24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/7


RIALACHÁN (AE) 2020/559 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar síos rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (an “Ciste”).

(2)

Chuaigh ráig COVID-19 i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Baineann rioscaí níos airde leis an ngéarchéim do na daoine is leochailí, amhail na daoine is díothaí, go háirithe trí chur isteach ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Ciste.

(3)

Chun foráil a dhéanamh d'fhreagairt láithreach ar thionchar na géarchéime ar na daoine is díothaí, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí d’fhonn acmhainneachtaí freagartha chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19 a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(4)

D'fhonn an t‐ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí atá ag tabhairt freagairt ar ráig COVID-19, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020 go 2021 i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur chun feidhme an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, féadfaidh an Coimisiún leathnú ar an ráta sin a mholadh.

(5)

Chun a áirithiú gur féidir leis na daoine is díothaí cúnamh a fháil fós faoin gCiste i dtimpeallacht shábháilte, is gá foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht leordhóthanach do na Ballstáit chun a scéimeanna tacaíochta a mhodhnú don chomhthéacs reatha, bunaithe ar chomhairliúcháin le heagraíochtaí comhpháirtíochta, lena n‐áirítear trí scéimeanna seachadta malartacha a cheadú, amhail trí dhearbháin nó cártaí i bhfoirm leictreonach nó i bhforim eile, agus trí chead a thabhairt do na Ballstáit eilimintí áirithe den chlár oibríochtúil a leasú gan a cheangal gur gá cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh. D’fhonn cúnamh sábháilte a chinntiú do na daoine is leochailí, ba cheart é a bheith indéanta freisin an t‐ábhar agus an trealamh cosanta a sholáthar d'eagraíochtaí comhpháirtíochta atá lasmuigh den bhuiséad um chúnamh teicniúil.

(6)

Is iomchuí rialacha sonracha um chinneadh na gcostas incháilithe a iompróidh tairbhithe a leagan síos i gcás ina mbeidh moill ar oibríochtaí, nó ina mbeidh siad curtha ar fionraí nó nach gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad mar thoradh ar ráig COVID-19.

(7)

Chun é a chur ar chumas na mBallstát díriú ar bhearta a thabhairt isteach chun freagairt a thabhairt ar ráig COVID-19 agus chun cur isteach ar sholáthar tacaíochta do na daoine is díothaí mar gheall ar rioscaí éillithe a sheachaint, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha chun an t‐ualach riaracháin ar údaráis a laghdú agus chun solúbthacht a chur ar fáil maidir le comhlíonadh ceanglas reachtach áirithe, go háirithe na ceanglais a bhaineann le faireachán, le rialú agus le hiniúchadh.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta sonracha a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear an Ciste i bhfeidhm go héifeachtach le linn ráig COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(9)

I bhfianaise phráinn na tacaíochta atá ag teastáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla de dheasca ráig COVID-19, na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, agus i bhfianaise a iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:

“4.   Níl feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 chun críocha eilimintí de chlár oibríochtúil atá faoi fhoranna 3.5 agus 3.6 agus roinn 4, faoi seach, eilimintí de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 7(2) a mhodhnú i gcás ina modhnófar iad mar thoradh ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim ráig COVID-19.”;

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, is é an 30 Meán Fómhair 2020 an spriocdháta chun an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme don bhliain 2019 a chur isteach.”;

(3)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar mhír 1, ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2020 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2021.

Iarratais ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe, déanfar iad a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le cláir oibríochtúla a leasú a leagtar amach in Airteagal 9 agus beidh clár athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má bhíonn an leasú ábhartha ar an gclár oibríochtúil formheasta ag an gCoimisiún roimh an t‐iarratas críochnaitheach ar íocaíocht eatramhach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 45(2).

Sula gcuirfear an chéad iarratas ar íocaíocht isteach don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, fógróidh na Ballstáit an tábla dá dtagraítear i roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, lena ndeimhneofar an ráta cómhaoinithe ab infheidhme le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020.”;

(4)

in Airteagal 22(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas ar oibríochtaí maidir le hacmhainneachtaí freagartha chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19 a chothú incháilithe ón 1 Feabhra 2020.”;

(5)

in Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Is féidir bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do na daoine is díothaí go díreach nó go hindíreach, amhail trí dhearbháin nó cártaí, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm eile, ar choinníoll nach féidir na dearbháin, na cártaí ná na hionstraimí eile sin a mhalartú ach amháin le haghaidh bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach.”;

(6)

in Airteagal 26, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach agus na costais a bhaineann le hábhar agus trealamh cosanta pearsanta a cheannach d'eagraíochtaí comhpháirtíochta,”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na costais riaracháin, iompair agus stórála a iompróidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a); nó 5 % de luach na dtáirgí bia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;”;

(7)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 26a

Incháilitheacht caiteachais d’oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil I le linn dóibh a bheith ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19

Ní thiocfaidh laghdú ar na costais incháilithe a iompróidh an comhlacht ceannaigh nó eagraíochtaí comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de thoradh moilleanna ar sheachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh mar thoradh ar ráig COVID-19. Féadfar na costais seo a dhearbhú don Choimisiún ina n-iomláine i gcomhréir le hAirteagal 26(2) sula seachadfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach chuig na daoine is díothaí ar choinníoll go gcuirfear tús le seachadadh arís nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19.

I gcás ina mbeidh bia lofa mar gheall ar an seachadadh a bheith curtha ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, ní laghdófar na costais a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 26(2).

Airteagal 26b

Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil II nó ar chúnamh teicniúil le linn dóibh a bheith ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19

1.   I gcás ina gcuirtear cur chun feidhmne oibríochtaí ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, féadfaidh Ballstát an caiteachas a tabhaíodh le linn dóibh a bheith ar fionraí a mheas mar chaiteachas incháilithe fiú murar soláthraíodh aon seirbhís, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear cur chun feidhme na hoibríochta ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis leis an oibríocht a bheith ar fionraí;

(c)

gur tabhaíodh an caiteachas agus gur íocadh as;

(d)

gur fíorchostas don tairbhí é an caiteachas nach féidir a aisghabháil nó a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát a mheas go léireofar comhlíonadh an choinníoll sin ar bhonn dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den chaiteachas;

(e)

go bhfuil an caiteachas teoranta do thréimhse fionraí na hoibríochta.

2.   Maidir le hoibríochtaí a dtugtar aisíocaíocht don tairbhí maidir leo ar bhonn roghanna costas simplithe agus nuair a chuirtear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is bonn le haisíocaíocht a chur i gcrích ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn an aschuir beartaithe le haghaidh thréimhse na fionraí, fiú mura soláthrófar aon ghníomhaíocht, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear cur chun feidhme na ngníomhachtaí ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis leis na gníomhachtaí a bheith ar fionraí;

(c)

go gcomhfhreagróidh na roghanna costas simplithe d'fhíorchostas a iompróidh an tairbhí, agus a léireoidh sé agus nach féidir iad a aisghabháil ná a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát a mheas go gcomhlíontar an coinníoll seo ar bhonn dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den mhéid a chomhfhreagraíonn don rogha chostais shimplithe;

(d)

go mbeidh an aisíocaíocht leis an tairbhí teoranta do thréimhse fionraí na ngníomhachtaí.

Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina dtugann Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn na chéad fhomhíre agus an dara fomhír araon, áiritheoidh sé nach n‐aisíocfar an caiteachas ach aon uair amháin.

Airteagal 26c

Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil II nó ar chúnamh teicniúil nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19

1.   Féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach mbeidh curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis le deireadh a bheith curtha le cur chun feidhme na hoibríochta;

(c)

gur thabhaigh an tairbhí an caiteachas sular cuireadh deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta agus gur íoc sé as.

2.   Maidir le hoibríochtaí as a n‐aisíocfar tairbhí ar bhonn roghanna costas simplithe, féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis le deireadh a bheith curtha le cur chun feidhme na hoibríochta;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a chumhdófar leis na roghanna costais simplithe curtha i gcrích, go páirteach ar a laghad, sular cuireadh deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta.

Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina dtugann an Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn na chéad fhomhíre agus an dara fomhír araon, áiritheoidh sé nach n‐aisíocfar an caiteachas céanna ach aon uair amháin.”;

(8)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ar bhonn na hanailíse ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos éadroime maidir le rialú agus taifead iniúchóireachta a bhunú maidir le dáileadh bia agus / nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí le linn ráig COVID-19.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).