24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/11


RIALACHÁN (AE) 2020/560 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolúin earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an suaitheadh ar an margadh mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar an éileamh de dheasca ráig COVID-19 tar éis earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bhualadh go suntasach. Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna mar gur dúnadh ionaid díolacháin, margaí, asraonta agus bealaí dáileacháin. Mar gheall ar an laghdú ar an éileamh agus ar phraghsanna, chomh maith le leochaileacht castacht an tslabhra soláthair, bhíothas ag déanamh caillteanais in oibríochtaí na gcabhlach iascaireachta agus oibríochtaí táirgthe bia mara. Dá dheasca sin, bhí ar iascairí fanacht sa chalafort agus beidh ar fheirmeoirí éisc táirgí a dhiúscairt nó a scriosadh laistigh de roinnt seachtainí.

(2)

Ba cheart an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bheith in ann tacú le bearta sonracha go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tionchar ráig COVID-19 in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú. Sna bearta sin, ba cheart tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, lena n‐áirítear scor sealadach d’iascaireacht intíre agus d'iascairí de chois, agus do chaillteanais eacnamaíocha áirithe i ndáil le táirgeoirí dobharshaothraithe agus le fiontair phróiseála agus sna réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll gurb é ráig COVID-19 is cúis leo. Sna bearta sonracha sin, ba cheart freisin caipiteal oibre a sholáthar do tháirgeoirí dobharshaothraithe agus d’fhiontair phróiseála agus ba ceart tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta seo a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó CEMI atá faoi bhainistíocht roinnte a mhiondealú ar shlí a n‐áiritheofar go mbunófar méideanna socraithe le haghaidh rialú iascaigh agus le haghaidh sonraí eolaíocha a bhailiú, ach a gceadófar, ag an am céanna, 10 % de na méideanna sin a úsáid maidir le bearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú, agus le haghaidh costais bhreise sna réigiún is forimeallaí a chúiteamh. Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní eile atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar bhonn na riachtanas atá acu féin.

(4)

I bhfianaise iarmhairtí socheacnamaíocha suntasacha ráig COVID-19 agus an ghá atá le leachtacht sa gheilleagar, ba cheart a bheith in ann tacú leis an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, arb í géarchéim ráig COVID-19 is cúis leis, agus ráta uasta cómhaoinithe 75 % de chaiteachas poiblí incháilithe a úsáid.

(5)

I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht maidir le hacmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19, níor cheart soláthar na tacaíochta don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb í an ráig sin is cúis leis a bheith faoi réir caidhpeáil airgeadais. Níor cheart gur dhochar an méid sin don chaidhpeáil airgeadais atá ann cheana le haghaidh cásanna eile a bhaineann le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta. An oibleagáid i dtaobh tacaíocht a deonaíodh don scor sealadach a asbhaint de thacaíocht a deonaíodh don scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an soitheach céanna, ba cheart an oibleagáid sin leanúint de bheith i bhfeidhm. Maidir le bearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú, ba cheart an ceanglas maidir le 120 lá de ghníomhaíocht a laghdú go comhréireach i gcás úinéirí soithí atá cláraithe ar feadh tréimhse is giorra ná dhá bhliain agus i gcás iascairí a thosaigh ag obair tráth is giorra ná dhá bhliain roimh an iarratas ar thacaíocht.

(6)

I bhfianaise chomh práinneach atá sé an tacaíocht a sholáthar, ba cheart a bheith in ann raon feidhme an nós imeachta shimplithe a leathnú ionas go gcuirfear san áireamh leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis na bearta sonracha agus ath-leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais a ghabhann leo chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19. Ba cheart na leasuithe uile is gá a bheith cumhdaithe leis an nós imeachta simplithe sin chun na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme ina n‐iomláine, lena n‐áirítear iad a thabhairt isteach agus an tuairisc ar na modhanna chun tacaíocht a ríomh.

(7)

I bhfianaise an phríomhróil a bhí ag eagraíochtaí táirgeoirí chun an ghéarchéim a bhainistiú, ba cheart an uasteorainn i leith na tacaíochta don táirgeacht agus do phleananna margaíochta a mhéadú go dtí 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin réamhíocaíochtaí de suas go dtí 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí i dtaobh na tacaíochta sin.

(8)

Tar éis do ráig COVID-19 cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe go tobann agus, dá dheasca sin, an riosca a bhaineann le margaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur i mbaol, is iomchuí sásra a chur ar bun chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag daoine a stóráil. Beidh sé d’aidhm ag an méid sin breis cobhsaíochta sa mhargadh a chothú, an riosca a bhaineann le táirgí den sórt sin a chur amú nó a athúsáid chun críoch bia nach do dhaoine é a mhaolú, agus cuidiú le tionchar na géarchéime ar bhrabús na dtáirgí a mhaolú chomh maith. Leis an sásra sin, ba cheart do tháirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith in ann úsáid a bhaint as na teicnící céanna cosanta agus caomhnúcháin do speicis chomhionanna chun a áirithiú go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na táirgeoirí.

(9)

I bhfianaise chomh tobann agus chomh mór atá an laghdú ar éileamh tar éis teacht ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ráig COVID-19, ba cheart a bheith in ann na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála a mhéadú go dtí 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann ar díol.

(10)

Le go mbeidh sé ar chumas na mBallstát freagairt go pras ar thobainne ráig COVID-19 nárbh fhéidir a thuar, ba cheart dóibh a bheith i dteideal truicearphraghsanna a shocrú dá n‐eagraíochtaí táirgeoirí chun an sásra stórála a chur ar obair. Ba cheart na truicearphraghsanna sin a shocrú sa tslí go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na hoibreoirí.

(11)

Ba cheart tacaíocht ó CEMI a bheith ar fáil freisin do bhearta chun na caillteanais eacnamaíocha de dheasca COVID-19 a chúiteamh d’oibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí á n-iascaireacht, á dtógáil, á bpróiseáil agus á margú acu, go háirithe na caillteanais a thagann as meath ar phraghas iasc nó as costais stórála mhéadaithe. Ba cheart don Choimisiún bearta den sórt sin atá beartaithe ag na Ballstáit a fhormheas gan mhoill.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tionchar sóisialta agus eacnamaíoch ráig COVID-19 ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht is gá a sholáthar, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá le dul i ngleic leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch atá aici ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht roinnte

1.   Is ionann na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó CEMI don tréimhse ó 2014 go 2020 faoi bhainistíocht roinnte agus EUR 5 749 331 600 i bpraghsanna reatha, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Leithdháilfear EUR 580 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar na bearta rialaithe agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 76.

3.   Leithdháilfear EUR 520 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhearta maidir le sonraí a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 77.

4.   Leithdháilfear EUR 192 500 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar chúiteamh na réigiún is forimeallaí faoi Chaibidil V de Theideal V. Leis an gcúiteamh sin, ní shárófar na suimeanna seo a leanas in aghaidh na bliana:

(a)

EUR 6 450 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)

EUR 8 700 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)

EUR 12 350 000 do réigiúin Fhrancacha is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

5.   Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit na hacmhainní atá ar fáil faoi mhíreanna 2 agus 3 a úsáid go hidirmhalartach.

6.   Féadfar 10 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a leithdháileadh ar bhearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú.”;

(2)

in Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   I gcás na n‐acmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 13(1) don tréimhse ó 2014 go 2020, mar a leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn II, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar oibiachtúil seo a leanas:”;

(3)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

i bpointe 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), Airteagal 35, Airteagal 44(4a), pointe (b) d’Airteagal 55(1), Airteagail 57, 66 agus 67 agus Airteagal 69(3), lena n‐áirítear acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2).”;

(4)

in Airteagal 25(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“3.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1) agus in Airteagal 34 agus d’athsholáthar nó nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n‐inneall coimhdeach dá dtagraítear in Airteagal 41 an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:”;

(5)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Le CEMI, féadfar tacú le bearta le haghaidh an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta sna cásanna seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme bhearta an Choimisiúin nó bhearta éigeandála na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13, faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó na mbeart caomhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin, lena n‐áirítear tréimhsí téarnaimh ó thaobh na bitheolaíochta;

(b)

ní dhéantar Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó na prótacail a ghabhann leo a athnuachan;

(c)

i gcás ina bhforáiltear don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i bplean bainistíochta a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (*1) nó i bplean ilbhliantúil a ghlactar faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás ina bhfuil gá, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, le laghdú san iarracht iascaireachta chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach;

(d)

i gcás ina dtarlaíonn an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19, lena n‐áirítear do shoithí a oibríonn faoi Chomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

2.   An tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse ó 2014 go 2020. Ní bheidh feidhm ag an bhfad uasta sin maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír sin.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Chun críoch phointe (d) de mhír 1, beidh feidhm ag na maolaithe seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, i gcás soitheach iascaireachta a bheith cláraithe i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ar feadh tréimhse is giorra ná dhá bhliain ar dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bheidh ag teastáil don soitheach sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;

(b)

de mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, i gcás iascaire a thosaigh ag obair ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;

(c)

de mhaolú ar mhír 3, deonófar tacaíocht freisin d’iascairí de chois a d’oibrigh 120 lá ar a laghad le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht. I gcás iascaire de chois a thosaigh ag obair tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha.”;

(6)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Le CEMI, féadfar tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb í ráig COVID-19 is cúis leis, mar a fhoráiltear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 4a:

(a)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 30, 32, 33, 38, 39, 41 agus 42 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn go heisiach in uisce intíre;

(b)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 38 don mhuirthimpeallacht tagairtí don timpeallacht ina n‐oibríonn an soitheach iascaireachta intíre.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:

“Airteagal 55

Bearta sláinte poiblí

1.   Le CEMI, féadfar tacú leis na scéimeanna cúitimh seo a leanas:

(a)

cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as buaint na moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach, i gcás ina dtarlaíonn an fionraí sin ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí amháin;

(b)

caipiteal oibre agus cúiteamh a dheonú d’fheirimeoirí dobharshaothraithe.

Féadfar cúiteamh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dheonú i gcás táirgeacht agus díolacháin a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach nó laghdaithe nó costais stórála mhéadaithe a tharlaíonn idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19.

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 a dheonú ach amháin sa chás ina gcuirtear buaint ar fionraí i ngeall ar éilliú moileasc mar thoradh ar an iomadú planctón ginte tocsain nó de bharr planctón ina bhfuil biotocsain a bheith ann, agus ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

maireann an t-éilliú níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó

(b)

tá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana féilire roimh an mbliain inar cuireadh an bhuaint ar fionraí.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta tráth is giorra ná lú ná trí bliana.

3.   Is é 12 mhí thar an tréimhse chlársceidealaithe ar fad an uastréimhse a fhéadfar cúiteamh a thabhairt ina leith faoi phointe (a) de mhír 1. I gcásanna a bhfuil údar maith leo, féadfar síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse sin, go huastréimhse 24 mí san iomlán.

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(8)

in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Ní bheidh tacaíocht a dheonófar in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí in aghaidh na bliana faoin Airteagal seo níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí sin sna trí bliana féilire roimhe sin. I gcás eagraíocht táirgeoirí nua-aitheanta, ní bheidh an tacaíocht sin níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin sna trí bliana féilire roimhe sin.”;

4.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann airleacan idir 50 % agus 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú tar éis fhormheas an phlean táirgthe agus margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.”;

(9)

in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   I gcás ina bhfuil gá leis seo chun freagairt do ráig COVID-19, le CEMI, féadfar tacú le cúiteamh a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann na táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;

(b)

níl na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí ar díol;

(c)

níl an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 20 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta táirgeoirí sa tréimhse ó 2017 go 2019.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, i gcás nár chuir ball den eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh sa tréimhse ó 2017 go 2019, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2020.

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(10)

in Airteagal 69, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Le CEMI, féadfar tacú le caipiteal agus cúiteamh a dheonú d’fhiontair phróiseála faoin raon feidhme a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 55(1) le haghaidh feirmeoirí dobharshaothraithe.”;

(11)

in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le CEMI, féadfar tacú le cúiteamh na gcostas breise a thabhaíonn oibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE á n-iascaireacht, á dtógáil, á bpróiseáil agus á margú acu.

Le CEMI, féadfar tacú freisin le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 a chúiteamh, go háirithe na caillteanais sin a thagann as meath ar phraghas iasc nó as costais stórála mhéadaithe.”;

(12)

in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit ábhar an phlean cúitimh dá dtagraítear i mír 1 a leasú. Cuirfidh na Ballstáit leasuithe den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach a chinneadh i dtaobh na leasuithe sin a formheas nó gan iad a fhormheas. I gcás ina mbaineann na leasuithe le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 faoin dara fomhír d’Airteagal 70(1) a chúiteamh, déanfaidh a Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh laistigh de 15 lá ón leasú a bheith tíolactha. D'ainneoin mhír 4 den Airteagal seo, leagfar amach leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 a chúiteamh modhanna ríofa na gcostas breise agus na modhanna cur chun feidhme atá ag na Ballstáit.”;

(13)

in Airteagal 79, scriostar mír 2;

(14)

in Airteagal 94(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

50 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2);”;

(15)

in Airteagal 95(2), cuirtear an méid a leanas isteach in ionad phointe (e):

“(e)

go mbaineann an oibríocht le tacaíocht faoi Airteagal 33 nó 34 nó le cúiteamh faoi Airteagal 54, Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó Airteagal 69(3);”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

stóráil shealadach do tháirgí dobharshaothraithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán seo.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

Airteagal 30

Sásra stórála

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe tacaíocht airgeadais a fháil chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a stóráil, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le cúnamh stórála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(b)

gur chuir eagraíochtaí táirgeoirí na táirgí ar an margadh agus nach bhfuarthas aon cheannaitheoir dóibh ag an truicearphraghas dá dtagraítear in Airteagal 31;

(c)

i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann na táirgí na comhchaighdeáin mhargaíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 33 agus gur de cháilíocht ard go leor iad lena gcaitheamh ag an duine;

(d)

go ndéantar na táirgí a chobhsú nó a phróiseáil agus a stóráil in umair nó i gcaighin, nó trína reo, ar bord soitheach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh, trína dtriomú, trína maranáidiú nó, más ábhartha, trína mbruith agus trína bpaistéaradh, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar na táirgí a fhilléadú nó a ghearradh nó, i gcás inarb iomchuí, sciotadh cinn orthu, de bhreis ar na próisis sin;

(e)

nach stóráiltear beo na táirgí dobharshaothraithe;

(f)

go ndéantar na táirgí a thabhairt isteach sa mhargadh arís ón stóráil níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine, agus

(g)

go bhfanann na táirgí sa stóráil ar feadh cúig lá ar a laghad.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Roimh thús gach bliana, féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí moladh dá cuid féin a dhéanamh maidir le praghas a gcuirfeadh an sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 30 ag obair i gcás na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó na táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   I gcás nár chinn Ballstát na truicearphraghsanna de bhun mhír 4 sula raibh ráig COVID-19 ann, cinnfidh an Ballstát sin, gan aon mhoill, na truicearphraghsanna lena mbaineann ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Cuirfear na praghsanna ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).