16.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 343/3


RIALACHÁN (AE) 2020/1485 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2236 ina socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/2236 (1) ón gComhairle socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) bunaíodh an plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar (“an plean”). De bhun an Rialacháin sin, ba cheart deiseanna iascaireachta do na stoic den Rialachán a shocrú chun básmhaireacht iascaireachta ag uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach de réir a chéile ar bhonn forásach incriminteach faoi 2020 i gcás inar féidir, agus faoi 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

(3)

De bhun Rialachán (AE) 2019/1022, ba cheart deiseanna iascaigh a shloinneadh i dtéarmaí uasiarracht iascaireachta a shocraítear i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán. Ba cheart ríomh a bheith déanta ag gach Ballstát ar an mbunlíne do gach grúpa iarracht iascaireachta nó folimistéar geografach mar an mheániarracht iascaireachta, arna sloinneadh i dtéarmaí líon na laethanta iascaireachta idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2017 agus ní chuirfear san áireamh ach soithí a bhí gníomhach le linn na tréimhse sin. Dhearbhaigh na Ballstáit sonraí a n‐iarrachtaí bunlíne de réir ranna cabhlaigh agus i dtéarmaí laethanta iascaireachta.

(4)

Le linn phróiseas an mheasúnaithe bunlíne do laghdú na hiarrachta, d’aithin an Spáinn go raibh earráid ann maidir leis an ríomh teicniúil a úsáidtear chun laethanta iascaireachta a scaradh idir an t‐iascach cósta agus an t‐iascach domhain, i gcás na dturas ag a bhfuil tréimhse nach faide ná lá amháin.

(5)

Dá thoradh sin, tá gá le leasú a dhéanamh ar ríomh bhunlíne na Spáinne maidir leis an uasiarracht iascaireachta i dtéarmaí laethanta iascaireachta. Ní dhéanann an modhnú sin ar an ríomh difear do líon iomlán na laethanta iascaireachta don Spáinn, ná níl tionchar aige ar na Ballstáit eile a chuireann an plean bainistithe Ilbhliantúil chun feidhme. Mar sin féin, tá an modhnú sin riachtanach chun go seachnófaí aon neamhréireacht idir tuairisciú na Spáinne ar a n‐iarracht iascaireachta agus méid na hiascaireachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2236.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2236 a leasú dá réir.

(7)

Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tráth a fhoilsithe. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2236 ón 1 Éanair 2020. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin freisin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist agus nár ídíodh go fóill iad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú an Rialacháin (AE) 2019/2236

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/2236, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn (a):

“(a)

Muir Alboran Thuaidh, na hOileáin Bhailéaracha, Tuaisceart na Spáinne, Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Lannach riabhach i bhfolimistéir gheografacha (FLGanna) 1, 5, 6 agus 7; colmóir in FLGanna 1-5-6-7; rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

2 260

0

0

EFF1/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

24 284

0

0

EFF1/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

45 563

5 144

0

EFF1/MED1_TR3

≥ 24 m

16 047

6 258

0

EFF1/MED1_TR4

Séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 5, 6 agus 7.

< 12 m

0

0

0

EFF2/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

1 139

0

0

EFF2/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

11 535

0

0

EFF2/MED1_TR3

≥ 24 m

9 260

0

0

EFF2/MED1_TR4”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rialachán (AE) 2020/2236 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 336, 30.12.2019, lch. 14).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).