21.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/1


RIALACHÁN (AE) 2020/2170 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“An Comhaontú um Tharraing Siar”) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

In Airteagal 4 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (an “Prótacal”) athdhearbhaítear gur cuid de críoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann, agus nach gcuireann aon ní sa Phrótacal cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chuimsiú i raon críochach a Sceideal Lamháltas atá i gceangal leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (GATT 1994).

(3)

Aon tagairt do chríoch chustaim an Aontais sna forálacha is infheidhme den Phrótacal nó sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann leis an bPrótacal, foráiltear le hAirteagal 13(1) den Phrótacal, d’ainneoin aon fhorálacha eile den Phrótacal, go léifear í mar a bheadh críoch talún Thuaisceart Éireann san áireamh.

(4)

Faoi Airteagal 5(3) den Phrótacal, tá feidhm ag reachtaíocht chustaim an Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe 2 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Is éard is brí leis na forálacha sin, arna léamh i dteannta leis an gcéad agus an dara fomhír d’Airteagal 5(1) den Phrótacal a mhéid a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, go mbeadh feidhm ag bearta taraife an Aontais, lena n-áirítear cuótaí rátaí taraife faoin gComhtharaif Chustaim nó faoi chomhaontaithe idirnáisiúnta ábhartha, maidir leis na hearraí sin i gcás ina meastar go bhfuil baol ann go n-aistreofar na hearraí sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Áirítear ar na cuótaí rátaí taraife sin cuótaí rátaí taraife i sceidil ceangaltas an Aontais faoi GATT 1994, cuótaí rátaí taraife arna n-aontú i gcomhaontuithe déthaobhacha idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear cuótaí maolaithe tionscnaimh, cuótaí rátaí taraife ar allmhairí faoi chórais cosanta trádála an Aontais, cuótaí rátaí taraife uathrialacha eile, agus cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe le tríú tíortha.

(5)

Faoi Airteagal 5(4) den Phrótacal, tá feidhm freisin ag dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Áirítear san Iarscríbhinn sin reachtaíocht an Aontais lena ndéantar foráil maidir le cuótaí áirithe ar allmhairí.

(6)

Ní eascraíonn cearta agus oibleagáidí do thríú tíortha as na socruithe déthaobhacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal. Dá réir sin, aon allmhairí de bhun cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó de bhun cuótaí eile ar allmhairí a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí de thionscnamh tríú tír a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann, ní féidir iad a áireamh mar chuid de chearta an tríú tír sin i leith an Aontais, mura gcomhaontóidh an tríú tír. Baineann riosca d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais agus do shláine an Chomhbheartais Tráchtála leis an staid sin tríd an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfaí sárú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais nó ar chuótaí eile ar allmhairí.

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin, níor cheart cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí agus cuótaí eile ar allmhairí a bheith ar fáil ach d’earraí a allmhairítear agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas agus ní i dTuaisceart Éireann.

(8)

Aon chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír lena ndéantar foráil le haghaidh cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí, níl feidhm aige ach maidir le hearraí a allmhairítear isteach san Aontas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tríú tír sin diúltú ceadúnais onnmhairithe a eisiúint le haghaidh allmhairí díreacha isteach i dTuaisceart Éireann.

(9)

De bhua Airteagal 5(3) agus (4) den Phrótacal i gcomhar le hAirteagal 13(3) de, tá feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Earraí a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas, ní bheifear in ann caitheamh leo de bhun cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó cuótaí eile ar allmhairí nó de bhun cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí arna gcur i bhfeidhm ag tríú tíortha ach amháin má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht sna críocha seo a leanas:

críoch Ríocht na Beilge,

críoch Phoblacht na Bulgáire,

críoch Phoblacht na Seice,

críoch Ríocht na Danmhairge, cé is moite d’Oileáin Fharó agus den Ghraonlainn,

críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, cé is moite d’Oileán Heligoland agus de chríoch Büsingen (Conradh an 23 Samhain 1964 idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Cónaidhm na hEilvéise),

críoch Phoblacht na hEastóine,

críoch na hÉireann,

críoch na Poblachta Heilléanaí,

críoch Ríocht na Spáinne, cé is moite de Ceuta agus de Melilla,

críoch Phoblacht na Fraince, cé is moite de thíortha agus de chríocha thar lear na Fraince a bhfuil feidhm ag forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, ach lena n-áirítear críoch Mhonacó mar a shainmhínítear í sa Choinbhinsiún Custaim a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1963 (Journal officiel de la République française an 27 Meán Fómhair 1963, lch. 8679),

críoch Phoblacht na Cróite,

críoch Phoblacht na hIodáile, cé is moite de bhardas Livigno,

críoch Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le forálacha Ionstraim Aontachais 2003,

críoch Phoblacht na Laitvia,

críoch Phoblacht na Liotuáine,

críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg,

críoch na hUngáire,

críoch Mhálta,

críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip,

críoch Phoblacht na hOstaire,

críoch Phoblacht na Polainne,

críoch Phoblacht na Portaingéile,

críoch na Rómáine,

críoch Phoblacht na Slóivéine,

críoch Phoblacht na Slóvaice,

críoch Phoblacht na Fionlainne,

críoch Ríocht na Sualainne, agus

críoch Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe mar a shainmhínítear iad sa Chonradh maidir le Bunú Phoblacht na Cipire, a síníodh sa Niocóis an 16 Lúnasa 1960.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2020.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).