13.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 381/4


RIALACHÁN (AE) 2020/1694 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Samhain 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha maidir le feithiclí ceann sraithe de chatagóir L mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca ghéarchéim COVID-19, tá curtha isteach ar shlabhra soláthair na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna criticiúla d’fheithiclí de chatagóir L agus tá laghdú suntasach ar an éileamh atá ar na feithiclí sin. Fágann sé sin go bhfuil moilleanna suntasacha ar mhonaróirí maidir lena stoc feithiclí Euro 4 ina iomláine a dhíol, feithiclí a bhfuil gá de réir Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena gclárú sula dtiocfaidh céim chomhshaoil Euro 5 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

(2)

Leis na rialacha maidir le feithiclí ceann sraithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, ceadaítear do mhonaróirí leanúint de chuid theoranta de stoc feithiclí de chatagóir L a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, ar feithiclí iad nach féidir a chur ar fáil ar an margadh, nó nach féidir a chur ar fáil ar an margadh a thuilleadh, de bharr teacht i bhfeidhm ceanglas teicniúil nua nár ceadaíodh na feithiclí sin dá réir.

(3)

I bhfianaise an chur isteach arb í géarchéim COVID-19 is cúis leis, is léir nach sásra iomchuí atá sna rialacha maidir le feithiclí ceann sraithe i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 chun aghaidh a thabhairt ar an líon feithiclí Euro 4 de chatagóir L a bheidh sa stoc ag monaróirí tar éis chur i bhfeidhm chéim chomhshaoil Euro 5.

(4)

Mar gheall ar na himthosca eisceachtúla arb í géarchéim COVID-19 is cúis leo, agus chun an cur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a leasú chun bearta sonracha maidir le feithiclí ceann sraithe a chur san áireamh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19.

(5)

Chun a áirithiú nach ndéantar na bearta sonracha sin maidir le feithiclí ceann sraithe a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás feithiclí a bhí sa stoc tráth na mbeart náisiúnta dianghlasála, níor cheart don líon feithiclí a thairbhíonn de na bearta sonracha maidir le feithiclí ceann sraithe dul thar an líon feithiclí Euro 4 de chatagóir L a bhí sa stoc an 15 Márta 2020.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le feithiclí ceann sraithe, is infheidhme maidir leis an mbliain 2021, de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(7)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb í géarchéim COVID-19 is cúis leo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a leasú dá réir sin.

(9)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gCaibidil XI de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013:

“Airteagal 44a

Bearta sonracha maidir le feithiclí ceann sraithe mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19

1.   De mhaolú ar Airteagal 44, agus faoi réir mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, féadfar feithiclí atá i gcomhréir le cineál feithicle a dtiocfaidh a cineálcheadú AE chun bheith neamhbhailí an 1 Eanáir 2021 de bhun Airteagal 37(2), pointe (a), a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís mar fheithiclí ceann sraithe go dtí an 31 Nollaig 2021.

2.   Ní rachaidh an líon feithiclí ceann sraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar an líon feithiclí lena mbaineann cineálcheadú AE a thiocfaidh chun bheith neamhbhailí an 1 Eanáir 2021 de bhun Airteagal 37(2), pointe (a), agus a bhí sa stoc an 15 Márta 2020.

3.   Aon mhonaróir ar mian leis leas a bhaint as an maolú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé iarraidh chuig údarás náisiúnta gach Ballstáit ina bhfuil na feithiclí atá i gceist le cur ar fáil ar an margadh, le clárú nó le cur i seirbhís, agus cuirfidh sé in iúl san iarraidh sin an líon feithiclí ceann sraithe dá n‐iarrtar an maolú dá dtagraítear i mír 1.

Laistigh de mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, cinnfidh an t‐údarás náisiúnta lena mbaineann cibé acu a cheadóidh sé clárú na bhfeithiclí ceann sraithe sin laistigh dá chríoch nó nach gceadóidh agus, má cheadóidh, cinnfidh sé an líon díobh a chlárófar.

4.   Déanfar iontráil speisialta lena gcáileofar na feithiclí sin mar fheithiclí ‘ceann sraithe 2021’ a chur ar dheimhniú comhréireachta na bhfeithiclí a chuirtear i seirbhís faoi mhír 1.

5.   Faoin 1 Iúil 2021, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin líon feithiclí dár tugadh stádas ceann sraithe faoin Airteagal seo.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 29 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Samhain 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).