28.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 437/30


RIALACHÁN (AE) 2020/2221 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 agus pointe (a) d'Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá na Ballstáit buailte ag an ngéarchéim a lean as iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte phaindéim COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe seo. Tá an ghéarchéim ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, dá thoradh sin, tá an easpa thromchúiseach leachtachta ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t-ardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Ghéaraigh an ghéarchéim freisin ar staid na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta, agus, dá bhrí sin, tá laghdú tagtha ar chomhtháthú sóisialta sna Ballstáit. Ina theannta sin, bhí tionchar tromchúiseach ag dúnadh na dteorainneacha inmheánacha ar an gcomhar eacnamaíoch, go háirithe i limistéir theorann, rud a rinne difear do chomaitéireacht oibrithe agus d'inmharthanacht micrifhiontar, fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Tháinig staid eisceachtúil as sin nach mór aghaidh a thabhairt uirthi trí bhearta sonracha, láithreacha agus urghnácha a shroicheann an fíorgheilleagar go tapa.

(2)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 (4) agus (AE) Uimh. 1303/2013 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”), Ciste Sóisialta na hEorpa (“CSE”) agus an Ciste Comhtháthaithe (a dtugtar “na Cistí” orthu le chéile) agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”). Mar sin féin, de réir mar a chuaigh éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar an tsochaí san Aontas in olcas, leasaíodh an dá Rialachán sin arís le Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Leis na leasuithe sin, soláthraíodh solúbthacht bhreise eisceachtúil le go mbeadh na Ballstáit in ann díriú ar an bhfreagairt is gá ar an ngéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht tacaíocht as na Cistí nach bhfuiltear á húsáid a shlógadh agus trí cheanglais nós imeachta a shimpliú, ar ceanglais iad atá nasctha le cur chun feidhme clár agus iniúchtaí.

(3)

An 23 Aibreán 2020, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an “Treochlár don téarnamh” chun turraingí ollmhóra ar an ngeilleagar a cheartú agus chun maolú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha don Aontas a eascraíonn as na srianta eisceachtúla a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun leathadh COVID-19 a shrianadh agus, ar an taobh eile, ar na rioscaí a bhaineann le téarnamh neamhshiméadrach, a eascraíonn as na modhanna náisiúnta éagsúla atá ar fáil i mBallstáit éagsúla, as a lean, dá réir sin, tionchair thromchúiseacha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Sa Treochlár don téarnamh, tá comhpháirt láidir infheistíochta agus iarradh go mbunófaí an Ciste Eorpach Téarnaimh. Sa bhreis air sin, agus mar a athdhearbhaíodh i gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020, tugtar sainordú leis don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais ionas go mbeadh na hacmhainní dírithe i dtreo na n-earnálacha agus na gcodanna geografacha den Aontas is mó atá buailte, agus, san am céanna, soiléirítear an nasc leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (8) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a leithdháiltear ann, ba cheart bearta maidir le téarnamh agus athléimneacht faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo atá ag géarchéim COVID-19. Ba cheart acmhainní breise den sórt sin a úsáid chun a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/2094.

(5)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus socruithe cur chun feidhme maidir le hacmhainní breise arna soláthar mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (“REACT-EU”) chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Faoi REACT-EU, ba cheart méid breise eisceachtúil suas le EUR 47 500 000 000 i bpraghsanna 2018 le haghaidh gealltanas buiséadach as na Cistí Struchtúracha le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 a chur ar fáil chun tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin sin is mó atá buailte ó thaobh leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus atá ag ullmhú téarnamh glas, digiteach agus athléimneach don gheilleagar (“acmhainní REACT-EU”), d'fhonn acmhainní a chur ar obair go tapa san fhíorgheilleagar trí na cláir oibríochtúla atá ann faoi láthair (“na hacmhainní breise”). Eascraíonn acmhainní REACT-EU as Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cuid d'acmhainní REACT-EU a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún miondealú acmhainní REACT-EU le haghaidh gach Ballstáit a leagan amach ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí atá ar fáil maidir le rathúnas coibhneasta na mBallstát agus ar a mhéid atá éifeacht ghéarchéim COVID-19 ag luí ar a ngeilleagair agus ar a sochaithe. Sula gcuirfear an modh leithdháilte maidir le hacmhainní REACT-EU don bhliain 2021 i bhfeidhm agus chun tacaíocht a sholáthar do na hearnálacha is tábhachtaí tar éis ghearchéim COVID-19 i mBallstáit áirithe, ba cheart méid de EUR 100 000 000 agus EUR 50 000 000 a leithdháileadh ar Lucsamburg agus ar Mhálta, faoi seach. Ba cheart méid tiomnaithe breise a bheith san áireamh sa mhodh leithdháilte le haghaidh na réigiún is forimeallaí, i bhfianaise leochaileacht shonrach a ngeilleagar agus a sochaithe. Chun léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach éifeachtaí ghéarchéim COVID-19, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte chéanna agus trí na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil a úsáid faoin 19 Deireadh Fómhair 2021 chun tráinse 2022 d'acmhainní REACT-EU a dháileadh.

(6)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh na Cistí le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach arb é atá inti cuspóirí aeráide a thacú le 30 % de chaiteachas as buiséad an Aontais. Le REACT-EU, meastar go rannchuideofar 25 % den imchlúdach airgeadais foriomlán do chuspóirí aeráide. I gcomhréir le cineál REACT-EU mar ionstraim chun díobháil ghéarchéime a leigheas agus leis an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an easpa ceanglas maidir le díriú téamach agus an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit acmhainní REACT-EU a dhíriú chun tacú le hoibríochtaí CFRE nó CSE de réir a riachtanas, d'fhéadfadh éagsúlacht a bheith ag baint le leibhéal ranníocaíochtaí na mBallstát i dtreo na huallmhéine sin ag brath ar thosaíochtaí náisiúnta.

(7)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. I gcás rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, áirítear iontu freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(8)

Ionas go mbeidh an méid is mó solúbthachta ag na Ballstáit agus oiriúnú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí um leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar, ba cheart don Choimisiún leithdháiltí a bhunú ar leibhéal na mBallstát. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht aon acmhainní de chuid REACT-EU a úsáid chun tacú le cúnamh a thabhairt do na daoine is díothaí agus leis an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (“TFAO”). Thairis sin, is gá uasteorainneacha a bhunú i dtaca leis an leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát agus san am céanna an méid is mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit a mhéid a bhaineann lena leithdháileadh laistigh de chláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó CSE. Ba cheart neart oibríochtúil CSE a choinneáil agus acmhainní REACT-EU á leithdháileadh i réimsí beartais na fostaíochta, go háirithe fostaíocht don aos óg i gcomhréir leis an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, scileanna agus oideachais, an chuimsithe shóisialta agus na sláinte, agus béim ar leith ar theagmháil a dhéanamh le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus le leanaí. Agus an t-ídiú tapa a mheastar a dhéanfar ar acmhainní REACT-EU á chur san áireamh, níor cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní sin a shaoradh ach ag dúnadh na gclár oibríochtúil.

(9)

Ós rud é nach ionann an difear a rinne paindéim COVID-19 do réigiúin agus bardais sna Ballstáit, tá rannpháirtíocht gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla ó na húdaráis, ó chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ón tsochaí shibhialta, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta, tábhachtach maidir le hullmhú agus cur chun feidhme leigheas dhíobháil na géarchéime arna thacú le REACT-EU agus maidir leis an bhfaireachán agus meastóireacht a dhéantar air.

(10)

Ba cheart féidearthachtaí maidir le haistrithe airgeadais a dhéanamh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CFRE agus CSE a thabhairt isteach freisin le haghaidh acmhainní REACT-EU i gcomhréir le hAirteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Níor cheart d'aistrithe den sórt sin difear a dhéanamh do na hacmhainní atá ar fáil faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó faoin leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO.

(11)

Chun na gníomhaíochtaí atá ar fáil cheana féin faoi raon feidhme thacaíocht CFRE a chomhlánú, faoi mar a leathnaíodh iad le Rialacháin (AE) 2020/460 agus (AE) 2020/558, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit fós acmhainní REACT-EU a úsáid go príomha le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgí agus seirbhísí le haghaidh seirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte trasteorann, agus cúram institiúideach, pobalbhunaithe agus teaghlaigh, le haghaidh tacaíocht a sholáthar i bhfoirm caipiteal oibre nó tacaíocht infheistíochta do FBManna, lena n-áirítear tacaíocht chomhairleach, go háirithe sna hearnálacha is mó atá buailte ag paindéim COVID-19 agus a bhfuil athbheochan thapa ag teastáil uathu, amhail turasóireacht agus cultúr, le haghaidh infheistíochtaí a rannchuidíonn leis an aistriú i dtreo geilleagar digiteach agus glas, le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar lena soláthraítear seirbhísí bunúsacha neamh-idirdhealaitheacha do shaoránaigh, agus le haghaidh bearta tacaíochta eacnamaíocha le haghaidh na réigiún sin atá ag brath ar na hearnálacha is mó atá buailte ag géarchéim COVID-19. Ba cheart comhar, comhordú agus athléimneacht sláinte níos láidre a chothú freisin. Thairis sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt do chúnamh teicniúil. Is iomchuí go ndéanfar acmhainní REACT-EU a dhíriú go heisiach faoin gcuspóir téamach nua “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”, rudaí ar cheart a thuiscint mar aon tosaíocht infheistíochta amháin, le gur féidir clársceidealú agus cur chun feidhme simplithe a dhéanamh ar na hacmhainní sin.

(12)

I dtaca le CSE, ba cheart do na Ballstáit acmhainní REACT-EU a úsáid go príomha chun tacú le rochtain ar an margadh saothair agus ar chórais shóisialta, lena n-áirithítear go ndéanfar poist a choinneáil ar bun, lena n-áirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama agus tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe mar aon le fiontraithe agus saoroibrithe, ealaíontóirí agus oibrithe cruthaitheacha. Is é an aidhm atá le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla, go háirithe do dhaoine féinfhostaithe, ná fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chosaint ar bhaol na dífhostaíochta, agus an leibhéal céanna dálaí oibre agus fostaíochta agus pá á choinneáil ag an am céanna. Tá acmhainní REACT-EU a leithdháiltear do na scéimeanna sin le húsáid go heisiach chun tacú leis na hoibrithe. I gcomhthéacs na gcúinsí reatha eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo, ba cheart go mbeifí in ann tacaíocht a sholáthar do scéimeanna oibre gearr-ama d'fhostaithe agus do dhaoine féin-fhostaithe fiú amháin nuair nach ndéantar an tacaíocht sin a chomhcheangal le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, mura rud é go bhforchuirtear na bearta sin leis an dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin freisin ar bhealach aonfhoirmeach maidir le scéimeanna oibre gearr-ama ar tugadh tacaíocht dóibh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, arna leasú le Rialacháin (AE) 2020/460 agus (AE) 2020/558 tar éis ghéarchéim COVID-19, agus a leanann de thacaíocht a fháil ón tosaíocht thiomnaithe infheistíochta “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”. Ba cheart tacaíocht ón Aontas do scéimeanna oibre gearr-ama den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama de.

(13)

Ba cheart tacaíocht a sholáthar freisin le haghaidh cruthú post agus fostaíocht d'ardchaighdeán, go háirithe do dhaoine atá i staideanna leochaileacha, agus le haghaidh bearta um chuimsiú sóisialta agus um dhíothú na bochtaineachta. Ba cheart bearta fostaíochta don aos óg a leathnú i gcomhréir leis an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí san oideachas, san oiliúint agus i bhforbairt scileanna, lena n-áirítear athoiliúint agus uasoiliúint, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart rochtain chomhionann ar sheirbhísí leasa ghinearálta, lena n-áirítear do leanaí, do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas, do mhionlaigh eitneacha agus do dhaoine gan dídean, a chur chun cinn.

(14)

Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint d'aird ar leith a thabhairt ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin tuaithe, i réigiúin teorann, i réigiúin bheagfhorbartha, i réigiúin oileánda, i réigiúin shléibhtiúla, i réigiúin ina bhfuil dlús daonra an-íseal agus sna réigiúin is forimeallaí, agus, chomh maith leis sin, i limistéir ina bhfuil tionchar ag aistriú tionsclaíoch agus dídhaonrú orthu agus. i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as acmhainní REACT-EU chun tacú leis na daoine sin.

(15)

Ós rud é gur eascair dúshláin shuntasacha do phobail agus gnólachtaí trasteorann as dúnadh sealadach na dteorainneacha idir na Ballstáit, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit acmhainní REACT-EU a leithdháileadh freisin ar thionscadail trasteorann atá ann cheana faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun gníomhaíochtaí um leigheas dhíobháil na géarchéime a chur chun feidhme go tapa i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus chun téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar, is gá leibhéal níos airde íocaíochta réamh-mhaoinithe tosaigh a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme tapa na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní REACT-EU. Leis an réamh-mhaoiniú tosaigh atá le híoc, ba cheart a áirithiú go mbeidh na hacmhainní airgeadais ag na Ballstáit chun réamhíocaíochtaí le tairbhithe a shocrú i gcás inar gá agus chun tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis dóibh éilimh ar íocaíocht a chur isteach.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann acmhainní REACT-EU a leithdháileadh ar chláir oibríochtúla thiomnaithe nua faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post nó ar aiseanna tosaíochta nua laistigh de chláir atá ann cheana faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Ionas gur féidir cur chun feidhme tapa a dhéanamh, níor cheart a cheadú go sainaithneofaí ach údaráis na gclár oibríochtúil atá ann cheana, ar údaráis iad atá ainmnithe cheana, a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE nó an Ciste Comhtháthaithe le haghaidh cláir oibríochtúla thiomnaithe nua. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit meastóireacht ex ante a dhéanamh agus ba cheart teorainn a chur leis na heilimintí a bheidh ag teastáil chun an clár oibríochtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas.

(18)

Ba cheart acmhainní REACT-EU a úsáid i gcomhréir le prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus na “Neamhdhíobhála”, agus Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart an comhionannas idir fir agus mná, príomhshruthú na hinscne agus comhtháthú ghné na hinscne a chur san áireamh agus a chur chun cinn i rith cur chun feidhme clár oibríochtúil.

(19)

D'fhonn maolú a dhéanamh ar an ualach ar bhuiséid phoiblí maidir le leigheas dhíobháil na géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus maidir le téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar, ba cheart caiteachas le haghaidh oibríochtaí a bheith incháilithe ón 1 Feabhra 2020, agus ba cheart an fhéidearthacht eisceachtúil a bheith ag na Ballstáit ráta cómhaoinithe suas le 100 % a iarraidh, ar ráta é atá le cur i bhfeidhm maidir le haiseanna tosaíochta ar leithligh na gclár oibríochtúla lena dtugtar tacaíocht ó acmhainní REACT-EU.

(20)

Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfanfaidh an 31 Nollaig 2023 mar dháta deiridh le haghaidh incháilitheacht do chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaí oibríochtaí a roghnú fós le haghaidh tacaíocht le linn 2023.

(21)

Chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme oibríochtaí áirithe a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní REACT-EU, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha i ndáil le céimniú atá i Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí.

(22)

I bhfianaise na mbeart sonrach solúbthachta mar fhreagairt ar ráig COVID-19 a cuireadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le Rialachán (AE) 2020/558, maidir le caiteachas le haghaidh oibríochtaí atá dáiríre críochnaithe nó atá curtha chun feidhme go hiomlán, ar oibríochtaí iad lena ndéantar leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar agus a fhaigheann tacaíocht ón gcuspóir téamach nua comhfhreagrach, ba cheart don chaiteachas sin a bheith incháilithe, ar choinníoll gur tosaíodh na hoibríochtaí lena mbaineann ón 1 Feabhra 2020.

(23)

Chun a chur ar chumas na mBallstát acmhainní REACT-EU a chur ar obair go tapa laistigh den chlárthréimhse atá ann faoi láthair, tá údar cuí leis na Ballstáit a dhíolmhú, ar bhonn eisceachtúil, ón oibleagáid coinníollachtaí ex ante agus ceanglais maidir le cúlchiste feidhmíochta agus cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta, maidir le díriú téamach, i ndáil leis na tairseacha a bunaíodh le haghaidh forbairt inbhuanaithe uirbeach le haghaidh CFRE freisin, agus ó cheanglais maidir le ullmhú straitéise cumarsáide le haghaidh acmhainní REACT-EU a chomhlíonadh. Mar sin féin, tá sé riachtanach go ndéanfaidh na Ballstáit meastóireacht amháin ar a laghad faoin 31 Nollaig 2024 chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, tionchar agus cuimsitheacht acmhainní REACT-EU chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a rannchuidigh na hacmhainní sin le spriocanna an chuspóra théamaigh thiomnaithe nua a bhaint amach. Chun go n-éascófar infhaighteacht faisnéise inchomparáide ar leibhéal an Aontais, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as táscairí clár-shonracha COVID-19 a chuireann an Coimisiún ar fáil. Ina theannta sin, le linn dóibh a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, ar freagrachtaí iad atá nasctha le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis bhainistíochta feabhas a chur ar infheictheacht na mbeart eisceachtúil agus na n-acmhainní eisceachtúla arna dtabhairt isteach ag an Aontas, go háirithe trína áirithiú go mbeidh tairbhithe ionchasacha, tairbhithe, rannpháirtithe, faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi acmhainní REACT-EU a bheith ann, faoina méid agus faoin tacaíocht bhreise a eascraíonn astu.

(24)

D'fhonn go mbeifear in ann acmhainní REACT-EU a dhíriú ar na limistéir gheografacha ina bhfuil an gá is mó leo, mar bheart eisceachtúil agus gan dochar do na rialacha ginearálta maidir le leithdháileadh acmhainní Cistí Struchtúracha, níor cheart a cheangal go ndéanfaí acmhainní REACT-EU arna leithdháileadh ar CFRE agus CSE a mhiondealú de réir catagóire ná de réir réigiúin. Mar sin féin, táthar ag súil go gcuirfidh na Ballstáit na riachtanais réigiúnacha agus leibhéil forbartha éagsúla san áireamh chun a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht a chothromú idir riachtanais na réigiún agus na gcathracha is mó atá buailte ag tionchar phaindéim COVID-19 agus an gá atá ann leanúint de dhíriú ar réigiúin bheagfhorbartha, i gcomhréir le cuspóirí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE. Ba cheart do na Ballstáit páirt a thabhairt d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha freisin, mar aon le comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta.

(25)

Cé is moite de na cásanna sin ina ndéantar foráil do mhaoluithe leis an Rialachán seo, ba cheart caiteachas faoi REACT-EU a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na gcoimircí céanna le cistiú uile an chomhtháthaithe. Áirítear ar an méid sin urraim do chearta bunúsacha agus comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith le bearta frithchalaoise éifeachtacha a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí frithchalaoise atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus, i gcás inarb ábhartha, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

(26)

Nuair a ghlactar bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, tá sé riachtanach go ndéanfaí leasanna dlisteanacha faighteoirí deiridh agus tairbhithe a choimirciú.

(27)

Chun na haistrithe a údaraítear trí na hathruithe a thugtar isteach faoin Rialachán seo a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll a leagtar síos i bpointe (f) d'Airteagal 30(1) den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a úsáid le haghaidh an chuspóra chéanna.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 trí bhearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht a sholáthar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(29)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin.

(31)

Le hAirteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (10), foráiltear nach mbeidh feidhm ag leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (11) nó ar Chinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle (12) a ghlacfar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin nó dá éis sin maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bheidh tionchar ag na leasuithe sin ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe. Maidir leis an tacaíocht faoin Rialachán seo le haghaidh 2021 agus 2022, maoinítear í trí mhéadú ar uasteorainn acmhainní dílse an Aontais, rud a mbeadh tionchar aige ar oibleagáid airgeadais na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

1.

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 92a

Acmhainní REACT-EU

Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 (*1)ón gComhairle a chur chun feidhme faoi na Cistí Struchtúracha le méid suas le EUR 47 500 000 000 i bpraghsanna 2018 dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 2(2) den Rialachán sin, faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de.

Leis na hacmhainní breise sin do 2020 agus 2021, a eascraíonn ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, déanfar cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus chun téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar ('acmhainní REACT-EU').

Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, ioncaim shannta sheachtracha a bheidh in acmhainní REACT-EU chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 92b

Socruithe cur chun feidhme le haghaidh acmhainní REACT-EU

1.   Déanfar acmhainní REACT-EU a chur ar fáil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

De mhaolú ar Airteagal 94, déanfaidh na Ballstáit cuid dá n-acmhainní REACT-EU a leithdháileadh go comhpháirteach ar chláir um chomhar trasteorann faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ina bhfuil siad rannpháirteach, má chomhaontaíonn siad go léirítear a dtosaíochtaí náisiúnta faoi seach le leithdháiltí den sórt sin.

Úsáidfear acmhainní REACT-EU chun cúnamh teicniúil de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus na hoibríochtaí lena gcuirtear chun feidhme an cuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear acmhainní REACT-EU ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, i dteannta na n-acmhainní foriomlána a leagtar amach in Airteagal 91, mar a leanas:

2021: EUR 37 500 000 000;

2022: EUR 10 000 000 000.

Chomh maith leis sin, tacóidh acmhainní REACT-EU le caiteachas riaracháin suas le EUR 18 000 000 i bpraghsanna 2018.

Oibríochtaí a mbeidh tacaíocht ó acmhainní REACT-EU le fáil acu, féadfar iad a roghnú le haghaidh tacaíochta suas go dtí deireadh 2023. Maidir leis na forálacha i ndáil le céimniú a leagtar amach i Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, tá siad infheidhme maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní REACT-EU.

3.   Déanfar 0,35 % d'acmhainní REACT-EU a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin, agus béim ar leith ar na Ballstáit sin is mó dá ndearna paindéim COVID-19 difear agus na Ballstáit ag a bhfuil rátaí ionsúcháin agus cur chun feidhme ísle.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú acmhainní REACT-EU mar leithreasuithe as na Cistí Struchtúracha le haghaidh 2021 le haghaidh gach Ballstáit i gcomhréir leis na critéir agus leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIa. Déanfar an cinneadh sin a athbhreithniú in 2021 chun miondealú acmhainní REACT-EU le haghaidh 2022 a leagan amach bunaithe ar shonraí a bheidh ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021.

5.   De mhaolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 76, déanfar na gealltanais bhuiséadacha le haghaidh acmhainní REACT-EU i ndáil le gach clár oibríochtúil lena mbaineann le haghaidh gach Ciste le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022.

Tiocfaidh an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 76 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 i bhfeidhm an dáta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2020/2094, nó dá éis sin.

Ní bheidh feidhm ag an tríú agus ag an gceathrú mír d'Airteagal 76 maidir le hacmhainní REACT-EU.

De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha an tsaortha a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal IX de Chuid II agus in Airteagal 136 den Rialachán seo maidir leis na gealltanais bhuiséadacha bunaithe ar acmhainní REACT-EU. De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear acmhainní REACT-EU don chéad chlár ná don chéad ghníomhaíocht eile.

De mhaolú ar Airteagail 86(2) agus 136(1) den Rialachán seo, déanfar na gealltanais le haghaidh acmhainní REACT-EU a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha a bheidh le comhlíonadh maidir le dúnadh na gclár.

Déanfaidh gach Ballstát acmhainní REACT-EU atá ar fáil faoi CFRE agus CSE don chlársceidealú a leithdháileadh ar chláir oibríochtúla nó ar chláir um chomhar trasteorann, a bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach iontu, mar aon le comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta.

De mhaolú ar Airteagal 92(7), molfar freisin cuid d'acmhainní REACT-EU a úsáid, má mheasann an Ballstát lena mbaineann gurb iomchuí é sin a dhéanamh, chun an tacaíocht don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí ('FEAD') a mhéadú, chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin dá ndearna géarchéim COVID-19 difear ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo. Féadfar cuid d'acmhainní REACT-EU a úsáid freisin chun an tacaíocht do TFAO a mhéadú. Sa dá chás sin, féadfar an méadú a mholadh an tráth céanna agus an leithdháileadh ar CFRE agus ar CSE nó roimhe.

Tar éis a leithdháilte tosaigh, féadfar acmhainní REACT-EU a aistriú idir CFRE agus CSE, arna iarraidh sin do Bhallstát ar mhaithe le clár oibríochtúil a leasú de bhun Airteagal 30(1), beag beann ar na céatadáin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 92(1), agus láidreacht oibriúcháin fhoriomlán CSE ar leibhéal an Aontais á coinneáil. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le hacmhainní CFRE a leithdháiltear ar chláir um chomhar trasteorann faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 30(5) maidir le hacmhainní REACT-EU. Déanfar na hacmhainní sin a eisiamh ón mbunús leis an ríomh chun críocha na n-uasteorainneacha arna mbunú sa mhír sin.

Chun críocha chur chun feidhme phointe (f) d'Airteagal 30(1) den Rialachán Airgeadais, i ndáil leis an gcoinníoll go bhfuil leithreasuithe le bheith ar fáil le haghaidh an chuspóra chéanna, ní bheidh feidhm aige maidir le haistrithe den sórt sin. Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag aistrithe den sórt sin ach maidir leis an mbliain reatha nó leis na blianta amach anseo sa phlean airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4) den Rialachán seo maidir leis an leithdháileadh tosaigh ná le haistrithe acmhainní REACT-EU ina dhiaidh sin.

Cuirfear acmhainní REACT-EU chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste ar a ndéanfar iad a leithdháileadh nó ar chucu a ndéanfar iad a aistriú.

6.   Féadfar suas le 4 % d'iomlán acmhainní REACT-EU faoi CFRE agus CSE a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil, ar thionscnamh na mBallstát, faoi aon chlár oibríochtúil atá ann cheana a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ó CSE nó faoi chlár oibríochtúil nua nó faoi chláir oibríochtúla nua dá dtagraítear i mír 10.

Féadfar suas le 6 % d'acmhainní breise CFRE a leithdháiltear ar chlár um chomhar trasteorann faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh de bhun an dara fomhír de mhír 1 a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil.

7.   De mhaolú ar Airteagail 81(1) agus 134(1), 11 % d'acmhainní REACT-EU a leithdháiltear ar chláir le haghaidh na bliana 2021 a bheidh sa réamh-mhaoiniú tosaigh a íocfar tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lenar glacadh clár oibríochtúil nó lenar formheasadh an leasú ar chlár oibríochtúil le haghaidh leithdháileadh acmhainní REACT-EU.

Chun Airteagal 134(2) a chur i bhfeidhm i dtaca leis an réamh-mhaoiniú bliantúil sna blianta 2021, 2022 agus 2023, beidh acmhainní REACT-EU san áireamh i méid na tacaíochta ó na Cistí don chlár oibríochtúil ar feadh na clárthréimhse iomláine.

Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an dáta a dhúnfar an clár oibríochtúil.

8.   Úsáidfear acmhainní REACT-EU nach leithdháilfear ar chúnamh teicniúil faoin gcuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 chun tacú le hoibríochtaí lena ndéantar leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.

Féadfaidh na Ballstáit acmhainní REACT-EU a leithdháileadh ar ais tosaíochta ar leithligh amháin nó níos mó laistigh de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla atá ann cheana faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post nó laistigh de chlár nó de chláir um chomhar trasteorann atá ann cheana faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó ar chlár oibríochtúil nua nó ar chláir oibríochtúla nua dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. De mhaolú ar Airteagal 26(1), cumhdófar leis an gclár an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2022, faoi réir mhír 4 den Airteagal seo.

I gcás CFRE, úsáidfear acmhainní REACT-EU go príomha chun tacú le hinfheistíochtaí i dtáirgí agus i seirbhísí le haghaidh seirbhísí sláinte nó i mbonneagar sóisialta, chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm caipitil oibre nó i bhfoirm tacaíochta infheistíochta d'infheistíochtaí FBManna in earnálacha le hardacmhainneacht le haghaidh cruthú post, chun tacú le hinfheistíochtaí a chuirfidh leis an aistriú i dtreo geilleagar digiteach agus glas, chun tacú le infheistíochtaí i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh, agus chun tacú le bearta tacaíochta eacnamaíocha sna réigiúin is mó atá ag brath ar na hearnálacha is mó a ndearna géarchéim COVID-19 difear dóibh.

I gcás CSE, úsáidfear acmhainní REACT-EU go príomha chun tacú le rochtain ar an margadh saothair trí phoist fostaithe agus daoine féinfhostaithe a chothabháil, lena n-áirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama fiú amháin nuair nach ndéantar an tacaíocht sin a chomhcheangal le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, ach amháin má fhorchuirtear na bearta sin faoin dlí náisiúnta. Le hacmhainní REACT-EU, tacófar le cruthú post agus le fostaíocht ardcháilíochta, go háirithe le haghaidh daoine atá i staideanna leochaileacha, agus leathnófar bearta fostaíochta don aos óg i gcomhréir leis an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg. Le hinfheistíochtaí san oideachas, san oiliúint agus i bhforbairt scileanna, díreofar ar aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach.

Le hacmhainní REACT-EU, tacófar freisin le córais shóisialta a rannchuidíonn le bearta maidir le cuimsiú sóisialta, frith-idirdhealú agus díothú na bochtaineachta, ag díriú go háirithe ar bhochtaineacht leanaí agus feabhsófar rochtain chomhionann ar sheirbhísí sóisialta leasa ghinearálta, lena n-áirítear le haghaidh leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh eitneacha agus daoine gan dídean.

9.   Cé is móite den chúnamh teicniúil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus d'acmhainní REACT-EU a úsáidtear le haghaidh FEAD nó le haghaidh TFAO dá dtagraítear sa seachtú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, le hacmhainní REACT-EU, tacófar le hoibríochtaí faoin gcuspóir téamach nua 'Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar', rud a chomhlánaíonn na cuspóirí téamacha a leagtar amach in Airteagal 9.

Beidh an cuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil go heisiach le haghaidh chlársceidealú acmhainní REACT-EU. De mhaolú ar phointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 96(1) den Rialachán seo agus ar Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, ní dhéanfar é a chomhcheangal le tosaíochtaí infheistíochta eile.

An tosaíocht infheistíochta aonair le haghaidh chlársceidealú agus chur chun feidhme acmhainní REACT-EU ó CFRE agus ó CSE a bheidh sa chuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo freisin.

I gcás ina mbunófar ais tosaíochta amháin nó níos mó a chomhfhreagraíonn don chuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo laistigh de chlár oibríochtúil atá ann cheana, ní bheidh na heilimintí a liostaítear i bpointí (b)(v) agus (vii) d'Airteagal 96(2) den Rialachán seo agus i bpointí (b)(v) agus (vi) d'Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ag teastáil le haghaidh na tuairisce ar an ais tosaíochta sa chlár oibríochtúil athbhreithnithe.

Sa phlean maoinithe athbhreithnithe a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 96(2) den Rialachán seo agus i bpointe (d) d'Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, leagfar amach leithdháileadh acmhainní REACT-EU le haghaidh na bliana 2021 agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na bliana 2022 gan méideanna le haghaidh an chúlchiste feidhmíochta a shainaithint agus gan aon mhiondealú in aghaidh catagóir réigiún.

De mhaolú ar Airteagal 30(1) den Rialachán seo, beidh údar cuí le hiarrataí ar chlár a leasú arna dtíolacadh ag Ballstát, agus leagfar amach go háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus ar théarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leis na hiarrataí sin.

10.   De mhaolú ar Airteagal 26(4), féadfaidh na Ballstáit cláir oibríochtúla thiomnaithe nua faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a tharraingt suas faoin gcuspóir téamach nua dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo. Ní bheidh aon mheastóireacht ex ante mar a leagtar amach in Airteagal 55 ag teastáil.

De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 96(2), i gcás ina mbunófar clár oibríochtúil nua den sórt sin, leagfar amach san údar cuí an tionchar a mheastar a bheidh ag an gclár oibríochtúil ar leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus ar théarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.

I gcás ina mbunófar clár oibríochtúil nua den sórt sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach údaráis atá ainmnithe cheana faoi chláir oibríochtúla reatha a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó ESF agus ón gCiste Comhtháthaithe a shainaithint chun críocha phointe (a) d'Airteagal 96(5).

Ní bheidh na heilimintí a leagtar amach i bpointí (b)(v) agus (vii) den chéad fhomhír de mhír 2, i mír 4, i bpointí (b) agus (c) de mhír 6 agus i mír 7 d'Airteagal 96 ag teastáil le haghaidh clár oibríochtúil nua den sórt sin. Ní bheidh na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 96(3) ag teastáil ach i gcás ina soláthrófar tacaíocht chomhfhreagrach.

De mhaolú ar Airteagal 29(3) agus (4) agus Airteagal 30(2), déanfaidh an Coimisiún a dhícheall aon chlár oibríochtúil tiomnaithe nua nó aon leasú ar chlár atá ann cheana a fhormheas laistigh de 15 lá oibre tar éis do Bhallstát é a thíolacadh.

11.   De mhaolú ar Airteagal 65(2) agus (9), beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020.

12.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír d'Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe suas le 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an ais tosaíochta nó leis na haiseanna tosaíochta a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní REACT-EU atá clársceidealaithe faoin gcuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo. Anuas ar na comhtháscairí a leagtar amach sna rialacha Ciste-shonracha, bainfidh na Ballstáit úsáid freisin, i gcás inarb iomchuí, as táscairí COVID-19 clár-shonracha a chuireann an Coimisiún ar fáil.

De mhaolú ar Airteagail 56(3) agus 114 (2), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar meastóireacht amháin ar a laghad ar úsáid acmhainní REACT-EU faoin 31 Nollaig 2024 chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht, a dtionchar agus, i gcás inarb infheidhme, a gcuimsitheacht agus a neamh-idirdhealú, lena n-áirítear ó thaobh ghné na hinscne de, agus an chaoi ar rannchuidigh siad leis an gcuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo.

13.   Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hacmhainní REACT-EU:

(a)

ceanglais maidir le díriú téamach lena n-áirítear tairsí arna mbunú le haghaidh forbairt inbhuanaithe uirbeach mar a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna rialacha Ciste-shonracha, de mhaolú ar Airteagal 18;

(b)

coinníollachtaí ex ante, de mhaolú ar Airteagal 19 agus ar na rialacha Ciste-shonracha;

(c)

ceanglais maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta agus cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta, de mhaolú ar Airteagail 20 agus 22, faoi seach;

(d)

Airteagal 65(6) i gcás oibríochtaí ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 agus lena ndéantar leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar a fhaigheann tacaíocht faoin gcuspóir téamach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 9 den Airteagal seo;

(e)

ceanglais maidir le straitéis chumarsáide a ullmhú, de mhaolú ar Airteagal 116 agus ar phointe (a) d'Airteagal 115(1).

De mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní REACT-EU faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, beidh comhar tairbhithe in dhá réimse ar a laghad leordhóthanach.

14.   Agus a gcuid freagrachtaí atá nasctha le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht á gcomhlíonadh acu i gcomhréir le hAirteagal 115(1) agus (3) agus le hIarscríbhinn XII, áiritheoidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta go mbeidh tairbhithe ionchasacha, tairbhithe, rannpháirtithe, faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi acmhainní REACT-EU a bheith ann, faoina méid agus faoin tacaíocht bhreise a eascraíonn astu.

Cuirfidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta in iúl go soiléir do na saoránaigh go bhfuil an oibríocht i dtrácht á maoiniú mar chuid de fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 agus áiritheoidh siad trédhearcacht iomlán, agus leas á bhaint as na meáin shóisialta i gcás inarb iomchuí.

Maidir leis na tagairtí do 'Ciste', 'Cistí' nó 'Cistí SIE' i Roinn 2.2 d'Iarscríbhinn XII, comhlánfar iad le tagairt do 'a chistítear mar chuid de fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19', i gcás ina soláthraítear tacaíocht airgeadais d'oibríochtaí ó acmhainní REACT-EU.

(*1)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 23). ”;"

2.

in Airteagal 154, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag Airteagail 92a ná 92b maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe. Le tagairtí do Bhallstáit sna forálacha sin, tuigfear nach tagairtí don Ríocht Aontaithe iad.”;

3.

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn VIIa.

Airteagal 2

Soláthróidh an Coimisiún meastóireacht ar REACT-EU do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 31 Márta 2025. Sa mheastóireacht sin, beidh faisnéis faoi bhaint amach chuspóirí REACT-EU, faoi éifeachtacht úsáid acmhainní REACT-EU, faoi na cineálacha gníomhaíochtaí arna maoiniú, faoi thairbhithe agus faighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, agus faoin mbreisluach Eorpach a bhaineann leis i ndáil le cuidiú leis an téarnamh eacnamaíoch.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 272, 17.8.2020, lch. 1.

(2)  Tuairim an 14 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2020.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(6)  Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).

(7)  Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 23).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(12)  Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VIIa

AN MHODHEOLAÍOCHT MAIDIR LE HACMHAINNÍ REACT-EU A LEITHDHÁILEADH – AIRTEAGAL 92B(4)

Modh leithdháilte le haghaidh acmhainní REACT-EU

Leithdháilfear acmhainní REACT-EU ar na Ballstáit de réir na modheolaíochta seo a leanas:

1.

Déanfar sciar sealadach gach Ballstáit ó acmhainní REACT-EU a chinneadh mar shuim ualaithe na sciartha arna gcinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar a léirítear:

(a)

Faoi fhachtóir OTI (ualú 2/3) arna chinneadh trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

sciar gach Ballstáit de lánchaillteanas fíor-OTI arna choigeartú go séasúrach arna shloinneadh in EUR idir an chéad seimeastar de 2019 agus deireadh na tréimhse tagartha is infheidhme le haghaidh gach Ballstáit a measadh;

(ii)

coigeartú ar na sciartha arna bhfáil faoi phointe (i) trí iad a roinnt le ONI per capita an Bhallstáit arna shloinneadh mar chéatadán de mheán-ONI per capita AE-27 (meán arna shloinneadh mar 100 %).

(b)

Faoi fhachtóir dífhostaíochta (ualú 2/9) arna shloinneadh mar mheán ualaithe an mhéid seo a leanas:

(i)

sciar an Bhallstáit de líon iomlán na ndaoine dífhostaithe (ualú 3/4) maidir le gach Ballstát a measadh i mí Eanáir 2020 agus

(ii)

sciar an Bhallstáit den mhéadú iomlán i líon na ndaoine dífhostaithe (ualú 1/4) idir mí Eanáir 2020 agus deireadh na tréimhse tagartha is infheidhme maidir le gach Ballstáit a measadh.

(c)

Faoi fhachtóir dífhostaíochta i measc na hóige (ualú 1/9) arna shloinneadh mar mheán an mhéid seo a leanas:

(i)

sciar an Bhallstáit de líon iomlán na ndaoine óga dífhostaithe (ualú 3/4) maidir le gach Ballstát a measadh i mí Eanáir 2020 agus

(ii)

sciar an Bhallstáit den mhéadú iomlán i líon na ndaoine óga dífhostaithe (ualú 1/4) idir mí Eanáir 2020 agus an tréimhse thagartha is infheidhme maidir le gach Ballstáit a measadh.

I gcás ina bhfuil fíor-OTI an Bhallstáit arna choigeartú go séasúrach agus arna shloinneadh in EUR le haghaidh na tréimhse tagartha is infheidhme níos airde ná mar a bhí sa chéad seimeastar de 2019, fágfar sonraí an Bhallstáit sin as an áireamh sna ríomhanna i bpointe (a)(i).

I gcás ina bhfuil líon na ndaoine dífhostaithe (san aoisghrúpa 15 go 74) nó líon na ndaoine óga dífhostaithe (san aoisghrúpa 15 go 24) sa Bhallstát le haghaidh na tréimhse tagartha is infheidhme níos lú ná mar a bhí i mí Eanáir 2020, fágfar sonraí an Bhallstáit sin as an áireamh sna ríomhanna i bpointí (b)(ii) agus (c)(ii).

2.

Ní bheidh mar thoradh ar na rialacha a leagtar amach i mír 1 leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit atá níos airde ná an méid seo a leanas le haghaidh na tréimhse iomláine ó 2021 go 2022:

(a)

maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán-ONI per capita (in CCC) níos airde acu ná 109 % de mheán AE-27 le haghaidh na tréimhse 2015-2017: 0,07 % dá bhfíor-OTI ó 2019;

(b)

maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán-ONI per capita (in CCC) acu atá cothrom le nó níos lú ná 90 % de mheán AE-27 le haghaidh na tréimhse 2015-2017: 2,60 % dá bhfíor-OTI ó 2019;

(c)

maidir leis na Ballstáit a bhfuil meán-ONI per capita (in CCC) níos airde acu ná 90 % agus cothrom le nó níos lú ná 109 % de mheán AE-27 le haghaidh na tréimhse 2015-2017: faightear an céatadán le hidirshuíomh líneach idir 0,07 % agus 2,60 % dá bhfíor-OTI ó 2019, as a n-eascraíonn laghdú comhréireach ar an gcéatadán uasteorannaithe i gcomhréir leis an méadú ar rathúnas.

Déantar na méideanna a théann thar an leibhéal a leagtar amach i bpointí (a) go (c) in aghaidh an Bhallstáit a athdháileadh go comhréireach chuig leithdháiltí gach Ballstáit eile a bhfuil meán-ONI per capita acu (in CCC) atá faoi 100 % de mheán AE-27. Is é ONI per capita (in CCC) le haghaidh na tréimhse 2015-2017 an ceann a úsáidtear le haghaidh beartas comhtháthaithe i gcaibidlíocht CAI 2021-2027.

3.

Chun dáileadh acmhainní REACT-EU le haghaidh na bliana 2021 a ríomh:

(a)

le haghaidh OTI, is é an chéad seimeastar de 2020 a bheidh sa tréimhse thagartha;

(b)

le haghaidh líon na ndaoine dífhostaithe agus líon na ndaoine óga dífhostaithe, is é an meán ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa 2020 a bheidh sa tréimhse thagartha;

(c)

déantar an leithdháileadh uasta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 2 a iolrú faoi sciar acmhainní REACT-EU le haghaidh na bliana 2021 in iomlán acmhainní REACT-EU le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022.

Sula gcuirfear an modh a dtugtar tuairisc air i míreanna 1 agus 2 agus a bhaineann le hacmhainní REACT-EU don bhliain 2021 i bhfeidhm, déanfar méid EUR 100 000 000 agus EUR 50 000 000 a leithdháileadh ar Lucsamburg agus ar Mhálta, faoi seach.

Ina theannta sin, déanfar méid a fhreagraíonn do dhéine cabhrach de EUR 30 in aghaidh an áitritheora a leithdháileadh ar na réigiúin leibhéal NUTS 2 is forimeallaí ón leithdháileadh. Déanfar an leithdháileadh sin a dháileadh in aghaidh an réigiúin agus an Bhallstáit ar bhealach a bheidh comhréireach le daonra iomlán na réigiún sin. Cuirfear an leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí leis an leithdháileadh a fhaigheann gach réigiún is forimeallaí trí dháileadh an bhuiséid náisiúnta.

Déanfar an méid a bheidh fágtha le haghaidh na bliana 2021 a dháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modh a dtugtar tuairisc air i míreanna 1 agus 2.

4.

Chun dáileadh acmhainní REACT-EU le haghaidh na bliana 2022 a ríomh:

(a)

le haghaidh OTI, is é an chéad seimeastar de 2021 a bheidh sa tréimhse thagartha;

(b)

le haghaidh líon na ndaoine dífhostaithe agus líon na ndaoine óga dífhostaithe, is é an meán ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa 2021 a bheidh sa tréimhse thagartha;

(c)

déantar an leithdháileadh uasta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 2 a iolrú faoi sciar acmhainní REACT-EU le haghaidh na bliana 2022 in iomlán acmhainní REACT-EU le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022.

”.