17.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/4


RIALACHÁN (AE) 2020/1041 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(2)

Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (4), leasaíodh méid iomlán na n-acmhainní don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (“TFAO”) trí EUR 28 333 334 de réir praghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO in 2020 agus méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO le haghaidh thréimhse iomlán an chláreagrúcháin a ardú go EUR 4 556 215 406 de réir praghsanna reatha.

(3)

Le haghaidh 2020, cistítear na hacmhainní breise de EUR 23,7 milliún de réir phraghsanna 2011 leis an gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí laistigh de chorrlach an chreata airgeadais ilbhliantúil do na mblianta 2014-2020.

(4)

I bhfianaise na práinne atá le leasú a dhéanamh ar na cláir lena dtacaítear le TFAO chun na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO a áireamh roimh dheireadh 2020, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin.

(6)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 330 105 627 309, de réir phraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach don tréimhse 2014-2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe a bheidh in EUR 325 938 694 233 de sin agus leithdháileadh sonrach do TFAO a bheidh in EUR 4 166 933 076 de. Ar mhaithe leis an gcláreagrú agus leis an gcumhdach i mbuiséad an Aontais amach anseo, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú ag 2 % in aghaidh na bliana.”;

(2)

in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   EUR 4 166 933 076 a bheidh sna hacmhainní do TFAO, a bhfuil EUR 23,7 milliún de ina n-acmhainní breise le haghaidh 2020. Comhlánófar na hacmhainní sin le hinfheistíocht spriocdhírithe ó CSE i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán CSE.

Na Ballstáit a bhaineann tairbhe as na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO, féadfaidh siad a iarraidh go n-aistreofar suas le 50 % de na hacmhainní breise seo don leithdháileadh sonrach do TFAO chuig CSE chun bheith ina n-infheistíocht chomhfhreagrach spriocdhírithe de chuid CSE mar a cheanglaítear in Airteagal 22(1) de Rialachán CSE. Is chuig na catagóirí réigiúin faoi seach a chomhfhreagraíonn do chatagóiriú na réigiún atá incháilithe don mhéadú ar an leithdháileadh sonrach do TFAO, a dhéanfar an t-aistriú sin. Iarrfaidh na Ballstáit an t-aistriú san iarraidh ar leasú ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 30(1) den Rialachán seo. Ní féidir acmhainní arna leithdháileadh i leith blianta atá thart a aistriú.

Beidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le haon acmhainní breise don leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO a leithdháileadh in 2019 agus 2020.”.

(3)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  Tuairim an 10 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Iúil 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(4)  IO L 57, 27.2.2020, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VI

MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020

Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear an breisiú do TFAO)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

EUR, praghsanna 2011

34 108 069 924

55 725 174 682

46 044 910 736

48 027 317 164

48 341 984 652

48 811 933 191

49 046 236 960

330 105 627 309