30.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 246/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (ae) 2020/1124 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Iúil 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL/(Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686. |
(2) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2016/1686. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686:
“6. |
Bryan D’ANCONA; dáta breithe: 26 Eanáir 1997; áit bhreithe: Nice (An Fhrainc); náisiúntacht: Francach.”. |