20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 380/2


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus maidir le comhordú straitéiseach

(2021/C 380 I/02)

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil na tagairtí d’ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle imithe i léig, agus measann sí dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, gur cheart an tAirteagal sin a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais is infheidhme i dtréimhse CAI 2021-2027 a chur san áireamh, eadhon an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) struchtúr comhordaithe straitéiseach a bhunú a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus de SEGS chun comhleanúnachas, sineirge, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (1).


(1)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).