|
9.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 372/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1655 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Samhain 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ar an 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1890. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta, ba cheart na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a uasdátú agus a leasú. |
|
(3) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2019/1890, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2:
|
|
Ainm |
Faisnéis sainaitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
||||||||||||
|
“1. |
Mehmet Ferruh AKALIN |
Dáta breithe: 9.12.1960 Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar na Ranna Taiscéalaíochta, Taighde agus Forbartha agus Teicneolaíochtaí Faisnéise de chuid TPAO. Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020 |
||||||||||||
|
2. |
Ali Coscun NAMOGLU |
Dáta breithe: 27.11.1956 Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020” |