7.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 3/1 |
CINNEADH (AE) 2021/8 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Nollaig 2020
lena n-údaraítear don Choimisiún vóta a chaitheamh i bhfabhar méadú ar chaipiteal údaraithe an Chiste Eorpaigh Infheistíochta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 5(2) de Reachtanna an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (“an Ciste”), foráiltear go bhféadfar caipiteal údaraithe an Chiste a mhéadú le cinneadh ó Chruinniú Ginearálta an Chiste (“an Cruinniú Ginearálta”) ag gníomhú dó le tromlach 85 % de na vótaí a chaitear. |
(2) |
I bhfianaise an tionchair a mheastar a bheidh ag géarchéim COVID-19 agus d’fhonn rannchuidiú le freagairt an Aontais agus an Chiste ar an ngéarchéim tríd an Rialachán beartaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár InvestEU a chur chun feidhme mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 agus trí ról an Chiste i mbainistiú na gclár náisiúnta agus réigiúnach a fhorbairt tuilleadh, is gá méadú EUR 2 870 000 000 a dhéanamh ar chaipiteal údaraithe an Chiste láithreach. |
(3) |
Chinn Bord Stiúrthóirí an Chiste (“an Bord Stiúrthóirí”) iarraidh a chur faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta le go bhformheasfar méadú EUR 2 870 000 000 ar chaipiteal údaraithe an Chiste trí 2 870 scair nua a eisiúint agus le go bhformheasfar na socruithe maidir leis an méadú caipitil sin, lena n-áirítear na socruithe maidir le híocaíocht. Má fhormheastar an méadú caipitil, beidh luach ainmniúil EUR 1 000 000 ag gach scair nua agus íocfar gach scair shuibscríofa isteach ar 20 % dá luach ainmniúil. Bheadh an Cruinniú Ginearálta in ann a cheangal go ndéanfar an 80 % eile a íoc faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(3) de Reachtanna an Chiste. Beidh an luach céanna ag gach scair, is cuma an scaireanna atá ann cheana nó an scaireanna nua-eisithe iad, agus beidh cearta comhionanna acu ar gach slí. |
(4) |
Mhol an Bord Stiúrthóirí go mbeadh na scaireanna nua-údaraithe ar fáil lena suibscríobh le linn tréimhse suibscríofa aonair a thosóidh go díreach tar éis an méadú caipitil a bheith formheasta ag an gCruinniú Ginearálta agus a chríochnóidh an 30 Meán Fómhair 2021. Beidh an tAontas in ann a bheith rannpháirteach sa suibscríobh faoi na coinníollacha a leagtar síos i gcinneadh an Chruinnithe Ghinearálta a luaithe a thiocfaidh an gníomh dlí lena bhformheastar rannpháirtíocht an Aontais sa mhéadú caipitil i bhfeidhm. |
(5) |
Chun go mbeidh ionadaí an Aontais sa Chruinniú Ginearálta in ann vóta a chaitheamh ar an méadú caipitil a luaithe is féidir, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse 8 seachtaine agus ó na tréimhsí 10 lá dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarófar don Choimisiún vóta a chaitheamh, thar ceann an Aontais, ag Cruinniú Ginearálta an Chiste Eorpaigh Infheistíochta i bhfabhar an mhéadaithe bheartaithe de EUR 2 870 000 000 ar chaipiteal údaraithe an Chiste.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2020.