|
27.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 165/1 |
RIALACHÁN (AE) 2020/696 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Bealtaine 2020
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, i bhfianaise phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De dheasca phaindéim COVID-19, tá laghdú géar ar an aerthrácht mar thoradh ar an titim shuntasach ar an éileamh ar iompar agus ar bhearta díreacha amhail dúnadh teorainneacha agus cosc ar aerthrácht a ghlac Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh. |
|
(2) |
Le figiúirí atá foilsithe ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, léirítear titim thart ar 90 % san aerthrácht sa réigiún Eorpach ag deireadh mhí an Mhárta 2020, i gcomparáid le mí an Mhárta 2019. Tá titim mhór á tuairisciú ag aeriompróirí sna háirithintí atá le teacht mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus eitiltí á gcur ar ceal acu do thréimhsí sceidealaithe gheimhreadh 2019-2020 agus shamhradh 2020. Mar gheall ar an laghdú tobann ar éileamh agus ar an ráta cealaithe nach bhfacthas riamh cheana, tá fadhbanna móra leachtachta ann d’aeriompróirí. Tá baint dhíreach ag na fadhbanna leachtachta sin le paindéim COVID-19. |
|
(3) |
Maidir le haeriompróirí de chuid an Aontais, ar aeriompróirí iad a bhí fónta ó thaobh an airgeadais de roimh phaindéim COVID-19, tá fadhbanna leachtachta acu a d’fhéadfadh a spreagadh a gceadúnas oibríochta a chur ar fionraí, a chúlghairm nó ceadúnas sealadach a chur ina áit, gan gá struchtúrach eacnamaíoch a bheith ann go dtarlódh sé sin. D’fhéadfadh deonú ceadúnais shealadaigh de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) comhartha diúltach a chur chuig an margadh maidir le cumas aeriompróra maireachtáil, rud a chuirfeadh in olcas aon fhadhbanna airgeadais atá aici, ar fadhbanna sealadacha iad seachas sin. Ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfar thar an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, is iomchuí, dá bhrí sin, ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus go bhfuil ionchas réalaíoch ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh de 12 mhí, nach ndéanfar ceadúnas oibríochta na n-aeriompróirí sin a chur ar fionraí ná a chúlghairm. Ag deireadh na tréimhse 12 mhí sin, ba cheart an t-aeriompróir de chuid an Aontais a bheith faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Maidir leis an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 i dtaca leis an gCoimisiún a chur ar an eolas, ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir leis na cinntí a dhéantar gan an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm. |
|
(4) |
Mar aon le bearta éigeandála a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcás fadhbanna tobanna sealadacha gearrthéarmacha, a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha dosheachanta, de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna a eascraíonn as paindéim COVID-19, ar fadhbanna iad a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar feadh i bhfad. Leis na bearta éigeandála sin a ghlactar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, ba cheart prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta a urramú, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil feidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. |
|
(5) |
In aerfoirt ina bhfuil teorainn ar líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh de bhun Airteagal 6(2) agus Airteagal 9 de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (3), féadfar soláthróirí a roghnú ar feadh uastréimhse seacht mbliana. Dá bharr sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag soláthróirí a bhfuil an tréimhse sin ag dul in éag dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin. |
|
(6) |
Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, in aerfoirt ina bhfuil teorainn le líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh, d’fhéadfadh soláthróir amháin nó roinnt soláthróirí scor dá seirbhísí a sholáthar ag aerfort ar leith sula bhféadfaí soláthróir nua a roghnú ar bhonn an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 11(1) de Treoir 96/67/CE. Sna himthosca sin, is iomchuí do chomhlacht bainistíochta an aerfoirt a bheith in ann soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnú chun na seirbhísí a sholáthar go díreach ar feadh uastréimhse sé mhí. Ba cheart a mheabhrú, i gcás inar gá do chomhlacht bainistithe an aerfoirt seirbhísí láimhseála ar an talamh a fháil mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus inar eintiteas conarthach é de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá feidhm ag an Treoir sin. |
|
(7) |
Ba cheart atógáil shásúil airgeadais a chur i gcrích le plean arb é is aidhm dó asleaganacha a chosc agus ráthaíochtaí nach mbeidh an atógáil airgeadais chun aimhleas chearta oibrithe. Ba cheart a bheith mar aidhm ag na sínte a chuirtear le húdaruithe do sholáthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh poist agus cearta oibrithe a chaomhnú. |
|
(8) |
Is deacair a thuar cé na forbairtí breise a thiocfaidh ar phaindéim COVID-19 agus cén tionchar breise a bheidh aici ar an earnáil aeriompair. Ba cheart don Choimisiún anailís leanúnach a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus, dá leanfadh na drochdhálaí ar aghaidh, ba cheart é a bheith de chumas ag an Aontas, gan mhoill mhíchuí, síneadh a chur leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm. |
|
(9) |
Chun síneadh a chur, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar maith leis, leis an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na húdaráis cheadúnúcháin inniúla cinneadh a dhéanamh gan na ceadúnais oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm, an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú, a theorannú nó a fhorchur, agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar síneadh a chur le conarthaí soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh agus a bhféadfaidh comhlacht bainistíochta aerfoirt soláthraí seirbhísí láimhseála ar talamh a roghnú go díreach lena linn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(10) |
I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19 agus lena dtugtar údar maith do na bearta atá beartaithe, agus go háirithe chun na bearta is gá a ghlacadh go tapa d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna tromchúiseacha atá ag an earnáil faoi láthair, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(11) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú i bhfianaise phaindéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaígur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(12) |
I ngeall ar ráig thobann COVID-19 nárbh fhéidir a thuar, agus ar na nósanna imeachta reachtacha is gá chun bearta ábhartha a ghlacadh, níorbh fhéidir na bearta sin a ghlacadh in am trátha. Ar an gcúis sin, ba cheart orálacha an Rialacháin seo an tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm a chumhdach. I bhfianaise chineál na bhforálacha sin, níl ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann á sárú mar thoradh ar chur chuige den sórt sin. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(14) |
I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a thugann údar maith do na bearta arna mbunú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Rialaítear leis an Rialachán seo ceadúnú aeriompróirí Comhphobail, ceart aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú agus praghsáil aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal. Leagtar síos leis freisin, rialacha sealadacha maidir le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais.”. |
|
(2) |
in Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “1a. Bunaithe ar na measunaithe dá dtagraítear i mír 1, arna ndéanamh idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020, féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin inniúil a chinneadh roimh dheireadh na tréimhse sin gan ceadúnas oibríochta an aeriompróra de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a chúlghairm ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus agus go bhfuil ionchas réalaíoch ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin. Déanfaidh sé athbhreithniú ar fheidhmíocht an aeriompróra de chuid an Aontais ag deireadh na tréimhse 12 mhí agus cinnfidh sé cé acu an ndéanfar an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm agus deonófar ceadúnas sealadach ar bhonn mhír 1. 1b. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh i gcomparáid leis an leibhéal le linn na tréimhse comhfhreagraí in 2019 agus gur dócha go leanfaidh sin ar aghaidh, agus ina bhfaigheann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, amhail sonraí ón Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 an staid sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo dá réir. 1c. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 1b. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomairfaoin ábhar seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás ina gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 1b, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1b a luaithe is féidir. 1d. Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.”. |
|
(3) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 21a Bearta éigeandála a bhaineann le paindéim COVID-19 1. D’ainneoin Airteagal 21, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, féadfaidh Ballstáit, gan chomhaontú ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 21(1), feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur air más gá an beart sin chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Le gníomh den sórt sin, urramófar prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus bunófar é ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. 2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi ghníomh den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 agus a fhad, agus tabharfaidh sé cúiseanna leordhóthanacha dóibh lena dtugtar údar maith don ghníomh sin. Má dhéanann an Ballstát an gníomh sin a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir. 3. Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’aon Bhallstát nó Ballstáit eile atá i gceist, nó ar a thionscnamh féin, an gníomh dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fionraí mura gcomhlíontar leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó má tá sé contrártha do dhlí an Aontais ar bhealach eile. 4. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn an eolais, na fianaise agus na sonraí eolaíocha is fearr, amhail sonraí ón Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú, lena ndeimhnítear go bhfuil paindéim COVID-19 ag leanúint ar aghaidh gur dócha go mbeidh gá le feidhmiú ceart tráchta na mBallstát a dhiúltú, a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur air, tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis an tréimhse sin dá réir. 5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 4. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair faoin ábhar seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 a luaithe is féidir. 6. Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.”. |
|
(4) |
cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach: “CAIBIDIL IVa RIALACHA SEALADACHA MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH Airteagal 24a 1. De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (*1), féadfar conarthaí soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnaítear ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Treoir sin nó údaruithe arna ndeonú do na soláthróirí sin a rachaidh in éag le linn na tréimhse ón 28 Bealtaine 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021 a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022. 2. De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 11(1) de Threoir 96/67/CE, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, i gcás ina scoirfidh soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a ghníomhaíocht roimh dheireadh na tréimhse dar roghnaíodh é, féadfaidh comhlacht bainistithe an aerfoirt nó údarás inniúil an Bhallstáit, soláthróir seirbhíse láimhseála ar an talamh a roghnú go díreach chun na seirbhísí a sholáthar ar feadh uastréimhse sé mhí nó ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, cibé acu is faide. 3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh, i gcomparáid leis an leibhéal le linn na tréimhse comhfhreagraí in 2019, agus gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 an staid sin, agus dá dheasca sin go gcuirtear isteach ar sholáthar seirbhísí láimhseála ar an talamh nó go bhfuil deacrachtaí ag soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo dá réir. 4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair faoin ábhar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás inár gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3 a luaithe is féidir. 5. Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas Eorpach, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo. (*1) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).”." |
|
(5) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 25a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse aon bhliain amháin ón 28 Bealtaine 2020. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 25b Nós imeachta práinne 1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D.M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(3) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseála ar talamh ag aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).
(4) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).