20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 380/4


Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

(2021/C 380 I/04)

Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna um rialú polaitiúil Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá aici maidir le cur chun feidhme IPA III, agus lánurraim á tabhairt do chumas an Choimisiúin an ionstraim a chur chun feidhme, i gcomhréir lena fhreagrachtaí institiúideacha.

San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuíomhanna ginearálta maidir le cur chun feidhme IPA III, lena n-áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar creat clársceidealaithe IPA III agus doiciméid chlársceidealaithe IPA III, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail an cúnamh a thugtar do thairbhí a chur ar fionraí nuair nach n-urramaíonn sé go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, na hurraime do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:

i)

Idirphlé ardleibhéil idir an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, thar ceann an Choimisiúin, agus Parlaimint na hEorpa.

ii)

Idirphlé buan ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach le meithleacha AFET chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil.

Beidh an t-idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún.