|
20.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 380/1 |
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúnamh a thugtar faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) a chur ar fionraí
(2021/C 380 I/01)
Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil tagairt ghinearálta i Rialachán (AE) 2021/1529 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) go bhféadfaí cúnamh a chur ar fionraí gan an bunús nithiúil maidir le cinneadh den sórt sin a shonrú. Ba cheart fionraí cúnaimh den sórt sin a chur chun feidhme i gcás ina ndéanann tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I díghrádú ar an ndaonlathas, ar chearta an duine agus ar an smacht reachta.
Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim fhoriomlán airgeadais a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí cúnamh faoin ionstraim seo. Mar chomhreachtóir agus comhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, i dteideal a sainchumais a lánfheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.