31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1130 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Tá an Chomhairle tagtha ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun, agus gur cheart an fhaisnéis chéannachta do dhuine amháin a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I gcuid A (Daoine) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 18:

“18.

GHWELL, Khalifa

ailias AL GHWEIL, Khalifa

AL-GHAWAIL, Khalifa

GHAWIL, Khalifa Mohamed

Dáta breithe: 1 Eanáir 1956 nó 1 Eanáir 1951

Áit bhreithe: Misurata, an Libia

Náisiúntacht: Libiach

Pas: A005465 (an Libia), a eisíodh an 12 Aibreán 2015, a chuaigh in éag an 11 Aibreán 2017

agus

J690P666 (an Libia), a eisíodh an 12 Meitheamh 2016, ag dul in éag an 11 Meitheamh 2024

Inscne: fireann

Seoladh: Qasr Ahmed Street, Misurata, an Libia

Ba é Khalifa Ghwell ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’, mar a ghairtí de, an Chomhdháil Ghinearálta Náisiúnta (‘GNC’) atá neamhaitheanta go hidirnáisiúnta (ar a dtugtar ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ freisin), agus dá réir sin, bhí sé freagrach as a ngníomhaíochtaí.

An 7 Iúil 2015, rinne Khalifa Ghwell a chuid tacaíochta do Fhronta na Buanseasmhachta (Alsomood), fórsa míleata nua seacht mbriogáid a bhfuil sé mar aidhm aige cosc a chur le bunú rialtais aontachta i dTripilí, a léiriú nuair a d’fhreastail sé ar shearmanas an tsínithe chun Uachtarán GNC, Nuri Abu Sahmain, a insealbhú san fhórsa.

Ina cháil mar ‘Príomh-Aire’ GNC, bhí ról lárnach ag Ghwell i mbac a chur ar bhunú an GNA a bunaíodh faoin gComhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia.

An 15 Eanáir 2016, ina cháil mar ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’ GNC Thripilí, d’ordaigh Ghwell go ngabhfaí aon bhaill den Fhoireann Slándála nua a cheap Príomh-Aire Ainmnithe an Rialtais Comhaontaithe Náisiúnta, a leagfadh cos i dTripilí.

An 31 Lúnasa 2016, d’ordaigh sé do ‘Príomh-Aire’ agus do ‘Aire Cosanta’ de chuid ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ filleadh ar an obair i ndiaidh do Theach na nIonadaithe diúltú don GNA.

1.4.2016”.