19.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 345/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1507 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

An 19 Lúnasa 2020, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, leasú ar na liostaí i dtaca le beirt agus trí eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Ní hann do théacs an Rialacháin sa Ghaeilge (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

I.   

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005/CBES, Cuid a) (liosta de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2 agus 2a), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n‐iontrálacha a bhaineann leis na daoine atá liostaithe thíos:

29.

Ntabo Ntaberi SHEKA

Ainmniú: Ardcheannasaí, Nduma Defence of Congo, Mayi Mayi Sheka group.

Dáta breithe: 4 Aibreán 1976.

Áit bhreithe: Walikale, críocha Walikalele, Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Seoladh: Goma, Kivu Thuaidh, Poblacht Dhaonlathach an Chongó (i bpríosún).

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 28 Samhain 2011.

Faisnéis eile: Ghéill sé do MONUSCO i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó an 26 Iúil 2017 agus tá sé á choinneáil ag údaráis an Chongó ó shin. Cuireadh tús lena thriail mar gheall ar choireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus rannpháirtíocht i ngluaiseacht éiritheach, os comhair na Cúirte Míleata in Goma, i mí na Samhna 2018. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Is é Ntabo Ntaberi Sheka, Ardcheannasaí bhrainse pholaitiúil Mayi Mayi Sheka, ceannaire polaitiúil ghrúpa armtha an Chongó a chuireann bac ar dhí-armáil, ar dhíshlógadh nó ar athimeascadh comhraiceoirí. Grúpa mílíste is ea Mayi Mayi Sheka atá bunaithe sa Chongó agus a oibríonn ó bhunáiteanna i gcríoch Walikale in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Rinne an grúpa Mayi Mayi Sheka ionsaithe ar mhianaigh in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n‐áirítear mianaigh Bisiye a ghabháil chuige féin agus sracaireacht a dhéanamh ar mhuintir na háite. Rinne Ntabo Ntaberi Sheka sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta lena n‐áirítear díriú ar leanaí. Phleanáil agus d’ordaigh Ntabo Ntaberi Sheka sraith ionsaithe i gcríoch Walikale ón 30 Iúil go dtí an 2 Lúnasa 2010 chun pionós a ghearradh ar dhaonraí áitiúla ar cuireadh ina leith go raibh siad ag comhoibriú le fórsaí rialtais an Chongó. Le linn na n‐ionsaithe, rinneadh éigniú ar leanaí agus fuadaíodh iad, cuireadh i mbun saothar éignithe iad agus tugadh íde chruálach, mhídhaonna nó tháireach dóibh. Earcaíonn an grúpa mílíste Mayi Mayi Sheka buachaillí go héigeantach agus, ag eascairt as tréimhsí earcaíochta, coinníonn siad leanaí ina measc.

30.

Bosco TAGANDA

(dá ngairtear a) Bosco Ntaganda, b) Bosco Ntagenda, c) General Taganda, d) Lydia (tráth a raibh sé páirteach in APR), e) Terminator, f) Tango Romeo (Glao-chomhartha), g) Romeo (Glao‐chomhartha), h) Major)

Seoladh: an Háig, an Ísiltír (amhail ó mhí an Mheithimh 2016).

Dáta breithe: Idir 1973 agus 1974.

Áit bhreithe: Bigogwe, Ruanda.

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Seoladh: an Háig, an Ísiltír.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 1 Samhain 2005.

Faisnéis eile: Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, críoch Masisi, Kivu Thuaidh agus é ina pháiste. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál FARDC é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata an CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda in Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR “Umoja Wetu”, “Kimia II”, agus “Amani Leo” in Kivu Thuaidh agus Theas. Chuaigh sé isteach i Ruanda i Márta 2013 agus ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in Kigali an 22 Márta. Aistríodh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír é. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Cúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus cúig chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne; thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015. An 8 Iúil 2019, fuair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ciontach é in 18 scór de choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, a rinneadh in Ituri in 2002-2003. An 7 Samhain 2019, gearradh téarma príosúnachta 30 bliain ar an iomlán air. Tá achomharc déanta aige i gcoinne a chiontaithe agus a phianbhreithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Ba é Bosco Taganda ceannasaí míleata UPC/L, a fheidhmíonn tionchar ar bheartais agus a choinníonn ceannas agus smacht ar ghníomhaíochtaí UPC/L, ceann de na grúpaí armtha agus mílíste dá dtagraítear i mír 20 de Rún 1493 (2003), a bhí páirteach i ngáinneáil ar airm, de shárú ar an trádbhac arm. Ceapadh ina Ghinearál ar FARDC é i mí na Nollag 2004, ach dhiúltaigh sé glacadh leis an ardú céime, agus, dá bhrí sin, d’fhan sé lasmuigh de FARDC. De réir Oifig Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, bhí sé freagrach as páistí a earcú agus a úsáid in Ituri in 2002 agus 2003, agus 155 chás ina raibh freagracht dhíreach agus/nó ceannasaíochta aige as leanaí a earcú agus a úsáid in Kivu Thuaidh ó 2002 go 2009. Mar Cheann Foirne CNDP, bhí freagracht dhíreach agus ceannasaíochta air as an sléacht ag Kiwanja i mí na Samhna 2008.

Rugadh i Ruanda é; bhog sé go dtí Nyamitaba, i gcríoch Masisi i gcúige Kivu Thuaidh agus é ina pháiste. I mí an Mheithimh 2011, bhí cónaí air in Goma agus bhí feirmeacha móra aige i gceantar Ngungu de chríoch Masisi i gcúige Kivu Thuaidh. Ainmníodh mar Bhriogáidire-Ghinearál é ag Foraithne ó Uachtarán an 11 Nollaig 2004, tar éis chomhaontuithe síochána Ituri. Bhí sé ina Cheann Foirne ar CNDP agus rinneadh ceannasaí míleata an CNDP de ó gabhadh Laurent Nkunda in Eanáir 2009. Ó mhí Eanáir 2009, ba Leas-Cheannaire de facto é ar oibríochtaí frith-FDLR “Umoja Wetu”, “Kimia II”, agus “Amani Leo” i gcúigí Kivu Thuaidh agus Theas. Chuaigh sé isteach i Ruanda i mí an Mhárta 2013, ghéill sé go deonach d’oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta an 22 Márta agus aistríodh go dtí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, an Ísiltír, é ina dhiaidh sin. An 9 Meitheamh 2014, dhaingnigh an Cúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 13 chúiseamh i leith coireanna cogaidh agus cúig chúiseamh i leith coireanna in aghaidh an chine dhaonna ina choinne. Thosaigh an triail i mí Mheán Fómhair 2015.

II.   

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, Cuid b) (liosta de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus 2a), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n‐iontrálacha a bhaineann leis na heintitis atá liostaithe thíos:

1.

ADF (ALLIED DEMOCRATIC FORCES)

(dá ngairtear: a) Forces Démocratiques Alliées-Armée Nationale de Libération de l’Ouganda; b) ADF/NALU; c) NALU)

Seoladh: Cúige KivuThuaidh, Poblacht an Chongó.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 30 Meitheamh 2014.

Faisnéis eile: Gabhadh bunaitheoir agus ceannaire ADF, Jamil Mukulu, in Dar es Salaam sa Tansáin in Aibreán 2015. Rinneadh é a eiseachadadh ina dhiaidh sin go Kampala, Uganda in Iúil 2015. Tuairiscítear go bhfuil Mukulu á choimeád i gcill choinneála póilíní ó bhí Meitheamh 2016 ann. Tháinig Seka Baluku i gcomharbas ar Jamil Mukulu mar cheannaire foriomlán ar ADF. Mar a léiríodh i roinnt tuarascálacha ó Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (S/2015/19, S/2015/797, S/2016/1102, S/2017/672, S/2018/531, S/2019/469, S/2019/974, S/2020/482), rinne ADF, lena n‐áirítear faoi cheannaireacht Seka Baluku, gníomhaíochtaí leanúnacha inar díríodh ar dhaoine, inar maraíodh, inar ballbhascadh, inar éigníodh agus ina ndearnadh foréigean gnéasach eile, inar fuadaíodh sibhialtaigh, leanaí ina measc, chomh maith le hionsaithe ar shaoráidí sláinte, go háirithe in Mamove, críoch Beni, an 12 agus 24 Feabhra 2019, agus Mantumbi, ar chríoch Beni, an 5 Nollaig 2019 agus an 30 Eanáir 2020, chomh maith le leanaí a earcú agus a úsáid ar bhonn leanúnach le linn ionsaithe agus d’obair éigeantach i gcríoch Beni i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó ó 2015, ar a laghad, i leith. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Entities

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

In 1995 a cruthaíodh na Allied Democratic Forces (ADF); tá sé lonnaithe sa limistéar sléibhtiúil ar theorainn Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Uganda. De réir na tuarascála deiridh ó Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó in 2013, inar luadh oifigigh Uganda agus foinsí de chuid na Náisiún Aontaithe, measadh go raibh idir 1 200 agus 1 500 trodaí armtha ag an ADN a bhí lonnaithe in oirthuaisceart chríoch Beni i gcúige Kivu Thuaidh atá cóngarach don teorainn le Uganda. Measann na foinsí céanna seo go bhfuil idir 1 600 agus 2 500 duine ina mball de ADF ar an iomlán – mná agus leanaí san áireamh. De bharr oibríochtaí míleata ionsaitheacha a rinne na Congolese Armed Forces (FARDC) agus Misean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MONUSCO) in 2013 agus 2014, scaip ADF a throdairí chuig go leor bunáiteanna níos lú, bogadh mná agus leanaí go dtí ceantar siar ó Beni agus feadh theorainn Ituri-Kivu Thuaidh. Is é Hood Lukwago atá ina cheannasaí míleata ar ADF agus is é Jamil Mukulu, duine ar cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm ina leith, atá ina cheannaire Uachtarach.

Tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag ADF ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Rún 2078 (2012) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n‐áirítear mar a shonraítear thíos.

Tá saighdiúirí linbh earcaithe agus úsáidte ag ADF de shárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme (mír 4 (d) den Rún ó CSNA).

Luadh sa tuarascáil deiridh ón nGrúpa Saineolaithe in 2013 gur chuir an Grúpa Saineolaithe triúr iarthrodaithe ADF a d’éalaigh le linn 2013 faoi agallamh agus go ndearna siad cur síos ar an gcaoi a meallann earcaitheoirí ADF in Uganda daoine go dtí Poblacht Dhaonlathach an Chongó le gealltanas bréagach fostaíochta (i gcás na ndaoine fásta) agus gealltanas bréagach saoroideachais (i gcás na leanaí) agus ar an gcaoi a gcuireann siad iallach orthu ina dhiaidh sin dul isteach in ADF. Ina theannta sin, dúirt iarthrodaithe ADF leis an nGrúpa Saineolaithe gur gnáth fir fhásta agus buachaillí i measc ghrúpaí oiliúna ADF agus dúirt beirt bhuachaillí, a d’éalaigh ó ADF in 2013, leis an nGrúpa Saineolaithe gur chuir ADF oiliúint mhíleata orthu. Tá cuntas sa tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe freisin ó “iarshaighdiúir linbh ar an oiliúint a chuir ADF air”.

De réir na tuarascála deiridh ón nGrúpa Saineolaithe in 2012, orthu siúd a d’earcaigh ADF tá leanaí, mar a léiríodh i gcás earcaitheoir ADF ar ghabh údaráis Ugandacha é in Kasese in éineacht le seisear buachaillí óga agus é ar a shlí go dtí Poblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Iúil 2012.

Déantar tagairt do shampla de leanaí a bheith á n‐earcú agus á n‐úsáid ag ADF i litir an 6 Eanáir 2009 ón Iar-Stiúrthóir ar Human Rights Watch don Afraic, Georgette Gagnon, chuig iar‐Aire Dlí agus Cirt Uganda, Kiddu Makubuyu, inar luadh gur fhuadaigh ADF buachaill darbh ainm Bushobozi Irumba in 2000 agus gan é ach naoi mbliana d’aois. Bhí air seirbhís iompair chomh maith le seirbhísí eile a chur ar fáil do throdaithe ADF.

Ina theannta sin, sa “Tuarascáil ón Afraic”, rinneadh tagairt do líomhaintí go bhfuil leanaí chomh hóg le 10 mbliana d’aois á n‐earcú mar shaighdiúirí linbh agus rinneadh tagairt d’urlabhraí Uganda People’s Defence Force (UPDF) a dúirt go ndearna UFDP 30 leanbh a thabhairt slán i gcampa traenála ar Oileán Buvuma ar Loch Victoria.

Tá roinnt sáruithe déanta ag ADF freisin ar chearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta i gcoinne ban agus leanaí, lena n‐áirítear marú, gortú, ballbhascadh agus foréigean gnéasach (mír 4 (e) den Rún ó CSNA).

De réir na tuarascála deiridh ón nGrúpa Saineolaithe in 2013, rinne ADF ionsaí ar roinnt sráidbhailte, rud a d’fhág gur theith níos mó ná 66 000 duine go Uganda. Bánaíodh limistéar mór de dheasca na n‐ionsaithe seo, limistéar atá á rialú ag ADF ó shin trí dhaoine a fhilleann ar a sráidbhailte a fhuadach nó a mharú. Idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2013, rinne ADF ar a laghad cúigear i gceantar Kamango a dhícheannadh, roinnt eile a lámhach, agus na scórtha a fhuadach. Cuireadh sceimhle ar an daonra áitiúil de dheasca na ngníomhaíochtaí seo agus díspreagadh daoine filleadh abhaile.

Sa nóta cothrománach domhanda, sásra faireacháin agus tuairiscithe maidir le sáruithe tromchúiseacha in aghaidh leanaí i staideanna coinbhleachta armtha, tuairiscíodh do Mheitheal na Comhairle Slándála um Leanaí agus Coinbhleacht Armtha go raibh ADF freagrach as ceithre leanbh déag déag de na ocht leanbh déag a tuairiscíodh a bheith gortaithe le linn na tréimhse tuairiscithe, lena n‐áirítear eachtra an 11 Nollaig 2013, i gcríoch Beni, Kivu Thuaidh, nuair a rinne ADF ionsaí ar shráidbhaile Musuku inar maraíodh triúr is fiche, aon leanbh déag san áireamh (triúr cailíní agus ochtar buachaillí), a bhí idir dhá mhí d’aois agus seacht mbliana déag d’aois. Rinneadh na híospartaigh go léir a chiorrú go holc le maiseití, lena n‐áirítear beirt leanaí a tháinig slán as an ionsaí.

Sa Tuarascáil ón Ard-Rúnaí ar fhoréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht i mí an Mhárta 2014, aithnítear “Allied Democratic Forces — National Army for the Liberation of Uganda” ar a liosta de “páirtithe a bhfuil amhras iontaofa ann ina dtaobh go bhfuil éigniú déanta acu nó go bhfuil siad freagrach as éigniú a dhéanamh nó cineálacha eile foréigin ghnéasaigh i staideanna coinbhleachta armtha.”

Ghlac ADF páirt freisin in ionsaithe ar choimeádaithe síochána MONUSCO (mír 4(i) den Rún ó CSNA).

Ar deireadh, thuairiscigh Misean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MONUSCO) go bhfuil ar a laghad dhá ionsaí déanta ag ADF ar choimeádaithe síochána MONUSCO. Ionsaí ar phatról MONUSCO ar an mbóthar idir Mbau agus Kamango ab ea an chéad cheann, an 14 Iúil 2013. Déantar cur síos ar an ionsaí seo sa tuarascáil deiridh ón nGrúpa Saineolaithe in 2013. Tharla an dara hionsaí an 3 Márta, 2014. Rinneadh ionsaí ar fheithicil MONUSCO le gránáidí deich gciliméadar ó aerfort Mavivi in Beni inar gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána.

Gabhadh bunaitheoir agus ceannaire ADF, Jamil Mukulu, in Dar es Salaam sa Tansáin in Aibreán 2015. Rinneadh é a eiseachadadh ina dhiaidh sin go Kampala, Uganda in Iúil 2015. Ó Mheitheamh 2016 i leith, tá sé á choimeád i gcill choinneála póilíní ag feitheamh lena thriail.

7.

MACHANGA LTD

Seoladh: Plot 55A, Upper Kololo Terrace, Kampala, Uganda.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 29 Márta 2007.

Faisnéis eile: Comhlacht easpórtála óir (Stiúrthóirí: Mr. Rajendra Kumar Vaya agus Mr. Hirendra M. Vaya). In 2010, rinne Bank of Nova Scotia Mocatta (an Ríocht Aontaithe) sócmhainní de chuid Machanga, a bhí faoi sheilbh Emirates Gold, a chalcadh. Tá baint ag úinéirí Machanga go fóill le hór a cheannach as oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Is in 2004 a rinne Machanga Ltd tuairisceán bliantúil a chomhdú go deireanach agus is mar “stádas neamhghníomhach” a liostaíodh é de réir údaráis Phoblacht Uganda. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Entities

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Cheannaigh Machanga ór a bhuí le socrú rialta tráchtála a bhí acu le trádálaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a bhfuil dlúthbhaint acu le mílístí. Is ionann sin agus “cúnamh a sholáthar” do ghrúpaí armtha neamhdhleathacha atá de shárú ar an trádbhac arm a bunaíodh le rúin 1493 (2003) agus 1596 (2005). Comhlacht easpórtála óir (Stiúrthóirí: Mr. Rajendra Kumar Vaya agus Mr. Hirendra M. Vaya). In 2010, rinne Bank of Nova Scotia Mocatta (an Ríocht Aontaithe) sócmhainní de chuid Machanga, a bhí faoi sheilbh Emirates Gold, a chalcadh. Tá baint go fóill ag iar-úinéir Machanga, Rajendra Kumar, agus a dheartháir Vipul Kumar, le hór a cheannach as oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.

9.

UGANDA COMMERCIAL IMPEX (UCI) LTD

Seoladh: a) Plot 22, Sráid Kanjokya, Kamwokya, Kampala, Uganda (Teil.: +256 41 533 578/9), b) BOSCA PO 22 709, Kampala, Uganda.

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 29 Márta 2007.

Faisnéis eile: Comhlacht easpórtála óir. (Stiúrthóirí Jamnadas V. LODHIA — ar a dtugtar “Chuni”- agus a bheirt mhac Kunal J. LODHIA agus Jitendra J. LODHIA). In Eanáir 2011, thug údaráis Uganda fógra don Choiste gur aisíoc Emirates Gold fiachas UCI le Crane Bank in Kampala tar éis díolúine a fháil ar a shealúchais airgeadais, rud a d’fhág gur dúnadh a chuntais go críochnaitheach. Tá baint ag stiúrthóirí UCI go fóill le hór a cheannach as oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Is in 2013 a rinne Uganda Commercial Impex (UCI) Ltd tuairisceán cánach a chomhdú go deireanach nuair a liostaigh na húdaráis i bPoblacht Uganda mar “Neamhghníomhach – stádas neamhghníomhach” é. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Entities

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Cheannaigh UCI ór a bhuí le socrú rialta tráchtála a bhí acu le trádálaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a bhfuil dlúthbhaint acu le mílístí. Is ionann sin agus “cúnamh a sholáthar” do ghrúpaí armtha neamhdhleathacha atá de shárú ar an trádbhac arm a bunaíodh le rúin 1493 (2003) agus 1596 (2005). Comhlacht easpórtála óir. (Iar-Stiúrthóirí J.V. LODHIA — ar a dtugtar “Chuni”- agus a mhac Kunal LODHIA). In Eanáir 2011, thug údaráis Uganda fógra don Choiste gur aisíoc Emirates Gold fiachas UCI le Crane Bank in Kampala tar éis díolúine a fháil ar a shealúchais airgeadais, rud a d’fhág gur dúnadh a chuntais go críochnaitheach. Iar-úinéir UCI, J.V. Tá baint go fóill ag Lodhia agus a mhac Kumal Lodhia le hór a cheannach as oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.