lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le slándáil thionsclaíoch i ndáil le deontais rúnaicmithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 249 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1),
Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (2),
Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (3),
Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach (4),
Tar éis dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe Slándála an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 41(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagail 41, 42, 47 agus 48 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 go leagfar síos forálacha níos mionsonraithe chun forlíonadh agus tacaíocht a thabhairt do Chaibidil 6 den Chinneadh sin i rialacha cur chun feidhme maidir le slándáil thionsclaíoch, lena rialófar saincheisteanna amhail dámhachtain comhaontuithe deontais rúnaicmithe, imréitigh slándála saoráide, imréitigh slándála pearsanra, cuairteanna, agus tarchur agus iompar faisnéise rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (“FRAE”). |
(2) |
Luaitear i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 go bhfuil comhaontuithe deontais rúnaicmithe le cur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an údarás um shlándáil náisiúnta, leis an údarás slándála ainmnithe nó le haon údarás inniúil eile de chuid na mBallstát lena mbaineann. D’aontaigh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh imréiteach slándála iomchuí ag aon eintiteas faoina ndlínse a fhéadfaidh faisnéis rúnaicmithe de thionscnamh an Choimisiúin a fháil nó a ghiniúint agus go mbeidh sé in ann cosaint oiriúnach a sholáthar atá coibhéiseach leis an gcosaint a thugtar le rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh i ndáil le faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh ar a bhfuil marc aicmiúcháin comhfhreagrach a chosaint, amhail dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (2011/C 202/05) (5). |
(3) |
Chomhaontaigh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an chomhsheasmhacht is mó is féidir a áirithiú i gcur i bhfeidhm na rialacha slándála maidir leis an gcosaint a dhéanann siad ar FRAE, agus a riachtanais shonracha institiúideacha agus eagraíochtúla á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na dearbhuithe a ghabhann le miontuairiscí sheisiún na Comhairle inar glacadh Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (6) maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint. |
(4) |
Dá bhrí sin, le rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le slándáil thionsclaíoch i ndáil le deontais rúnaicmithe, ba cheart, freisin, an chomhsheasmhacht is mó is féidir a áirithiú agus na Treoirlínte maidir le Slándáil Thionsclaíoch a d’fhormheas Coiste Slándála na Comhairle an 13 Nollaig 2016 a chur san áireamh. |
(5) |
An 4 Bealtaine 2016, ghlac an Coimisiún cinneadh (7) lena dtugtar cumhacht don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála na rialacha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 60 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin agus faoina fhreagracht, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar amach leis an gCinneadh seo rialacha cur chun feidhme maidir le slándáil thionsclaíoch i ndáil le deontais rúnaicmithe de réir bhrí Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444, agus go háirithe Caibidil 6 den Chinneadh sin.
2. Leagtar síos leis an gCinneadh seo ceanglais shonracha lena áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (FRAE) a chosaint nuair a bheidh glaonna á bhfoilsiú, nuair a bheidh deontais á ndámhachtain agus nuair a bheidh na comhaontuithe deontais rúnaicmithe arna dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún Eorpach á gcur chun feidhme.
3. Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le deontais lena mbaineann faisnéis a aicmítear ar na leibhéil seo a leanas:
(a) |
RESTREINT UE/EU RESTRICTED; |
(b) |
CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL; |
(c) |
SECRET UE/EU SECRET. |
4. Tá feidhm ag an gCinneadh seo gan dochar do rialacha sonracha a leagtar síos i ngníomhartha dlíthiúla eile, amhail na cinn sin a bhaineann leis an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta.
Airteagal 2
Freagrachtaí laistigh den Choimisiún
1. Mar chuid de na freagrachtaí atá ar oifigeach údarúcháin an údaráis deonúcháin dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an deontas rúnaicmithe Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme.
2. Chuige sin, lorgóidh an t-oifigeach údarúcháin lena mbaineann, ag gach céim, comhairle ó údarás slándála an Choimisiúin maidir le saincheisteanna a bhaineann le gnéithe slándála de chomhaontú deontais, de chlár nó de thionscadal rúnaicmithe, agus cuirfidh sé an t-oifigeach slándála áitiúil ar an eolas faoi na comhaontuithe deontais rúnaicmithe sínithe. Is é an t-údarás deonúcháin a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an leibhéal aicmiúcháin atá ag ábhair shonracha agus déanfar é sin agus aird chuí á tabhairt ar an treoir rúnaicmithe maidir le slándáil.
3. I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na treoracha slándála cláir nó tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 5(3), comhlíonfaidh an t-údarás deonúcháin agus údarás slándála an Choimisiúin na freagrachtaí a shanntar dóibh sna treoracha sin.
4. Agus ceanglais na rialacha cur chun feidhme sin á n-urramú, rachaidh údarás slándála an Choimisiúin i ndlúthchomhar leis na húdaráis um shlándáil náisiúnta (“ÚSNanna”) agus na húdaráis slándála ainmnithe (“ÚSAnna”) de chuid na mBallstát lena mbaineann, go háirithe maidir le himréitigh slándála saoráide (“ISSanna”) agus imréitigh slándála pearsanra (“ISPanna”), nósanna imeachta um chuairteanna agus pleananna iompair.
5. I gcás inarb iad gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Aontais nó comhlachtaí cistiúcháin eile de chuid an Aontais a bhainisteoidh deontais agus nach mbeidh feidhm ag na rialacha sonracha a leagtar síos i ngníomhartha dlíthiúla eile dá dtagraítear in Airteagal 1(4):
(a) |
is í an roinn de chuid an Choimisiúin a dhéanann an tarmligean a fheidhmeoidh na cearta a bhaineann le tionscnóir FRAE a ghinfear i gcomhthéacs na ndeontas má fhoráiltear amhlaidh le socruithe an tarmligin; |
(b) |
is í an roinn de chuid an Choimisiúin a dhéanann an tarmligean a bheidh freagrach as an aicmiúchán slándála a chinneadh; |
(c) |
is trí údarás slándála an Choimisiúin a sheolfar iarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le himréiteach slándála agus a sheolfar na fógraí chuig ÚSNanna agus/nó ÚSAnna. |
CAIBIDIL 2
GLAONNA AR DHEONTAIS RÚNAICMITHE A LÁIMHSEÁIL
Airteagal 3
Bunphrionsabail
1. Ní dhéanfaidh ach tairbhithe atá cláraithe i mBallstát codanna rúnaicmithe de na deontais a chur chun feidhme, nó tairbhithe atá cláraithe i dtríú tír nó tairbhithe a bhunaigh eagraíocht idirnáisiúnta iad i gcás ina mbeidh comhaontú um shlándáil faisnéise tugtha i gcrích ag an tríú tír sin nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin leis an Aontas nó ina mbeidh socrú riaracháin déanta aici leis an gCoimisiún (8), .
2. Sula seolfaidh sé glao ar dheontas rúnaicmithe, cinnfidh an t-údarás deonúcháin an t-aicmiúchán slándála a bheidh ag aon fhaisnéis a d’fhéadfaí a chur ar fáil d’iarratasóirí. Cinnfidh an t-údarás deonúcháin freisin an t-aicmiúchán uasta slándála a bheidh ag aon fhaisnéis a úsáidtear nó a ghintear i bhfeidhmiú an chomhaontaithe deontais, an chláir nó an tionscadail, nó ar a laghad méid réamh-mheasta agus cineál na faisnéise a bheidh le táirgeadh nó le láimhseáil, agus an gá atá le córas cumarsáide agus faisnéise (CCF) rúnaicmithe.
3. Áiritheoidh an t-údarás deonúcháin go gcuirfear faisnéis ar fáil i nglaonna ar dheontais rúnaicmithe faoi na hoibleagáidí slándála speisialta a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe. Sa doiciméadacht a bhaineann leis an nglao, áireofar soiléirithe faoin amlíne le haghaidh tairbhithe chun na ISSanna a fháil, i gcás ina gceanglófar iad a bheith ann. Tá teimpléid shamplacha in Iarscríbhinní I agus II i gcomhair faisnéis maidir le coinníollacha an ghlao.
4. Áiritheoidh an t-údarás deonúcháin nach nochtfar faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET d’iarratasóirí go dtí go mbeidh comhaontú rúndachta sínithe acu, lena gcuirfear d’oibleagáid ar iarratasóirí FRAE a láimhseáil agus a chosaint i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, lena rialacha cur chun feidhme agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.
5. I gcás ina soláthrófar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED d’iarratasóirí, áireofar sa ghlao nó sna socruithe rúndachta a thabharfar i gcrích ag céim an togra na híoscheanglais a luaitear in Airteagal 5(7) den Chinneadh seo.
6. Na hiarratasóirí agus na tairbhithe uile a gceanglaítear orthu faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET a láimhseáil nó a stóráil laistigh dá saoráidí, bíodh sin ag céim an togra nó le linn fheidhmiú an chomhaontaithe deontais rúnaicmithe féin, beidh ISS ar an leibhéal is gá acu, ach amháin i gcásanna a luaitear i mír 9. Sainaithnítear leis an méid seo a leanas na trí chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn chéim an togra le haghaidh deontas rúnaicmithe lena mbaineann FRAE ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET:
(a) |
gan rochtain a bheith ar FRAE ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL ná SECRET UE/EU SECRET le linn chéim an togra: I gcás ina mbainfidh an glao le deontas a mbeidh FRAE ann ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET, ach nach gceanglófar ar an iarratasóir faisnéis den sórt sin a láimhseáil ag céim an togra, ní dhéanfar iarratasóir nach bhfuil ISS aige ar an leibhéal is gá a eisiamh ón bpróiseas iarratais ar na forais nach bhfuil ISS aige. |
(b) |
rochtain a bheith ar FRAE ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ar áitreabh an údaráis deonúcháin le linn chéim an togra: Tabharfar rochtain do phearsanra an iarratasóra a bhfuil ISP acu ar an leibhéal is gá agus a bhfuil riachtanas eolais acu. |
(c) |
láimhseáil nó stóráil FRAE ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ar áitreabh an údaráis deonúcháin le linn chéim an togra: I gcás ina gceanglófar sa ghlao go ndéanfaidh iarratasóirí FRAE a láimhseáil nó a stóráil ar a n-áitribh, beidh ISS ag an iarratasóir ar an leibhéal is gá. Sna himthosca sin, gheobhaidh an t-údarás deonúcháin, trí údarás slándála an Choimisiúin, dearbhú ón ÚSN nó ón ÚSA ábhartha gur deonaíodh ISS iomchuí don iarratasóir sula gcuirfear aon ábhar FRAE ar fáil don iarratasóir. Tabharfar rochtain do phearsanra an iarratasóra a bhfuil ISP acu ar an leibhéal is gá agus a bhfuil riachtanas eolais acu. |
7. I bprionsabal, ní bheidh gá le ISS ná ISP chun rochtain a fháil ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED, ag céim an togra nó chun an comhaontú deontais a fheidhmiú. I gcás ina gceanglóidh Ballstáit ISS nó ISP a bheith ann le haghaidh comhaontuithe deontais nó fochonarthaí ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED faoina ndlíthe agus a rialacháin náisiúnta, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní chuirfidh na ceanglais náisiúnta sin aon oibleagáid bhreise ar Bhallstáit eile ná ní eisiafar iarratasóirí, tairbhithe ná fochonraitheoirí ó Bhallstáit nach bhfuil na ceanglais ISS ná ISP sin acu le haghaidh rochtain a fháil ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED ó chomhaontuithe deontais nó fochonarthaí gaolmhara, ná ón iomaíocht dá leithéid. Déanfar na comhaontuithe deontais sin a fheidhmiú sna Ballstáit i gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin náisiúnta.
8. I gcás ina gceanglófar ISS a bheith ann chun glao a láimhseáil agus chun comhaontú deontais rúnaicmithe a chur chun feidhme, cuirfidh an t-údarás deonúcháin iarraidh, trí údarás slándála an Choimisiúin, faoi bhráid ÚSN nó ÚSA an tairbhí agus úsáid á baint as bileog faisnéise um imréiteach slándála saoráide nó as aon fhoirm leictreonach a bhfuil sé suite gur ceann coibhéiseach í. Tá sampla de bhileog faisnéise um imréiteach slándála saoráide in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn D (9). Cuirtear freagra ar bhileog faisnéise um imréiteach slándála saoráide ar fáil, a mhéid is féidir, laistigh de 10 lá oibre ó dháta na hiarrata.
9. I gcás ina nglacfaidh bunaíochtaí rialtais de chuid na mBallstát nó bunaíochtaí faoi rialú a rialtas páirt i ndeontais rúnaicmithe a gceanglaítear ISSanna a bheith ann ina leith, agus i gcás nach n-eiseofar ISSanna i leith na mbunaíochtaí sin faoi dhlíthe náisiúnta, fíoróidh an t-údarás deonúcháin leis an ÚSN nó an ÚSA lena mbaineann, trí údarás slándála an Choimisiúin, an bhfuil ar chumas na mbunaíochtaí rialtais sin FRAE a láimhseáil ar an leibhéal is gá.
10. I gcás ina mbeidh gá le ISP chun comhaontú deontais rúnaicmithe a fheidhmiú agus, de réir rialacha náisiúnta, ina mbeidh gá le ISS sula ndeonófar ISP, seiceálfaidh an t-údarás deonúcháin le ÚSN nó ÚSA an tairbhí, trí údarás slándála an Choimisiúin, agus úsáid á baint aige as bileog faisnéise um imréiteach slándála saoráide, go bhfuil ISS ag an tairbhí nó go bhfuil an próiseas ISS ar bun acu. Sa chás sin, ní eiseoidh an Coimisiún iarrataí ar ISPanna trí úsáid a bhaint as bileog faisnéise um imréiteach slándála pearsanra.
Airteagal 4
Fochonraitheoireacht i gcás deontais rúnaicmithe
1. Saineofar sa ghlao agus sa chomhaontú deontais na coinníollacha faoina bhféadfaidh tairbhithe cúraimí gníomhaíochta a bhfuil FRAE ag baint leo a chur ar fochonradh. Áireofar leis na coinníollacha sin an ceanglas gur trí údarás slándála an Choimisiúin a chuirfear isteach gach bileog faisnéise um imréiteach slándála saoráide. Beidh fochonraitheoireacht faoi réir toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás deonúcháin. I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh fochonraitheoireacht an bunghníomh lena mbunaítear an clár.
2. Ní chuirfear codanna rúnaicmithe de na deontais ar fochonradh ach amháin chuig eintitis atá cláraithe i mBallstát, nó chuig eintitis atá cláraithe i dtríú tír nó a bhunaigh ag eagraíocht idirnáisiúnta iad i gcás ina bhfuil comhaontú um shlándáil faisnéise tugtha i gcrích ag an tríú tír sin nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin leis an Aontas nó ina bhfuil socrú riaracháin déanta aici leis an gCoimisiún (10).
CAIBIDIL 3
DEONTAIS RÚNAICMITHE A LÁIMHSEÁIL
Airteagal 5
Bunphrionsabail
1. Agus deontas rúnaicmithe á dhámhachtain aige, áiritheoidh an t-údarás deonúcháin, in éineacht le húdarás slándála an Choimisiúin, gur cuid dhílis den chomhaontú deontais iad oibleagáidí na dtairbhithe maidir le cosaint FRAE a úsáidtear nó a ghintear i bhfeidhmiú an chomhaontaithe deontais. Is i bhfoirm doiciméad ar ghnéithe slándála a bheidh na ceanglais slándála a bhaineann le deontas sonrach. Leagtar amach in Iarscríbhinn III teimpléad samplach le haghaidh doiciméad ar ghnéithe slándála.
2. Sula síneoidh sé deontas rúnaicmithe, formheasfaidh an t-údarás deonúcháin treoir rúnaicmithe maidir le slándáil i leith na gcúraimí a bheidh le déanamh agus na faisnéise a ghinfear i gcur chun feidhme an deontais, nó ar leibhéal an chláir nó an tionscadail, i gcás inarb infheidhme. Beidh an treoir rúnaicmithe maidir le slándáil ina cuid den doiciméad ar ghnéithe slándála.
3. Beidh ceanglais slándála a bhaineann go sonrach le clár nó le tionscadal i bhfoirm treoracha slándála cláir (nó treoracha slándála tionscadail). Féadfar na treoracha slándála cláir nó na treoracha slándála tionscadail a dhréachtú agus leas á bhaint as forálacha theimpléid an doiciméid ar ghnéithe slándála de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Is í an roinn de chuid an Choimisiúin a bhainistíonn an clár nó an tionscadal a dhéanfaidh na treoracha slándála cláir nó na treoracha slándála tionscadail a fhorbairt, i ndlúthchomhar le húdarás slándála an Choimisiúin, agus cuirfear iad faoi bhráid Ghrúpa Saineolaithe Slándála an Choimisiúin chun comhairle a fháil. I gcás ina mbeidh comhaontú deontais mar chuid de chlár nó de thionscadal lena ngabhann treoracha slándála dá chuid féin, is i bhfoirm shimplithe a bheidh doiciméad ar ghnéithe slándála an chomhaontaithe deontais agus áireofar ann tagairt do na forálacha slándála a leagtar amach sna treoracha slándála cláir nó sna treoracha slándála tionscadail.
4. Ach amháin i gcásanna a luaitear in Airteagal 3(9), ní shíneofar an comhaontú deontais rúnaicmithe go dtí go mbeidh ISS an iarratasóra deimhnithe ag ÚSN nó ÚSA an iarratasóra, nó, i gcás ina ndéanfar an comhaontú deontais rúnaicmithe a dhámhachtain do chuibhreannas, go dtí go mbeidh ÚSN nó ÚSA de chuid iarratasóra amháin ar a laghad, laistigh den chuibhreannas, nó níos mó más gá, tar éis ISS an iarratasóra sin a dheimhniú.
5. I bprionsabal, agus mura bhforáiltear dá mhalairt i rialacha ábhartha eile, measfar gurb é an t-údarás deonúcháin tionscnóir FRAE a ghinfear i bhfeidhmiú an chomhaontaithe deontais.
6. Tabharfaidh an t-údarás deonúcháin, trí údarás slándála an Choimisiúin, fógra do ÚSNanna agus/nó ÚSAnna na dtairbhithe agus na bhfochonraitheoirí uile faoi shíniú comhaontuithe deontais nó fochonarthaí rúnaicmithe agus faoi aon síneadh ama arna chur le comhaontuithe deontais nó fochonarthaí den sórt sin nó aon luathfhoirceannadh a dhéanfar orthu. Cuirtear liosta de cheanglais tíre ar fáil in Iarscríbhinn IV.
7. Sna comhaontuithe deontais a bhfuil faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED ag baint leo, áireofar clásal slándála ina leagfar síos go mbeidh na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn E ina gceangal ar thairbhithe. Áireofar sna comhaontuithe deontais sin doiciméad ar ghnéithe slándála ina leagfar amach, ar a laghad, na ceanglais maidir le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil lena n-áirítear gnéithe um dhearbhú faisnéise agus ceanglais shonracha atá le comhlíonadh ag na tairbhithe maidir le creidiúnú a CCF lena ndéantar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil.
8. I gcás ina gceanglófar sin i ndlíthe agus rialacháin náisiúnta na mBallstát, áiritheoidh ÚSNanna nó ÚSAnna go gcomhlíonfaidh tairbhithe nó fochonraitheoirí faoina ndlínse na forálacha slándála is infheidhme maidir le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint agus go dtabharfaidh siad cuairteanna fíorúcháin ar shaoráidí tairbhithe nó fochonraitheoirí atá lonnaithe ar a gcríoch. I gcás nach bhfuil an ÚSN nó an ÚSA faoi oibleagáid den sórt sin, áiritheoidh an t-údarás deonúcháin go gcuirfidh na tairbhithe chun feidhme na forálacha slándála is gá a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn E.
Airteagal 6
Rochtain ar FRAE ag baill foirne de chuid tairbhithe agus fochonraitheoirí
1. Áiritheoidh an t-údarás deonúcháin go n-áireofar i gcomhaontuithe deontais rúnaicmithe forálacha ina luaitear, maidir le baill foirne de chuid tairbhithe nó fochonraitheoirí a dteastaíonn rochtain ar FRAE uathu chun an comhaontú deontais rúnaicmithe nó an fochonradh a fheidhmiú, nach bhféadfar an rochtain sin a thabhairt dóibh ach amháin:
(a) |
má tá sé suite go bhfuil riachtanas eolais acu; |
(b) |
maidir le faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET, má rinne an ÚSN nó an ÚSA lena mbaineann nó aon údarás slándála inniúil eile imréiteach slándála orthu ar an leibhéal ábhartha; |
(c) |
má cuireadh ar an eolas iad faoi na rialacha slándála is infheidhme maidir le FRAE a chosaint, agus má d’admhaigh siad a bhfreagrachtaí maidir leis an bhfaisnéis sin a chosaint. |
2. Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, beidh rochtain ar FRAE i gcomhréir leis an mbunghníomh lena mbunaítear an clár agus cuirfear san áireamh léi aon mharc breise a shainítear sa treoir rúnaicmithe maidir le slándáil.
3. Más rud é gur mian le tairbhí nó fochonraitheoir náisiúnach de chuid tíre nach tír den Aontas Eorpach í a fhostú i bpost inar gá rochtain a bheith ar FRAE a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET, is é an tairbhí nó an fochonraitheoir a bheidh freagrach as an nós imeachta maidir le himréiteach slándála a thionscnamh i leith an duine sin i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta is infheidhme ag an áit a ndeonófar rochtain ar FRAE.
Airteagal 7
Rochtain ar FRAE ag saineolaithe atá rannpháirteach i seiceálacha, in athbhreithnithe nó in iniúchtaí
1. I gcás ina mbeidh daoine seachtracha (“saineolaithe”) páirteach i seiceálacha, in athbhreithnithe nó in iniúchtaí a dhéanfaidh an t-údarás deonúcháin nó in athbhreithnithe feidhmíochta ar na tairbhithe ina bhfuil gá le rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET, ní sholáthrófar conradh dóibh ach amháin má rinne an ÚSN nó an ÚSA comhfhreagrach nó aon údarás slándála inniúil eile imréiteach slándála orthu ar an leibhéal ábhartha. Seiceálfaidh an t-údarás deonúcháin, trí údarás slándála an Choimisiúin, gur thionscain an ÚSN nó an ÚSA an próiseas grinnfhiosrúcháin i leith saineolaithe sé mhí ar a laghad roimh thús gach conartha faoi seach agus i gcás inar gá, iarrfaidh sé ar an ÚSN nó an ÚSA an próiseas sin a thionscnamh.
2. Sula síneoidh siad a gconarthaí, tabharfar faisnéis do na saineolaithe faoi na rialacha slándála is infheidhme maidir le FRAE a chosaint, agus beidh a bhfreagrachtaí admhaithe acu maidir leis an bhfaisnéis sin a chosaint.
CAIBIDIL 4
CUAIRTEANNA I NDÁIL LE COMHAONTUITHE DEONTAIS RÚNAICMITHE
Airteagal 8
Bunphrionsabail
1. I gcás inar gá rochtain a bheith ag údarás deonúcháin, saineolaithe, tairbhithe nó fochonraitheoirí ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ar áitribh a chéile i gcomhthéacs comhaontú deontais rúnaicmithe a chur chun feidhme, déanfar cuairteanna a shocrú i gcomhairle leis na ÚSNanna nó na ÚSAnna nó le haon údarás slándála inniúil eile lena mbaineann.
2. Beidh na cuairteanna dá dtagraítear i mír 1 faoi réir na gceanglas seo a leanas:
(a) |
beidh cuspóir oifigiúil ag an gcuairt a bhaineann leis an deontas rúnaicmithe; |
(b) |
beidh ISP ag aon chuairteoir ar an leibhéal is gá agus beidh riachtanas eolais aige chun rochtain a fháil ar FRAE a úsáidfear nó a ghinfear i bhfeidhmiú an deontais rúnaicmithe. |
Airteagal 9
Iarrataí ar chuairteanna
1. I gcás cuairteanna a thabharfaidh tairbhithe nó fochonraitheoirí ar shaoráidí tairbhithe nó fochonraitheoirí eile nó ar áitreabh an údaráis deonúcháin, ar cuairteanna iad a bhfuil rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, socrófar iad i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:
(a) |
déanfaidh oifigeach slándála na saoráide seolta gach cuid ábhartha den fhoirm um iarraidh ar chuairt a líonadh isteach agus cuirfidh sé an iarraidh faoi bhráid ÚSN nó ÚSA na saoráide. Tá teimpléad don fhoirm um iarraidh ar chuairt leagtha amach in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn C; |
(b) |
ní mór do ÚSN nó ÚSA na saoráide seolta ISP an chuairteora a dheimhniú sula gcuirfidh sé an iarraidh ar chuairt faoi bhráid ÚSN nó ÚSA na saoráide óstaí (nó údarás slándála an Choimisiúin más chuig áitreabh údaráis deonúcháin atá an chuairt); |
(c) |
gheobhaidh oifigeach slándála na saoráide seolta, óna ÚSN nó ÚSA, an freagra ó ÚSN nó ÚSA na saoráide óstaí (nó ó údarás slándála an Choimisiúin) lena ndéanfar an iarraidh ar chuairt a údarú nó lena ndiúltófar dó; |
(d) |
meastar iarraidh ar chuairt a bheith formheasta mura ndéantar aon agóid go dtí 5 lá oibre roimh dháta na cuairte. |
2. I gcás cuairteanna a thabharfaidh oifigigh de chuid údarás deonúcháin nó saineolaithe nó iniúchóirí ar shaoráidí tairbhithe nó fochonraitheoirí, ar cuairteanna iad a bhfuil rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, socrófar iad i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:
(a) |
líonfaidh an cuairteoir isteach gach cuid ábhartha den fhoirm um iarraidh ar chuairt agus cuirfidh sé faoi bhráid údarás slándála an Choimisiúin í; |
(b) |
deimhneoidh údarás slándála an Choimisiúin ISP an chuairteora sula gcuirfidh sé an iarraidh ar chuairt faoi bhráid ÚSN nó ÚSA na saoráide óstaí; |
(c) |
gheobhaidh údarás slándála an Choimisiúin freagra ó ÚSN nó ó ÚSA na saoráide óstaí lena ndéanfar an iarraidh ar chuairt a údarú nó lena ndiúltófar dó; |
(d) |
meastar iarraidh ar chuairt a bheith formheasta mura ndéantar aon agóid go dtí 5 lá oibre roimh dháta na cuairte. |
3. Féadfaidh iarraidh ar chuairt aon chuairt amháin nó cuairteanna tréimhsiúla a chumhdach. I gcás cuairteanna tréimhsiúla, féadfaidh an iarraidh ar chuairt a bheith bailí ar feadh suas le 1 bhliain amháin ón dáta tosaigh atá á iarraidh.
4. Ní bheidh bailíocht aon iarraidh ar chuairt níos faide ná bailíocht ISP an chuairteora.
5. Mar riail ghinearálta, ba cheart iarraidh ar chuairt a chur faoi bhráid údarás slándála inniúil na saoráide óstaí 15 lá oibre ar a laghad roimh dháta na cuairte.
Airteagal 10
Nósanna imeachta um chuairteanna
1. Sula gceadóidh sí do chuairteoirí rochtain a bheith acu ar FRAE, comhlíonfaidh oifig slándála na saoráide óstaí na nósanna imeachta agus na rialacha slándála ar fad a bhaineann le cuairteanna arna leagan síos ag a ÚSN nó a ÚSA.
2. Cruthóidh cuairteoirí a gcéannacht nuair a shroichfidh siad an tsaoráid óstaí trí chárta aitheantais nó pas bailí a thaispeáint. Beidh an fhaisnéis aitheantais sin ag freagairt don fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar chuairt.
3. Áiritheoidh an tsaoráid óstach go gcoimeádfar taifead ar na cuairteoirí uile, lena n-áirítear a n-ainmneacha, an eagraíocht a ndéanann siad ionadaíocht di, dáta éaga an ISP, dáta na cuairte agus ainmneacha na ndaoine ar tugadh cuairt orthu. Coinneofar na taifid sin ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad, nó tréimhse níos faide má cheanglaítear sin le rialacha agus rialacháin náisiúnta na tíre ina bhfuil an tsaoráid óstach suite.
Airteagal 11
Cuairteanna a shocraítear ar bhonn díreach
1. I gcomhthéacs tionscadail shonracha, féadfaidh na ÚSNanna nó na ÚSAnna ábhartha agus údarás slándála an Choimisiúin nós imeachta a chomhaontú trínar féidir cuairteanna i leith deontas rúnaicmithe sonrach a shocrú ar bhonn díreach idir oifigeach slándála an chuairteora agus oifigeach slándála na saoráide a bhfuiltear le cuairt a thabhairt uirthi. Leagtar amach in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn C teimpléad na foirme atá le húsáid chun na críche sin. Leagfar amach nós imeachta eisceachtúil den sórt sin sna treoracha slándála cláir, sna treoracha slándála tionscadail nó i socruithe sonracha eile. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10(1).
2. I gcás cuairteanna a bhfuil rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED ag baint leo, socrófar iad ar bhonn díreach idir an t-eintiteas seolta agus an t-eintiteas glactha, gan gá a bheith ann na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10(1) a leanúint.
CAIBIDIL 5
FRAE A THARCHUR AGUS A IOMPAR I BHFEIDHMIÚ COMHAONTUITHE DEONTAIS RÚNAICMITHE
Airteagal 12
Bunphrionsabail
Áiritheoidh an t-údarás deonúcháin go mbeidh gach cinneadh a bhaineann le haistriú agus iompar FRAE i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus lena rialacha cur chun feidhme, agus le téarmaí an chomhaontaithe deontais rúnaicmithe, lena n-áirítear toiliú an tionscnóra.
Airteagal 13
Láimhseáil leictreonach
1. Déanfar FRAE a láimhseáil agus a tharchur go leictreonach i gcomhréir le Caibidlí 5 agus 6 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme.
Beidh na córais chumarsáide agus faisnéise ar le tairbhí iad agus a úsáidtear chun FRAE a láimhseáil chun an comhaontú deontais a fheidhmiú (“CCF an tairbhí”) faoi réir a gcreidiúnaithe ag an údarás um chreidiúnú slándála atá freagrach (“ÚCS”). Déanfar aon tarchur leictreonach ar FRAE a chosaint le táirgí cripteagrafacha arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444. Déanfar bearta slándála TEMPEST a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 36(6) den Chinneadh sin.
2. An creidiúnú slándála ar CCF an tairbhí lena láimhseáiltear FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED agus ar aon idirnascadh leis, féadfar é a tharmligean chuig oifigeach slándála tairbhí má cheadaítear sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta. I gcás ina dtarmligfear an cúram sin, beidh an tairbhí freagrach as na híoscheanglais slándála a bhfuil tuairisc orthu sa doiciméad ar ghnéithe slándála a chur chun feidhme agus faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED á láimhseáil aige ar a CCF. Is ar na ÚSNanna nó na ÚSAnna ábhartha agus ar na ÚCSanna, áfach, a bheidh an fhreagracht i gcónaí faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint, ar faisnéis í a láimhseálann an tairbhí, agus beidh sé de cheart acu iniúchadh a dhéanamh ar na bearta slándála a dhéanann an tairbhí. Ina theannta sin, cuirfidh an tairbhí ráiteas comhlíontachta ar fáil don údarás deonúcháin agus, i gcás ina gceanglófar sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, don ÚCS inniúil náisiúnta, ráiteas ina ndeimhnítear gur creidiúnaíodh CCF an tairbhí agus na hidirnaisc ghaolmhara i ndáil le FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil (11).
Airteagal 14
Iompar a dhéanann cúiréirí tráchtála
I gcás ina mbeidh FRAE á iompar ag cúiréirí tráchtála, cloífear le forálacha ábhartha Chinneadh (AE, Euratom) 2019/1962 ón gCoimisiún maidir le rialacha cur chun feidhme chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil (12) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2019/1961 ón gCoimisiún maidir le rialacha cur chun feidhme chun faisnéis CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET a láimhseáil (13).
Airteagal 15
Iompar de láimh
1. Beidh iompar faisnéise rúnaicmithe de láimh faoi réir diancheanglais slándála.
2. Féadfaidh pearsanra de chuid tairbhí faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar de láimh laistigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a) |
is clúdach teimhneach nó pacáistíocht theimhneach a úsáidfear agus ní bheidh aon léiriú air nó uirthi ar aicmiúchán a inneachair nó a hinneachair; |
(b) |
ní fhágfaidh an fhaisnéis rúnaicmithe seilbh an iompróra; |
(c) |
ní osclófar an clúdach nó an phacáistíocht ar an mbealach. |
3. I gcás faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET, déanfar iompar de láimh ag pearsanra de chuid an tairbhí laistigh de Bhallstát a shocrú roimh ré idir an t-eintiteas is seoltóir agus an t-eintiteas is faighteoir. Cuirfidh an t-údarás nó an tsaoráid is seoltóir mionsonraí na coinsíneachta in iúl don údarás nó don tsaoráid is faighteoir, lena n-áirítear tagairt, aicmiúchán, an t-am a mheasfar a shroichfear an ceann scríbe agus ainm an chúiréara. Ceadaítear iompar láimhe den sórt sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a) |
iomprófar an fhaisnéis rúnaicmithe i gclúdach dúbailte nó i bpacáistíocht dhúbailte; |
(b) |
beidh an clúdach seachtrach nó an phacáistíocht sheachtrach dúnta go daingean agus ní bheidh aon léiriú air nó uirthi ar aicmiúchán a inneachair nó a hinneachar, agus beidh leibhéal an aicmiúcháin ar an gclúdach litreach istigh; |
(c) |
ní imeoidh an fhaisnéis rúnaicmithe ó sheilbh an iompróra; |
(d) |
ní osclófar an clúdach nó an phacáistíocht ar an mbealach; |
(e) |
iomprófar an clúdach nó an phacáistíocht i mála cáipéisí ar féidir é a chur faoi ghlas nó i gcoimeádán formheasta dá shamhail atá de mhéid agus de mheáchan a fhágann gur féidir é a choinneáil i seilbh an iompróra féin i gcónaí agus gan é a chur i mbolg bagáiste; |
(f) |
beidh deimhniú cúiréara á iompar ag an gcúiréir arna eisiúint ag a údarás inniúil slándála nó a húdarás inniúil slándála lena n-údaraítear don chúiréir an choinsíneacht rúnaicmithe a iompar mar a sainaithníodh. |
4. I gcás faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET a bheith á hiompar de láimh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile ag pearsanra de chuid an tairbhí, beidh feidhm ag na rialacha breise seo a leanas:
(a) |
beidh an cúiréir freagrach as an ábhar rúnaicmithe atá á iompar a choimeád slán go dtí go dtabharfar ar láimh é don fhaighteoir; |
(b) |
i gcás sárú slándála, féadfaidh ÚSN nó ÚSA an tseoltóra a iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis sa tír inar tharla an sárú imscrúdú, go ndéanfaidh siad a gcuid torthaí a thuairisciú agus go dtionscnóidh siad caingean dlí nó go ndéanfaidh siad gníomh eile de réir mar is iomchuí; |
(c) |
beidh an cúiréir curtha ar an eolas faoi na hoibleagáidí slándála ar fad a bheidh le comhlíonadh le linn an iompair agus beidh admháil iomchuí sínithe aige nó aici; |
(d) |
cuirfear na treoracha don chúiréir i gceangal leis an deimhniú cúiréara; |
(e) |
beidh tuairisc ar an gcoinsíneacht agus cúrsa taistil curtha ar fáil don chúiréir; |
(f) |
tabharfar na doiciméid ar ais don ÚSN nó an ÚSA eisiúna nuair a bheidh an turas nó na turais tugtha chun críche, nó coinneoidh an faighteoir ar fáil iad chun críocha faireacháin; |
(g) |
má iarrann údaráis chustaim, údaráis inimirce nó póilíní teorann an choinsíneacht a scrúdú agus iniúchadh a dhéanamh uirthi, beidh cead acu codanna leordhóthanacha den choinsíneacht a oscailt agus breathnú orthu lena shuí nach bhfuil aon ábhar inti seachas an t-ábhar a dhearbhaítear; |
(h) |
ba cheart áitiú ar údaráis chustaim urraim a thabhairt d’údarás oifigiúil na ndoiciméad loingseoireachta agus na ndoiciméad údarúcháin a iompraíonn an cúiréir. |
Más rud é go n-osclaíonn lucht custaim coinsíneacht, ba cheart é sin a dhéanamh as radharc daoine neamhúdaraithe agus i láthair an chúiréara más féidir. Iarrfaidh an cúiréir go ndéanfar an choinsíneacht a athphacáil agus iarrfaidh sé ar na húdaráis a dhéanfaidh an t-iniúchadh an choinsíneacht a athshéalú agus a dhearbhú i scríbhinn gurb iad a d’oscail í.
5. Maidir le faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET a bheith á hiompar de láimh ag pearsanra de chuid tairbhí chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh an t-iompar sin faoi réir fhorálacha an chomhaontaithe um shlándáil faisnéise nó an tsocraithe riaracháin arna thabhairt i gcrích idir an tAontas nó an Coimisiún, faoi seach, agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin.
CAIBIDIL 6
PLEANÁIL LEANÚNACHAIS GNÓ
Airteagal 16
Pleananna teagmhais agus bearta téarnaimh
Áiritheoidh an t-údarás deonúcháin go gceanglófar ar na tairbhithe, leis an gcomhaontú deontais rúnaicmithe, pleananna teagmhais gnó a leagan amach chun FRAE a chosaint ar faisnéis í a láimhseáiltear i gcomhthéacs an deontais rúnaicmithe i gcásanna éigeandála, agus bearta coisctheacha agus téarnaimh a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs pleanála leanúnachais gnó chun tionchar teagmhas a íoslaghdú maidir le láimhseáil agus stóráil FRAE. Deimhneoidh na tairbhithe don údarás deonúcháin go bhfuil a bpleananna teagmhais gnó i bhfeidhm.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Johannes HAHN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO L 72, 17.3.2015, lch. 41.
(3) IO L 72, 17.3.2015, lch. 53.
(4) IO L 6, 11.1.2017, lch. 40.
(5) IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.
(6) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(7) Cinneadh ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016 maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil [C(2016) 2797 final].
(8) Tá liosta de na comhaontuithe atá tugtha i gcrích ag an Aontas agus de na socruithe riaracháin atá déanta ag an Coimisiún Eorpach, faoinar féidir faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a mhalartú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
(9) Féadfaidh an leagan amach atá ar fhoirmeacha eile a bheith éagsúil ón sampla a chuirtear ar fáil sna rialacha cur chun feidhme sin.
(10) Tá liosta de na comhaontuithe atá tugtha i gcrích ag an Aontas agus de na socruithe riaracháin atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, faoinar féidir faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a mhalartú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
(11) Leagtar síos in Iarscríbhinn III, Foscríbhinn E na híoscheanglais maidir le córais chumarsáide agus faisnéise lena láimhseáiltear FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED.
(12) Cinneadh (AE, Euratom) 2019/1962 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 maidir le rialacha cur chun feidhme chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil (IO L 311, 2.12.2019, lch. 21).
(13) Cinneadh (AE, Euratom) 2019/1961 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2019 maidir le rialacha cur chun feidhme chun faisnéis CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET a láimhseáil (IO L 311, 2.12.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS CHAIGHDEÁNACH SA GHLAO
(lena cur in oiriúint don ghlao a úsáidfear)
Slándáil
Ní mór grinnscrúdú slándála a dhéanamh ar thionscadail a bhfuil faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh ag baint leo chun cistiú a údarú agus féadfar iad a chur faoi réir rialacha sonracha slándála (arna sonrú i ndoiciméad ar ghnéithe slándála a cheanglaítear leis an gComhaontú Deontais).
Foráiltear leis na rialacha sin (arna rialú ag Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (1) agus/nó ag rialacha náisiúnta), mar shampla:
— |
NACH féidir cistiú a dhéanamh ar thionscadail a bhfuil faisnéis a aicmítear mar TRES SECRET UE/EU TOP SECRET (nó a choibhéis) ag baint leo; |
— |
nach mór faisnéis rúnaicmithe a mharcáil i gcomhréir leis na treoracha slándála is infheidhme sa doiciméad ar ghnéithe slándála; |
— |
maidir le faisnéis ag a bhfuil leibhéil aicmiúcháin CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó níos airde (agus RESTREINT UE/EU RESTRICTED má cheanglaítear sin le rialacha náisiúnta):
|
— |
ag deireadh an deontais, nach mór an fhaisnéis rúnaicmithe a thabhairt ar ais nó nach mór leanúint de bheith á cosaint i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; |
— |
nach bhféadfar cúraimí gníomhaíochta a bhfuil faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh (FRAE) ag baint leo a chur ar fochonradh ach amháin le formheas i scríbhinn roimh ré ón údarás deonúcháin agus nach bhféadfar iad a chur ar fochonradh ach amháin le heintitis atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í agus a bhfuil comhaontú um shlándáil faisnéise aici leis an Aontas (nó socrú riaracháin leis an gCoimisiún); |
— |
go mbeidh nochtadh FRAE do thríú páirtithe faoi réir formheas i scríbhinn roimh ré ón údarás deonúcháin. |
Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach mór imréiteach slándála saoráide a sholáthar sula síneofar deontas ag brath ar an gcineál gníomhaíochta atá i gceist. Déanfaidh an t-údarás deonúcháin measúnú ar an ngá atá le himréitigh i ngach cás agus suífidh sé dáta a seachadta le linn ullmhú an deontais. Tabhair do d’aire nach féidir linn aon chomhaontú deontais a shíniú i gcás ar bith go dtí go mbeidh imréiteach slándála saoráide ag ceann amháin ar a laghad de na tairbhithe i gcuibhreannas.
Féadfar tuilleadh moltaí slándála a chur leis an gComhaontú Deontais i bhfoirm táirgí insoláthartha slándála (e.g. grúpa comhairleach slándála a bhunú, an leibhéal mionsonraí a theorannú, cás bréige a úsáid, gan faisnéis rúnaicmithe a úsáid, etc.).
Ní mór do thairbhithe a áirithiú nach mbeidh a dtionscadail faoi réir ceanglais slándála náisiúnta nó ceanglais slándála de chuid tríú tír a d‘fhéadfadh difear a dhéanamh don chur chun feidhme nó a d’fhéadfadh amhras a chur ar dhámhachtain an deontais (e.g. srianta teicneolaíochta, aicmiúchán slándála náisiúnta, etc.). Ní mór fógra a thabhairt láithreach don údarás deonúcháin faoi aon saincheisteanna slándála a d’fhéadfadh a bheith ann.
[ROGHA bhreise le haghaidh iarratais ar chomhpháirtíochtaí creata: I gcás comhpháirtíochtaí creata, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na hiarratais ar chomhpháirtíochtaí creata agus ar na hiarratais ar dheontais araon dul faoi ghrinnscrúdú slándála.]
(1) Féach Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
IARSCRÍBHINN II
CLÁSAIL CHAIGHDEÁNACHA I gCOMHAIR COMHAONTUITHE DEONTAIS
(lena gcur in oiriúint don chomhaontú deontais a úsáidfear)
13.2 Slándáil – Faisnéis rúnaicmithe
Ní mór do na páirtithe faisnéis rúnaicmithe (de chuid an Aontais Eorpaigh nó faisnéis rúnaicmithe náisiúnta) a láimhseáil i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe (go háirithe, Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (1) agus a rialacha cur chun feidhme).
Leagtar amach na rialacha sonracha slándála (más ann dóibh) in Iarscríbhinn 5.
IARSCRÍBHINN 5
Slándáil – Faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh
[ROGHA maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (caighdeánach) i gceist leo: Má úsáidtear nó má ghintear faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh le linn na gníomhaíochta, ní mór déileáil léi i gcomhréir leis an treoir rúnaicmithe maidir le slándáil agus leis an doiciméad ar ghnéithe slándála a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme – go dtí go mbeidh an fhaisnéis sin scaoilte ó rúnaicmiú.
Ní mór táirgí insoláthartha ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chur isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta speisialta arna gcomhaontú leis an údarás deonúcháin.
Cúraimí gníomhaíochta a bhfuil faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh ag baint leo, ní fhéadfar iad a chur ar fochonradh ach amháin le formheas sainráite i scríbhinn roimh ré ón údarás deonúcháin agus ní fhéadfar iad a chur ar fochonradh ach amháin le heintitis atá bunaithe i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í agus a bhfuil comhaontú um shlándáil faisnéise aici leis an Aontas (nó socrú riaracháin leis an gCoimisiún).
Ní fhéadfar faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a nochtadh d’aon tríú páirtí (lena n-áirítear rannpháirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na gníomhaíochta) gan formheas sainráite i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás deonúcháin.]
(1) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
IARSCRÍBHINN III
[Iarscríbhinn IV (a ghabhann le.........)]
DOICIMÉAD AR GHNÉITHE SLÁNDÁLA (1)
[Sampla]
Foscríbhinn A
CEANGLAIS SLÁNDÁLA
Ní mór don údarás deonúcháin na ceanglais slándála seo a leanas a áireamh sa doiciméad ar ghnéithe slándála. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt clásal infheidhme maidir leis an gcomhaontú deontais. Is i lúibíní cearnacha a thaispeántar iadsan.
Ní liosta uileghabhálach é liosta na gclásal. Féadfar clásail bhreise a chur leis ag brath ar chineál an deontais rúnaicmithe.
COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA [N.B.: infheidhme maidir le gach comhaontú deontais rúnaicmithe]
1. |
Tá an doiciméad ar ghnéithe slándála seo ina chuid dhílis den chomhaontú deontais rúnaicmithe [nó den fhochonradh] agus déantar cur síos ann ar na ceanglais slándála a bhaineann go sonrach leis an gcomhaontú deontais. D’fhéadfadh sé gurb ionann mainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh agus forais leordhóthanacha chun an comhaontú deontais a fhoirceannadh. |
2. |
Tá tairbhithe deontais faoi réir na n-oibleagáidí uile a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (2) ( dá ngairtear “Cinneadh 2015/444 ón gCoimisiún” anseo feasta) agus ina rialacha cur chun feidhme (3). Má tá fadhb ag tairbhí an deontais ó thaobh chur i bhfeidhm an chreata dlí is infheidhme i mBallstát, ní mór dó dul i dteagmháil le húdarás slándála an Choimisiúin agus leis an údarás um shlándáil náisiúnta (ÚSN) nó leis an údarás slándála ainmnithe (ÚSA). |
3. |
Faisnéis rúnaicmithe a ghintear agus an comhaontú deontais á dhéanamh, ní mór í a mharcáil mar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal aicmiúcháin slándála, arna chinneadh sa treoir rúnaicmithe maidir le slándáil atá in Foscríbhinn B a ghabhann leis an doiciméad seo. Ní ceadmhach imeacht ón leibhéal aicmiúcháin slándála arna shonrú sa treoir rúnaicmithe maidir le slándáil ach amháin le húdarú i scríbhinn ón údarás deonúcháin. |
4. |
Is é an Coimisiún, ina cháil mar údarás deonúcháin, a fheidhmíonn na cearta a bhaineann le tionscnóir aon FRAE arna chruthú agus arna láimhseáil chun an comhaontú deontais rúnaicmithe a fheidhmiú. |
5. |
Gan toiliú i scríbhinn ón údarás deonúcháin, ní ceadmhach don tairbhí ná don fhochonraitheoir úsáid a bhaint as aon fhaisnéis nó ábhar a chuirfidh an t-údarás deonúcháin ar fáil nó a sholáthrófar thar ceann an údaráis sin chun aon chríche seachas chun críoch an chomhaontaithe deontais. |
6. |
I gcás ina mbeidh gá le himréiteach slándála saoráide (ISS) chun comhaontú deontais a fheidhmiú, ní mór don tairbhí a iarraidh ar an údarás deonúcháin dul ar aghaidh leis an iarraidh ar an ISS. |
7. |
Ní mór don tairbhí imscrúdú a dhéanamh ar gach sárú slándála a bhaineann le FRAE agus na sáruithe sin a thuairisciú don údarás deonúcháin a luaithe is indéanta. Ní mór don tairbhí nó don fhochonraitheoir tuairisc a thabhairt láithreach dá ÚSN nó ÚSA, agus, i gcás ina gceadaítear sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, d’údarás slándála an Choimisiúin, faoi gach cás inarb eol é nó ina bhfuil cúis amhrais ann gur cailleadh nó gur nochtadh do dhaoine neamhúdaraithe FRAE a cuireadh ar fáil nó a gineadh de bhun an chomhaontaithe deontais. |
8. |
Tar éis dheireadh an chomhaontaithe deontais, ní mór don tairbhí nó don fhochonraitheoir aon FRAE atá ina sheilbh aige a thabhairt ar ais don údarás deonúcháin a luaithe is féidir. I gcás inarb indéanta é, féadfaidh an tairbhí nó an fochonraitheoir FRAE a scriosadh in ionad é a thabhairt ar ais. Ní mór an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta na tíre ina bhfuil an tairbhí bunaithe, le réamhthoiliú ó údarás slándála an Choimisiúin, agus faoi threoir an údaráis sin. Ní mór FRAE a scriosadh ar bhealach a fhágann nach féidir é a athchruthú, ina iomláine nó i bpáirt. |
9. |
I gcás ina mbeidh an tairbhí nó an fochonraitheoir údaraithe i dtaobh FRAE a choinneáil tar éis fhoirceannadh nó thabhairt i gcrích an comhaontaithe deontais, ní mór leanúint ar aghaidh ag cosaint an FRAE i gcomhréir le Cinneadh 2015/444 ón gCoimisiún agus lena rialacha cur chun feidhme (4). |
10. |
Ní mór aon láimhseáil, próiseáil agus tarchur leictreonach a dhéantar ar FRAE a bheith ag cloí leis na forálacha a leagtar síos i gCaibidlí 5 agus 6 de Chinneadh 2015/444 ón gCoimisiún. Áirítear orthu sin, inter alia, an ceanglas nach mór córais chumarsáide agus faisnéise atá faoi úinéireacht an tairbhí agus a úsáidtear chun FRAE a láimhseáil chun críoch an chomhaontaithe deontais (dá ngairtear “CCF an tairbhí” anseo feasta) a bheith faoi réir creidiúnúcháin (5); nach mór aon tarchur leictreonach a dhéantar ar FRAE a chosaint le táirgí cripteagrafacha arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 36(4) de Chinneadh 2015/444 ón gCoimisiún, agus nach mór bearta slándála TEMPEST a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 36(6) de Chinneadh 2015/444 ón gCoimisiún. |
11. |
Beidh pleananna teagmhais gnó ag an tairbhí nó ag an bhfochonraitheoir chun cosaint a thabhairt d’aon FRAE a láimhseáiltear i bhfeidhmiú an chomhaontaithe deontais rúnaicmithe i gcásanna éigeandála agus cuirfidh sé bearta coisctheacha agus bearta téarnaimh i bhfeidhm chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar teagmhas a bhaineann le láimhseáil agus stóráil FRAE. Ní mór don tairbhí nó don fhochonraitheoir an t-údarás deonúcháin a chur ar an eolas faoina phlean teagmhais gnó. |
COMHAONTUITHE DEONTAIS LENAR GÁ FAISNÉIS A ROCHTAIN A AICMÍTEAR MAR RESTREINT UE/EU RESTRICTED
12. |
I bprionsabal, níl gá le himréiteach slándála pearsanra (ISP) chun an comhaontú deontais a chomhlíonadh (6). Níor cheart rochtain a bheith ar fhaisnéis nó ábhar a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, áfach, ach amháin i gcás pearsanra de chuid tairbhí a dteastaíonn faisnéis den sórt sin uathu chun an comhaontú deontais a fheidhmiú (an prionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”), agus ar chuir oifigeach slándála an tairbhí ar an eolas iad faoina bhfreagrachtaí agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le haon bheart lena gcuirtear slándáil na faisnéise sin i mbaol nó le haon sárú ar shlándáil na faisnéise sin, agus a d’admhaigh i scríbhinn na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain FRAE a chosaint. |
13. |
Cé is moite den chás inar thug an t-údarás deonúcháin a thoiliú i scríbhinn, ní ceadmhach don tairbhí ná don fhochonraitheoir rochtain ar fhaisnéis ná ar ábhar a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thabhairt d’aon eintiteas ná d’aon duine seachas iad siúd i measc a phearsanra a bhfuil riachtanas eolais acu. |
14. |
Ní mór don tairbhí nó don fhochonraitheoir marcanna aicmiúcháin slándála a choinneáil ar bun i leith faisnéis rúnaicmithe a ghintear de bharr fheidhmiú comhaontaithe deontais nó a chuirtear ar fáil le linn feidhmiú comhaontaithe deontais agus ní ceadmhach dó faisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn ón údarás deonúcháin. |
15. |
Nuair nach bhfuil úsáid á baint as faisnéis nó ábhar a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, ní mór an fhaisnéis nó an t-ábhar sin a stóráil i dtroscán oifige atá faoi ghlas. Nuair atá doiciméid faoi bhealach, ní mór iad a iompar i gclúdach teimhneach. Ní ceadmhach go bhfágfaidh na doiciméid seilbh an iompróra agus ní ceadmhach iad a oscailt ar an mbealach. |
16. |
Féadfaidh an tairbhí nó an fochonraitheoir doiciméid a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a tharchur chuig an údarás deonúcháin ag baint úsáid as cuideachtaí cúiréara tráchtála, seirbhísí poist, iompar de láimh nó modhanna leictreonacha. Chuige sin, ní mór don tairbhí nó don fhochonraitheoir cloí leis na treoracha slándála cláir (nó na treoracha slándála tionscadail) arna n-eisiúint ag an gCoimisiún agus/nó ag an gCoimisiún agus/nó rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le slándáil thionsclaíoch maidir le deontais rúnaicmithe (7). |
17. |
Nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh, ní mór doiciméid a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scriosadh ar bhealach nach féidir iad a athchruthú, ina n-iomláine nó i bpáirt. |
18. |
An creidiúnú slándála ar CCF an tairbhí lena láimhseáiltear FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED agus ar aon idirnascadh leis, féadfar é a tharmligean chuig oifigeach slándála an tairbhí má cheadaítear sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta. I gcás ina ndéanfar creidiúnú a tharmligean ar an gcaoi sin, beidh na ÚSNanna, na ÚSAnna nó na húdaráis um chreidiúnú slándála (ÚCSanna) freagrach fós as aon fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED atá á láimhseáil ag an tairbhí a chosaint agus beidh sé de cheart acu fós iniúchadh a dhéanamh ar na bearta slándála a dhéanfaidh an tairbhí. Ina theannta sin, soláthróidh an tairbhí ráiteas comhlíontachta don údarás deonúcháin agus, i gcás ina gceanglófar sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, don ÚCS inniúil náisiúnta, á dheimhniú gur creidiúnaíodh CCF an tairbhí agus na hidirnaisc ghaolmhara i ndáil le FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil. |
LÁIMHSEÁIL FAISNÉISE A AICMÍTEAR MAR RESTREINT UE/EU RESTRICTED I gCÓRAIS CHUMARSÁIDE AGUS FAISNÉISE (CCF)
19. |
Leagtar síos na híoscheanglais maidir le CCF lena láimhseáiltear faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED i bhFoscríbhinn E a ghabhann leis an doiciméad ar ghnéithe slándála seo. |
COINNÍOLLACHA FAOINAR FÉIDIR LEIS AN TAIRBHÍ FOCHONRAITHEOIREACHT A DHÉANAMH
20. |
Ní mór don tairbhí cead a fháil ón údarás deonúcháin sula gcuirfidh sé aon chuid de chomhaontú deontais rúnaicmithe ar fochonradh. |
21. |
Ní fhéadfar aon fhochonradh a dhámhachtain d’eintiteas atá cláraithe i dtír nach Ballstát den Aontas í ná d’eintiteas a bhaineann le heagraíocht idirnáisiúnta, mura bhfuil comhaontú um shlándáil faisnéise tugtha i gcrích ag an tír sin nach Ballstát den Aontas í nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin leis an Aontas, ná socrú riaracháin tugtha i gcrích aici leis an gCoimisiún. |
22. |
I gcás ina mbeidh cúraimí curtha ar fochonradh ag an tairbhí, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha slándála an chomhaontaithe deontais maidir leis na fochonraitheoirí agus maidir le pearsanra na bhfochonraitheoirí. I gcás den sórt sin, is é an tairbhí a bheidh freagrach as a áirithiú go gcuirfidh gach fochonraitheoir na prionsabail sin i bhfeidhm maidir lena shocruithe fochonraitheoireachta féin. Chun formhaoirseacht iomchuí slándála a áirithiú, tabharfaidh údarás slándála an Choimisiúin fógra do ÚSNanna agus/nó ÚSAnna an tairbhí agus an fhochonraitheora maidir le gach cás ina gcuirfear cúraimí ar fochonradh rúnaicmithe gaolmhar ar leibhéil CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET. I gcás inarb iomchuí, soláthrófar do ÚSNanna agus/nó ÚSAnna an tairbhí agus an fhochonraitheora cóip de na forálacha slándála a bhaineann go sonrach leis an bhfochonradh. Na ÚSNanna agus ÚSAnna ar gá fógra a thabhairt dóibh faoi fhorálacha slándála de chuid comhaontuithe deontais rúnaicmithe ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED, liostaítear iad san iarscríbhinn a ghabhann le rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le slándáil thionsclaíoch maidir le comhaontuithe deontais rúnaicmithe (8). |
23. |
Ní fhéadfaidh an tairbhí aon FRAE a scaoileadh d’fhochonraitheoir gan formheas i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás deonúcháin. Más rud é go bhfuil FRAE d’fhochonraitheoirí le seoladh go minic nó sa ghnáthchúrsa, féadfaidh an t-údarás deonúcháin a fhormheas a thabhairt ar feadh tréimhse shonraithe ama (e.g. 12 mhí) nó ar feadh fhad an fhochonartha. |
CUAIRTEANNA
Má tá an nós imeachta caighdeánach um iarraidh ar chuairt le cur i bhfeidhm maidir le cuairteanna a bhfuil faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, ní mór don údarás deonúcháin míreanna 24, 25 agus 26 a chur san áireamh agus mír 27 a scriosadh. Cuairteanna a bhfuil faisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, má dhéantar na cuairteanna a shocrú ar bhonn díreach idir an bhunaíocht is seoltóir agus an bhunaíocht is faighteoir, ní mór don údarás deonúcháin míreanna 25 agus 26 a scriosadh agus gan ach mír 27 amháin a áireamh.
24. |
Cuairteanna a bhfuil rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED ag baint leo, déanfar iad a shocrú ar bhonn díreach idir an bhunaíocht is seoltóir agus an bhunaíocht is faighteoir, gan gá a bheith ann an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 25 go 27 thíos a leanúint. |
[25. |
Cuairteanna a bhfuil rochtain nó rochtain ionchasach ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, beidh siad faoi réir an nós imeachta seo a leanas:
|
[26. |
Sula dtabharfaidh an tsaoráid óstach rochtain do na cuairteoirí ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET, ní mór údarú a bheith faighte aici óna ÚSN nó ÚSA.] |
[27. |
Cuairteanna a bhfuil rochtain nó rochtain ionchasach ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, socrófar ar bhonn díreach iad idir an bhunaíocht is seoltóir agus an bhunaíocht is faighteoir (cuirtear ar fáil sampla den fhoirm a fhéadfar a úsáid chun na críche sin i bhFoscríbhinn C).] |
28. |
Ní mór do chuairteoirí a gcéannacht a chruthú nuair a shroichfidh siad an tsaoráid óstach trí chárta aitheantais nó pas bailí a thaispeáint. |
29. |
Ní mór don tsaoráid ina mbeidh an chuairt á hóstáil a áirithiú go gcoimeádfar taifid ar na cuairteoirí uile. Ní mór a áireamh leo sin a n-ainmneacha, an eagraíocht dá ndéanann siad ionadaíocht, dáta éagtha an ISP (más infheidhme), dáta na cuairte agus ainmneacha na ndaoine ar a bhfuil cuairt á dtabhairt. Gan dochar do rialacha Eorpacha maidir le cosaint sonraí, ní mór na taifid sin a choinneáil ar feadh tréimhse nach lú ná 5 bliana nó i gcomhréir le rialacha agus rialacháin náisiúnta, de réir mar is iomchuí. |
CUAIRTEANNA MEASÚNAITHE
30. |
Féadfaidh údarás slándála an Choimisiúin, i gcomhar leis na ÚSNanna ábhartha nó leis na ÚSAnna ábhartha, cuairteanna a thabhairt ar shaoráidí tairbhithe nó fochonraitheoirí lena sheiceáil go bhfuil na ceanglais slándála maidir le FRAE a láimhseáil á gcomhlíonadh. |
TREOIR RÚNAICMITHE MAIDIR LE SLÁNDÁIL
31. |
Tá liosta de na heilimintí go léir sa chomhaontú deontais atá aicmithe nó atá le haicmiú le linn chomhlíonadh an chomhaontaithe deontais, na rialacha ina leith sin agus sonrú na leibhéal aicmiúcháin slándála is infheidhme cuimsithe sa treoir rúnaicmithe maidir le slándáil. Is cuid dhílis den chomhaontú deontais seo í an treoir rúnaicmithe maidir le slándáil agus is féidir teacht uirthi in Foscríbhinn B a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. |
Foscríbhinn B
TREOIR RÚNAICMITHE MAIDIR LE SLÁNDÁIL
[ní mór an téacs sonrach a oiriúnú ag brath ar ábhar an chomhaontaithe deontais]
Foscríbhinn C
IARRAIDH AR CHUAIRT (SAMPLA)
TREORACHA MIONSONRAITHE MAIDIR LE hIARRAIDH AR CHUAIRT A LÍONADH ISTEACH
(Ní mór an t-iarratas a chur isteach i mBéarla amháin)
CEANNTEIDEAL |
Cuir tic sna boscaí i ndáil le cineál na cuairte agus cineál na faisnéise, agus cuir in iúl cé mhéad láithreán a bhfuiltear le cuairt a thabhairt orthu agus líon na gcuairteoirí. |
||||||
|
Le líonadh isteach ag an ÚSN/ÚSA iarrthach. |
||||||
|
Tabhair an t-ainm iomlán agus an seoladh poist. Luaigh an chathair, an stát agus an cód poist de réir mar is infheidhme. |
||||||
|
Tabhair an t-ainm iomlán agus an seoladh poist. Luaigh an chathair, an stát, an cód poist, uimhir theiléacs nó facs (más infheidhme), uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist. Tabhair ainm agus uimhreacha teileafóin/facs agus seoladh ríomhphoist do phríomhphointe teagmhála nó an duine lena bhfuil coinne déanta agat i gcomhair na cuairte. Nótaí:
|
||||||
|
Tabhair dáta nó tréimhse iarbhír (dáta go dáta) na cuairte san fhormáid “lá - mí – bliain”. I gcás inarb infheidhme, tabhair dáta malartach nó tréimhse mhalartach idir lúibíní. |
||||||
|
Sonraigh arb í an eagraíocht nó an tsaoráid iarrthach a thionscain an chuairt, nó an bhfuil an chuairt á tabhairt ar bhonn cuireadh ón tsaoráid a bhfuil cuairt le tabhairt uirthi. |
||||||
|
Sonraigh ainm iomlán an tionscadail, an chonartha nó an ghlao ar thairiscintí gan leas a bhaint ach as giorrúcháin a úsáidtear go coitianta. |
||||||
|
Tabhair tuairisc ghairid ar na cúiseanna atá leis an gcuairt. Ná húsáid giorrúcháin nach mínítear. Nótaí: I gcás cuairteanna tréimhsiúla, ba cheart “Cuairteanna tréimhsiúla” a lua sa mhír seo mar na chéad fhocail san eilimint sonraí (e.g. Cuairteanna tréimhsiúla chun plé a dhéanamh faoi_____). |
||||||
|
Luaigh SECRET UE/EU SECRET (S-UE/EU-S) nó CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL (C-UE/EU-C), de réir mar is iomchuí. |
||||||
|
Nóta: i gcás ina mbeidh níos mó ná beirt cuairteoirí páirteach sa chuairt, ba cheart leas a bhaint as Iarscríbhinn 2. |
||||||
|
Tá ainm, uimhir theileafóin, uimhir facs agus ríomhphost Oifigeach Slándála na saoráide iarrthaí ag teastáil don mhír seo. |
||||||
|
Ní mór don údarás deimhniúcháin an réimse seo a líonadh isteach. Nótaí don údarás deimhniúcháin:
|
||||||
|
Ní mór don ÚSN/ÚSA an réimse seo a líonadh isteach. Nóta don ÚSN/ÚSA:
|
Ní mór gach réimse a líonadh isteach agus an fhoirm a chur isteach trí bhealaí ó Rialtas go Rialtas (9)
IARRAIDH AR CHUAIRT (SAMPLA) CHUIG: _______________________________________ |
|||||||||||||||||||||||
|
|
|
|||||||||||||||||||||
|
|
|
|||||||||||||||||||||
I gcás leasaithe, cuir isteach uimhir thagartha na buniarrata ar chuairt de chuid an ÚSN/ÚSA_____________ |
|
Líon na láithreán: _______ Líon na gcuairteoirí: _____ |
|||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
Iarrthóir: Chuig: |
Uimhir Thagartha na hiarrata ar chuairt de chuid an ÚSN/ÚSA________________ Dáta (ll/mm/bbbb): _____/_____/_____ |
||||||||||||||||||||||
AINM: SEOLADH POIST: SEOLADH RÍOMHPHOIST: |
|||||||||||||||||||||||
UIMHIR FACS: |
UIMHIR THEILEAFÓIN: |
||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
AINM: UIMHIR THEILEAFÓIN: SEOLADH RÍOMHPHOIST: SÍNIÚ: |
|||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
AINM: SEOLADH: UIMHIR THEILEAFÓIN: SEOLADH RÍOMHPHOIST: |
|
||||||||||||||||||||||
SÍNIÚ: |
DÁTA (ll/mm/bbbb): _____/_____/_____ |
||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||
AINM: SEOLADH: UIMHIR THEILEAFÓIN: SEOLADH RÍOMHPHOIST: |
|
||||||||||||||||||||||
SÍNIÚ: |
DÁTA (ll/mm/bbbb): _____/_____/_____ |
||||||||||||||||||||||
|
<Ionadchoinneálaí i gcomhair tagairt don reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta agus i gcomhair nasc le faisnéis éigeantach i leith an duine is ábhar do na sonraí, e.g. conas a chuirtear chun feidhme Airteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (10).>
IARSCRÍBHINN 1 a ghabhann leis an bhFoirm um Iarraidh ar Chuairt
NA hEAGRAÍOCHTAÍ NÓ NA SAORÁIDÍ TIONSCLAÍOCHA A BHFUILTEAR LE CUAIRT A THABHAIRT ORTHU |
1. AINM: SEOLADH: UIMHIR THEILEAFÓIN UIMHIR FACS: AINM AN PHOINTE TEAGMHÁLA: RÍOMHPHOST: UIMHIR THEILEAFÓIN: AINM AN OIFIGIGH SLÁNDÁLA NÓ AN PHOINTE TEAGMHÁLA THÁINISTIGH: RÍOMHPHOST: UIMHIR THEILEAFÓIN: |
2. AINM: SEOLADH: UIMHIR THEILEAFÓIN: UIMHIR FACS: AINM AN PHOINTE TEAGMHÁLA: RÍOMHPHOST: UIMHIR THEILEAFÓIN: AINM AN OIFIGIGH SLÁNDÁLA NÓ AN PHOINTE TEAGMHÁLA THÁINISTIGH: RÍOMHPHOST: UIMHIR THEILEAFÓIN: (Lean ar aghaidh de réir mar is gá) |
<Ionadchoinneálaí i gcomhair tagairt don reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta agus i gcomhair nasc le faisnéis éigeantach i leith an duine is ábhar do na sonraí, e.g. conas a chuirtear chun feidhme Airteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (11 12).>
IARSCRÍBHINN 2 a ghabhann leis an bhFoirm um Iarraidh ar Chuairt
SONRAÍ NA gCUAIRTEOIRÍ |
1. SLOINNE: NA CHÉAD AINMNEACHA (mar atá ar an bpas): DÁTA BREITHE (ll/mm/bbbb):____/____/____ ÁIT BHREITHE: NÁISIÚNTACHT: LEIBHÉAL IMRÉITIGH SLÁNDÁLA: UIMHIR PHAS/AITHEANTAIS: POST: CUIDEACHTA/EAGRAÍOCHT: |
2. SLOINNE: NA CHÉAD AINMNEACHA (mar atá ar an bpas): DÁTA BREITHE (ll/mm/bbbb):____/____/____ ÁIT BHREITHE: NÁISIÚNTACHT: LEIBHÉAL IMRÉITIGH SLÁNDÁLA: UIMHIR PHAS/AITHEANTAIS: POST: CUIDEACHTA/EAGRAÍOCHT: (Lean ar aghaidh de réir mar is gá) |
<Ionadchoinneálaí i gcomhair tagairt don reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta agus i gcomhair nasc le faisnéis éigeantach i leith an duine is ábhar do na sonraí, e.g. conas a chuirtear chun feidhme Airteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (11 12).>
Foscríbhinn D
BILEOG FAISNÉISE UM IMRÉITEACH SLÁNDÁLA SAORÁIDE (SAMPLA)
1. RÉAMHRÁ
1.1. |
I gceangal leis seo tá sampla de Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide le haghaidh mearmhalartú faisnéise idir an tÚdarás um Shlándáil Náisiúnta (ÚSN) nó an tÚdarás Slándála Ainmnithe (ÚSA), údaráis inniúla eile um shlándáil náisiúnta agus Údarás Slándála an Choimisiúin (ag gníomhú thar ceann údaráis deonúcháin) maidir le hImréiteach Slándála Saoráide (ISS) arna dhéanamh i dtaobh saoráid a bhfuil baint aici le hiarratas a dhéanamh ar dheontais nó fochonarthaí rúnaicmithe agus lena gcur chun feidhme. |
1.2. |
Ní bheidh an Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide bailí ach amháin má tá sé stampáilte ag an ÚSN ábhartha, ag an ÚSA ábhartha nó ag údarás inniúil eile. |
1.3. |
Tá roinn iarrata agus roinn freagra sa Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide agus is féidir é a úsáid chun na gcríoch a aithnítear thuas nó chun aon chríocha eile a bhfuil stádas ISS saoráide áirithe ag teastáil ina leith. Ní mór don ÚSN nó don ÚSA iarrthach an chúis atá leis an bhfiosrúchán a shainaithint i réimse 7 den roinn iarrata seo. |
1.4. |
Is iondúil nach mionsonraí rúnaicmithe iad na mionsonraí a bhíonn sa Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide; dá réir sin, nuair a bheidh Bileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide le seoladh idir na ÚSNanna/ÚSAnna faoi seach agus an Coimisiún, ba cheart é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach más féidir. |
1.5. |
Ba cheart do ÚSNanna/ÚSAnna gach iarracht a dhéanamh freagra a thabhairt ar iarraidh ar Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide laistigh de dheich lá oibre. |
1.6. |
I gcás ina ndéanfar aon fhaisnéis rúnaicmithe a aistriú nó ina ndéanfar deontas nó fochonradh a dhámhachtain i ndáil leis an dearbhú sin, ní mór an ÚSN eisiúna nó an ÚSA eisiúna a chur ar an eolas. |
Nósanna Imeachta agus Treoracha maidir le leas a bhaint as an mBileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide
Is don ÚSN nó don ÚSA atá na treoracha mionsonraithe seo, nó don údarás deonúcháin agus d’Údarás Slándála an Choimisiúin a líonfaidh isteach an Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide. Moltar an iarraidh a chlóscríobh i gceannlitreacha.
CEANNTÁSC |
Cuirfidh an t-iarrthóir isteach ainm iomlán an ÚSN/ÚSA agus na tíre. |
||||||||
|
Roghnaíonn an t-údarás deonúcháin iarrthach an ticbhosca iomchuí i ndáil leis an gcineál iarrata ar Bhileog Faisnéise um Imréiteach Slándála Saoráide. Luaigh an leibhéal imréitigh slándála atáthar á iarraidh. Ba cheart na giorrúcháin seo a leanas a úsáid:
|
||||||||
|
Is léir cad atá de dhíth i réimsí 1 go 6. I réimse 4 ba cheart an cód tíre caighdeánach dhá litir a úsáid. Tá réimse 5 roghnach. |
||||||||
|
Tabhair an chúis shonrach leis an iarraidh, táscairí tionscadail agus uimhir an ghlao nó an deontais. Sonraigh an gá atá le hacmhainn stórála, leibhéal aicmiúcháin an CCF, etc. Ba cheart aon sprioc-am/dáta éaga/dátaí dámhachtana a chur san áireamh a bhféadfadh tionchar a bheith aige nó acu ar thabhairt i gcrích ISS. |
||||||||
|
Luaigh ainm an iarrthóra iarbhír (thar ceann an ÚSN/ÚSA) agus dáta na hiarrata i bhformáid uimhreach (ll/mm/bbbb). |
||||||||
|
Réimsí 1-5: Roghnaigh na réimsí iomchuí. Réimse 2: Má tá ISS idir lámha, moltar léiriú a thabhairt don iarrthóir ar an am próiseála is gá (más eol sin). Réimse 6:
|
||||||||
|
Féadfar an réimse seo a úsáid i gcomhair faisnéis bhreise maidir leis an ISS, an tsaoráid nó na míreanna roimhe seo. |
||||||||
|
Luaigh ainm an údaráis is soláthraí (thar ceann an ÚSN/ÚSA) agus dáta an fhreagra i bhformáid uimhreach (ll/mm/bbbb). |
BILEOG FAISNÉISE UM IMRÉITEACH SLÁNDÁLA SAORÁIDE (SAMPLA)
Ní mór gach réimse a líonadh isteach agus an fhoirm a chur ó Rialtas go Rialtas nó ó Rialtas go heagraíocht idirnáisiúnta.
IARRAIDH AR DHEARBHÚ IMRÉITIGH SLÁNDÁLA SAORÁIDE CHUIG: ____________________________________ (Ainm ÚSN/ÚSA na tíre) |
|||||||||||||||
Líon isteach na boscaí freagra, i gcás inarb infheidhme:
Deimhnigh go bhfuil mionsonraí na saoráide a liostaítear thíos cruinn agus tabhair ceartúcháin/eolas breise de réir mar is gá. |
|||||||||||||||
|
Ceartúcháin/Breiseanna: |
||||||||||||||
… |
… |
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
… |
… |
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
… |
… |
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
… |
… |
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
|
|||||||||||||||
… |
… |
||||||||||||||
|
|||||||||||||||
ÚSN/ÚSA/údarás deonúcháin iarrthach: Ainm: … |
Dáta: (ll/mm/bbbb) … |
||||||||||||||
FREAGRA (laistigh de 10 lá oibre) |
|||||||||||||||
Deimhnítear leis seo:
|
|||||||||||||||
ÚSN/ÚSA eisiúna Ainm:… |
Dáta: (ll/mm/bbbb)… |
<Ionadchoinneálaí i gcomhair tagairt don reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta agus i gcomhair nasc le faisnéis éigeantach i leith an duine is ábhar do na sonraí, e.g. conas a chuirtear chun feidhme Airteagal 13 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (13).>
Foscríbhinn E
Ceanglais íosta maidir le cosaint FRAE i bhfoirm leictreonach ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáiltear in CCF an tairbhí
Ginearálta
1. |
Ní mór don tairbhí a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh cosaint faisnéise RESTREINT UE/EU RESTRICTED na híoscheanglais slándála mar a leagtar síos sa chlásal slándála seo iad agus aon cheanglais bhreise eile arna gcur in iúl ag an údarás deonúcháin nó, más infheidhme, ag an údarás um shlándáil náisiúnta (ÚSN) nó ag an údarás slándála ainmnithe (ÚSA). |
2. |
Is ar an tairbhí atá an fhreagracht na ceanglais slándála a shainaithnítear sa doiciméad seo a chur chun feidhme. |
3. |
Chun críoch an doiciméid seo, cumhdaítear le córas cumarsáide agus faisnéise (CCF) an trealamh ar fad a úsáidtear chun FRAE a láimhseáil, a stóráil agus a tharchur, lena n-áirítear stáisiúin oibre, printéirí, gléasanna cóipeála, meaisíní facs, freastalaithe, córais bainistíochta líonra, rialaitheoirí líonra agus rialaitheoirí cumarsáide, ríomhairí glúine, ríomhairí táibléid, fóin chliste agus gairis stórála inbhainte amhail mearóga USB, CDanna, cártaí SD, etc. |
4. |
Ní mór trealamh speisialta, amhail táirgí cripteagrafacha, a chosaint i gcomhréir lena nósanna imeachta tiomnaithe oibríochta slándála (SecOps). |
5. |
Ní mór don tairbhí struchtúr a bhunú a bheidh freagrach as bainistíocht slándála an CCF lena láimhseáiltear faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED agus oifigeach slándála a cheapadh a bheidh freagrach as an tsaoráid lena mbaineann. |
6. |
Ní cheadaítear úsáid a bhaint as réitigh TF (crua-earraí, bogearraí ná seirbhísí) atá faoi úinéireacht ag baill foirne de chuid tairbhí chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a stóráil nó a phróiseáil. |
7. |
Ní mór d’údarás um chreidiúnú slándála (ÚCS) an Bhallstáit lena mbaineann formheas a dhéanamh ar an gcreidiúnú ar CCF an tairbhí lena láimhseáiltear faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, nó ní mór an formheas sin a tharmligean chuig oifigeach slándála an tairbhí de réir mar a cheadaítear le dlíthe agus rialacháin náisiúnta. |
8. |
I gcás faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, ní fhéadfar í a láimhseáil, a stóráil nó a tharchur (ar mhodh sreinge nó gan sreang) ar an gcaoi chéanna le haon fhaisnéis neamh-rúnaicmithe eile faoin gcomhaontú deontais ach amháin má dhéantar criptiú uirthi ag baint úsáid as táirgí cripteagrafacha formheasta. Ní mór don Aontas Eorpach nó do Bhallstát na táirgí cripteagrafacha sin a fhormheas. |
9. |
Ní mór oibleagáid chonarthach a bheith ar shaoráidí seachtracha a bhfuil baint acu le hobair chothabhála/dheisiúcháin cloí leis na forálacha is infheidhme maidir le láimhseáil faisnéise a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, mar a leagtar amach sa doiciméad seo. |
10. |
Arna iarraidh sin don údarás deonúcháin nó don ÚSN, ÚSA, nó ÚCS ábhartha, ní mór don tairbhí fianaise a sholáthar go bhfuil clásal slándála an chomhaontaithe deontais á chomhlíonadh. Má iarrtar freisin iniúchadh agus cigireacht a dhéanamh ar phróisis agus saoráidí an tairbhí lena áirithiú go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh, ceadóidh na tairbhithe d’ionadaithe an údaráis deonúcháin, don ÚSN, don ÚSA agus/nó don ÚSC, nó d’údarás slándála ábhartha an Aontais, iniúchadh den sórt sin a dhéanamh. |
Slándáil fhisiciúil
11. |
I gcás limistéir ina n-úsáidtear CCF chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thaispeáint, a stóráil, a phróiseáil nó a tharchur, nó limistéir ina bhfuil freastalaithe, córais bainistíochta líonra, rialaitheoirí líonra agus rialaitheoirí cumarsáide don CCF sin, ba cheart iad a bhunú mar limistéir rialaithe ar leithligh a bhfuil córas rialaithe rochtana iomchuí ann ina leith. Ba cheart rochtain ar na limistéir rialaithe ar leithligh sin a theorannú do dhaoine aonair a bhfuil údarú sonrach acu. Gan dochar do mhír 8, ní mór trealamh a dtugtar tuairisc air i mír 3 a stóráil i limistéir rialaithe ar leithligh den sórt sin. |
12. |
Ní mór sásraí agus/nó nósanna imeachta slándála a chur chun feidhme chun rialú a dhéanamh ar úsáid nó nascadh meán stórála ríomhaire inbhainte (amhail USBanna, gairis ollstórála nó CD-RWanna) le comhpháirteanna ar an CCF. |
Rochtain ar CCF
13. |
Is ar bhonn dianriachtanais eolais agus údaraithe pearsanra a cheadaítear rochtain ar CCF tairbhí lena láimhseáiltear FRAE. |
14. |
Ní mór liostaí cothrom le dáta d’úsáideoirí údaraithe a bheith ann i leith gach CCF. Ní mór gach úsáideoir a fhíordheimhniú ag tús gach seisiúin próiseála. |
15. |
Ní mór naoi gcarachtar ar a laghad a bheith i bpasfhocail, ar cuid d’fhormhór na mbeart slándála sainaitheanta agus fíordheimhnithe iad, agus ní mór carachtair uimhriúla agus carachtair “speisialta” (má cheadaítear sin sa chóras) a bheith iontu chomh maith le carachtair aibítreacha. Ní mór pasfhocail a athrú gach 180 lá ar a laghad. Ní mór iad a athrú a luaithe is féidir más rud é gur cuireadh i mbaol iad nó gur nochtadh iad do dhuine neamhúdaraithe, nó má bhíonn amhras ann faoi chur i mbaol nó nochtadh den sórt sin. |
16. |
Ní mór rialuithe rochtana inmheánacha a bheith ag gach CCF lena chosc ar úsáideoirí neamhúdaraithe faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a rochtain nó a mhodhnú agus rialuithe córais agus slándála a mhodhnú. Ní mór úsáideoirí a logáil amach go huathoibríoch as an CCF más rud é go raibh a dteirminéal neamhghníomhach ar feadh tréimhse ama réamhshocraithe, nó ní mór don CCF spárálaí scáileáin atá faoi chosaint pasfhocail a ghníomhachtú tar éis 15 nóiméad neamhghníomhaíochta. |
17. |
Déantar cuntas úsáideora uathúil agus aitheantas uathúil a leithdháileadh do gach úsáideoir CCF. Ní mór cuntais úsáideora a ghlasáil go huathoibríoch nuair a dhéanfar ar a laghad cúig iarracht logála isteach i ndiaidh a chéile le sonraí míchearta. |
18. |
Ní mór úsáideoirí uile an CCF a chur ar an eolas faoi na freagrachtaí atá orthu agus faoi na nósanna imeachta atá le leanúint chun faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED ar an CCF a chosaint. Ní mór na freagrachtaí agus na nósanna imeachta atá le leanúint a dhoiciméadú agus ní mór do na húsáideoirí iad a admháil i scríbhinn. |
19. |
Ní mór fáil a bheith ag na húsáideoirí agus na riarthóirí ar SecOPs agus ní mór tuairiscí ar róil slándála agus liosta gaolmhar cúraimí, treoracha agus pleananna a bheith ar áireamh iontu. |
Cuntasaíocht, iniúchóireacht agus freagairt ar theagmhais
20. |
Ní mór aon rochtain ar an CCF a logáil. |
21. |
Ní mór na teagmhais seo a leanas a thaifeadadh:
|
22. |
Maidir leis na teagmhais uile a liostaítear thuas, ní mór an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, a chur in iúl:
|
23. |
Ba cheart na taifid chuntasaíochta a bheith ina gcabhair d’oifigeach slándála ó thaobh scrúdú a dhéanamh ar na teagmhais slándála a d’fhéadfadh tarlú. Is féidir iad a úsáid freisin chun tacú le haon imscrúduithe dlíthiúla i gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála. Ba cheart seiceáil thráthrialta a dhéanamh ar gach taifead slándála chun teagmhais slándála a d’fhéadfadh a bheith tarlaithe a shainaithint. Ní mór na taifid chuntasaíochta a chosaint ó scriosadh neamhúdaraithe nó ó mhodhnú neamhúdaraithe. |
24. |
Ní mór don tairbhí straitéis freagartha a bheith bunaithe aige chun déileáil le teagmhais slándála. Ní mór treoir a thabhairt d’úsáideoirí agus do riarthóirí maidir le conas freagairt do theagmhais, conas iad a thuairisciú agus cad is ceart a dhéanamh i gcás éigeandála. |
25. |
Ní mór cur i mbaol faisnéise a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, nó a cur i mbaol amhrasta, a thuairisciú don údarás deonúcháin. Ní mór tuairisc a bheith sa tuarascáil ar an bhfaisnéis atá i gceist agus tuairisc ar na cúinsí inar tharla an cur i mbaol nó an cur i mbaol amhrasta. Ní mór gach úsáideoir de chuid an CCF a chur ar an eolas faoi conas aon teagmhas slándála iarbhír nó aon teagmhas slándála amhrasta a thuairisciú don oifigeach slándála. |
Líonrú agus idirnascadh
26. |
Nuair a dhéantar CCF lena láimhseáiltear faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a idirnascadh le CCF nach bhfuil creidiúnaithe, méadaíonn sé sin go mór an bhagairt ar shlándáil an CCF agus ar shlándáil na faisnéise RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáiltear san CCF sin. Áirítear leis sin an t-idirlíon agus CCF poiblí nó príobháideach eile, amhail CCF eile atá faoi úinéireacht an tairbhí nó an fhochonraitheora. Sa chás sin, ní mór don tairbhí measúnú riosca a dhéanamh lena shainaithint cé na ceanglais slándála bhreise is gá a chur chun feidhme mar chuid den phróiseas creidiúnaithe slándála. Soláthróidh an tairbhí ráiteas comhlíontachta don údarás deonúcháin, agus, i gcás ina gceanglófar sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, don ÚCS inniúil, á dheimhniú gur creidiúnaíodh CCF an tairbhí agus na hidirnaisc ghaolmhara i ndáil le FRAE ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil. |
27. |
Tá toirmeasc ar chianrochtain a dhéanamh ó chórais eile ar sheirbhísí LAN (e.g. cianrochtain ar ríomhphost agus ciantacaíocht SYSTEM) mura rud é go ndéanfaidh an t-údarás deonúcháin bearta slándála speisialta a chur chun feidhme agus a chomhaontú, agus, i gcás ina gceanglófar sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, go ndéanfaidh an ÚCS inniúil iad a fhormheas. |
Bainistíocht cumraíochta
28. |
Ní mór cumraíocht mhionsonraithe crua-earraí agus bogearraí, mar a léirítear sa doiciméadacht maidir le creidiúnú/formheas (lena n-áirítear léaráidí córais agus líonraí), a bheith ar fáil agus ní mór í a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. |
29. |
Ní mór d'oifigeach slándála an tairbhí seiceálacha cumraíochta a dhéanamh ar chrua-earraí agus bogearraí lena áirithiú nach bhfuil aon chrua-earraí ná bogearraí neamhúdaraithe tugtha isteach. |
30. |
Ní mór athruithe ar chumraíocht CCF an tairbhí a mheasúnú ó thaobh a n-impleachtaí slándála de agus ní mór don oifigeach slándála agus, i gcás ina gceanglófar sin le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, an ÚCS na hathruithe sin a fhormheas. |
31. |
Ní mór an córas a scanadh i gcomhair aon leochaileachtaí slándála uair sa ráithe ar a laghad. Ní mór suiteáil a dhéanamh ar bhogearraí chun bogearraí mailíseacha a bhrath agus ní mór iad a choinneáil cothrom le dáta. Más féidir, ba cheart formheas náisiúnta nó formheas idirnáisiúnta aitheanta a bheith ag bogearraí den sórt sin, agus murab amhlaidh atá ba cheart iad a bheith ag teacht le caighdeán tionscail a bhfuil glacadh forleathan leis. |
32. |
Ní mór don tairbhí plean leanúnachais gnó a fhorbairt. Ní mór nósanna imeachta cúltaca a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
Sláintiú agus díothú
33. |
Maidir le CCF nó meáin stórála sonraí a raibh faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED coinnithe orthu tráth ar bith, ní mór an sláintiú seo a leanas a dhéanamh ar an gcóras ar fad nó ar na meáin stórála sula ndéanfar é nó iad a dhiúscairt:
|
34. |
Ní mór faisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED a shláintiú ar aon mheán stórála sonraí sula dtabharfar an fhaisnéis sin d’aon eintiteas nach bhfuil údaraithe i dtaobh rochtain a bheith aige ar fhaisnéis a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED (e.g. le haghaidh obair chothabhála). |
(1) Tá feidhm ag an sampla seo de dhoiciméad ar ghnéithe slándála i gcás ina measfar gurb é an Coimisiún tionscnóir na faisnéise rúnaicmithe arna cruthú agus arna láimhseáil chun an comhaontú deontais a fheidhmiú. I gcás nach é an Coimisiún tionscnóir faisnéise rúnaicmithe arna cruthú agus arna láimhseáil chun an comhaontú deontais a fheidhmiú, agus i gcás ina mbunóidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa deontas creat slándála sonrach, féadfaidh samplaí eile den doiciméad ar ghnéithe slándála a bheith infheidhme.
(2) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(3) Ba cheart don údarás deonúcháin na tagairtí a chur isteach nuair a bheidh na rialacha cur chun feidhme sin glactha.
(4) Ba cheart don údarás deonúcháin na tagairtí a chur isteach nuair a bheidh na rialacha cur chun feidhme sin glactha.
(5) Beidh ar an bpáirtí a thabharfaidh faoin gcreidiúnú ráiteas comhlíontachta a sholáthar don údarás deonúcháin, trí údarás slándála an Choimisiúin, agus i gcomhar leis an údarás náisiúnta ábhartha um chreidiúnú slándála (ÚCS).
(6) I gcás ina mbeidh tairbhithe ó Bhallstáit a cheanglaíonn ISPanna agus/nó ISSanna a bheith ann i ndáil le deontais a aicmítear mar RESTREINT UE/EU RESTRICTED, déanfaidh an t-údarás deonúcháin liosta sa doiciméad ar ghnéithe slándála de na ceanglais ISP agus ISS sin i leith na dtairbhithe atá i gceist.
(7) Ba cheart don údarás deonúcháin na tagairtí a chur isteach nuair a bheidh na rialacha cur chun feidhme sin glactha.
(8) Ba cheart don údarás deonúcháin na tagairtí a chur isteach nuair a bheidh na rialacha cur chun feidhme sin glactha.
(9) Cuairteanna a bhfuil rochtain nó rochtain ionchasach ar FRAE ar leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET ag baint leo, má comhaontaíodh gur féidir na cuairteanna sin a shocrú ar bhonn díreach, féadfar an fhoirm, agus í líonta isteach, a chur díreach faoi bhráid Oifigeach Slándála na bunaíochta a bhfuiltear le cuairt a thabhairt uirthi..
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN IV
Imréiteach slándála saoráide agus pearsanra do thairbhithe nó d’fhochonraitheoirí a bhfuil faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED ag baint leo agus ÚSNanna/ÚSAnna ar gá fógra a thabhairt dóibh maidir le comhaontuithe deontais rúnaicmithe ar leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED (1)
Ballstát |
ISS |
Fógra le tabhairt do ÚSN agus/nó ÚSA faoi chomhaontú deontais nó fochonradh a bhaineann le faisnéis R-UE/EU-R |
ISP |
|||
TÁ |
NÍL |
TÁ |
NÍL |
TÁ |
NÍL |
|
An Bheilg |
|
X |
|
X |
|
X |
An Bhulgáir |
|
X |
|
X |
|
X |
An tSeicia |
|
X |
|
X |
|
X |
An Danmhairg |
X |
|
X |
|
X |
|
An Ghearmáin |
|
X |
|
X |
|
X |
An Eastóin |
X |
|
X |
|
|
X |
Éire |
|
X |
|
X |
|
X |
An Ghréig |
X |
|
|
X |
X |
|
An Spáinn |
|
X |
X |
|
|
X |
An Fhrainc |
|
X |
|
X |
|
X |
An Chróit |
|
X |
X |
|
|
X |
An Iodáil |
|
X |
X |
|
|
X |
An Chipir |
|
X |
X |
|
|
X |
An Laitvia |
|
X |
|
X |
|
X |
An Liotuáin |
X |
|
X |
|
|
X |
Lucsamburg |
X |
|
X |
|
X |
|
An Ungáir |
|
X |
|
X |
|
X |
Málta |
|
X |
|
X |
|
X |
An Ísiltír |
X (i gcás comhaontuithe deontais agus fochonarthaí a bhaineann le cosaint, agus iadsan amháin) |
|
X (i gcás comhaontuithe deontais agus fochonarthaí a bhaineann le cosaint, agus iadsan amháin) |
|
|
X |
An Ostair |
|
X |
|
X |
|
X |
An Pholainn |
|
X |
|
X |
|
X |
An Phortaingéil |
|
X |
|
X |
|
X |
An Rómáin |
|
X |
|
X |
|
X |
An tSlóivéin |
X |
|
X |
|
|
X |
An tSlóvaic |
X |
|
X |
|
|
X |
An Fhionlainn |
|
X |
|
X |
|
X |
An tSualainn |
|
X |
|
X |
|
X |
(1) Na ceanglais náisiúnta sin i leith ISS/ISP agus fógraí le haghaidh comhaontuithe deontais a bhaineann le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED, ní ceadmhach go gcuirfidís aon oibleagáidí breise ar Bhallstáit eile ná ar thairbhithe agus fochonraitheoirí eile faoina ndlínse.
N.B. Tá sé éigeantach fógraí a thabhairt faoi chomhaontuithe deontais a bhfuil faisnéis CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus SECRET UE/EU SECRET ag baint leo.
IARSCRÍBHINN V
LIOSTA DE RANNA NA nÚDARÁS UM SHLÁNDÁIL NÁISIÚNTA / NA nÚDARÁS SLÁNDÁLA AINMNITHE ATÁ FREAGRACH AS LÁIMHSEÁIL NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LE SLÁNDÁIL THIONSCLAÍOCH
AN BHEILG
National Security Authority |
FPS Foreign Affairs |
Rue des Petits Carmes 15 |
1000 Bruxelles |
Teil.: + 32 25014542 (Rúnaíocht)
Facs: +32 25014596
R-phost: nvo-ans@diplobel.fed.be
AN BHULGÁIR
1. |
Teil.: +359 29835775 Facs: +359 29873750 R-phost: dksi@government.bg |
2. |
Teil.: +359 29227002 Facs: +359 29885211 R-phost: office@iksbg.org |
3. |
Teil.: +359 29813221 Facs: +359 29862706 R-phost: office@dar.bg |
4. |
Teil.: +359 29824971 Facs: +359 29461339 R-phost: dato@dato.bg |
(Na húdaráis inniúla a liostaítear thuas, cuireann siad i bhfeidhm na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin chun ISSanna a eisiúint d’eintitis dhlíthiúla a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chonradh rúnaicmithe a thabhairt i gcrích, agus chun ISPanna a eisiúint do dhaoine aonair a chuireann chun feidhme conradh rúnaicmithe ar mhaithe le riachtanais na n-údarás sin.)
5. |
Teil.: +359 28147109 Facs: +359 29632188, +359 28147441 R-phost: dans@dans.bg |
(An tseirbhís slándála thuasluaite, cuireann sí i bhfeidhm na nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin chun ISSanna agus ISPanna a eisiúint chuig gach eintiteas dlíthiúil eile agus chuig gach duine aonair eile sa tír ag a bhfuil iarratas á dhéanamh chun conradh rúnaicmithe nó comhaontú deontais rúnaicmithe a thabhairt i gcrích nó chun conradh rúnaicmithe nó comhaontú deontais rúnaicmithe a chur chun feidhme.)
AN tSEICIA
National Security Authority |
Industrial Security Department |
PO BOX 49 |
150 06 Praha 56 |
Teil.: +420 257283129
R-phost: sbr@nbu.cz
AN DANMHAIRG
1. |
Teil.: +45 33148888 Facs: +45 33430190 |
2. |
Teil.: +45 33325566 Facs: +45 33931320 |
AN GHEARMÁIN
1. |
Teil.: +49 228996154028 Facs: +49 228996152676 R-phost: dsagermany-rs3@bmwi.bund.de (seoladh ríomhphoist na hoifige) |
2. |
Teil.: +49 228996152401 Facs: +49 228996152603 R-phost: rs2-international@bmwi.bund.de (seoladh ríomhphoist na hoifige) |
3. |
Teil.: +49 2289995826052 Facs: +49 228991095826052 R-phost: NDAEU@bsi.bund.de |
AN EASTÓIN
National Security Authority Department |
Estonian Foreign Intelligence Service |
Rahumäe tee 4B |
11316 Tallinn |
Teil.: +372 6939211
Facs: +372 6935001
R-phost: nsa@fis.gov.ee
ÉIRE
Údarás na hÉireann um Shlándáil Náisiúnta |
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála |
76-78 Sráid Fhearchair |
Baile Átha Cliath 2 |
D02 DX45 |
Teil.: +353 14082724
R-phost: nsa@dfa.ie
AN GHRÉIG
Hellenic National Defence General Staff |
E’ Division (Security INTEL, CI BRANCH) |
E3 Directorate |
Industrial Security Office |
227-231 Mesogeion Avenue |
15561 Holargos, Athens |
Teil.: +30 2106572022, +30 2106572178
Facs: +30 2106527612
R-phost: daa.industrial@hndgs.mil.gr
AN SPÁINN
Autoridad Nacional de Seguridad |
Oficina Nacional de Seguridad |
Calle Argentona 30 |
28023 Madrid |
Teil.: +34 912832583, +34 912832752, +34 913725928
Facs: +34 913725808
R-phost: nsa-sp@areatec.com
I dtaca le faisnéis a bhaineann le cláir rúnaicmithe: programas.ons@areatec.com
I dtaca le hábhair a bhaineann le himréiteach slándála pearsanra: hps.ons@areatec.com
I dtaca le Pleananna Iompair agus cuairteanna idirnáisiúnta: sp-ivtco@areatec.com
AN FHRAINC
National Security Authority (NSA) (i dtaca le beartas agus cur chun feidhme i réimsí eile seachas an tionscal cosanta) |
Secrétariat général de la défense et de la sécurité nationale |
Sous-direction Protection du secret (SGDSN/PSD) |
51 boulevard de la Tour-Maubourg |
75700 Paris 07 SP |
Teil.: +33 171758193
Facs: +33 171758200
R-phost: ANSFrance@sgdsn.gouv.fr
Designated Security Authority (maidir le cur chun feidhme sa tionscal cosanta) |
Treo Générale de l’Armement |
Service de la Sécurité de Défense et des systèmes d’Information (DGA/SSDI) |
60 boulevard du général Martial Valin |
CS 21623 |
75509 Paris CEDEX 15 |
Teil.: +33 988670421
R-phost: i dtaca le foirmeacha agus iarrataí ar chuairt atá á seoladh amach: dga-ssdi.ai.fct@intradef.gouv.fr
i dtaca le hiarrataí ar chuairt atá ag teacht isteach: dga-ssdi.visit.fct@intradef.gouv.fr
AN CHRÓIT
Office of the National Security Council |
Croatian NSA |
Jurjevska 34 |
10000 Zagreb |
Teil.: +385 14681222
Facs: +385 14686049
R-phost: NSACroatia@uvns.hr
AN IODÁIL
Presidenza del Consiglio dei Ministri |
D.I.S. - U.C.Se. |
Via di Santa Susanna 15 |
00187 Roma |
Teil.: +39 0661174266
Facs: +39 064885273
AN CHIPIR
ΥΠΟΥΡΓΕΙΟ ΑΜΥΝΑΣ |
Εθνική Αρχή Ασφάλειας (ΕΑΑ) |
Λεωφόρος Στροβόλου, 172-174 |
Στρόβολος, 2048, Λευκωσία |
Τηλέφωνα: +357 22807569, +357 22807764
Τηλεομοιότυπο: +357 22302351
R-phost: cynsa@mod.gov.cy
Ministry of Defence |
National Security Authority (NSA) |
172-174, Strovolos Avenue |
2048 Strovolos, Nicosia |
Teil.: +357 22807569, +357 22807764
Facs: +357 22302351
R-phost: cynsa@mod.gov.cy
AN LAITVIA
National Security Authority |
Constitution Protection Bureau of the Republic of Latvia |
P.O. Box 286 |
Riga LV-1001 |
Teil.: +371 67025418, +371 67025463
Facs: +371 67025454
R-phost: ndi@sab.gov.lv, ndi@zd.gov.lv
AN LIOTUÁIN
Lietuvos Respublikos paslapčių apsaugos koordinavimo komisija |
(The Commission for Secrets Protection Coordination of the Republic of Lithuania) |
National Security Authority |
Pilaitės pr. 19 |
LT-06264 Vilnius |
Teil.: +370 70666128
R-phost: nsa@vsd.lt
LUCSAMBURG
Autorité Nationale de Sécurité |
207, route d’Esch |
L-1471 Luxembourg |
Teil.: +352 24782210
R-phost: ans@me.etat.lu
AN UNGÁIR
National Security Authority of Hungary |
H-1399 Budapest P.O. Box 710/50 |
H-1024 Budapest, Szilágyi Erzsébet fasor 11/B |
Teil.: +36 13911862
Facs: +36 13911889
R-phost: nbf@nbf.hu
MÁLTA
Director of Standardisation |
Designated Security Authority for Industrial Security |
Standards & Metrology Institute |
Malta Competition and Consumer Affairs Authority |
Mizzi House |
National Road |
Blata I-Bajda HMR9010 |
Teil.: +356 23952000
Facs: +356 21242406
R-phost: certification@mccaa.org.mt
AN ÍSILTÍR
1. |
Teil.: +31 703204400 Facs: +31 703200733 R-phost: nsa-nl-industry@minbzk.nl |
2. |
Teil.: +31 704419407 Facs: +31 703459189 R-phost: indussec@mindef.nl |
AN OSTAIR
1. |
Teil.: +43 153115202594 R-phost: isk@bka.gv.at |
2. |
R-phost: abwa@bmlvs.gv.at |
AN PHOLAINN
Internal Security Agency |
Department for the Protection of Classified Information |
Rakowiecka 2A |
00-993 Warszawa |
Teil.: +48 225857944
Facs: +48 225857443
R-phost: nsa@abw.gov.pl
AN PHORTAINGÉIL
Gabinete Nacional de Segurança |
Serviço de Segurança Industrial |
Rua da Junqueira no 69 |
1300-342 Lisbon |
Teil.: +351 213031710
Facs: +351 213031711
R-phost: sind@gns.gov.pt, franco@gns.gov.pt
AN RÓMÁIN
Oficiul Registrului Național al Informațiilor Secrete de Stat – ORNISS |
Romanian NSA - ORNISS - National Registry Office for Classified Information |
4th Mures Street |
012275 Bucharest |
Teil.: +40 212075115
Facs: +40 212245830
R-phost: relatii.publice@orniss.ro, nsa.romania@nsa.ro
AN tSLÓIVÉIN
Urad Vlade RS za varovanje tajnih podatkov |
Gregorčičeva 27 |
1000 Ljubljana |
Teil.: +386 14781390
Facs: +386 14781399
R-phost: gp.uvtp@gov.si
AN tSLÓVAIC
Národný bezpečnostný úrad |
(National Security Authority) |
Security Clearance Department |
Budatínska 30 |
851 06 Bratislava |
Teil.: +421 268691111
Facs: +421 268691700
R-phost: podatelna@nbu.gov.sk
AN FHIONLAINN
National Security Authority |
Ministry for Foreign Affairs |
P.O. Box 453 |
FI-00023 Government |
R-phost: NSA@formin.fi
AN tSUALAINN
1. |
Teil.: +46 84051000 Facs: +46 87231176 R-phost: ud-nsa@gov.se |
2. |
Teil.: +46 87824000 Facs: +46 87826900 R-phost: security@fmv.se |