12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 185/1


Ráitis ar Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (1)

(2021/C 185/01)

Comhráiteas polaitiúil maidir le cistí arna saoradh in Fís Eorpach a athúsáid

Leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le cistí arna saoradh a athúsáid i ndáil leis an gclár taighde (2), chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís chun tairbhe an chláir taighde, leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don mhéid suas go EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) sa tréimhse 2021-2027 de shaoradh, a eascraíonn as neamh-chur chun feidhme iomlán nó páirteach tionscadal a bhaineann leis an gclár réime “Fís Eorpach” nó leis an gclár “Fís 2020” (3), a tháinig roimhe, de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh agus do chumhachtaí an Choimisiúin an buiséad a chur chun feidhme, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go mbeidh dáileadh táscach an mhéid sin mar seo a leanas:

EUR 300 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”, go háirithe do thaighde candamach;

EUR 100 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”; agus

EUR 100 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAithris 47

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún buiséad Luasaire CNE a chur chun feidhme ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh an tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, do FBManna, lena n áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ag freagairt don tacaíocht a thabharfar faoi bhuiséad ionstraim FBManna Chlár Fís 2020, i gcomhréir leis na téarmaí a bhunaítear in Airteagal 48, mír 1 agus aithris 47 den Rialachán maidir le Fís Eorpach.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 6

Arna iarraidh sin air, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thuairimí a mhalartú leis an gCoiste atá freagrach i bParlaimint na hEorpa maidir le: (i) liosta iarrthóirí na gcomhpháirtíochtaí féideartha atá bunaithe ar Airteagal 185 agus 187 CFAE a chumhdófar le measúnuithe ar thionchair (tionscanta); (ii) liosta na misean sealadach arna sainaithint ag na boird Mhisin; (iii) torthaí an Phlean Straitéisigh sula ndéantar é a ghlacadh go foirmiúil, agus (iv) déanfaidh sé doiciméid a bhaineann le cláir oibre a chur i láthair agus a chomhroinnt.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le heitic/taighde ar ghaschealla – Airt. 19

Maidir le Creatchlár Fís Eorpach, tá sé i gceist ag an gCoimisiún leanúint ar aghaidh leis an gcreat eitice céanna agus a bhí ann faoi Chreatchlár Fís 2020 agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le cistiú an Aontais le haghaidh taighde ar ghaschealla suthacha daonna.

Molann an Coimisiún Eorpach leanúint leis an gcreatchlár eitice seo, mar gur bunaíodh cur chuige freagrach, taithí-bhunaithe, le haghaidh réimse eolaíochta lena mbaineann go leor deiseanna cur chuige ar léiríodh cheana i dtaca leis go n-oibríonn sé go sásúil i gcomhthéacs cláir thaighde ina bhfuil taighdeoirí ó go leor tíortha a bhfuil staideanna rialála éagsúla acu ag glacadh páirte.

1.

Faoin gcinneadh maidir le Creatchlár Fís Eorpach eisiatar trí réimse taighde go sainráite ó chistiú an Aontais:

gníomhaíochtaí taighde a bhfuil sé mar aidhm acu daoine a chlónáil chun críocha atáirgthe;

gníomhaíochtaí taighde a cheapfar chun oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh na hathruithe sin bheith inoidhreachta;

gníomhaíochtaí taighde a cheapfar chun suthanna daonna a chruthú leo ar mhaithe le taighde amháin nó d’fhonn gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí.

2.

Ní dhéanfar aon ghníomhaíocht atá toirmiscthe sna Ballstáit ar fad a chistiú. Ní dhéanfar aon ghníomhaíocht a chistiú i mBallstát ina bhfuil gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe. Ní dhéanfar aon ghníomhaíocht a chistiú i mBallstát ina bhfuil gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.

3.

Ní breithiúnas fiúntais ar bhealach ar bith ar chreat rialála nó ar an gcreat eiticiúil lena rialaítear taighde den chineál seo i mBallstáit atá i gceist leis an gcinneadh faoi Fhís Eorpach agus na forálacha maidir le creat eiticiúil lena rialaítear cistiú an Aontais i dtaca le taighde ar ghaschealla suthacha daonna.

4.

Agus tograí á ngairm aige, ní shireann an Coimisiún Eorpach úsáid gascheall suthach daonna go sainráite. Tá úsáid gascheall daonna, cibé acu gaschealla sómacha nó gaschealla suthacha iad, más ann dóibh, ag brath ar bhreithiúnas na n-eolaithe i bhfianaise na gcuspóirí atá siad ag iarraidh a bhaint amach. Go praiticiúil, tá an chuid is mó go mór de chistí an Aontais le haghaidh taighde ar ghaschealla dírithe ar úsáid gascheall sómach. Níl aon chúis ann go dtiocfadh athrú suntasach air seo in Fís Eorpach.

5.

Maidir le gach tionscadal ina bhfuil sé ceaptha gaschealla suthacha daonna a úsáid, ní mór toradh fabhrach a bheith faighte aige i gcéim an mheasúnaithe eolaíochta ina dhéanfaidh saineolaithe eolaíochta neamhspleácha measúnú ar an ngá atá le gaschealla den chineál sin a úsáid d’fhonn na cuspóirí eolaíochta a bhaint amach.

6.

Tograí a mbíonn toradh fabhrach faighte acu i gcéim an mheasúnaithe eolaíochta, cuirtear faoi dhian-athbhreithniú eiticiúil eagraithe ag an gCoimisiún Eorpach iad ina dhiaidh sin. San athbhreithniú eiticiúil seo, tugtar aird ar na prionsabail a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha amhail Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cearta an Duine agus leis an mBithleigheas a síníodh in Oviedo an 4 Aibreán 1997 agus na prótacail bhreise a ghabhann leis agus leis an nDearbhú Uilechoiteann maidir leis an nGéanóm Daonna agus le Cearta an Duine arna nglacadh ag UNESCO. Tá san athbhreithniú eiticiúil chomh maith seiceáil go n-urramaítear leis na tograí rialacha na dtíortha ina ndéanfar an taighde.

7.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí seiceáil eiticiúil a chur ar bun le linn shaolré an togra.

8.

Maidir le gach togra arb é is aidhm dó gaschealla suthacha daonna a úsáid, ní mór formheas a fháil ón gcoiste eiticiúil áitiúil nó náisiúnta ábhartha sula gcuirfear tús leis an gníomhaíochtaí ábhartha. Ní mór na rialacha agus na nósanna imeachta go léir a urramú, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le saincheisteanna amhail toiliú na dtuismitheoirí, gan mealladh airgeadais a bheith ann etc. Déanfar seiceáil cibé an ndéantar tagairt sa togra do bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a bheidh le déanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéanfar an taighde.

9.

Togra a mbíonn toradh fabhrach faighte aige i gcéim an mheasúnaithe eolaíochta, sna hathbhreithnithe eiticiúla náisiúnta nó áitiúla agus san athbhreithniú eiticiúil Eorpach, cuirfear faoi bhráid na mBallstát é, ag teacht le chéile dóibh i bhfoirm coiste a ghníomhaíonn i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin, lena fhormheas, de réir an cháis. Ní dhéanfar cistiú ar aon togra a bhaineann úsáid as gaschealla suthacha daonna nach bhfaigheann formheas ó na Ballstáit.

10.

Leanfaidh an Coimisiún Eorpach lena chuid oibre maidir leis na torthaí a fhaightear ó thaighde cistithe ar ghaschealla ag an Aontas a chur ar fáil ar bhonn leathan do gach taighdeoir, ar mhaithe le gach othar i ngach tír.

11.

Tacóidh an Coimisiún Eorpach le gníomhaíochtaí agus tionscnaimh a chuidíonn le taighde ar ghaschealla suthacha daonna a chomhordú agus a chuíchóiriú laistigh de chur chuige eiticiúil freagrach. Leanfaidh an Coimisiún, go háirithe, de tacaíocht a thabhairt do Chlárlann Eorpach le haghaidh línte gaschealla suthacha daonna. Ach tacaíocht a thabhairt do chlárlann den chineál sin féadfar faireachán a dhéanamh ar ghaschealla suthacha daonna atá ann cheana san Eoraip, cuirfear le húsáid na gceall sin ag eolaithe agus d’fhéadfaí cabhrú le díorthuithe neamhriachtanacha línte nua gascheall a sheachaint.

12.

Leanfaidh an Coimisiún den chleachtas reatha agus ní chuirfidh sé tograí le haghaidh tionscadail, a bhfuil gníomhaíochtaí taighde ina ndéanfar suthanna daonna a scriosadh, lena n-áirítear d’fhonn gaschealla a sholáthar, mar chuid díobh, a chur faoi bhráid an choiste ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin. Ní chuirfidh an t eisiamh cistithe ar an gcéim seo den taighde cosc ar chistiú an Aontais le haghaidh céimeanna eile a bhaineann le gaschealla suthacha daonna amach anseo.

(1)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.

(2)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).