18.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/1


RIALACHÁN (AE) 2020/2131 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó agus is doimhne ar domhan ag an Aontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (na “Stáit Aontaithe”) agus tá a ngeilleagair comhtháite go mór. Luach os cionn EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana atá ar an trádáil in earraí agus seirbhísí sa dá threo eatarthu, arb ionann é agus thart ar EUR 3 000 mhilliún euro in aghaidh an lae. Tá an dlúthchaidreamh trádála agus infheistíochta sin tairbhiúil le haghaidh custaiméirí, oibrithe, gnólachtaí agus infheisteoirí.

(2)

Tá an tAontas tiomanta feabhas a chur ar a chaidreamh trádála agus infheistíochta leis na Stáit Aontaithe. Áirítear leis sin bealaí nua a aimsiú chun feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála déthaobhach, aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála agus díospóidí trádála leanúnacha a réiteach. Ionas nach gcuirfear isteach a thuilleadh ar an gcaidreamh trádála sin, ba cheart na dleachtanna custaim a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar allmhairí a dhíchur le haghaidh líon teoranta earraí ar feadh tréimhse 5 bliana ar bhonn erga omnes.

(3)

Ba cheart díchur dleachtanna custaim a bheith faoi réir an fhógra ó na Stáit Aontaithe maidir le dleachtanna custaim a laghdú ar líon roghnaithe earraí a chur chun feidhme go héifeachtach agus faoi réir staonadh na Stát Aontaithe ó bhearta nua a thabhairt isteach a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de na cuspóirí atá á saothrú leis an gComhráiteas ó na Stáit Aontaithe agus ón Aontas Eorpach an 21 Lúnasa 2020 maidir le Comhaontú um Thairifí (an “Comhráiteas”) (2),

(4)

Ba cheart feidhm a bheith ag díchur dleachtanna custaim ón dáta céanna le cur chun feidhme éifeachtach an fhógra ó na Stáit Aontaithe maidir lena ndleachtanna custaim ar líon roghnaithe earraí a laghdú, eadhon ón 1 Lúnasa 2020.

(5)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón bParlaimint agus ón gComhairle (3).

(6)

I bhfianaise a phráinní atá sé aon chur isteach eile ar an gcaidreamh trádála idir an Aontas agus na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Ar an gcúis chéanna, meastar gurb iomchuí chomh maith foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Díchur dleachtanna custaim

0 % (saor ó dhleacht) a bheidh i ndleachtanna custaim allmhairiúcháin faoin gComhtharaif Chustaim is infheidhme le haghaidh na n-earraí a aicmítear sna línte taraife a liostaítear i Roinn I den Iarscríbhinn ar bhonn erga omnes.

Airteagal 2

Na coinníollacha chun dleachtanna custaim a dhíchur

Díchur na ndleachtanna custaim le haghaidh na n-earraí a aicmítear sna línte taraife a liostaítear i Roinn I den Iarscríbhinn, beidh sé faoi réir na coinníollacha seo a leanas:

(a)

na Stáit Aontaithe do laghdú dleachtanna custaim ar bhonn erga omnes le haghaidh na n-earraí a aicmítear sna línte taraife a liostaítear i Roinn II den Iarscríbhinn; agus

(b)

na Stáit Aontaithe do staonadh ó bhearta nua a thabhairt isteach i gcoinne an Aontais a bhaineann an bonn de na cuspóirí atá á saothrú leis an gComhráiteas.

Airteagal 3

Fionraí sealadach

Mura gcomhlíonann na Stáit Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, nó má tá dóthain fianaise ann faoi mhainneachtain thodhchaí na Stát Aontaithe na coinníollacha sin a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar díchur dleachtanna custaim dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Airteagal 4

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Lúnasa 2020 go dtí an 31 Iúil 2025.

3.   Foilseoidh an Coimisiún fógra fionraí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí de bhun Airteagal 3 nó i gcás ina scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige roimh an 31 Iúil 2025.

4.   Arna iarraidh sin do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, aisíocfaidh údaráis chustaim náisiúnta na mBallstát lena mbaineann aon dleachtanna arna n-íoc de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh allmhairí ó na Stáit Aontaithe idir an 1 Lúnasa 2020 agus an 18 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2020.

(2)  Féach doiciméad ST 12652/20 ar http://register.consilium.europa.eu

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuid I (Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh)

Cód CN

Tuairisc

0306 11 90

Gliomaigh charraige reoite agus piardóga farraige eile, Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp., fiú agus iad deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n-áirítear iad sin sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce (cé is moite d’eireabaill piardóg)

0306 12 10

Gliomaigh reoite Homarus spp., iad iomlán, fiú agus iad deataithe nó cócaráilte le gal nó beirithe in uisce

0306 12 90

Gliomaigh reoite Homarus spp., fiú agus iad deataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, lena n-áirítear gliomaigh sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce (cé is moite de ghliomaigh ina n-iomláine)

0306 32 10

Gliomaigh bheo Homarus spp.

Cuid II (Taraif Chustaim na Stát Aontaithe)

Cód Taraife

Tuairisc

Taraif an Náisiúin Barrfhabhair atá ann cheana

Ráta Nua an Náisiúin Barrfhabhair

1604 20 05

Táirgí a bhfuil feoil crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile iontu, béilí ullmhaithe

10 %

5 %

7013 41 50

Earraí gloine chun críocha boird nó cistine (cé is moite de ghloiní óil), iad déanta as criostal luaidhe, dar luach is mó ná USD 5 an ceann

6 %

3 %

3214 90 50

Ullmhóidí neamh-theasfhulangacha le haghaidh dromchlú aghaidheanna, ballaí faoi dhíon, urlár, síleálacha nó a leithéidí, nach bhfuil bunaithe ar rubar

6,5 %

3,25 %

3601 00 00

Púdair thiomántacha

6,5 %

3,25 %

9613 10 00

Lastóirí toitíní agus lastóirí comhchosúla, iad breoslaithe le gás, nach féidir a athlíonadh, le haghaidh an phóca

8 %

4 %

9613 90 80

Páirteanna le haghaidh lastóirí toitíní neamhleictreacha agus lastóirí comhchosúla

8 %

4 %