13.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 381/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1696 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Samhain 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/2063.

(2)

An 11 Samhain 2019, i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala agus na ngníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1893 (2), a rinne na bearta sriantacha a bhí i bhfeidhm a athnuachan go dtí an 14 Samhain 2020, lena n-áirítear ainmniú gach uile duine de na daoine atá faoi réir bearta sriantacha. An lá céanna, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1891 (3), lenar leasaíodh an fhaisnéis a bhaineann le hochtar atá liostaithe.

(3)

An 21 Nollaig 2019, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar luadh gur sárú tromchúiseach ar na forálacha bunreachtúla, ar an smacht reachta agus ar phrionsabal daonlathach dheighilt na gcumhachtaí é an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala agus ón Tionól Bunreachta neamh-aitheanta a ndíolúine pharlaiminteach a dheonaítear faoin mbunreacht a bhaint de cheathrar comhaltaí den Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl go soiléir sa dearbhú sin go leanfaidh an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid agus léiríodh ann go bhfuil an tAontas faoi réir le leas a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn, lena n‐áirítear bearta spriocdhírithe nach dochar iad do mhuintir Veiniséala.

(4)

An 9 Eanáir 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar luadh gur ghéaraigh na gníomhartha a rinneadh le déanaí in aghaidh an Tionóil Náisiúnta, an t‐aon chomhlacht a thoghtar go daonlathach i Veiniséala, agus i gcoinne go leor Comhaltaí dá chuid, lena n‐áirítear Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, gur ghéaraigh siad ar an ngéarchéim i Veiniséala agus nach raibh aon ghlacadh ar chor ar bith leis na hiarrachtaí a rinneadh bac a chur, le forneart, ar phróiseas dlisteanach toghcháin Bhord Stiúrthóirí an Tionóil Náisiúnta an 5 Eanáir 2020 ná le húsáid an fhornirt i gcoinne a Uachtaráin agus reachtóirí éagsúla le nach bhféadfaidís freastal ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl sa dearbhú sin freisin nach raibh an seisiún vótála ba chúis le toghadh, mar a thugtar air, Luis Parra dlisteanach toisc nár urramaíodh na nósanna imeachta dlíthiúla ná na prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha lena linn agus nach mór do Chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta a bheith in ann an sainordú parlaiminteach a fuair siad ó mhuintir Veiniséala a fheidhmiú saor ó imeaglú agus ó dhíoltas d’aon chineál. Ina theannta sin, i bhfianaise na ngníomhartha agus na gcinntí tromchúiseacha sin a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta an duine, leagadh béim sa dearbhú sin ar a thiomanta atá an tAontas luí isteach ar bhearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine aonair a bhíonn bainteach le sárú na bprionsabal agus na gceart sin.

(5)

An 4 Meitheamh 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcor is déanaí a tharla i Veiniséala, lena n‐áirítear an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala an 26 Bealtaine 2020 lena ndaingnítear Luis Parra ina Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh i dtreis sa dearbhú sin go measann an tAontas nár dhlisteanach an seisiún vótála as ar eascair toghadh, mar a thugtar air, Luis Parra, toisc nár urramaíodh leis an nós imeachta dlíthiúil ná prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha. Cuireadh in iúl ann freisin gur doimhne fós atá an ghéarchéim fhadtéarmach institiúideach agus pholaitiúil i Veiniséala agus gur lú an spás daonlathach agus bunreachtúil sa tír mar thoradh ar an gcor is déanaí a tharla. Athdhearbhaíodh seasamh an Aontais sa dearbhú sin, is é sin nach féidir teacht as an ngéarchéim i Veiniséala ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí fhíorphróiseas polaitiúil cuimsitheach, agus cuireadh in iúl go láidir go ndiúltaíonn an tAontas do gach cineál foréigin, lena n‐áirítear aon ionradh míleata nó foréigneach sa tír. Sa chomhthéacs sin, thug an tAontas dá aire gur céim dhearfach é an comhaontú ar tháinig gníomhaithe náisiúnta air le déanaí maidir le cabhair dhaonnúil agus chuir sé i bhfios go láidir go gcaithfidh gach taobh oibriú le chéile ar bhealach cuiditheach chun fulaingt uafásach mhuintir Veiniséala a mhaolú, fulaingt is measa fós mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

(6)

An 16 Meitheamh 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cuireadh in iúl go láidir gur den ríthábhacht chun an ghéarchéim i Véiniséala a shárú iad toghcháin reachtacha agus uachtaráin atá cóir cothrom agus gur buntaca do phróiseas inchreidte toghcháin é Comhairle Náisiúnta um Thoghcháin (CNE) atá cothrom neamhspleách agus cothrom na Féinne lena n‐éascaítear rannpháirtíocht na bpáirtithe polaitiúla agus na n‐iarrthóirí. Ina theannta sin, d’iarr an tAontas ar an Rialtas agus ar an bhfreasúra dul i mbun caibidlíocht fhónta chuimsitheach i dtaca le CNE a bhunú agus chun deireadh a chur leis an gcosc ar pháirtithe freasúra.

(7)

An 29 Meitheamh 2020, i bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Véiniséala, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/897 (4) lenar cuireadh aon duine dhéag faoi réir bearta sriantacha.

(8)

Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 agus tháinig sí ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád ar bun.

(9)

Tháinig an Chomhairle ar an tátal freisin gur cheart an ráiteas ar chúiseanna a nuashonrú i gcás ceithre dhuine dhéag agus gur cheart sloinne gach duine liostaithe a chaipitliú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 295, 14.11.2017, lch. 21.

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/1893 an 11 Samhain 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 291, 12.11.2019, lch. 42).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1891 an 11 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán cur chun feidhme (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 291, 12.11.2019, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) 2020/897 an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán cur chun feidhme (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO L 205I, 29.6.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2063:

“IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA NA NDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA N‐EINTITEAS AGUS NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 8(3)

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Néstor Luis REVEROL TORRES

Dáta breithe: 28 Deireadh Fómhair 1964

Inscne: fireann

An tAire Interior, Justice and Peace ó 2016. Ceapadh é ina Leas-Uachtarán ar Public Works and Services, agus ina Rúnaí Feidhmiúcháin ar Electrical General Staff i mí Aibreáin 2019. Iar-Cheannasaí-Ghinearál den Bolivarian National Guard; tugadh ardú céime dó mar Ghinearál i gCeannas ar an Bolivarian National Guard i mí Lúnasa 2020. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh príosúnach (polaitiúil), agus as cos ar bolg ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, lena n‐áirítear trí chosc agus bac a chur ar léirithe polaitiúla, ag fórsaí slándála atá faoina cheannas.

22.1.2018

2

Gustavo Enrique GONZÁLEZ LÓPEZ

Dáta breithe: 2 Samhain 1960

Inscne: fireann

Athcheapadh é mar Cheannasaí an Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN) an 30 Aibreán 2019. Comhairleoir Slándála agus Faisnéise roimhe seo le haghaidh oifig an Uachtaráin ón 8 Eanáir 2019 go dtí an 30 Aibreán 2019 agus Ceann SEBIN go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018. Mar Cheann SEBIN, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine (lena n‐áirítear coinneáil threallach, íde atá mídhaonna agus táireach, agus céasadh) agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala.

22.1.2018

3.

Tibisay LUCENA RAMÍREZ

Dáta breithe: 26 Aibreán 1959

Inscne: baineann

Uachtarán an National Electoral Council (Consejo Nacional Electoral nó CNE) ó mhí Aibreáin 2006 go dtí mí an Mheithimh 2020. Tá a cuid gníomhaíochtaí agus beartas tar éis an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trína áirithiú nach bhfanfadh an CNE ina hinstitiúid neamhchlaonta, neamhspleách i gcomhréir le Bunreacht Veiniséala, rud a d’éascaigh bunú an Tionóil Bunreachta agus atoghadh Nicolás Maduro i mí na Bealtaine 2018 trí thoghcháin uachtaráin nach raibh cóir ná cothrom.

22.1.2018

4.

Antonio José BENAVIDES TORRES

Dáta breithe: 13 Meitheamh 1961

Inscne: fireann

Ceannaire an Capital District (Distrito Capital) Government go dtí mí Eanáir 2018. Ceannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard go dtí an 21 Meitheamh 2017. Bainteach le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, agus freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne ag an Bolivarian National Guard faoina cheannas. Baineadh an bonn den smacht reachta i Veiniséala lena chuid gníomhaíochtaí agus beartas mar Cheannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard, lena n‐áirítear an Bolivarian National Guard a ghlac ceannaireacht ar phóilíneacht a dhéanamh ar léirsithe sibhialta agus a mhol go poiblí gur cheart dlínse a bheith ag cúirteanna míleata ar shibhialtaigh.

22.1.2018

5.

Maikel José MORENO PÉREZ

Dáta breithe: 12 Nollaig 1965

Inscne: fireann

Uachtarán agus iar-Leas-Uachtarán an Supreme Court of Justice of Venezuela (Tribunal Supremo de Justicia). Sna róil sin, thacaigh sé le agus d’éascaigh sé gníomhaíochtaí agus beartais an Rialtais a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus as ráitis a bhain an t‐údarás den National Assembly, lena n‐áirítear an National Electoral Council (CNE) a ceapadh i mí an Mheithimh 2020, agus boird cheannaireachta trí pháirtí den fhreasúra a chur ar fionraí agus a ionadú i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020.

22.1.2018

6.

Tarek William SAAB HALABI

Dáta breithe: 10 Meán Fómhair 1963

Áit bhreithe: El Tigre, Anzoátegui state, Venezuela

Inscne: fireann

Ard-Aighne Veiniséala ceaptha ag an Constituent Assembly. Sa ról sin, agus sna róil a bhí aige mar Ombudsman agus mar Uachtarán ar an Republican Moral Council, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, trí thacú go poiblí le gníomhaíochtaí in aghaidh lucht freasúra Rialtas Veiniséala, agus trí inniúlachtaí a tharraingt siar ón National Assembly.

22.1.2018

7.

Diosdado CABELLO RONDÓN

Dáta breithe: 15 Aibreán 1963

Inscne: fireann

Uachtarán an Constituent Assembly agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an United Socialist Party of Venezeula (PSUV). Bainteach le bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí úsáid a bhaint as na meáin chun an freasúra polaitiúil, na meáin eile, agus an tsochaí shibhialta a ionsaí agus a bhagairt go poiblí.

22.1.2018

8.

Tareck Zaidan EL-AISSAMI MADDAH

Dáta breithe: 12 Samhain 1974

Inscne: fireann

Leas-Uachtarán Economy agus Aire Popular Power of Petroleum agus National Industry and Production. Mar iar-Leas-Uachtarán Veiniséala le formhaoirseacht ar stiúradh an Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN), tá El-Aissami freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an eagraíocht, lena n‐áirítear coinneáil threallach, imscrúduithe a raibh cúiseanna polaitiúla leo, íde mhídhaonna agus tháireach, agus céasadh. Tá sé freagrach freisin as beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta a thacú agus a chur chun feidhme, lena n‐áirítear léirsithe poiblí a chosc, agus tá sé i gceannas ar “anti-coup command” an Uachtaráin Maduro, a dhírigh ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach.

25.6.2018

9.

Sergio José RIVERO MARCANO

Dáta breithe: 8 Samhain 1964

Inscne: fireann

Ardchigire an Bolivarian National Armed Forces (FANB), Ceannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard go dtí an 16 Eanáir 2018. Bainteach le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, agus freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an Bolivarian National Guard faoina cheannas, lena n‐áirítear úsáid fornirt iomarcaigh, agus coinneáil threallach agus mí-úsáid threallach na sochaí sibhialta agus chomhaltaí an fhreasúra. Tá an bonn bainte den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala ag a chuid gníomhaíochtaí agus beartas mar Cheannasaí Ginearálta an Bolivarian National Guard, lena n‐áirítear an Bolivarian National Guard ag déanamh ionsaí ar chomhaltaí an National Assembly a toghadh go daonlathach agus imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí a thuairiscíonn ar na toghcháin chalaoiseacha don Constituent Assembly neamhdhlisteanach.

25.6.2018

10.

Jesús Rafael SUÁREZ CHOURIO

Dáta breithe: 19 Iúil 1962

Inscne: fireann

Archeannasaí an Venezuelan Bolivarian National Army. Iar-Cheannasaí Cheannfhoireann an Ardcheannasaí, iar-Cheannasaí Ginearálta an Venezuelan Bolivarian National Army agus iar‐Cheannasaí an Comprehensive Defence Region of the Central Zone (REDI Central) Veiniséala. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne fórsaí faoina cheannas le linn dó a bheith ina Cheannasaí Ginearálta ar an Venezuelan Bolivarian National Army, lena n‐áirítear úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Dhírigh sé ar an bhfreasúra daonlathach agus thacaigh sé le cúirteanna míleata a úsáid chun agóideoirí sibhialtacha a thriail.

25.6.2018

11.

Iván HERNÁNDEZ DALA

Dáta breithe: 18 Bealtaine 1966

Inscne: fireann

Ceann an Directorate-General of Military Counter-Intelligence (DGCIM) ó mhí Eanáir 2014 i leith agus Ceann an Presidential Guard ó Mheán Fómhair 2015 i leith. Mar cheann an DGCIM, tá Iván Hernández Dala freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus as an cos ar bolg a d’imir baill de DGCIM faoina cheannas ar an bhfreasúra daonlathach, lena n‐áirítear úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil.

25.6.2018

12.

Delcy Eloina RODRÍGUEZ GÓMEZ

Dáta breithe: 18 Bealtaine 1969

Inscne: baineann

Leas-Uachtarán Veiniséala, iar-Uachtarán an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus iarchomhalta den Presidential Commission don National Constituent Assembly neamhdhlisteanach. Lena cuid gníomhaíochtaí sa Presidential Commission agus ina dhiaidh sin mar Uachtarán an Constituent Assembly neamhdhlisteanach, baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear cumhachtaí an National Assembly a fhorghabháil agus iad a úsáid chun díriú ar an bhfreasúra agus cosc a chur orthu páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil.

25.6.2018

13.

Elías José JAUA MILANO

Dáta breithe: 16 Nollaig 1969

Inscne: fireann

An tIar-Aire Popular Power for Education. Iar‐Uachtarán an Presidential Commission don National Constituent Assembly neamhdhlisteanach. Tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala trína ról i gceannas ar bhunú an Constituent Assembly neamhdhlisteanach.

25.6.2018

14.

Sandra OBLITAS RUZZA

Dáta breithe: 7 Meitheamh 1969

Inscne: baineann

Reachtaire an Universidad Bolivariana de Venezuela. Iar-Leas-Uachtarán an National Electoral Council (CNE) agus iar-Uachtarán an Commission of the Electoral and Civilian Register. Tá sí freagrach as gníomhaíochtaí CNE a bhain an bonn den daonlathas i Veiniséala, lena n‐áirítear bunú an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú.

25.6.2018

15.

Freddy Alirio BERNAL ROSALES

Dáta breithe: 16 Meitheamh 1962

Áit bhreithe: San Cristóbal, Táchira state, Venezuela

Inscne: fireann

Ceann an National Control Centre of the Committee for Local Supply and Production (CLAP) agus Cosantóir Stát Táchira. Coimisinéir Ginearálta de chuid an Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN) freisin. Mar Cheann CLAP agus mar Chosantóir Stáit Táchira, is féidir leis glaoch ar Special Forces (FAES) agus tá sé in ann tionchar a imirt ar cheapadh breithiúna agus ionchúisitheoirí. Tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas trí ionramháil ar dháileadh chlár CLAP i measc vótálaithe. Ina theannta sin, mar Choimisinéir Ginearálta SEBIN, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí SEBIN, lena n‐áirítear sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine amhail coinneáil threallach.

25.6.2018

16.

Katherine Nayarith HARRINGTON PADRÓN

Dáta breithe: 5 Nollaig 1971

Inscne: baineann

Leas-Phríomhionchúisitheoir (a aistrítear mar Leas‐Ard-Aighne freisin) ó mhí Iúil 2017 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2018. De shárú ar an mbunreacht, cheap an Supreme Court, seachas an National Assembly, ina Leas-Príomhionchúisitheoir í. Tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí ionchúisimh arna spreagadh go polaitiúil a thionscnamh agus gan imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine ag réimeas Maduro.

25.6.2018

17.

Socorro Elizabeth HERNÁNDEZ

Dáta breithe: 11 Márta 1952

Inscne: baineann

Comhalta (Reachtaire) den National Electoral Council (CNE) go dtí an 12 Meitheamh 2020 agus comhalta den National Electoral Board (JNE). Tá sí freagrach as gníomhaíochtaí CNE a bhain an bonn den daonlathas i Veiniséala, lena n‐áirítear éascú a dhéanamh ar bhunú an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus ionramháil a dhéanamh ar an bpróiseas toghcháin i ndáil le toghchán aisghlaoch uachtaráin a cuireadh ar ceal in 2016, toghcháin ghobharnóireachta a cuireadh siar in 2016, agus athlonnú stáisiún vótaíochta ar gearrfhógra roimh thoghcháin ghobharnóireachta in 2017.

25.6.2018

18.

Xavier Antonio MORENO REYES

Inscne: fireann

Ard-Rúnaí an National Electoral Council (CNE) ó 2009 go dtí Meitheamh 2020. Tá sé freagrach sa ról sin as cinntí CNE a bhain an bonn den daonlathas i Veiniséala a fhormheas, lena n‐áirítear bunú an Constituent Assembly neamhdhlisteanach agus ionramháil an phróisis toghcháin a éascú.

25.6.2018

19.

Nestor Neptali BLANCO HURTADO

Dáta breithe: 26 Meán Fómhair 1982

Uimhir Aitheantais: V‐15222057

Inscne: fireann

Maor sa Bolivarian National Guard (GNB), ghníomhaigh sé i gcomhar le hoifigigh sa Directorate‐General of Military Counter‐Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó mhí na Nollag 2017 i leith ar a laghad. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil i saoráidí DGCIM.

27.9.2019

20.

Rafael Ramón BLANCO MARRERO

Dáta breithe: 28 Feabhra 1968

Uimhir Aitheantais: V-6250588

Inscne: fireann

Leas-Stiúrthóir an Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó mhí na Nollag 2018 ar a laghad agus Rannán-Ghinearál an Venezuelan Bolivarian National Army ón 5 mhí Iúil 2019 i leith. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt i saoráidí DGCIM ag baill DGCIM faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta.

27.9.2019

21.

Carlos Alberto CALDERÓN CHIRINOS

Uimhir Aitheantais: V‐10352300

Inscne: fireann

Sealbhóir oifige sinsearaí (dá ngairtear Coimisinéir, Stiúrthóir agus Ard‐Stiúrthóir) sa Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN). Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil i saoráidí SEBIN. Go háirithe, ghlac sé páirt i ngníomhartha céasta agus in íde chruálach mhídhaonna agus tháireach a thabhairt do dhaoine a bhí á gcoinneáil in El Helicoide, príosún SEBIN, agus is é atá freagrach as na gníomhartha sin.

27.9.2019

22.

Alexis Enrique ESCALONA MARRERO

Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1962

Inscne: fireann

Ceannaire an National Office Against Organized Crime and Terrorist Financing (ONDOFT) ó Eanáir 2018 go dtí Bealtaine 2019. Ceannasaí náisiúnta an National Anti-Extortion and Kidnapping Command (Comando Nacional Antiextorsión y Secuestro (CONAS)) idir 2014 agus 2017. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt ag baill CONAS faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta a bheith á imirt ag baill de CONAS faoina cheannas.

27.9.2019

23.

Rafael Antonio FRANCO QUINTERO

Dáta breithe: 14 Deireadh Fómhair 1973

Uimhir Aitheantais: V-11311672

Inscne: fireann

Gníomhaí sa Bolivarian National Intelligence Service (SEBIN). Ceann Slándála ag Maiquetía International Airport. Ceann Imscrúduithe ag an Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) idir ar a laghad 2017 agus Nollaig 2018. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt i saoráidí DGCIM ag baill DGCIM faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bheith á imirt ag baill de DGCIM faoina cheannas. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta.

27.9.2019

24.

Alexander Enrique GRANKO ARTEAGA

Dáta breithe: 25 Márta 1981

Uimhir Aitheantais: V-14970215

Inscne: fireann

Ceann (Stiúrthóir) an Special Affairs Division (DAE) den Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Tugadh ardú céime dó mar leifteanantchoirnéal den Bolivarian National Guard an 1 Iúil 2020. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh a bhí ina cúis le bás agus gortú agus drochíde a bheith á tabhairt i saoráidí DGCIM aige féin agus ag oifigigh faoina cheannas do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Tá sé freagrach freisin as cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta a bheith á imirt ag baill de DGCIM faoina cheannas, agus baint dhíreach aige féin leis an gcur faoi chois sin. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta.

27.9.2019

25.

Hannover Esteban GUERRERO MIJARES

Dáta breithe: 14 Eanáir 1971

Inscne: fireann

Ceann Imscrúduithe ag an Directorate-General of Military Counter-Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)) ó ar a laghad Aibreán 2019 go Lúnasa 2019. Mar Cheann Imscrúduithe, rinne sé maoirseacht ar shaoráid DGCIM in Boleita. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céasadh, úsáid fornirt iomarcaigh agus drochíde a bheith á tabhairt aige féin agus ag oifigigh faoina cheannas, go háirithe in Boleita, do dhaoine a bhí á gcoinneáil. Meastar go bhféadfadh sé go raibh baint aige le bás an Chaptaen Acosta.

27.9.2019

26.

José Adelino ORNELAS FERREIRA

Ailias: José Adelino ORNELLA FERREIRA / José Adelino ORNELLAS FERREIRA

Dáta breithe: 14 Nollaig 1964

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V‐7087964

Inscne: fireann

Ardrúnaí den National Defence Council ó 26 Iúil 2019 agus Ceannasaí Cheannfhoireann an Ardcheannasaí ó Mheán Fómhair 2020. Iarcheannasaí den National Capital Integral Strategic Defence Region (REDI Capital), iar‐Cheann Foirne agus iar-Leas-Ardcheannasaí den Operational and Strategic Command de na Bolivarian National Armed Forces of Venezuela (CEOFANB). Sna róil sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Veiniséala a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala agus d’éascaigh sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin. Tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Veiniséala, lena n‐áirítear bac a chur ar sholáthar cabhrach daonnúla agus úsáid fornirt ag oifigigh na Bolivarian Armed Forces (FANB), agus ag fo‐fhórsaí faoina cheannas, lena n‐áirítear an Integral Strategic Defence Region (REDI), an Integral Defence Operations Zone (ZODI) agus an Bolivarian National Guard.

29.6.2020

27.

Gladys del Valle Requena

Dáta breithe: 9 Samhain 1952

Áit bhreithe: Puerto Santo, Sucre, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V‐4114842

Inscne: baineann

Comhalta den National Constituent Assembly (ANC), nach n‐aithnítear, agus an Dara Leas‐Uachtarán air ón 26 Deireadh Fómhair 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici san ANC, nach n‐aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán an National Assembly of Venezuela, Juan Guaidó.

29.6.2020

28.

Tania Valentina DÍAZ GONZÁLEZ

Dáta breithe: 18 Meitheamh 1963

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V‐6432672

Inscne: baineann

Comhalta den National Constituent Assembly (ANC), nach n‐aithnítear, agus an Chéad Leas‐Uachtarán air ón 4 Eanáir 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici san ANC, nach n‐aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán National Assembly of Venezuela, Juan Guaidó.

29.6.2020

29.

Elvis Eduardo HIDROBO AMOROSO

Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963

Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V‐7659695

Inscne: fireann

Ard-Reachtaire ar an National Constituent Assembly (ANC), nach n‐aithnítear, ón 23 Deireadh Fómhair 2018 i leith agus iar-Chéad agus iar-Dhara Leas-Uachtarán air. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear, trína bheith i gceannas ar an ANC, nach n‐aithnítear, an dlí i gcoinne an fhuatha a shíniú, údar a thabhairt le gobharnóir freasúra a toghadh go dlíthiúil a chur as oifig agus toirmeasc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí.

29.6.2020

30.

Juan José MENDOZA JOVER

Dáta breithe: 11 Márta 1969

Áit bhreithe: Trujillo, Veiniséala

Seoladh: Arnoldo Gabaldón, Candelaria, Edo. Trujillo

Uimhir Aitheantais: V‐9499372

Inscne: fireann

Dara Leas-Uachtarán Supreme Court of Justice (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)) Veiniséala agus Uachtarán an Constitutional Chamber of the TSJ ón 24 Feabhra 2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí roinnt rialuithe breithiúnacha a ritheadh le dhá bhliain anuas agus a chuir srian le cumhachtaí bunreachtúla chomhlacht reachtach Veiniséala, an National Assembly, a toghadh go daonlathach, nó a bhain an bonn de.

29.6.2020

31.

Jorge Elieser MARQUÉZ MONSALVE

Dáta breithe: 20 Feabhra 1971

Áit bhreithe: Caracas, Veiniséala

Uimhir Aitheantais: V-8714253

Inscne: fireann

Ard-Stiúrthóir an National Commission of Telecommunications (CONATEL) ón 7 Lúnasa 2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí shrian ollmhór a chur le cearta mhuintir Veiniseála maidir le saoirse an phreasa, saoirse cainte agus faisnéis. Bhain sé úsáid as cumhachtaí speisialta CONATEL chun lucht cáinte agus daoine nár aontaigh leis an réimeas a chur ina dtost trína suíomhanna gréasáin a bhlocáil, scagadh a dhéanamh orthu agus bac a chur orthu agus trí cheadúnais atá ann cheana do stáisiúin raidió agus teilifíse a chúlghairm agus trí dhiúltú ceadúnais nua den chineál sin a dheonú.

29.6.2020

32.

Farik Karin MORA SALCEDO

Uimhir Aitheantais: V-8608523

Inscne: fireann

Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag First Special Court of First Instance Veiniséala a bhfuil oifig aige sa Directorate-General of Military Counter‐Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den National Assembly agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

29.6.2020

33.

Dinorah Yoselin BUSTAMANTE PUERTA

Dáta breithe: 14 Eanáir 1975

Uimhir Aitheantais: V-10002096

Inscne: baineann

Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag First Special Court of First Instance Veiniséala a bhfuil oifig aici sa Directorate-General of Military Counter‐Intelligence (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a cuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den National Assembly agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

29.6.2020

34.

Luis Eduardo PARRA RIVERO

Dáta breithe: 7 Iúil 1978

Uimhir Aitheantais: V-14211633

Inscne: fireann

Comhalta den National Assembly agus Uachtarán air, a toghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den National Assembly, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh mar Uachtarán ar an National Assembly é an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach sa National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gearr tar éis an toghcháin bréige, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), chuir Maduro agus an National Constituent Asembly (ANC), nach n‐aithnítear, fáilte roimh Parra.

29.6.2020

35.

Franklyn Leonardo DUARTE

Dáta breithe: 15 Bealtaine 1977

Uimhir Aitheantais: V‐3304045

Inscne: fireann

Comhalta den National Assembly agus an chéad Leas-Uachtarán air, a toghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den National Assembly, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh é mar an chéad Leas-Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach sa National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gearr tar éis an toghcháin bréige inar toghadh Duarte, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), dúirt Maduro agus an National Constituent Assembly (ANC), nach n‐aithnítear, gur dhíol sásaimh dóibh gur toghadh Bord Stiúrtha an National Assembly.

29.6.2020

36.

José Gregorio NORIEGA FIGUEROA

Dáta breithe: 21 Feabhra 1969

Uimhir Aitheantais: V-8348784

Inscne: fireann

Comhalta den National Assembly agus an dara Leas-Uachtarán air, a toghadh go neamhdhlisteanach. Ceapadh é go neamhdhlisteanach ina stiúrthóir ar bhord ad hoc an pháirtí pholaitiúil Voluntad Popular. Mar chomhalta den National Assembly, reáchtáil sé toghchán bréige inar toghadh é mar an dara Leas‐Uachtarán ar an National Assembly an 5 Eanáir 2020, agus lenar baineadh an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní míleata bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach sa National Assembly. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an National Assembly chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán air. Go gearr tar éis an toghcháin bréige inar toghadh Noriega, lenar thacaigh páirtí polaitiúil an réimis (PSUV), dúirt Maduro agus an National Constituent Asembly (ANC), nach n‐aithnítear, gur dhíol sásaimh dóibh é gur toghadh Bord Stiúrtha an National Assembly. I mí Iúil 2020, le cabhair ó Supreme Court of Justice Veiniséala (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ)), ghlac Noriega ceannaireacht an pháirtí pholaitiúil Voluntad Popular chuige féin go neamhdhlisteanach, lenar baineadh an bonn den daonlathas i Veiniséala a thuilleadh.

29.6.2020