15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1481 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

An 12 Bealtaine 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú, thar ceann an Aontais, inar luadh gur de thiomantas an Aontais fós go ndéanfar trádbhac na Náisiún Aontaithe sa Libia a urramú go hiomlán. Cuireadh i dtreis chomh maith sa dearbhú nach mór gach iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcuirfear na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach freisin ag na teorainneacha talún agus aeir leis an Libia.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 (2), inar ainmníodh trí eintiteas a raibh lámh acu i sárú thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(4)

Is cúis mhór imní don Chomhairle i gcónaí an staid sa Libia go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhartha a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, lena n‐áirítear sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart duine amháin a bhfuil lámh aige i ngníomhartha den sórt sin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 305 I, 21.9.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘22.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Leningrad (St. Petersburg)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige leis an gcuideachta phríobháideach mhíleata, Wagner Group, naisc airgeadais san áireamh.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá ar bun ag Wagner Group sa Libia, gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol, agus tá sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin.

Go háirithe, tá Wagner Group rannpháirteach i sáruithe iomadúla a dhéantar arís agus arís eile ar an trádbhac arm sa Libia arna bhunú i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus arna thrasuí in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear seachadadh arm mar aon le himscaradh amhas isteach sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leis agus chuidigh sé le díobháil a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochána.’

15.10.2020