30.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 400/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le laghdú acmhainne iascaireachta i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt (“Plean Ilbhliantúil Baltach”). Tá an Plean Ilbhliantúil Baltach le cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme chun a áirithiú go n-íoslaghdófar tionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí. Tá an Plean Ilbhliantúil Baltach le bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe le cuspóir an dea-stádais comhshaoil sa chomhshaol muirí a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

A mhéid a bhaineann leis an díolúine ard-inmharthanachta, ba cheart feidhm a bheith freisin, maidir le bradáin Atlantacha (Salmon salar), ag forálacha an Phlean Ilbhliantúil Bhaltaigh i dtaca le glacadh sonraí maidir le cur chun feidhme, in uiscí an Aontais i Muir Bhailt, na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(3)

De réir an mheasúnaithe eolaíoch arna ndéanamh ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), is iomaí speiceas agus gnáthóg atá ag streachailt i Muir Bhailt. Is mó na hionchuir bhliantúla cothaitheacha fós ná na spriocanna a comhaontaíodh ar bhonn réigiúnach i lár Mhuir Bhailt, i Muir an Oileánra agus i Murascaill na Fionlainne. Tá tiúchana cothaitheach go measartha ard fós agus tá méid na limistéar domhainuisce atá gann in ocsaigin nó atá gan ocsaigin ar chor ar bith ard fós freisin. Tá leibhéil na n-éilleán ard fós i gcomparáid le formhór na bhfarraigí san Eoraip. Téann an riocht sin ina bhfuil an comhshaol i bhfeidhm ar fheidhmiúlacht na bia-eangaí, laghdaíonn siad athléimneacht agus frithsheasmhacht in aghaidh tuilleadh athruithe comhshaoil, agus is amhlaidh is lú deiseanna a bheidh ann do leasanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear deiseanna iascaireachta.

(4)

Meastar go bhfuil baint ag an scéal sin leis an meath atá ag teacht ar throisc Mhuir Bhailt Thoir (Gadus morhua). De réir an ICES, tá bithmhais íseal nach bhfuil inbhuanaithe ag cur as do stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir de dheasca meascán de na nithe seo: earcaíocht an éisc atá ag dul i laghad, infhaighteacht íseal na speiceas creiche, fachtóirí comhshaoil agus athruithe san éiceachóras - amhail ídiú ocsaigine, teocht nó truailliú méadaithe - arb iad is cúis le básmhaireacht ard nádúrtha atá thart ar a thrí oiread níos mó ná an bhásmhaireacht san iascaireacht, agus básmhaireacht iomarcach san iascaireacht de bharr stádas an stoic. Faoi láthair, tá bithmhais throisc Mhuir Bhailt Thoir atá ar mhéid tráchtála ar an leibhéal is ísle dár breathnaíodh ó bhí na 1950idí ann. Thairis sin, mheas ICES go bhfanfadh bithmhais stoic sceite de throisc Mhuir Bhailt Thoir faoin bpointe tagartha inbhuanaitheachta sa mheántéarma (go dtí 2024) fiú mura ndéanfar aon iascaireacht in aon chor agus, dá bharr sin ina chomhairle faoi stoc do 2020, mhol sé gan aon ghabhálacha a dhéanamh.

(5)

Ceanglaítear leis an bPlean Ilbhliantúil Baltach, i gcás ina léirítear de réir comhairle eolaíoch go bhfuil stoc faoi bhagairt, go nglacfar bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear laghdú ar deiseanna iascaireachta agus ar bhearta sonracha caomhnaithe, agus go bhfuil na bearta sin le gach beart iomchuí eile a fhorlíonadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach spriocdhírithe an stoic a fhionraí agus laghdú leordhóthanach ar na deiseanna iascaireachta. Roghnófar na bearta sin i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide.

(6)

Bunaithe ar an measúnú a rinneadh ar stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1248 (6), lena dtoirmisceadh ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais troisc a iascach i bhForanna 24, 25 agus 26 d’ICES go dtí an 31 Nollaig 2019. Bhí tionchar suntasach ag an toirmeasc sin ar réigiún Mhuir Bhailt Thoir, go háirithe ar earnáil na hiascaireachta mionscála. Bhí tionchar freisin aige ar iascaigh Bhailt Thiar.

(7)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle (7) do laghdú 92 % ar na deiseanna iascaireachta do 2020 i gcomparáid le 2019 do throisc Mhuir Bhailt Thoir, rud atá riachtanach agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus cuireann sé teorainn ar úsáid na gabhála iomláine incheadaithe (“TAC”) sa chaoi is nach mbeidh ceadmhach ach foghabhálacha, agus iad sin amháin. Dá bhrí sin, ní cheadaítear aon iascaireacht spriocdhírithe ar an stoc sin. Ceadaítear oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíochta chun na treochtaí sa bithmhais stoic a leanúint. Ós rud é gur troisc Mhuir Bhailt Thoir is mó atá i bhForoinn 24 d’ICES, teorannaíodh úsáid TAC le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar i bhForoinn 24 d’ICES freisin d’fhoghabhálacha trosc.

(8)

Maidir leis na cabhlaigh iascaireachta atá ag brath faoi láthair ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, níl an deis acu iascaireacht a dhéanamh ar stoic eile mar mhalairt. Meastar go mbeadh gá le speicis eile a ghabháil, speicis a mbeadh thart ar 20 000 tona de mheáchan iontu, chun na caillteanais eacnamaíocha a bheidh ann de dheasca dhúnadh iascach throisc Mhuir Bhailt Thoir a fhrithchúiteamh. Foráiltear le Rialachán (AE) 2019/1838, áfach, do laghduithe móra le haghaidh stoic eile do 2020, go háirithe i gcás throisc Mhuir Bhailt Thiar, a mbeidh laghdú 60 % ina leith, agus i gcás scadáin Mhuir Bhailt Thiar (Clupea harengus), a mbeidh laghdú 65 % i dtaca leis an stoc thiar agus laghdú 27 % i Murascaill na Boitnia.

(9)

Maidir leis na ranna cabhlaigh is mó atá ag brath ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, léirítear le hanailís gur mó ná 300 soitheach atá sna ranna sin agus gur trálaeir agus báid eangach sa Liotuáin, sa Laitvia agus sa Pholainn, agus ar bhonn níos lú, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin atá iontu go príomha. Tá tábhacht mhór shocheacnamaíoch ag baint leis na ranna cabhlaigh sin, arb ionann iad agus idir thart ar 20 % agus 50 % de chabhlaigh náisiúnta na Liotuáine, na Laitvia agus na Polainne faoi seach, arna sloinneadh i gcoibhéisí lánaimseartha. Is cosúil nach bhféadfadh ach mionlach de ranna cabhlaigh teacht slán as an iascach a bheith dúnta ar feadh tréimhse ghearrthéarmach ach ba bhaol dóibh é a bheith dúnta ar feadh tréimhse mheántéarmach nó fhadtéarmach. Chomh fada leis an gcuid eile de, tá siadsan ag streachailt cheana féin sa chruachás a bhfuil siad ann, ar cruachás é a rachaidh in olcas de dheasca dhúnadh an iascaigh, é sin nó ní bheidh aon bhrabús ann dóibh níos mó. Go deimhin, is faoi bhun 60 % a bhí glacadh an chuóta i gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir ar feadh blianta fada agus b’ísle ná sin in 2018 é nuair a thit sé go 40 % ach b’ísle fós é in 2019; bhí glacadh an chuóta ag 19 % go dtí gur thosaigh bearta éigeandála an Choimisiúin i lár mhí Iúil 2019, rud a fhágann gur léir go bhfuil fadhb bhitheolaíoch ag baint leis an iascach sin. De bharr nach bhfuiltear ag súil leis go mbeidh troisc Mhuir Bhailt Thoir ar ais ar leibhéal sláintiúil líonmhaireachta sa mheántéarma fiú amháin, beidh éagothroime leanúnach struchtúrach ann do na ranna cabhlaigh sin lena mbaineann, rud a fhágann go bhfuil bonn cirt le hathstruchtúrú an chabhlaigh.

(10)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a dhéanfar athstruchtúrú ar na cabhlaigh, rialachán lena gceanglaítear ar Bhallstáit bearta a chur i bhfeidhm chun acmhainn iascaireachta a gcabhlach a chur in oiriúint do na deiseanna iascaireachta atá acu in imeacht ama agus chuige sin, cuirfidh siad treochtaí san áireamh agus é bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr chun go mbainfí cothroime chobhsaí leanúnach amach eatarthu. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit tuarascáil ina measfar an chothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus a gcuid deiseanna iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. I gcás ina léireofar go soiléir sa mheasúnú nach bhfuil cothroime éifeachtach ann idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta, ní mór don Bhallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta do na ranna cabhlaigh inar aithníodh ró-acmhainn struchtúrach a ullmhú agus a chur san áireamh ina thuarascáil.

(11)

I ndearbhú polaitiúil ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le teorainneacha gabhála 2020 i Muir Bhailt, dhearbhaigh na Ballstáit lena mbaineann, i gcás inar gá dóibh laghdú a dhéanamh ar acmhainn iascaireachta an chabhlaigh chun bainistiú a dhéanamh ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha díobhálacha a ghabhann le meath na n-iascach, dhearbhaigh siad go gcuirfidís plean gníomhaíochta i láthair an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. An 17 Deireadh Fómhair 2019, d’aithin na Ballstáit lena mbaineann freisin go bhfuil sé tábhachtach, i bhfianaise an ghá atá ann laghdú a dhéanamh ar acmhainn iascaireachta an chabhlaigh, nach dtabharfaí cabhair phoiblí le haghaidh infheistíochtaí in acmhainn bhreise iascaireachta. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a dtuarascálacha bliantúla maidir le hacmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta a sheoladh chuig an gCoimisiún nó leasuithe ar na tuarascálacha sin ag aon am chun plean gníomhaíochta den sórt sin a thabhairt isteach nó a leasú.

(12)

Sna blianta 2015 go 2019, níor cheart do leibhéil acmhainne iascaireachta na mBallstát sin a bhfuil bearta scoir bhuain á gcur chun feidhme acu i ranna cabhlaigh a dhírigh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, ar throisc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar (“na trí stoc lena mbaineann”), meánleibhéil acmhainne iascaireachta na soithí a bhfuil deiseanna iascaireachta acu le haghaidh na dtrí stoc lena mbaineann a shárú. Ba cheart, ar mhaithe le hathbhunú na dtrí stoc lena mbaineann, na leibhéil acmhainne iascaireachta sin a laghdú nuair a tharraingítear siar soithí a fhaigheann cabhair phoiblí. Ba cheart do na Ballstáit sin a áirithiú nach féidir soithí ó ranna cabhlaigh eile a aistriú chuig na ranna cabhlaigh a bhíonn ag iascach aon cheann de na trí stoc lena mbaineann trí leithdháileadh acmhainne iascaireachta ar na grúpaí soithí sin a sheachaint ar feadh 5 bliana tar éis dáta an tarraingt siar, nó sula mbeidh an stoc lena mbaineann os cionn MSY Btrigger ar feadh tréimhse 3 bliana, cibé acu is túisce. Chun a áirithiú nach sáraítear na leibhéil acmhainne iascaireachta, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina leibhéal acmhainne iascaireachta tosaigh agus aon athrú a dhéanfar air.

(13)

I bhfianaise drochbhail na dtrí stoc lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar fhaireachán agus ar rialú soithí ag a bhfuil cuóta foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir nó le deiseanna iascaireachta le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar nó le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar. Ina theannta sin, maidir leis an gcainníocht tairsí a bhfuil soitheach iascaireachta faoi cheangal réamhfhógra a thabhairt faoi thabhairt i dtír a ghabhálacha agus faoi cheangal a ghabhálacha a thabhairt i dtír in áit shonrach, ba cheart an chainníocht tairsí sin a laghdú go 250 cileagraim do throisc Mhuir Bhailt Thoir agus troisc Mhuir Bhailt Thiar.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1139 a leasú dá réir.

(15)

D’eisigh ICES measúnú anailíseach ar stoc throisc Bhailt Thoir, ach níorbh fhéidir leis raonta básmhaireachta iascaireachta ná pointí tagartha éagsúla a sholáthar de dheasca easpa sonraí is gá. Dá bhrí sin, ba cheart feabhas a chur ar bhailiú sonraí.

(16)

Foráiltear leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) do scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta, go dtí an 31 Nollaig 2017, mar uirlis chun ró-acmhainn struchtúrach a aithnítear a laghdú. I gcás inar aithin na Ballstáit éagothroime struchtúrach, cuireadh ar a gcumas dóibh, leis an bplean gníomhaíochta a rinneadh de dheasca na héagothroime sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur san áireamh chun cuspóirí an phlean a bhaint amach.

(17)

Chun maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha atá thar a bheith díobhálach do na pobail agus na gnólachtaí a bhíonn ag iascaireacht de dheasca staid leanúnach agus dhiúltach an chomhshaoil i Muir Bhailt agus ar na laghduithe móra a bheidh ar na deiseanna iascaireachta de dheasca na staide sin agus i bhfianaise na mbeart sonrach dá bhforáiltear sa Phlean Ilbhliantúil Baltach, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil chun go bhféadfar scor go buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit cuspóirí a bpleananna gníomhaíochta a bhaint amach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus aon éagothroime struchtúrach a aithnítear sna ranna cabhlaigh lena mbaineann a laghdú. Ba cheart mar sin Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir chun tacaíocht a thabhairt isteach arís don scor buan i gcás na soithí sna ranna cabhlaigh lena mbaineann.

(18)

Chun a áirithiú go mbeidh an t-oiriúnú struchtúrach a dhéanfar ar chabhlaigh i Muir Bhailt comhchuí leis na cuspóirí caomhnúcháin a leagtar síos sa Phlean Ilbhliantúil Baltach, ba cheart don tacaíocht do scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt sna ranna cabhlaigh lena mbaineann a bheith dianchoinníollach ar chomhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus ar chomhlíonadh uasteorainneacha sonracha iascaireachta na ranna iascaireachta lena mbaineann.

(19)

Ó tharla go bhfuil an t-éiceachóras i Muir Bhailt leochaileach, níor cheart go ndeonófaí tacaíocht do scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta chun soithí iascaireachta a iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí seachas an iascaireacht tráchtála, ar nós na hiascaireachta áineasa, ar an ábhar go bhféadfadh sé drochthionchar a imirt ar an éiceachóras. Dá bhrí sin, níor cheart an tacaíocht a dheonú ach amháin chun soithí iascaireachta a dhiúscairt.

(20)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nach gcuirfear acmhainn iascaireachta nua in ionad na hacmhainne iascaireachta a chomhfhreagraíonn do na soithí iascaireachta a tarraingíodh siar le cabhair phoiblí. Thairis sin, foráiltear leis an Rialachán sin go ndéanfar iontráil acmhainne iascaireachta nua sa chabhlach gan chabhair phoiblí a chúiteamh le tarraingt siar roimhe sin acmhainne iascaireachta gan chabhair phoiblí den mhéid céanna ar a laghad.

(21)

Ós rud é gur féidir tacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chur ar fáil go dtí deireadh 2023, ba cheart an tuarascáil bhliantúil deiridh ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil a thíolacadh faoin 31 Bealtaine 2024. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir.

(22)

I bhfianaise an chruacháis eacnamaíoch ina bhfuil soithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar na trí stoc lena mbaineann agus an ghá atá lena áirithiú go mbeidh tacaíocht faoi CEMI ar fáil le haghaidh scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí sin in 2020, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“(3)   Sonraítear sa Rialachán seo freisin mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais i Muir Bhailt i gcás bhradán an Atlantaigh (Salmon salar) i bhForanna 22-32 d’ICES.”;

(2)

in Airteagal 7(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le bradán an Atlantaigh, áfach, beidh na cumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún faoin gcéad fhomhír teoranta do na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin.”;

(3)

cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL VIA

LAGHDÚ ACMHAINNE IASCAIREACHTA

Airteagal 8a

Laghdú acmhainne iascaireachta le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar

1.   Maidir le Ballstáit a ghlac plean gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 le haghaidh ranna cabhlaigh ina bhfuil soithí iascaireachta a dhírigh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, ar throisc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar (“na trí stoc lena mbaineann”), féadfaidh siad bearta a chur chun feidhme chun gníomhaíochtaí iascaireachta a scor go buan i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

2.   Ní dheonófar tacaíocht do bhearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má leagtar amach sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 spriocanna sonracha laghdaithe acmhainne iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta a bhfuil deiseanna iascaireachta acu maidir le ceann amháin nó níos mó de na trí stoc lena mbaineann.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a dtuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a sheoladh nó a leasú ag aon am chun a bplean gníomhaíochta a thabhairt isteach nó a leasú.

4.   Maidir le Ballstát atá ag cur bearta scor buan chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanfar uasteorainn acmhainne iascaireachta an Bhallstáit sin a laghdú de réir acmhainn iascaireachta a chomhfhreagraíonn do na soithí iascaireachta a tharraingítear siar le cabhair phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 22(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 34(5) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

5.   Maidir le haon laghduithe ar uasteorainneacha acmhainne iascaireachta na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit iad sin in iúl don Choimisiún sna tuarascálacha atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.   Na Ballstáit a chuirfidh na bearta scoir bhuain dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún an meánmhéid bliantúil do na blianta 2015 go 2019 d’acmhainne iascaireachta iomlán na soithí iascaireachta uile a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta acu le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann. Thairis sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún méid iomlán na hacmhainne iascaireachta arna tarraingt siar le haghaidh soithí iascaireachta mar aon le leithdháileadh deiseanna iascaireachta le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann.

7.   Na Ballstáit a chuirfidh na bearta scoir bhuain dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme, áiritheoidh siad nach sáróidh acmhainn iascaireachta na soithí iascaireachta a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann acu an mheánacmhainn iascaireachta bhliantúil a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 6 trí gan an acmhainn iascaireachta a ath‐leithdháileadh ar aon cheann de na grúpaí soithí sin roimh 5 bliana tar éis dháta an tarraingt siar, nó sula mbeidh an stoc lena mbaineann os cionn MSY Btrigger ar feadh tréimhse 3 bliana, cibé acu is túisce.”;

(4)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag oibleagáid an réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 8 méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus a choimeádann ar bord ar a laghad 250 cileagram de throisc nó 2 thona de stoic pheiligeacha.”;

(5)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

250 cileagram de throisc;”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 14a

Rialú ar ghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar

Cuirfidh na Ballstáit feabhas ar fhaireachán agus ar rialú soithí ag a bhfuil cuóta foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir nó le deiseanna iascaireachta le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar nó le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“I gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir, áfach, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), is iad 2017 agus 2018 a bheidh i gceist leis an dá bhliain féilire dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfar tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2017, ach amháin i gcás ina nglacfar bearta le haghaidh scor buan chun go mbainfear amach cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla seo a leanas:

(a)

an plean ilbhliantúil chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(b)

an plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1139, maidir le soithí a dhírigh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir ar throisc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar mar a leagtar amach in Airteagal 8a de Rialachán (AE) 2016/1139.

(*2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

“4a.   Caiteachas a bhaineann leis na bearta le haghaidh scor buan a glacadh chun cuspóirí Rialachán (AE) 2019/1022 a bhaint amach, beidh sé incháilithe do thacaíocht faoi CEMI amhail ón 16 Iúil 2019.

Caiteachas a bhaineann leis na bearta le haghaidh scor buan a glacadh chun cuspóirí Rialachán (AE) 2016/1139 a bhaint amach, go háirithe Airteagal 8a de, beidh sé incháilithe do thacaíocht ó CEMI amhail ón 1 Nollaig 2020.”;

(d)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“6.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar tacaíocht a thabhairt do scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta gan diúscairt ar choinníoll go ndéanfar na soithí a iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach mbaineann leis an iascaireacht tráchtála. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le tacaíocht a deonaíodh faoi mhír 4, pointe (b).”;

(2)

in Airteagal 114, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2024 agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil sa bhliain féilire roimhe sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin. Cumhdófar na blianta féilire 2014 agus 2015 sa tuarascáil a dhéanfar a thíolacadh in 2016.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 106, 31.3.2020, lch. 10.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2020.

(3)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1248 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2019, lena mbunaítear bearta chun bagairt thromchúiseach do chaomhnú stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir a mhaolú (Gadus morhua) (IO L 195, 23.7.2019, lch. 2).

(7)  Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2328/2003, (CE) Uimh. 861/2006, (CE) Uimh. 1198/2006 agus (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).