15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1480 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 maidir le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542.

(2)

An 20 Lúnasa 2020, tógadh Alexei Navalny, ceannaire mór le rá ar an bhfreasúra sa Rúis, isteach in ospidéal in Omsk, Cónaidhm na Rúise, mar gheall ar a riocht sláinte tromchúiseach.

(3)

An 22 Lúnasa 2020, aistríodh Alexei Navalny go Beirlín, an Ghearmáin, áit a ndearnadh scrúdú cuimsitheach air.

(4)

An 2 Meán Fómhair 2020, d’fhógair Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine go raibh sainsaotharlann de chuid Fhórsaí Armtha na Cónaidhme tar éis fianaise a fháil go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn leis an dtoradh sin ina dhiaidh sin, mar a fógraíodh an 14 Meán Fómhair 2020.

(5)

Ina conclúidí an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020, cháin an Chomhairle Eorpach an iarracht chun Alexei Navalny a fheallmharú. Is sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta airm cheimiceacha a úsáid. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis Chónaidhm na Rúise comhoibriú go huile agus go hiomlán leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha chun go mbeadh imscrúdú neamhchlaon idirnáisiúnta ann, agus go ndéanfaí iad siúd atá freagrach a thabhairt faoi chuing an cheartais.

(6)

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart seisear agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542:

A.   DAOINE NÁDÚRTHA

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘10.

Andrei Veniaminovich YARIN

(Андрей Вениаминович ЯРИН)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 13 Feabhra 1970;

Áit bhreithe: Nizhny Tagil;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ceann an Presidential Domestic Policy Directorate

Tá Andrei Yarin ina cheann ar an Presidential Domestic Policy Directorate sa Presidential Executive Office i gCónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé i bhfeighil ar threoshuíomhanna polaitiúla inmheánacha a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ceapadh Andrei Yarin freisin sa tascfhórsa laistigh den Presidential Executive Office agus ba é ról an tascfhórsa tionchar Alexei Navalny i sochaí na Rúise a chomhrac lena n-áirítear trí oibríochtaí a bhí ceaptha chun míchlú a tharraingt air.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

15.10.2020

 

 

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Andrei Yarin freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

11.

Sergei Vladilenovich KIRIYENKO

(Сергей Владиленович КИРИЕНКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 26 Iúil 1962;

Áit bhreithe: Sukhumi;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Céad-Leas-Cheann-Foirne ar an Presidential Executive Office

Is é Sergei Kiriyenko Céad-Leas-Cheann-Foirne an Presidential Executive Office de Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé freagrach as gnóthaí intíre, lena n-áirítear grúpaí agus gníomhaíochtaí polaitiúla.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

15.10.2020

 

 

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Sergei Kiriyenko freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

12.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 22 Lúnasa 1960;

Áit bhreithe: Alagir;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District

Is é Sergei Menyailo an tIonadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District agus sa cháil sin tá sé freagrach as cumhachtaí bunreachtúla an Uachtaráin a chur chun feidhme lena n-áirítear beartas intíre agus seachtrach an Stáit a chur chun feidhme. Tá Sergei Menyailo ina chomhalta neamhbhuan de Security Council of the Russian Federation freisin.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

15.10.2020

 

 

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin in Siberian Federal District, tá Sergei Menyailo freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

13.

Aleksandr Vasilievich BORTNIKOV

(Александр Васильевич БОРТНИКОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 15 Samhain 1951;

Áit bhreithe: Perm;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise

Tá Aleksandr Bortnikov ina Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí príomhghníomhaireacht slándála na Rúise.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne an Federal Security Service faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

15.10.2020

 

 

Sna himthosca sin, agus é á chur san áireamh go raibh faireachas á dhéanamh ar Alexei Navalny tráth a nimhithe, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir an nimhiú a dhéanamh mura mbeadh an Federal Security Service rannpháirteach.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta sa Federal Security Service, tá Aleksandr Bortnikov freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a chur ar fáil do na daoine sin a nimhnigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

14.

Pavel Anatolievich POPOV

(Павел Анатольевич ПОПОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 1 Eanáir 1957;

Áit bhreithe: Krasnoyarsk;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Is é Pavel Popov Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin, is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le gníomhaíochtaí taighde. Áirítear leis sin maoirseacht agus forbairt ar chumais eolaíocha agus teicneolaíocha na hAireachta, lena n-áirítear airm agus trealamh míleata ionchais a fhorbairt agus nuachóiriú a dhéanamh ar an cinn atá ann faoi láthair.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram na stoc arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na stoic sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gur féidir iad go léir a scriosadh.

15.10.2020

 

 

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

 

 

 

Ós rud é gurb ar an Aireacht Cosanta atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le hairm cheimiceacha a stóráil ar bhealach sábháilte agus as na hairm sin a scriosadh, is le hintinn nó trí mhórfhaillí ar thaobh na hAireachta Cosanta agus na ceannaireachta polaitiúla, agus leis sin amháin, a bhféadfaí airm cheimiceacha mar sin a úsáid ar chríoch Chónaidhm na Rúise.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Pavel Popov freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

15.

Aleksei Yurievich KRIVORUCHKO

(Алексей Юрьевич КРИВОРУЧКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 17 Iúil 1975;

Áit bhreithe: Stavropol;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Is é Aleksei Krivoruchko Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le harmálacha. Áirítear maoirseacht ar stoc arm agus trealaimh mhíleata na hAireachta leis sin. Tá sé freagrach as na hairm agus an trealamh míleata a dhíothú faoi chuimsiú chur chun feidhme na gconarthaí idirnáisiúnta a shanntar don Aireacht Cosanta chomh maith.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na hairm sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gurbh fhéidir iad go léir a scriosadh.

15.10.2020’

 

 

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

 

 

 

Ós rud é gurb ar an Aireacht Cosanta atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le hairm cheimiceacha a stóráil ar bhealach sábháilte agus as na hairm sin a scriosadh, is le hintinn nó trí mhórfhaillí ar thaobh na hAireachta Cosanta agus na ceannaireachta polaitiúla, agus leis sin amháin, a bhféadfaí airm cheimiceacha mar sin a úsáid ar chríoch Chónaidhm na Rúise.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Aleksei Krivoruchko freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

 

B.   DAOINE DLÍTHEANACHA, EINTITIS AGUS COMHLACHTAÍ

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘2.

State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT)

(Государственный научно-исследовательский институт органической химии и технологии)

Seoladh: Shosse Entuziastov 23, 11 124 Moscow, Moscow Oblast, Russia;

Teileafón: +7 (495) 673 7530;

Facs: +7 (495) 673 2218;

Suíomh gréasáin: http://gosniiokht.ru

Rphost: dir@gosniiokht.ru

Is institiúid taighde stáit é The State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT) atá freagrach as stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

Sa ról bunaidh a bhí aici roimh 1994, bhí an institiúid rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh arm ceimiceach, lena n-áirítear an t-oibreán néaróg tocsaineach ar a dtugtar “Novichok” anois. Tar éis 1994, bhí an tsaoráid chéanna rannpháirteach i gclár an rialtais chun stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

15.10.2020’

 

 

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Mar sin de, ní fhéadfaí oibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok a úsáid mura mhainnigh an Institiúid sa chúram a bhí uirthi stoc-chairn na n-arm ceimiceach a scriosadh.