25.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 23/18 |
CINNEADH (CBES) 2021/54 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Eanáir 2021
lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES (1). |
(2) |
An 12 Samhain 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún (Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe) 2551 (2020). Leis an Rún sin athdhearbhaítear trádbhac arm ginearálta iomlán ar an tSomáil agus leasaítear na fógraí a bhaineann le comhairle theicniúil, cúnamh airgeadais agus eile agus oiliúint a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar. Leis an Rún sin athdhearbhaítear freisin an toirmeasc ar fhioghual a allmhairiú ón tSomáil, agus daingnítear srianta ar ghairis phléascacha sheiftithe a dhíol leis an tSomáil, a sholáthar di nó a aistriú chuici. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir. |
(4) |
Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn IV. |
(3) |
cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn V. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1C(1)
1.
Teitril (trínítrifeinilmeitilnítrimín).
2.
Nítriglicrín comhshuite nó measctha leis an ‘ábhar eitiléine’ a shonraítear in ML8.a. nó i miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Míleata Coiteann an Aontais Eorpaigh (1) (ach amháin ina phacáistítear/ullmhaítear é i ndáileoga míochaine aonair).
3.
Trealamh atá saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus atá saindeartha chun Gairis Phléascacha Sheiftithe (IEDanna) a ghníomhachtú, a chumhachtú le haghaidh aschur oibríochtúil aonuaire, a dhíluchtú nó a mhadhmadh.
4.
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’.)
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN V
LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1C(2)
1.
Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe le mír 2 in Iarscríbhinn IV, atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhachta, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).
2.
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i mír 1 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’.)
3.
Na hábhair phléascacha, mar a leanas, agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:
(a) |
Ola Bhreosla Níotráite Amóiniam (ANFO); |
(b) |
Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12,5 % nítrigin w/w); |
(c) |
Nítriglicrín (ach amháin i gcás ina phacáistítear/ullmhaítear é i ndáileoga míochaine aonair) mura bhfuil sé comhshuite nó measctha leis an ‘ábhar eitiléine’ a shonraítear in ML8.a. nó i miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Míleata Coiteann an Aontais Eorpaigh; |
(d) |
Nítrighliocól; |
(e) |
Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN); |
(f) |
Clóiríd phicrile; |
(g) |
2,4,6 -Trínítreatolúéin (TNT). |
4.
Réamhtheachtaithe pléascán:
(a) |
Níotráit amóiniam; |
(b) |
Níotráit photaisiam; |
(c) |
Clóráit sóidiam; |
(d) |
Aigéad nítreach; |
(e) |
Aigéad sulfarach. |