|
29.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 244/1 |
RIALACHÁN (AE) 2020/1108 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (3) rialacha maidir le malartú agus stóráil faisnéise ag na Ballstáit chun na scéimeanna speisialta dá bhforáiltear i gCaibidil 6 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (4) a bhunú. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle (5), déantar na forálacha sin a leasú chun raon feidhme na scéimeanna speisialta sin a leathnú agus chun scéim nua a thabhairt isteach. Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. |
|
(3) |
An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát. |
|
(4) |
Éigeandáil nach raibh coinne léi agus atá gan fasach atá i bpaindéim COVID-19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát le críochnú na gcóras TF atá riachtanach chun na rialacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 i leith. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2454. |
|
(5) |
Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, tá sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar sé mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, toisc gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú. |
|
(6) |
I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2454 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, leasaítear pointe (7) mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.” |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Tuairim an 10 Iúil 2020 [nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil]
(2) Tuairim an 10 Meitheamh 2020 [nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil].
(3) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(4) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac (IO L 348, 29.12.2017, lch. 1).