27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/25


RIALACHÁN (AE) 2020/699 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun ráig COVID-19, ar fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim í an 11 Márta 2020, a shrianadh, tá sraith beart nár glacadh riamh cheana curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, go háirithe bearta a bhaineann le gaibhniú agus scaradh sóisialta daoine.

(2)

Is féidir le bearta den sórt sin bac a chur ar chuideachtaí agus ar chomharchumainn a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí na gcuideachtaí de chuid na mBallstát agus an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe, trína dhéanamh deacair dóibh, go suntasach, cruinnithe ginearálta a thionól.

(3)

Ar leibhéal náisiúnta, tá bearta éigeandála curtha i bhfeidhm ag Ballstáit chun tacú le cuideachtaí agus comharchumainn agus chun na huirlisí agus an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil dóibh sna himthosca eisceachtúla reatha arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo. Go háirithe, tá úsáid uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha chun cruinnithe ginearálta a thionól ceadaithe ag go leor Ballstát agus tá síneadh curtha acu leis na teorainneacha ama chun cruinnithe ginearálta a thionól in 2020.

(4)

Ar leibhéal an Aontais, le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 (1) ón gComhairle rialaítear cuideachtaí Eorpacha (“SEnna”) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 (2) ón gComhairle rialaítear Comharchumainn Eorpacha (“SCEnna”). Ceanglaíonn an dá Rialachán go ndéanfaí cruinniú ginearálta a thionól laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Ag féachaint do na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo, ba cheart maolú sealadach ón gceanglas sin a dheonú. Ar an ábhar go mbíonn tionól cruinnithe riachtanach chun a áirithiú go ndéantar cinntí a bhfuil ceangal dlí leo nó cinntí atá riachtanach ó thaobh na heacnamaíochta de in am trátha, ba cheart cead a bheith ag SEnna agus ag SCEnna a gcruinnithe ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar an gcoinníoll go ndéanfar iad a thionól tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020. Ós beart sealadach é seo mar gheall ar imthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo, níor cheart feidhm a bheith ag an maolú sin ach amháin i leith cruinnithe ginearálta a éilítear iad a thionól in 2020.

(5)

Ní thugtar aon chumhachtaí sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir le glacadh an Rialacháin seo, seachas iad siúd a leagtar amach faoi Airteagal 352.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon réiteach éigeandála sealadach a chur ar fáil do SEnna agus SCEnna lenar féidir leo maolú ó fhorálacha Rialacháin (CE) Uimh. 2157/2001 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1435/2003 maidir le huainiú na gcruinnithe ginearálta a thionól, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(7)

I bhfianaise go rachaidh an tréimhse sé mhí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 in éag i mBealtaine nó Meitheamh 2020 agus ar an ábhar go gcaithfear na tréimhsí comórtha a chur san áireamh, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(8)

I bhfianaise na práinne sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an CAE, leis an CFAEagus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna)

I gcás ina mbeidh cruinniú ginearálta de chuideachta Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001, féadfaidh an chuideachta Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta Comharchumann Eorpach (SCEnna)

I gcás ina mbeidh cruinniú ginearálta de chomharchumann Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003, féadfaidh comharchumann Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i dtaca leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i dtaca leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lch. 1).